Monday, September 27, 2010

Gortghlanadh II

An cuimhin libh mo bhlagmhír, Dé hAoine, blagmhír inar scríobh mé faoi Noel Grealish agus faoin bpobalbhreith sin?

Bhuel, an bhfaca sibh é seo agus é seo ar maidin?

Mar a thuar mé, a léitheoirí, ní dóigh liom gur mé amháin atá i mbun gortghlanta na laethanta seo.

Tús suimiúil curtha le mo mhaidin in Inis Eoghain, agus mé ag léamh liom faoi chúrsaí na tíre.

Maidin álainn gréine anseo, a chairde. Go mba hé daoibh, cibé áit ina bhfuil sibh!
.

4 comments:

  1. Rud beag gruama anseo san toit mhór; mar atá Máire bocht is dócha, nár lig na buachaillí dána di dul thar lear.

    N'fheadar an mbeidh toradh air; nó an amhlaidh nach bhfuil ann ach an ghnáth bladhmann tús téarma. Na buachaillí agus na cailíní ag iarraidh a n-áit san ord prioctha a fheabhsú?

    ReplyDelete
  2. @ 'an ghnáth bladhmann'

    Beidh le feiceáil, a Aonghuis!

    ReplyDelete
  3. Cheap mé féin é sin nuair a chuala mé é ar an raidió!

    ReplyDelete

 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.