Tuesday, May 26, 2009

Deartháir Mór

Ó am go chéile, téim i dteagmháil le mo Dheartháir Mór, an nasc sin a insíonn dom cén sórt tráchta atá ag tarlú ar mo bhlag. Ní insíonn sé dom cé sibh féin, agus ní féidir brath go hiomlán air mar áis mar go bhfuil bealaí ann, is cosúil, le sonraí a athrú ar ríomhairí pearsanta le nach mbeidh a fhios ag an léitheoir cé as a dtagann an trácht fiú. Agus tá an ceart sin ag daoine.

Ar aon nós, bainim sult as an eolas a roinneann sé liom, agus níl suim dá laghad agam cé sibh féin, a fhad agus go bhfuil sibh ag baint suilt as an mblag, agus go bhfuil sé ag cur le bhur saol, ar bhealach amháin nó ar bhealach eile. Tá a fhios agam go bhfuil sé ag cur le mo shaolsa, ag cuidiú liom go mór mar go gcuireann sé iallach orm súil a choinneáil ar an ngramadach ann, agus srian a choinneáil ar mo thuairimí fiáine.

Ní hé go bhfuil mo thuairimí fiáin, go díreach, ach is liomsa iad agus déanaim iarracht iad a roinnt gan cion a dhéanamh ar aon duine. Aiféala orm má dhéanaim cion ort, a léitheoir, ach bíodh a fhios agat nach é sin mo mhian ná m’aidhm. Níl uaim ach go mbeadh glór eile, glór na mná meánaoisí, ag cur leis an bplé spleodrach, agus á dhéanamh sin trí mheán na Gaeilge.

Mar sin féin, bíonn fearg orm ó am go chéile, go háirithe nuair a chloisim rud éigin a chuireann olc orm, agus bíonn orm srian a choinneáil ar mo smaointe go dtí go mbím réidh le hiad a roinnt go ciallmhar, agus le cúram, más féidir liom ar chor ar bith. Aréir, tar éis scéal Mhíchíl a chloisteáil ar Questions and Answers, bhí mé iomlán scriosta; mo chroí ag briseadh, mo smaointe ag réabadh, m’fhearg ag méadú.

Bhí Deartháir Mór eile ag obair san am a caitheadh, feictear dom, agus tá sé fós ag cuidiú leo siúd a bhí taobh thiar den mhí-úsáid a tharla. Tá sleamhnú agus sciorradh fós ar bun ag na ciontóirí, iad fós ag cur leis an scrios a rinne siad ar na páistí sin atá anois ag streachailt, mar dhaoine fásta, leis an méid a tharla dóibh. Is mór an náire sibh, a chiontóirí, agus is mó arís an náire sibhse, a lucht taca na gciontóirí. Is fearr a d’fheilfeadh an teideal ‘locht taca’ daoibh. Sin mo thuairim.
.

No comments:

Post a Comment

 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.