Ar mo bhealach go Gaillimh coicís ó shin, tharla sé go raibh Seáinín Smaoiseach liom sa charr cuid den bhealach. Ní minic a chastar orm é, agus ba dheas a chomhluadar, fiú mura raibh ann ach seal.
Is fear iontach cliste é, agus tá fáil ar an gcineál ruda a bhíonn idir lamha díomhaoine aige anseo http://http://www.youtube.com/watch?v=JA93jmoDgCI&feature=channel_page agus anseo http://http://www.rte.ie/radio1/podcast/podcast_mireanna.xml faoi Mhír Ghrinn Rónanbeo 'Smaoiseáilte!'; nó is féidir a ainm a ghoogláil faoin ‘Seáinín Smaoiseach’, nó fiú ‘Seánin Smaoiseach’, ceapaim. Fainic faoi iamh – bíonn Focail Mhóra anseo agus ansiúd aige, ó am go chéile. Sea.
Cibé scéal é, ní raibh mórán le rá aige. Ní hé nach raibh sé ag iarraidh labhairt, ach ní raibh deis aige, an fear bocht cliste, mar nár dhún mise mo bhéal ar feadh an turais. Is duine cainteach mé, an dtuigeann tú. Chaith sé go leor ama ar an bhfón póca, gléas a bhíonn in úsáid aige agus é ag cur a fhíseán greannmhara le chéile, b’fhéidir. Is dócha go mbeidh a smaointe féin aige faoin bpóg leispiach sin ar Ros na Rún, agus b’fhéidir gurbh ar an ábhar sin a bhí sé ag obair an lá úd. Beidh le feiceáil.
Ar aon nós, cibé ábhar a bhí faoi chaibidil againn ag an am, dúirt mise “Ar ndóigh, nach glas iad na cnoic i bhfad uainn.” “Ach ní minic féarach.” a dúirt Seáinín. Anois, is iomaí uair an seanfhocal sin cloiste agam, ach níor chuala mé an t-aisfhreagra sin ar a shála cheana. D’iarr mé a fhoinse ar Sheáinín, agus luaigh sé bean ó Cheantar na nOileán liom; bean, dar leis, le stór focal agus seanfhocal den scoth aici.
Rinne mé machnamh ar an aisfhreagra sin agus mé ag tiomáint liom, agus is maith a thuig mé a chiall agus mé i mo sheasamh, ní ba dheireanaí an lá céanna, taobh le huaigh mo dheirféar agus m’athar.
.
Lá Teaghlaigh na Nollag ar an Iúr
3 days ago
No comments:
Post a Comment