Saturday, September 25, 2010

Comhairle do Chillian

Bhí mé ag léamh liom as forlíonadh nós* i nGaelscéal na seachtaine seo, agus céard a chonaic mé ann ach leathanach ó Chillian de Búrca, faoin gceannteideal ‘Comhairle Do Leasa!’, Cillian ag tabhairt ‘nod dóibh siúd atá ag tosnú amach ar thuras na hollscoile.’, dar leis.

Anois, tá sé blianta blianta fada ó shin ó bhí mise ag ‘tosnú amach’ ar an ‘turas’ sin, a léitheoirí, agus tá a fhios agam gur athraigh an saol go mór idir an dá linn; caithfear a bheith beagán níos cúramaí, b’fhéidir, agus tú ag tabhairt faoi ‘do chead bhliain de shaoirse’, mar a scríobh Cillian.

Mar sin féin, baineadh geit asam nuair a chonaic mé an ceathrú píosa comhairle uaidh,

ná tit i ngrá sa chéad seachtain’

Bhuel, a léitheoirí, cé nach bhfuil aithne dá laghad agam ar an bhfear, caithfidh mé mo chomhairle foirfigh féin a roinnt le Cillian, agus le duine ar bith eile nach dtuigeann cúrsaí grá mar a thuigimse iad, abair.

Mo chomhairle? Nuair a thosaíonn saigheada an ghrá ag teacht i do threo, is cuma cén t-am nó cén áit ina bhfuil tú, níl a dhath i ndán duit ach titim!
.

4 comments:

  1. “Ná tit i ngrá,” ars an fáidh, “mar greamóidh sé de d'aghaigh!”

    ReplyDelete
  2. Aontaím leat...sa chéad bhliain in Ollscoil Luimnigh thiteas i ngrá le cailín a bhí ag freastal ar an gcúrsa céanna. Sin fiche bliain ó shin anois agus táimid fós le chéile!

    ReplyDelete
  3. Iontach, a Dave!

    Nár laga bhur gCé bhur ngrá...:-)

    ReplyDelete

 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.