Showing posts with label feoilséantóir. Show all posts
Showing posts with label feoilséantóir. Show all posts

Friday, October 22, 2010

Torthaí agus Toradh

Seans nach mbeidh deis agam labhairt libh arís go ceann seachtaine, nó mar sin, a léitheoirí. Tá cuairteoirí ag teacht ar ball, agus ansin tá an tOireachtas do mo mhealladh ó dheas.

An méid sin ráite, b’fhéidir go mbuailfeadh fonn rámhaille mé am éigin idir an dá linn, agus ní bheadh de rogha agam ansin ach an rámhaille sin a roinnt libh. Tuigeann sibh féin an chraic.

Pé scéal é, bhí mé ag réiteach an dinnéir ar ball, agus thug mé faoi deara dathanna áille na nglasraí, agus chinn mé an ‘aghaidh’ bheag thuas a dhéanamh daoibh. Ceann don tSamhain atá ann, an dtuigeann sibh. Anois, ná habair nach mbíonn sibh i mo smaointe agam!


Mo chuimhne, nach suimiúil go dtugtar glasraí orthu, agus an oiread sin dathanna éagsúla ar thorthaí Ollmháthair na Cruinne? B’fhéidir go bhfuil freagra na faidhbe glaise le fáil áit éigin ar shuíomh Dennis s’againne, anseo abair.

Ar aon nós, tá toradh mo chuid oibre féin inniu le feiceáil thíos.

Thuas, an mhias ar a dtugaim féin 'Córn agus Cóilis Bácáilte', le córn, cóilis, scailliúin, anlann Tabasco, cáis agus crème fraiche. Thíos, ábhar na méise ar a dtugaim féin Lasagne Bó Chaillte.

Bainigí sult as an deireadh seachtaine, a chairde. Beidh mé ar ais libh go luath, ach deis a fháil.
.

Wednesday, August 25, 2010

Barrúil nó Brúidiúil?

Mar is eol daoibh, a léitheoirí, is aoibhinn liom ainmhithe. Mar sin féin, glacaim leis go bhfuil daoine ann a mharaíonn ainmhithe, agus daoine ann a itheann ainmhithe, fiú mura ndéanfainn féin é.

Ár bhfírinne féin ag gach duine againn, a léitheoirí. Sin éagsúlacht an tsaoil.

Mar sin féin, bíonn sé deacair orm, go minic, meon an duine i leith ainmhithe a thuiscint, go háirithe nuair a fheicim a leithéidí seo, agus é le rá ag an té a rinne é ‘"I really don't see what everyone is getting so excited about -- it's just a cat."

Dar léi, cheap sí go mbeadh sé 'funny' é a dhéanamh.
.

Tuesday, August 17, 2010

Feoilséantóir ag Fiach

Tuairisc daoibh, a léitheoirí, ar na bialanna inar ith mé, agus mé ar laethanta saoire le déanaí. Mura bhfuil suim agaibh ina leithéid, ní bhfaighidh sibh mórán, ahem, solamair ón alt seo. Ar ndóigh níl anseo ach mo thuairimí féin, cibé scéal é, agus ní gá daoibh aird dá laghad a thabhairt orthu, ná orm, mura mian libh, a chairde.

Is fearr liom mo dhinnéar a ithe i lár an lae, dá bhrí sin, is féidir glacadh leis gur praghsanna lae atá luaite agam thíos. Mar is eol daoibh, is dócha, is iondúil go mbíonn praghsanna éagsúla ar an mbiachlár i mbialanna um oíche. Uaireanta, bíonn dinnéar oíche níos costasaí, ach is cuma, mar nach mbaineann siad leis an tuairisc seo, cibé scéal é. Lón lár an lae, is dócha, atá faoi chaibidil sa tuairisc seo uaim.

Ó tharla muid ag taisteal ar lá saoire bainc, bhí Aghna’s Coffee Bar, i gClár Chlainne Mhuiris, dúnta, faraor, agus ní raibh deis againn ithe ann, mar is gnách linn a dhéanamh, agus muid ar ár mbealach chuig Ceantar na nOileán. Is breá liom an bia in Aghna's, agus tá na praghsanna ann réasúnta, mar a dúirt mé cheana.

Mar sin féin, stopamar i gClár Chlainne Mhuiris, agus d’itheamar in óstán an Dalton Inn, ó tharla é oscailte, agus lón spólainne ar fáil ann. Bhí muid anseo cheana, agus bhí a fhios againn go mbeadh dinnéar breá le fáil ann.

Bíonn an bia ann go deas, le milseoga móra millteacha, má tá spás fágtha i do bholg agat lena n-aghaidh, i ndiaidh an dinnéir fhlaithiúil bheith ite agat. Bhí triúr againn ag ithe; trí dhinnéar, dhá mhilseog mhóra, agus dhá chaife. Bhí an bia an-bhlasta, muid lán go fiacla, €32 an t-iomlán.

Lá eile, d’ith triúr againn in An Chlúid i dTír an Fhia, áit inar ith mé cheana, agus is áit í a thaitin go mór liom. Chinn mé an Garraíodóir a thabhairt liom an geábh seo, agus mo neacht. Bhí dinnéar de mhairteoil rósta aige, quiche agus sailéad ag mo neacht, uibheagán le sailéad agus sceallóga agamsa, caife amháin, agus canna Coke; €22.50 ar an iomlán. Thaitin an áit chomh mór sin leis an nGarraíodóir go ndeachaigh sé ar ais ann lá arna mhárach.

Maidir liomsa, chuaigh mé féin, agus cara liom, chuig An Cupán Tae Café ar an gCeathrú Rua, le triail a bhaint as an mbia ann. Baineadh geit asainn nuair a d’iarr an t-airgeadóir beagnach €30 orainn ar thrí chupán caife, ceapaire tóstáilte, píotsa agus sceallóga.

Botún a bhí ann, ar ndóigh, rud a thugamar faoi deara nuair a sheiceálamar an bille, agus muid inár suí ar ais sa charr. Cuireadh sailéad caesar san áireamh ar an mbille i ndearmad, agus bhí an dara pláta sceallóga curtha ar an mbille, freisin, cé nár itheadh ach ceann amháin.

Bhí blastanas, ar a raibh blas salainn, curtha ar an gcéad phláta de sceallóga a fuair mé, an dtuigeann sibh, agus mar sin d'iarr mé pláta eile sceallóga, gan salann. Mar is eol do mo léitheoirí rialta, ní duine mór salainn ar fhataí mise. Samhlaigh osna uaim anseo, a léitheoirí ...

Chuamar ar ais chucu leis an mbille lochtach. Ar ndóigh, bhí an t-airgeadóir an-deas linn, agus bhí aiféala uirthi faoin sailéad sa bhreis a cuireadh de thimpiste ar an mbille agus, i ndiaidh comhrá gairid faoi na sceallóga goirte, aontaíodh nár ghá dúinn íoc astu sin, ach an oiread. Mura mian leat salann ar na sceallóga ann, b'fhéidir gur fearr é sin a chur in iúl dóibh roimh ré.

Sa deireadh, €19 a d'íocamar ar ár mbéile. Bhí an caife a d'ól mé ann go hálainn, cheap mé féin. Caithfear íoc as athlíonadh caife, cé nach gcaithfear íoc as athlíonadh tae, a dúradh liom; €2 ar chupán caife Americano, €2.40 ar chupán Cappuccino.

An lá dár gcionn, is ar An Chistin ar an gCeathrú Rua, a thugamar aghaidh. Bhí triúr againn le chéile an geábh seo. Itheadh dhá dhinnéar d’uaineoil rósta, uibheagán amháin le sceallóga, cupán caife, pota tae do bheirt, agus milseog amháin. Bhí an bia blasta, neart ite againn, ar €34.

Mo chuimhne, bhí freastalaí iontach ag obair in An Chistin an lá úd. Sabrina an t-ainm a bhí uirthi (chuir mé ceist), agus bhí sí ag dul ó bhord go bord, gan strus gan stró uirthi, shilfeá, cé go raibh an áit gnóthach, i go cumasach cairdiúil ag breathnú i ndiaidh an tslua a bhí faoina cúram.

Cé nach raibh béile veigeatórach le feiceáil ar an gclár, chomh luath agus a luaigh mé le Sabrina gur feoilséantóir a bhí ionam, isteach léi chuig an gcócaire, agus tháinig sí ar ais chugam leis an scéal go bhféadfainn uibheagán veigeatórach, nó pasta le glasraí, a bheith agam.

Creid nó ná creid, tá go leor áiteanna fós ann agus níl béile feoilséantach le feiceáil ar an mbiachlár iontu. Go deimhin, tá go leor freastalaithe ann agus ní bhacann siad le hiarracht a dhéanamh mian an fheoilséantóra seo a shásamh, nuair a luaim leo gur feoilséantóir atá ionam.

Is iomaí uair, nuair a fiafraím d’fhreastalaithe, 'an bhfuil béile feoilséantach le fáil anseo?', is minic a fhágtar mé le mo bhéal ocrach oscailte, na focail 'tá fataí agus glasraí againn' cloiste agam uatha, arís is arís eile. Samhlaigh osna eile uaim anois, a léitheoirí. Is ionann a leithéid d’fhreagra don fheoilséantóir agus an freagra, 'Tá fataí agus gravy againn’ don fheoiliteoir a d'fhiafródh ‘an bhfuil béile feola le fáil anseo?’ Sea.

Ní dhearna Sabrina botún mar sin, bail óna Ché uirthi. Nóta chuig úinéir na háite, mar sin féin - ná déan dearmad ar an bhfeoilséantóir bocht. Bheadh sé go deas rogha nó dhó a d’fheilfeadh do mo leithéid a fheiceáil ar an mbiachlár (nó, ar an gclárdubh, sa chás seo) ag am lóin, mura miste leat.

Ar an Satharn, ag am lóin, chuaigh mé féin, m’iníon agus mo neacht, chuig an mbialann nua in Indreabhán, Tír na nÓg. Thaitin atmaisféar na háite seo go mór liom, agus diabhal locht agam ar an mbia ann ach oiread. Natasha chuidiúil chairdiúil a bhí ag freastal orainn (chuir mé ceist), agus bhí sí chomh cumasach le Sabrina thuasluaite.

Ó tharla go raibh cuireadh chun dinnéir oíche faighte againn ó mo dheirfiúr, ní raibh againn ach trí chúrsa tosaigh le sceallóga, canna amháin coke, canna amháin oráiste, agus cupán caife - €24 suim an iomláin. Thug mé faoi deara, ón mbiachlár, go bhfuil an dinnéar rósta anseo euro, nó mar sin, níos daoire ná mar atá an dinnéar rósta in An Chistin agus An Chlúid.

D’ith An Pluiméir agus a chairde in Tír na nÓg arú aréir, ós rud go raibh sé i gCeantar na nOileán ar saoire ag an deireadh seachtaine, agus ós rud gur chuala sé an oiread sin uaimse faoin atmaisféar álainn ann, faoi na freastalaithe cuidiúla, agus faoin mbéile deas a bhí agam ann.

Dar leis, d’ith an ceathrar acu dinnéar breá, iad lán go fiacla ag dul abhaile, €68 an lánsuim a d’íocadar, deochanna san áireamh; dhá chúrsa tosaigh, ceithre dhinnéar, milseog amháin, ceithre dheoch alcólacha, agus dhá dheoch ghlasa.

Dúirt sé liom gur tháinig úinéir na háite chucu, iad fós ina suí chun boird, é ag iarraidh a chinntiú go raibh gach rud i gceart leis an mbéile agus leo. Ansin, bhí comhrá cairdiúil ag an úinéir leis na strainséirí ( m'fhocalsa ) as Dún na nGall . Ní féidir féile mar sin a shárú, agus guím gach rath ar fhear gnó, agus ar fhoireann, Thír na nÓg, ina mbialann nua. Is maith ann sibh, a chairde!

Ar an mbealach ar ais chuig Inis Eoghain, stopamar arís i gClár Chlainne Mhuiris, ag O'Hehir’s Bakery and Café an t-am seo. Tá an cafe seo san ionad siopadóireachta, taobh le Tesco. D’itheamar dhá shailéad, cupán álainn caife, cupán tae, arán do bheirt, sceallóga, agus dhá bhorróg. Glanbhia, caife álainn, neart ite againn, €26.

Tá mé ar ais sa bhaile, leathchloch níos troime. Ah bhuel, bhíomar ar saoire, an dtuigeann sibh…
.

Sunday, August 16, 2009

Feoilséantóir ag Fiach

Mar is eol agus is léir do mo bholg, is maith liom bia. Agus, mar is eol do léitheoirí rialta an bhlag seo, is feoilséantóir mise. Nuair a bhím ar laethanta saoire, bainim sult as a bheith ag ithe i mbialanna éagsúla, rud a rinne mé go rialta agus mé ar laethanta saoire an tseachtain seo caite.

Ní tráchtaireacht na critice atá anseo uaimse maidir leis na bialanna sin inar ith mé agus mé ar saoire, mar ní saineolaí bia mise, an dtuigeann sibh, ach tá a fhios agam cén sórt bialann a thaitníonn liom féin, mar veigeatóir agus mar dhuine a dtaitníonn seirbhís mhaith ghlan sciobtha chairdiúil léi; an áit a bheith saor go leor le nach mbeidh gá dom iasacht a fháil ón mbanc le híoc as an mbéile agus as an tseirbhís sin. Éasca go maith mise a shásamh, cheapfá, ach bíonn deacrachtaí ag go leor bialanna freastal ar mo leithéid, an feoilséantóir.

Creid é nó ná creid, tá bialanna ann agus nuair a chuirim ceist an bhfuil a dhath acu a d’fheilfeadh dom mar fheoilséantóir, ó tharla gan aon phríomhbhéile dá leithéid ar an mbiachlár acu seachas ‘side orders’ b’fhéidir, is minic a deirtear liom “Oh yes, we have fish and chicken.”. Sea. Tá siad bán, is dócha. An fheoil, chan an freastalaí, ar fhaitíos aon mhíthuiscint, a léitheoir. Mura bhfeictear dath na fola air, ní feoil é dar leo, is dócha...b’fhéidir...níl a fhios agam.

Luaigh mé Aghna’s agus FRESHies i gClár Chlainne Mhuiris libh cheana, bialanna a thaitníonn go mór liom mar go bhfreastalaíonn siad ar an bhfeoilséantóir chomh maith céanna mar a fhreastalaíonn siad ar an té a itheann ainmhithe srl. Ní raibh gá leis an gceist sin thuas uaim, mar go raibh sé soiléir óna mbiachláir go bhfuil an dá áit sin eolach go maith ar a gceird agus dá bhrí sin, eolach ar mhianta gach iteora. Seirbhís ghasta phroifisiúnta sa dá áit, iad gleoite gléasta, sciobtha scuabtha. Na háitribh agus na freastalaithe.

B’amhlaidh leis ‘An Builín Blasta’ ar An Spidéal, agus leis ‘An Chlúid’ i dTír an Fhia, mar aon le Rodeo ar Shráid na Céibhe, agus le McSwiggans ar Shráid Eyre i gCathair na Gaillimhe. Ní raibh an biachlár ag McDonaghs Seafood House ar Shráid na Céibhe chomh cairdiúil céanna liomsa agus a bhí na biachláir sna bialanna eile, ach is áit í ina dtaitníonn an t-iasc go mór leis an nGarraíodóir. Bhí chips, mushy peas, beans agus coleslaw agam féin ann, gan aon rogha eile agam ón Fish and Chips Menu, ach iad blasta go maith agus neart ann, caithfear a rá.

Ar thug sibh faoi deara, aon duine agaibh a stop ag fuinneog tosaigh McDonaghs Seafood House ar Shráid na Céibhe ansin, go bhfuil bratacha na dtíortha uile ar bhileoga eolais acu atá greamaithe den fhuinneog, agus píosa i dteanga na dtíortha éagsúla sin scríofa faoi chuile bhratach, fiú sa tSínis agus sa tSeapáinis? Is aoibhinn liom a fheiceáil go bhfuil an tsochaí ilchultúrtha ag teacht chun cinn agus aitheantas a fháil aici ar an dóigh sin. Tá bratach na tíre seo ann, trí huaire, agus cén teanga ina bhfuil an t-eolas fúthu scríofa? Béarla, béarla, béarla. Gaillimh le Gaeilge nó Éire le Béarla ag teacht chun cinn, meas tú? Cibé scéal é, bhí an áit lán go doras, agus teanga chuile thír le cloisteáil ag teacht ó na boird uile, shílfeá. Táim cinnte go mbíonn Gaeilge le cloisteáil ann freisin, fiú mura bhfuil aitheantas faighte aici mar theanga faoi bhrat na hÉireann ar an bhfuinneog.

'Sé mo thuairim go raibh McSwiggans daor go maith, i gcomparáid le háiteanna eile a bhí chomh maith céanna ó thaobh an bhia de. Cé go raibh an bia blasta, gan dabht, ní raibh an béile mór millteach don té a bheadh ocrach go maith, shíl mé féin. Ach tá goile mór agamsa, faraor.

Cheap mé go raibh an Builín Blasta ar An Spidéal réasúnta maidir le praghas, an bia go hálainn blasta ann, ach is áit é le haghaidh lón breá a fháil, seachas dinnéar mór, má thuigeann sibh libh mé. An méid sin ráite, is ann a chonaic mé an freastalaí is fearr agus is deise dá casadh orm le tamall fada. Edel a hainm, agus tá a fhios agam é sin mar gur iarr mé a hainm uirthi. Dá mbeadh leithéidí Edel le fáil sna bialanna uile ar fud na tíre seo, bheadh na turasóirí ag teacht ar ais ina mílte. Cailín aireach béasach cairdiúil cuidiúil, a pearsantacht agus an tseirbhís a thug sí dúinn mar fhreastalaí ag cur go mór leis an mbéile blasta a fuair mé ansin. Maith thú, a Edel! Agus tá súil agam go bhfuil d’ainm litrithe mar is ceart agam.

Thiar i dTír an Fhia, i gCeantar na nOileán, thaitin An Chlúid go mór liom. Bia blasta, ar phraghas réasúnta, agus neart ar an bpláta don té a bheadh ocrach. Ní bhíonn siad oscailte ag an deireadh seachtaine, faraor, agus dúnann an áit ag 2.30 i.n. Bean le Béarla aici a bhí taobh thiar den chuntar, gan mórán Gaeilge aici ach í ag foghlaim ‘cúpla focal’ gach lá, mar a dúirt sí féin liom, agus dúirt sí an méid sin liom as Gaeilge. Maith thú, a chailín! Bhí bean lena taobh agus í mar a bheadh ateangaire ag aistriú m’ordú don bhean gan mórán Gaeilge, ordú a thug mé go nádúrtha as Gaeilge mar a dhéanaim go rialta sa Ghaeltacht. D’fhág an ateangaireacht sin nach raibh gá domsa an Ghaeilge a thréigeann, agus d’fhág sí ‘cúpla focal’ eile leis an bhfreastalaí, tá súil agam. Ar mo bhealach amach an doras, d’fhág an bhean sin slán abhaile liom i nGaeilge bhreá bhlasta, ise ag titim isteach le teanga na háite, seachas a mhalairt ag tarlú. Maith arís í, agus go maire an teanga a hiarracht!

Rud amháin eile a tharla sa Chlúid, agus a thaispeánann nach bhfuil an dream thiar ar chor ar bith ar gcúl maidir le riachtanais an veigeatóra, cuireadh ceist orm, sular réitigh siad an sailéad feoilséantach a d’ordaigh mé, an n-ithim uibheacha agus cáis. Anois, a léitheoirí, sin ceist an-mhaith le cur ar an bhfeoilséantóir, mar is iomaí feoilséantóir, mo mhacasamhail féin, nach n-itheann feoil ach a d'íosfadh uibheacha, cáis, bainne agus ar uile; ach tá feoilséantóirí ann nach n-itheann a dhath a thagann ón ainmhí, agus ar ‘fíor-veigeatóirí’ iad, nó ‘vegans’ mar a deirtear sa Bhéarla. Maith sibh, a mhná na Clúide!

Smaoineamh daoibh, a léitheoirí, ó tharla gur rith sé liom agus mé ag scríobh an ailt seo. Dá mbeadh tú de shíor ag ithe i mbialann veigeatórach, áit atá ag freastal go hoifigiúil ar an bhfeoilséantóir amháin, an mbeadh tú ag súil le feoil a fháil go rialta ann? Sea. Sin mar a cheap mé. Cuir an smaoineamh sin i gcomhthéacs Gaeltachta agus Gaeilge anois.

Beatha do dhuine a thoil.
.

Thursday, August 6, 2009

Leigheas

Táim ar ais i gConamara ó inné, agus chaith mé an tráthnóna agus an oíche ar an leaba le tinneas boilg. Nuair a d’fhágamar Inis Eoghain inné, mé féin agus an Garraíodóir, ní raibh a dhath cearr liom, gan i mo bholg ach bricfeasta breá folláin agus sceitimíní áthais, ó tharla mé ag déanamh ar mo cheantar dúchais.

Stopamar i gClár Chlainne Mhuiris, mar a dhéanaimid go rialta. Bíonn cupán caife nó greim le hithe againn ann am ar bith a mbímid ar an mbóthar siar. Is maith linn an bhialann Freshies, nó bialann Aghna. Bia blasta le fáil sa dá áit, don fheoilséantóir cosúil liomsa, agus neart iontu don té a itheann ainmhithe, éin, agus éisc, freisin.

Tá sé de nós againn stopadh i bhFreshies ar an mbealach siar, agus in Aghna’s ar an mbealach ar ais. Inné, faoin am a shroicheamar Freshies, ní raibh fonn orm fiú cupán caife a ól, tuar tinnis á fhógairt, tinneas nár bhain ar chor ar bith leis an mbialann dheas sin ach a bhain go mór leis an gcogadh a bhí ag suanbhruith gan suan i mo bholg faoin am sin.

Anois, a léitheoirí, dá mbeadh sibh in ann méid mo bhoilg a fheiceáil, thuigfeadh sibh go rómhaith nach minic a thagann tinneas ar cuairt ar an mbolg céanna. Is bolg é atá bolgtha, mé tite chun boilg le bliain nó dhó, luach an bhéil alpaigh le feiceáil orm. Cibé scéal é, bhí fonn spraoi ar bhia na maidine agus bhí ar an nGarraíodoir stopadh trí huaire ar an mbóthar idir Mám agus Casla le go mbeinn in ann saoirse a thabhairt don bhia sin. D’imigh gach uile ghreim le fána, agus thug siad na sceitimíní áthais leo.

Ní raibh uaim, faoin am sin, ach luí siar ar an suíochán ar chúl an chairr, mé ag ochadh liom, ochón, ochón, ochón ó! Caoineadh na dTrí Bhlúire. Is ar éigean a bhí mé in ann mo chosa a chur fúm nuair a shroicheamar ceann scríbe i gCeantar na nOileán. Amach liom as an gcarr, agus thit mise, m’éadaí agus mo bhróga fós orm, isteach sa leaba, áit ar chodail mé, gan dúiseacht, ar feadh na hoíche.

Anois, táim i mo shuí os comhair an ríomhaire, mé fós rud beag lag, ach i bhfad níos folláine ná mar a bhí mé aréir, leigheas faighte agam i gcodladh na hoíche is dócha. Ar ball beag, rachaidh mé chun na reilige, áit a bhfuil Ciara curtha le m’athair. Cuireadh a hainm ar an gcloch chinn an tseachtain seo. Tuilleadh fianaise, dá mbeadh a leithéid uaim, nach bhfuil luibh ná leigheas in aghaidh an bháis.
.

Wednesday, May 27, 2009

Sióg sa Teach

Is maith liom ainmhithe, go mór. Ní ithim iad. Is cuma liom bó, cearc, iasc, cat nó madra, ní ithim iad. Sin mise. Feoilséantóir. Ní miste liom céard a dhéanann aon duine eile, agus itear feoil i mo theach, ní i mo bhéalsa a théann sí. Tá an scéal mar sin liom ó bhásaigh m’athair os cionn trí bliana is fiche ó shin, agus is mar sin a bheas go lá mo bháis féin, creidim. Tá súil agam. Sin mo mhian.

Cibé scéal é, tá cat agam anois, Sióg. Is é an chéad chat fireann agam é. Cait bhaineanna a bhíodh agam riamh, chomh fada siar agus atá cuimhne agam, ar chuma ar bith. Agus is rud éagsúil amach is amach an cat fireann, feictear dom. Cat baineann ar bith a bhíodh agam, agus bhí neart acu agam thar na blianta, níor dhreap siad cuirtín riamh. Ní hamhlaidh le Sióg. Ceapann seisean go bhfuil cuirtíní ann ar mhaithe leis féin, le go mbeidh sé in ann iad a dhreapadh go rialta, agus iarracht á dhéanamh aige ceann scríbe éigin, nach bhfuil ann, a bhaint amach.

Ar aon nós, mar gheall ar an meon sin atá ag Sióg i leith cuirtíní, chinneamar, mé féin agus an Garraíodóir, gan aon chuirtíní a bheith againn sa teach nua seo, agus chrochamar dallóga veinéiseacha ina n-áit. Nach muid a bhí amaideach. Chomh luath in Éirinn agus a thug Sióg faoi deara go raibh téada ar na dallóga, ní fhaca sé ach ábhar spraoi. Bhí an Garraíodóir ar mire. “If that cat does not stop pulling at those strings, one of us will have to go.”, a dúirt sé.

Anois, níor mhaith liomsa go mbeadh ar an nGarraíodóir an teach nua seo a fhágáil, mar táim iontach mór leis, an dtuigeann tú, agus labhair mé le Sióg. Thug mé íde béil dó. Do Shíog, chan don Gharraíodóir. Diabhal maitheasa a bhí ann. San íde béil, chan sa Gharraíodóir. Is fear iontach maith eisean. Cibé scéal é, níor éist Sióg liom. Is cat fireann é, an dtuigeann tú. Ní éisteann a leithéid le focail chiallmhara, réasúnta. Choinnigh sé air ag spraoi, agus ag réabadh, faraor.

Bhí na dallóga i mbaol a mbáis, agus shocraíomar, mise agus an Garraíodóir, na téada a ghearradh le nach mbeadh Sióg in ann iad a fheiceáil, nó, ar a laghad, nach mbeadh sé in ann greim a fháil orthu. Agus rinne mé sin. Bhí mé amaideach arís. Níor ísligh mé na dallóga sular ghearr mé na téada, rud a d’fhág nach raibh mé in ann na dallóga a dhúnadh ar chor ar bith.

Tháinig fear na ndallóg inné, agus chuir sé téada nua isteach sna dallóga uile. 32 dallóg. Fuair mé an bille uaidh. Ní fhaca an Garraíodóir an bille fós. Tá an bille i bhfolach. Mar aon liomsa agus le Sióg.
.

Tuesday, April 21, 2009

WYSIWYG

An raibh a fhios agat, a léitheoir, gur Noob mise? Nó fiú Newbie! Nach deas sin do bhean i gCuibhreann na gCaogaidí. Oh, is maith liom an leabhar seo 'Google Blogger for Dummies', agus é mo chur isteach i nGarraí na nGirseach arís!

Sea, NoobNewbie an t-ainm a thugtar do “a person who is new to blogging or forum participation or another online activity”. Anois céard a déarfá le Gaillimh! Ach, éist, tá lurker amuigh ansin freisin: “a person who frequently reads blogs but doesn’t leave comments or make his presence known.”! An gcreidfeá sin? Duine le héadaí agus gloiní dorcha gréine orthu, ina suí sa dorchadas, ag faire, ag léamh, go ciúin. Ag speiceáil.

Agus seachain an troll sin: “A person who posts comments intended to detract from the ongoing conversation on a blog.”. (Tá páistí ann a thabharfadh ‘tuismitheoir’ ar an duine sin, ach sin scéal eile.). Gan trácht ar an flame dána sin ar “a message, a comment, a blog post, or another online published submission intended to attack or undermine another person.” iad. Go bhfóire Dia orainn!

Agus is féidir ‘tracker’ a fháil le fáil amach “where visitors to your blog are coming from”. Is fiú an chaibidil iomlán “Tracking your stats” a léamh le go mbeidh a fhios agat go díreach céard atá ag dul ar aghaidh má bhíonn ceann de na trackers seo ar shuíomh ar bith. Luafaidh mé dhá fhocal leat, a léitheoir; Deartháir Mór!

Anois tá a fhios agam céard is ciall le RSS: Really Simple Syndication. Sea, nach bhfuil sin really simple? Tá baint éigin aige le feed reader. An fear sin leis na gloiní gréine arís, ag réiteach dinnéir agus spam ar an mbiachlár aige b’fhéidir. Ní maith liom spam. Feoilséantóir mé.

Ach is maith liom WYSIWYG: “What You See Is What You Get”. Sea, sin mise anois.
 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.