Showing posts sorted by relevance for query Clubleabhar. Sort by date Show all posts
Showing posts sorted by relevance for query Clubleabhar. Sort by date Show all posts

Sunday, May 23, 2010

Clubleabhar agus Gaelchultúr

Bhí mé mall go maith ag clárú le clubleabhar.com. Ba mhór an cur siar orm é an obráid sin a rinneadh orm ach, le mí anuas, tá m’fhuinneamh ag filleadh go fairsing, agus táim i mo tháinrith chun sláinte anois, buíochas mór le hOllmháthair na Cruinne.

De thoradh fhilleadh na sláinte, tá fonn orm bheith ag léamh arís, agus thug Clubleabhar an cic sa tóin dom a bhí uaim, le tús a chur le gnás na léitheoireachta arís. An mhí seo caite, mar shampla, léigh mé formhór na scéalta as Pádraic Ó Conaire - Rogha Scéalta, leabhar na míosa seo caite.

Chomh maith leis sin, scríobh mé, ahem, léirmheas de shaghas ar an suíomh, agus is féidir leat é a léamh, nó bheith páirteach sna fóraim dhíospóireachta éagsúla, ach clárú le Clubleabhar anseo.

Níl gá clárú le bheith páirteach i bhfóram an phlé ghinearálta, fóram inar féidir ‘plé a dhéanamh ar an litríocht i gcoitinne’, chomh fada agus is eol dom, ach is fiú bheith páirteach sna fóraim más rud go bhfuil suim agat léirmheas a scríobh, mar shampla.

Dar leo i gClubleabhar, ‘bronnfar duais €60 gach mí ar an léirmheas is fearr a scríobhfar mar gheall ar leabhar na míosa’, agus cé nach bhfuil taithí dá laghad agam ar a leithéid a dhéanamh, táim ag dul ag tabhairt cic sa tóin eile dom féin, agus beidh, ahem, iarracht eile uaim léirmheas de shaghas a scríobh ar leabhar na míosa seo, Cúpla Focal, le hAnna Heussaff.

Tá agat go dtí Dé Céadaoin le do léirmheas féin, ceann faoi leabhar na míosa seo, a sheoladh chuig eolas@clubleabhar.com, más rud go bhfuil fonn ort tabhairt faoi. Go deimhin, níl ann ach giota spraoi phléisiúrtha sa bhreis don léitheoir, agus cá bhfios nach mbeadh €60 ag teacht sa phost chugat mar thoradh ar d’iarracht, agus deis agat do léirmheas a fheiceáil san iris mhíosúil beo.ie ‘rud a fhágfaidh go léifidh na mílte duine é, i ngach cearn den domhan.’

An méid sin ráite, an tábhacht is mó a fheicim le Clubleabhar ná an deis a thugann sé dúinn leabhair éagsúla na Gaeilge a léamh, ceann amháin in aghaidh na míosa, ar a laghad, más é sin ár mian. Is féidir linn ár dtuairimí a roinnt i bhfóraim, más mian linn, ach, níos tábhachtaí fós, tugann sé deis dúinn uile tacú lena chéile, agus leis na scríbhneoirí, agus leis na foilsitheoirí, le go mbeidh an teanga á cothú agus á coinneáil faoi bhláth.

Comhghairdeas ó chroí leis an bhfoireann uile in Gaelchultúr, an dream a bhunaigh an tionscadal clubleabhar.com. Tá obair iontach ar bun acu i gcur chun cinn ‘an Ghaeilge agus an cultúr Gaelach, idir cheol, amhránaíocht agus damhsa.’

Tá leabhar na míosa seo chugainn, Ar Muir is Ar Sliabh, le Dermot Somers, ceannaithe agam, agus chuir mé tús leis aréir. Beidh mé ag bualadh leis an dream seo ar an deireadh seachtaine seo chugainn, i nGleann Cholm Cille, agus seans go mbeidh deis againn ár dtuairimí ar na leabhair éagsúla a roinnt, chomh maith le, seans, deoch nó dhó, amhrán nó dhó, focal nó dhó nó trí…
.

Thursday, October 14, 2010

Clubleabhar

An cuimhin libh gur labhair mé ar Chlubleabhar cheana, agus go ndúirt mé gur thug siad ‘an cic sa tóin dom a bhí uaim, le tús a chur le gnás na léitheoireachta arís’?

Bhuel, chuir mé tús leis an léitheoireacht an t-am sin agus, anois, tar éis shos an tsamhraidh, táim ar ais leo arís, ag léamh na leabhar atá molta acu don dara sraith.

Cé go bhfuilim rómhall le haghaidh leabhar Alan Titley, 'Gluaiseacht', (An Gúm), leabhar na míosa seo caite a léamh, tá sé ceannaithe agam, agus beidh deis agam tabhairt faoi amach anseo.

Idir an dá linn, tá tús curtha agam le leabhar na míosa seo, 'An tAthair Pádraig Ó Duinnín – Bleachtaire', (Coiscéim) le Biddy Jenkinson, agus táim ag baint suilt ar dóigh as.

Mar a scríobh mé roimhe, creidim go gcuidíonn Clubleabhar linn ‘tacú lena chéile, agus leis na scríbhneoirí, agus leis na foilsitheoirí, le go mbeidh an teanga á cothú agus á coinneáil faoi bhláth.’

Cláraigh le Clubleabhar, a léitheoir, más mian leat bheith páirteach sa dara sraith den scéim léitheoireachta seo. Leabhar sa mhí atá i gceist, agus is fiú é, i mo thuairim. An ‘cic sa tóin’ abú!

Mura bhfuil deis agat bheith páirteach ann an mhí seo, is é ‘Ó Chósta go Cósta’ (Cló Iar Chonnachta), le Frank Reidy, leabhar na míosa seo chugainn. Bhain an leabhar seo Gradam Uí Shúilleabháin do Leabhar na Bliana ag an Oireachtas i mbliana.
.
 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.