Tuesday, May 26, 2009

Michael

Táim ag dul a luí anois, a léitheoirí, agus tá mo chroí trom le brón. Ní raibh mé ag súil go mbeadh, mar cuireadh tús álainn leis an oíche, le cuairt ó Ghráinneog agus An Pluiméir. D’ólamar tae, labhraíomar ar chúrsaí an lae, iadsan, mise agus an Garraíodóir, muid uile go sona sásta compordach inár dteachín, tine mhór bhríomhar ag lasadh bhladhairí solais arda, in ómós don ghrá sa seomra, shílfeá.

Ná fiafraigh díom cén fáth ar tharla sé, ach bhreathnaíomar uile ar an teilifís ag an am céanna, cé nach raibh aird dá laghad againn uirthi roimhe sin. Bhí Questions and Answers ar siúl, agus thosaigh ‘Michael’ ag labhairt. Ceapaim gur Michael an t-ainm a bhí air, ach bhí mé scriosta ina dhiaidh, agus b’fhéidir nár chuala mé a ainm i gceart. Aiféala orm faoi sin.

Labhair sé, gan focal uainne, ná ó aon duine sa stiúideo, ar feadh an ama a ghlac sé a chuntas a thabhairt ar an mhí-úsáid mhillteanach a tharla dó agus é faoi ‘chúram’ an stáit. Éist leis, a léitheoirí, má bhíonn fáil agaibh ar an athchraoladh in aon áit. Ach bíodh a fhios agaibh an méid seo, fanfaidh sé libh go lá bhur mbáis. Agus tá aiféala orm faoi sin freisin.
.

No comments:

Post a Comment

 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.