Thursday, October 14, 2010

Clubleabhar

An cuimhin libh gur labhair mé ar Chlubleabhar cheana, agus go ndúirt mé gur thug siad ‘an cic sa tóin dom a bhí uaim, le tús a chur le gnás na léitheoireachta arís’?

Bhuel, chuir mé tús leis an léitheoireacht an t-am sin agus, anois, tar éis shos an tsamhraidh, táim ar ais leo arís, ag léamh na leabhar atá molta acu don dara sraith.

Cé go bhfuilim rómhall le haghaidh leabhar Alan Titley, 'Gluaiseacht', (An Gúm), leabhar na míosa seo caite a léamh, tá sé ceannaithe agam, agus beidh deis agam tabhairt faoi amach anseo.

Idir an dá linn, tá tús curtha agam le leabhar na míosa seo, 'An tAthair Pádraig Ó Duinnín – Bleachtaire', (Coiscéim) le Biddy Jenkinson, agus táim ag baint suilt ar dóigh as.

Mar a scríobh mé roimhe, creidim go gcuidíonn Clubleabhar linn ‘tacú lena chéile, agus leis na scríbhneoirí, agus leis na foilsitheoirí, le go mbeidh an teanga á cothú agus á coinneáil faoi bhláth.’

Cláraigh le Clubleabhar, a léitheoir, más mian leat bheith páirteach sa dara sraith den scéim léitheoireachta seo. Leabhar sa mhí atá i gceist, agus is fiú é, i mo thuairim. An ‘cic sa tóin’ abú!

Mura bhfuil deis agat bheith páirteach ann an mhí seo, is é ‘Ó Chósta go Cósta’ (Cló Iar Chonnachta), le Frank Reidy, leabhar na míosa seo chugainn. Bhain an leabhar seo Gradam Uí Shúilleabháin do Leabhar na Bliana ag an Oireachtas i mbliana.
.

4 comments:

  1. Is iontach an tionscnamh é agus, dar ndóigh, tá mé cláraithe cheana féin. B'fhéidir go mbeadh sé níos fearr dá mbeadh tréimhse dhá mhí idir na leabhair mar níor tháinig liom léirmheas a scríobh ach do cheann amháin go dtí seo.

    Bhí sé ag goilleadh ar mo chonsias nár dheineas cheana féin mar is é an cineál tionscnaimh a bhímíd ag éileamh mar Ghaeilgeoirí agus ba chóir dúinn tacú leis nuair a chuirtear a leithéid ar fáil dúinn.

    ReplyDelete
  2. Is smaoineamh iontach é. Níl, áfach, na leabhair ar fáil sna leabharlanna.

    ReplyDelete
  3. Is cuimhin liom sa scoil an múinteoir Gaeilge ag rá linn gur ainm cleite é Biddy Jenkinson, ar dhuine mór le rá sa tír. An raibh an ceart aige, a Áine? Scaoil an rún, le do thoil?!

    ReplyDelete
  4. @ B'fhéidir go mbeadh sé níos fearr dá mbeadh tréimhse dhá mhí idir na leabhair

    Rith an smaoineamh sin liom féin, a Ormondo.

    Tuigim do chruachás, a Néidí.

    Níl a fhios agam, a John!

    ReplyDelete

 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.