Showing posts with label Gaeltacht. Show all posts
Showing posts with label Gaeltacht. Show all posts

Monday, November 1, 2010

Oireachtas i gCill Airne, Cuid IV

Mar a scríobh mé i gCuid III, bhí mé i mo shuí in am maidin Dé Sathairn, agus d’fhreastail mé ar Chomórtas 28, Agallamh Beirte na ndaoine fásta, agus ar Chomórtas 29, Sceitse, comórtas nach raibh feicthe agam riamh cheana.

Mo chuimhne, níor fhreastail mé ar an Oireachtas thar na blianta, agus is aoibhinn liom go bhfuil am, agus airgead, le spáráil agam anois, rud nach raibh agus na páistí á dtógáil agam. Ar ndóigh, d’fhéadfadh duine gan fanacht san óstán, agus, b’fhéidir, theacht ar lóistín nach mbeadh chomh daor, abair. Táim cinnte go ndearna daoine é sin, agus tá súil agam gur éirigh leo deireadh seachtaine saor sonasach a bheith acu.

Bhí triúr againn i mo sheomra san óstán, beirt neachtanna ag roinnt liom, agus chosain leaba agus bricfeasta, trí oíche, €180 an duine, orainn, sin €540 san iomlán. Chuir mé scairt ar an óstán ar maidin. Dá mbeadh muid ag fanacht sa Ghleneagle an Déardaoin go Domhnach seo, chosnódh an rud céanna €327 san iomlán, cé go bhfuil ‘Special’ acu an deireadh seachtaine seo, freisin, agus gheobhadh muid dinnéar ar oíche amháin de na trí oíche sin, €417 ar an iomlán.

‘Oireachtas Rates’ a bhí ann an deireadh seachtaine seo caite, a dúradh liom, nuair a cheistigh mé éagsúlacht na bpraghsanna idir an deireadh seachtaine seo caite, agus an deireadh seachtaine atá romhainn, abair. Suimiúil. Nach bhfuil an tOireachtas ag tabhairt gnó isteach san áit ina mbíonn sé, shílfeá, agus meas tú nach bhfuil bealach ann le ráta níos fearr a fháil dár leithéid, seachas ceann níos daoire; in am seo an chúlaithe, ach go háirithe?

Rith an smaoineamh liom, nuair a chonaic mé tuismitheoirí lena bpáistí ag an bhféile, go bhfuil siad iontach ar fad, mar thuismitheoirí. Caitheann siad am agus, seans, airgead nach mbeadh le spáráil acu, b’fhéidir, le go mbeadh deis acu uilig bheith páirteach i bhféile an Oireachtais. Molaim iad as a ndiongbháilteacht.

Costas an Oireachtais go leataobh anois, agus ar ais linn go dtí na comórtais. Tá tallann nach beag ag scríbhneoirí ár linne sa tír seo, a léitheoirí, mar chaith mise maidin Dé Sathairn ag éisteacht agus ag breathnú ar Agallamh Beirte agus ar Sceitsí iontacha, cinn a chuir an bhean seo ag machnamh, agus ag gáire go mion minic.

Bhain Seán Ó Muimhneacháin agus Seosamh Ó Criodáin, as Maigh Chromtha, an chéad áit amach, le hAgallamh Beirte faoi chúirt na banríona Eilís; cé acu arbh fhearr di fanacht i gCiarraí nó i gCorcaigh, duine acu á hiarraidh, an duine eile nach raibh. B’fhéidir. An-ghreannmhar ar fad.

Bhain Páid Ó Neachtain agus Bróna Ní Uallacháin, as An Spidéal, an dara háit amach; eisean i bpáirt an fhir ar an ‘dole’, é óltach, gan earra gan éadach ó chaill sé a phost sa chúlú seo, agus ise i bpáirt bhean an bhaincéara, í feargach le fear an ‘dole’ ó tharla gur mhún/chac sé taobh amuigh do gheata a tí. Bhí an t-agallamh eatarthu greannmhar, ach brónach leis, in amanna. Script iontach cliste, mar aon leis na scripteanna uilig, i mo thuairim.

Thug Aisteoirí Chill na Martra, Maigh Chromtha, an chéad duais leo ó chomórtas 29, Sceitse, lena n-iarracht faoi spáslong a thuirling i gceantar tuaithe, agus faoin gcomhrá a thit amach idir na fir thuaithe agus an duine a tháinig chucu ón spáslong. Sárú ar fhadhbanna teanga, is dócha, pointe an sceitse seo. Bhuel, b’fhéidir nach hea – bhí, ahem, fadhbanna buinní i gceist, freisin…

As liom, ansin, ar nós na gaoithe, anonn go dtí Óstán an Brehon, áit ina raibh Comórtas 32, Amhránaíocht Aonair nach Sean-Nós í, ar siúl an mhaidin chéanna, ach sin scéal do bhlagmhír eile.
.

Friday, October 29, 2010

Oireachtas i gCill Airne, Cuid II

Chuaigh mé chuig Comórtais 2, 3, agus 4 inniu, Rince ar an Sean-Nós do dhaoine óga. Na réamhbhabhtaí a bhí i gceist, agus as an líon mór a bhí páirteach, 56 san iomlán, roghnaíodh ocht nduine dhéag le bheith páirteach sa phríomhchomórtas, amárach.

Ní bheidh mé in ann bheith i láthair ag an bpríomhchomórtas sin, ó tharla Cúirt Filíochta eagraithe ag Proinsias dúinn don tráthnóna céanna, agus is ann a bheas mé, le hochtar eile, muid ag léamh filíochta, sa Fireside Lounge anseo sa Gleneagle, ag 2.30 i.n.

Ócáid neamhfhoirmiúil a bheas ann, agus is mór an mhaith é sin, mar nach raibh deis agam ach dán amháin nua a scríobh, agus beidh orm ceann nó dhó eile a roghnú as na cinn atá scríofa agam cheana.

Maidir le Rince ar an Sean-Nós na ndaoine óga, bhí na rinceoirí, agus an t-atmaisféar san áit, thar barr. Bhain mé sult nach beag as bheith ag breathnú ar na daoine óga fuinniúla, iad ag damhsa le spleodar, a mbeogacht ag dul i bhfeidhm go mór ar an lucht féachana. Nár laga a gCé iad! D’ardaigh siad mo chroí.

As liom, ansin, go dtí Halla Taispeántais an INEC, áit a ndeachaigh mé thart ar na seastáin uilig, agus áit inar cheannaigh mé Bábóg Baby ag seastán babogbaby.com, agus an cluiche Scrabble as Gaeilge, ag seastán udar.ie – bronntanais na Nollag a bheas iontu, an dtuigeann sibh.

Bhuail mé le Conchubhair, agus chuir mé mé féin in aithne dó. Tá a fhios agam go bhfuil Proinsias anseo áit éigin, ach níor casadh orm fós é, agus táim ag súil go mbuailfidh mé le John, mar tá sé in ainm is a bheith anseo, am éigin, dar leis féin.

Tá an oiread sin le feiceáil anseo, go bhfuil sé deacair freastal ar gach rud, ach táim ar mo bhealach, anois, chuig an gComórtas Amhrán Nua-Chumtha, áit a mbeidh mo sheanchara, Danny Mac Eachmharcaigh, ag gabháil fhoinn, tá súil agam.
.

Oireachtas i gCill Airne

Táim anseo ag an Oireachtas i gCill Airne, agus chaith mé an tráthnóna ag éisteacht le comórtais Lúibíní sa Gleneagle Hotel.

D’éirigh liom bheith anseo in am do Chomórtas 18 (12-15 bliana, lúibíní), do Chomórtas 19 (15-18 bliana, lúibíní), agus do Chomórtas 30, lúibíní na ndaoine fásta.

Cuireann sé iontas orm, i gcónaí, an éascaíocht lena ndéanann na daoine óga aithris ar na lúibíní. Bíonn duine nó dhó acu neirbhíseach, gan dabht, rud a thuigfeá, ach ní thabharfá é sin faoi deara agus iad ag canadh leo thuas ar an ardán.

B’as Ciarraí, Corcaigh, An Clár, Baile Átha Cliath, agus Co. na Mí na hiomaitheoirí óga, agus rith an smaoineamh liom ‘cá bhfuil na contaetha eile?’; go háirithe na contaetha úd le Gaeltacht iontu. Bhí ceithre dhalta is fiche páirteach i gComórtais 18 agus 19, Lúibíní, deichniúr as Ciarraí, ochtar as Corcaigh, beirt as Co. an Chláir, beirt as Baile Átha Cliath, agus beirt as Co. na Mí.

Ar ndóigh, bhí comórtais eile ann ní ba luaithe, ach ní raibh mé anseo in am, an dtuigeann sibh. Feicim, ó Chlár na Féile, go raibh beirt as Gaillimh páirteach i gComórtas 17 (faoi 12, lúibíní), ceathrar as Corcaigh, agus seisear as Ciarraí.

Chomh maith leis sin, feicim ón gclár go bhfuil neart daoine óga ón Iarthar páirteach i gComórtais 2,3, agus 4, Rince Aonair ar an Sean-Nós do dhaoine óga; a bhformhór acu siúd as Gaillimh (27), le cuid eile acu as Maigh Eo (6), Sligeach (5), Co. na Mí (6), Liatroim (3), Ros Comáin (3) Baile Átha Cliath (3), Ciarraí (1) agus Co. na hIarmhí (1).

Bhí ionadaithe as Dún na nGall le feiceáil i gComórtais 5, 6 agus 7, Dreas Cainte, áit a raibh cúigear as naonúr iomaitheoirí ag teacht ón gcontae sin, beirt as Co. na Mí, agus beirt as Baile Átha Cliath.

I gComórtais 8, 9, agus 10, Amhránaíocht ar an Sean-Nós do dhaoine óga, tá iomaitheoirí as Ciarraí (25), Gaillimh (22), Dún na nGall (12), Corcaigh (10), Co. na Mí (7), Baile Átha Cliath (3), Luimneach (1), Laois (1), Ros Comáin(1), agus An Clár(1).

Sa Scéalaíocht, sin Comórtais 10, 11 agus 12, bhí iomaitheoirí as Ciarraí (20), Corcaigh (4), Dún na nGall (4), agus Gaillimh (3); agus i gComórtais 14, 15 agus 16, Agallamh Beirte, tháinig siad as Corcaigh (22), Gaillimh (16), Ciarraí (16), Baile Átha Cliath (3), agus Co. na Mí (1).

Bhí Comórtas 30, Lúibíní na ndaoine fásta, iontach, mar is iondúil. Bhí iomaitheoirí as Gaillimh (6), Corcaigh (6), Baile Átha Cliath (4), Dún na nGall (2), Ciarraí (2), agus Co. na Mí (2), ach is iad Aodán Ó Ceallaigh agus Ógie Ó Céilleachair as Rinn Ó gCuanach, Co. Phort Láirge, a bhain an trófaí, é tuillte go maith acu, lena n-iarracht ghreannmhar chliste ‘Comhrá Capaillíní Chill Airne’.
.

Tuesday, August 24, 2010

Dhá haon dó...

…dhá dhó ceathair,
dhá thrí sé,
dhá cheathair ocht…

… táim ar ais i rang a dó, nó, b’fhéidir, rang a trí. Maireann an chuimhne liom fós. Táim ag aithris na dtáblaí don mhúinteoir. Táim á n-aithris amhail is dá mbeinn ag casadh amhráin, na focail foghlamtha de ghlan mheabhair agam, mo chorp ar luascadh le rithim na bhfocal, mé i dtámhnéal, shílfeá.

Sin an t-aon bhealach amháin a bhí agam, an dtuigeann sibh, na táblaí a aithris i gceart don mhúinteoir. Bhí orm iad a fhoghlaim de ghlan mheabhair, mar nár thuig mé iad.

Sin scéal nár athraigh ar feadh mo shaoil. Cé go ndearna mé chuile iarracht, theip orm, san Ardteistiméireacht, pas a fháil i mata. Fiú sa lá atá inniu ann, ní féidir liom ciall a bhaint astu. Níl an ábaltacht sin agam, faraor.

Ach, tógadh mé i gceantar Gaeltachta, agus d’éirigh liom, san Ardteistiméireacht, onóir a fháil i nGaeilge. An t-am sin, más rud go bhfuair tú onóir i nGaeilge, bhí dhá onóir ag dul duit. Dá bhrí sin, fuair mé mo dhá onóir, ar ábhar amháin.

An raibh sé sin féaráilte? Teorainneacha á dtarraingt arís?

Is beag duine ón nGaeltacht nach bhfuair onóir i nGaeilge, seans, nó b'fhéidir go raibh sé níos éasca ceann a fháil, ó tharla an teanga sin ar a gcumas acu, rud a chuir go mór lena n-ábaltacht onóir a fháil, b'fhéidir.

An raibh sé féaráilte nach bhfuair na daltaí cumasacha eile, iad siúd le hábaltacht acu onóir a fháil sa Fhraincis, sa Stair, san Eolaíocht, mar shampla, an raibh sé féaráilte nach bhfuair siadsan onóir sa bhreis, freisin?

Anois, cloisim go bhfuil caint ann marcanna sa bhreis a thabhairt do dhaltaí le hábaltacht ar leith acu sa mhata. An bhfuil sé sin féaráilte, meas tú? Teorainneacha á dtarraingt arís?
.

Saturday, August 14, 2010

Teanga Choiteann na Gaeltachta?

‘Bhfuil a fhios agaibh, a léitheoirí, ach táim amhrasach anocht faoi thodhchaí na Gaeilge sa tír seo’

Bhí mé tuirseach aréir nuair a scríobh mé na focail thuas i mo bhlagmhír thíos. Cheap mé go m’fhéidir go mbeadh an t-amhras sin laghdaithe ar maidin. Ní raibh, agus níl fós.

Scríobhaim mo bhlag as Gaeilge, cé go mbeadh sé i bhfad níos fusa agam Béarla a úsáid. Béarla a labhair mé, formhór an ama, ar feadh mo shaoil. Tá leabhair ghramadaí Gaeilge, agus foclóirí, taobh le mo ríomhaire. Bainim úsáid astu go minic. Táim fós ag foghlaim, agus déanaim botúin, go rialta. Mar sin féin, leanaim orm.

Fáth m’amhrais? Tá sé tugtha faoi deara agam, le bliain nó dhó, go bhfuil ár dteanga dhúchais á cur go leataobh, anois is arís, sna Gaeltachtaí. Bhí mé i gcúpla áit sa Ghaeltacht, agus ní raibh Gaeilge ag duine nó dhó, daoine a bhí ag freastal orm, anseo agus ansiúd.

Chuir mé an cheist ‘Are you going to learn Irish?’

Is ceist í a chuirim go rialta nuair a bhíonn duine gan Gaeilge ag freastal orm i gceantar Gaeltachta. Níl ann ach gur suim liom meon an eachtrannaigh i dtreo na teanga seo againne, an dtuigeann sibh.

‘I try to learn, but it is so difficult.’ a d’fhreagair bean amháin.

Mhothaigh mé go raibh sí aiféalach faoi sin. Dar léi, Béarla a labhraíonn a comhghleacaithe léi. Suimiúil. Is cainteoirí dúchasacha iad uilig.

‘Are you going to learn Irish?’ a d’fhiafraigh mé d’fhreastalaí eile, in áit eile sa Ghaeltacht. Ní aiféalach ach mustrach a freagra,

‘There is also English, so I don’t have to!’

Agus sin agaibh fáth m’amhrais, a léitheoirí.
.

Thursday, August 12, 2010

Garraí Gosh!

Ionad na gCuairteoirí i bPáirc Náisiúnta Ghleann Bheithe, áit ina raibh mé féin agus cara liom inniu. Nach fánach an áit a d'fheicfeá gáirdín!


Tógadh an caisleán sa pháirc idir 1870 and 1873.

Cé go raibh bus ar fáil, shiúlamar ó ionad na gcuairteoirí chuig an gcaisleán, achar 4km; an loch álainn, Loch Bheithe, ar thaobh na láimhe deise dínn ar feadh na súilóide. Thóg mé an pictiúr thuas agus mé istigh sa gharraí daingean ann.


Cuireadh an crann casta éagsúil seo sa pháirc timpeall 1900. Crítómeiarach Seapáine 'Elegans' a thugtar air. Tháinig crainn mar é, ón tSeapáin, isteach go gáirdíní na hEorpa sa bhliain 1861. Fásann an stoc go lúbach, agus bíonn dath umha/corcra ar an duilleoga san fhómhar.

Radharc eile ón ngarraí daingean. Tá sé os cionn céad bliain ó cruthaíodh na gáirdíní ann.

Bhain mé an-sult as mo chuairt, cé nár éirigh liom mo chumarsáid a dhéanamh as Gaeilge ann, ó tharla gan Gaeilge ag na daoine a bhí ag obair ann inniu, feictear dom. Ní raibh Gaeilge ar a gcumas acu siúd lenar labhair mise, ar aon nós. Chuir sé sin iontas orm, caithfidh mé a rá, ó tharla an áit béal dorais le Gaeltacht Ghaoth Dobhair.

Bhfuil a fhios agaibh, a léitheoirí, ach táim amhrasach anocht faoi thodhchaí na Gaeilge sa tír seo. Shílfeá nach mbeadh sé deacair ar rialtas na tíre ar a laghad duine amháin le Gaeilge a fhostú, in achan seirbhís phoiblí sa tír seo?
.

Thursday, May 20, 2010

Gaeltacht Faoi Bhláth

Ar fhaitíos go bhfuil aon duine amuigh ansin a cheapann nach bhfuil Gaeltacht Bhaile Átha Cliath faoi bhláth, ba mhaith liom a chur in iúl daoibh go bhfuilim den bharúil go bhfuil sí, go deimhin, ag bláthú.

Tharla sé go raibh mé ag éisteacht le buachaillí bunscoile ag an deireadh seachtaine, iad ag spraoi taobh amuigh den ghaelscoil lena mbaineann siad. Bhí mise ag breathnú orthu ag spraoi. Bhí siad ag spochadh as a chéile, rud a dhéanann buachaillí go minic, mar is eol daoibh, a léitheoirí.

Thairg leaid amháin a uachtar reoite do leaid eile, a bhí ina sheasamh lena thaobh. Ba léir go raibh dúil ag an dara leaid san uachtar reoite, ach níor ghlac sé leis ar an bpointe, é rud beag amhrasach, shílfeá, faoi fhrídíní an leaid eile, b’fhéidir.

Cibé scéal é, thuig an táirgeoir go raibh fadhb éigin ann, feictear dom, mar shín sé an t-uachtar reoite chuig a chara arís, agus dúirt, i nGaeilge bhreá líofa Ghaeltacht Bhaile Átha Cliath,

‘Tóg é…!’ ar seisean, go dúthrachtach. ‘…níor lickáil mé é!’
.

Thursday, April 8, 2010

Nathanna Cainte

Tá lán an tí de chuairteoirí i gCeann Scríbe i láthair na huaire, agus beidh go ceann seachtaine, rud a fhágann nach bhfuil an teacht chéanna agam ar an mblagáil mar is iondúil liom, agus mar ba mhaith liom.

Is cuma. Tá fáil agam ar an nGaeilge, mar sin féin. Tá Gaeilgeoirí óga sa teach, agus tá ballaí an tí ag éisteacht le Gaeilge ó Ghalltacht Bhaile Átha Cliath, áit ina bhfuil Gaeltachtaí go leor, gan teorainneacha, shílfeá, le líon na scoileanna lán-Ghaeilge ann ag méadú de shíor. Is ar cheann de na scoileanna sin a d’fhoghlaim mo chuairteoirí óga an Ghaeilge atá á labhairt acu go fial.

Ar ndóigh, níl an teanga go foirfe acu, ach is cuma, mar is léir dom ó bheith ag éisteacht leo, agus ó mo thaithí thar na blianta, nach bhfuil an teanga go foirfe agamsa ach oiread; go bhfuil an teanga ag athrú, agus ag fás leis an nglúin óg, agus go bhfuil go leor le foghlaim agam uatha, agus ón nglúin a tháinig romham, chomh maith céanna.

Ó tháinig na buachaillí, tá focail nua á bhfoghlaim agam, focail nach mbeadh in úsáid agam go hiondúil. Mar shampla, bhí orm theacht ar fhocail le haghaidh ‘sticky fingers’ an tseachtain seo: ‘méara bealaithe’ atá ag WinGléacht; ‘tá tú foirgthe leis sin’ a tháinig go nádúrtha ón gcainteoir dúchais, as Conamara, air ar chuir mé an cheist ‘Cén Gaeilge atá agat ar ‘sticky fingers’?’.

Is í mo thuiscint, anois, gur féidir an ‘tá tú foirgthe leis sin’ a úsáid dá mbeadh fiú éadaí an pháiste salach, nó a aghaidh/cosa/bróga salach, bíodh salachar de shaghas ar bith i gceist. Mar sin féin, go hiondúil, bheadh duine/rud ‘foirgthe’ ó bhun go barr, mar a déarfá, agus ní ar na méara amháin. Mar shampla, d’fhéadfadh garraí bheith ‘foirgthe le salachar’ (weeds), agus d’fhéadfadh duine le gruaig rua, abair, bheith ‘foirgthe le bricíní’ (freckles).

Seans go bhfuil leaganacha eile ann do ‘sticky fingers’, agus má tá, roinn liom iad, a léitheoir, le do thoil, nó fiú cum do cheann féin, más mian leat. Beimid ag foghlaim le chéile, agus ‘ag cumadh foclaí’, mar a dhéanann, ahem, mo dhuine ón oileán!

Ach, ar ais linn go Ceann Scríbe anois. Níl á labhairt idir mé féin agus an bheirt pháiste ach Gaeilge, cé go dtiontaíonn siad, gan stró, ar an mBéarla chomh luath agus a labhraíonn siad leis an nGarraíodóir. Tá an Garraíodóir ag déanamh sáriarracht Gaeilge a labhairt leo ina bhealach, ahem, amscaí féin. Is bealach é a bhaineann scairteanna gáire as na buachaillí óga, mar is le greann a dhéanann an Garraíodóir a iarrachtaí leo.

Bíonn sé ag cumadh amhrán leis na buachaillí óga, leath an amhráin i mBéarla, an leath eile i nGaeilge, gan ciall dá laghad leis na hamhráin, ar bhealach, ach ciall leo in aigne na bpáistí, páistí ar mór acu craic agus spraoi, mar aon le haon pháiste eile. Mar sin féin, tá foghlaim de shaghas ag dul ar aghaidh i gcumadh na n-amhrán, agus táim den bharúil gurb é an Garraíodóir atá ag foghlaim ó na páistí, muise!

Agus, sin an dóigh is fearr liom, a léitheoir. Ná bí buartha faoin ngramadach, ná faoi sheanfhocail, ná faoi na daoine eolacha Gaelacha cainteacha dúchasacha, ach oscail do bhéal agus labhair amach an Ghaeilge, nó fiú cuir méar ar mhéarchlár agus scríobh leat! Ach, go mór mór, bain craic agus spraoi as an teanga, is cuma cá mbíonn tú, nó cé atá leat.

Mar a scríobh Michelle Ní Riain in Foinse na seachtaine seo, ina halt ‘An Ghaeilge agus Tayto…i lár Pháras?’ agus í ag trácht ar an tionscnamh ‘Is Leor Beirt’ ó Chonradh na Gaeilge,

‘Gaeltacht is ea áit ina n-úsáidtear Gaeilge.’

Tá ár nGaeltacht bheag féin againn an tseachtain seo i gCeann Scríbe, a bhuí le páistí ón nGalltacht. Is leor sin domsa. Go deimhin, Is Leor Beirt, nó triúr, nó…
.

Tuesday, November 3, 2009

Puipéid

Tá go leor rudaí in iomaíocht le mo chuid ama na laethanta seo, ach ghlac mé am chugam féin ar maidin le héisteacht le hAdhmhaidin, agus leis an agallamh sin idir Chon agus an Aire Ó Cuív, maidir le haistriúchán na gcáipéisí oifigiúla.

Leis an fhírinne a rá, ní raibh a ndóthain ama acu leis an ábhar a phlé go hiomlán, domsa ar aon nós, agus nílim fós cinnte cé leis a thaobhaím maidir leis an airgead a chaitear ar aistriúcháin na gcáipéisí oifigiúla go Gaeilge, cé go dtuigim an dá thaobh, agus tá pointí maithe ag an dá thaobh.

Ba mhaith liom clár iomlán ar an ábhar seo a chloisteáil ar Raidió na Gaeltachta, nó fiú ar TG4, rud a thabharfadh deis dom na fíricí uile a chloisteáil, ón dá thaobh. Táim cinnte go bhfuil go leor daoine cosúil liom féin nach dtuigeann an scéal ina iomláine. Ach tá a fhios agam an méid seo, ní duine mór cur amú airgid mé, cé gur duine mór na Gaeilge mé. Ba chóir an dá rud a chaomhnú, más féidir é ar chor ar bith. Sin mo thuairim, fiú más tuairim an aineolaí í.

Cibé scéal é, sula bhfágfaidh mé sibh inniu, seo chugaibh físeán beag a cuireadh chugam ar maidin, agus a chuir agallamh na maidine go leataobh. Má tá sibh bréan den chaint ar ghearradh siar agus ar chur amú airgid, glac nóiméad nó dhó as an lá am éigin inniu, agus caith súil air seo.

Tar éis an tsaoil, a léitheoirí, tá an domhan iontach, agus cá bhfios dúinn nach puipéid muid uile.



Thursday, September 17, 2009

Bailbhín an Bhéarla

Rith smaoineamh liom anocht, agus mé ag scríobh ríomhphost chuig mo chairde sa Spáinn le mo bhuíochas a chur in iúl dóibh as an am a roinn siad chomh fial sin liom féin, agus leis an Státseirbhíseach, agus muid thall leo. Mar is eol daoibh, a léitheoirí, bíonn orm mo smaointe a roinnt libh, ó am go chéile, agus seo chugaibh an ceann seo. Rámhaille eile, is dócha.

Níl Spáinnis agamsa, ach tá ag an Státseirbhíseach, rud a d’fhág go raibh sise in ann cumarsáid gan stró leis na Spáinnigh agus muid ina gcuideachta. Ach, ní mar sin a tharla. An chuid is mó den am, thiontaigh chuile dhuine ar an mBéarla le go mbeadh mise in ann iad a thuiscint. Ba mhór an náire dom é, agus cheannaigh mé ‘Spanish for Dummies’ ar an bpointe boise a shroich mé siopa leabhar i mBaile Átha Cliath ar mo bhealach abhaile.

Tá a fhios agam an méid seo, a léitheoirí, dá mbeadh mise i mo chónaí sa Spáinn, bheadh orm an Spáinnis a fhoghlaim, mar nach ligfeadh an náire dom iallach a chur ar mhuintir na háite sin a dteanga a thréigean ar mhaithe liomsa, bean an Bhéarla. An chéad uair eile a bheas mise ina gcuideachta, beidh mé ag déanamh mo dhíchill a dteanga dhúchais féin a labhairt le lucht na Spáinne.

An smaoineamh sin? Cén fáth nach mbeadh lucht an Bhéarla, a bhfuil cónaí orthu sa Ghaeltacht, in ann an Ghaeilge a fhoghlaim le nach mbeadh ar mhuintir na háite sin a dteanga dhúchais a thréigean?
.

Sunday, August 16, 2009

Feoilséantóir ag Fiach

Mar is eol agus is léir do mo bholg, is maith liom bia. Agus, mar is eol do léitheoirí rialta an bhlag seo, is feoilséantóir mise. Nuair a bhím ar laethanta saoire, bainim sult as a bheith ag ithe i mbialanna éagsúla, rud a rinne mé go rialta agus mé ar laethanta saoire an tseachtain seo caite.

Ní tráchtaireacht na critice atá anseo uaimse maidir leis na bialanna sin inar ith mé agus mé ar saoire, mar ní saineolaí bia mise, an dtuigeann sibh, ach tá a fhios agam cén sórt bialann a thaitníonn liom féin, mar veigeatóir agus mar dhuine a dtaitníonn seirbhís mhaith ghlan sciobtha chairdiúil léi; an áit a bheith saor go leor le nach mbeidh gá dom iasacht a fháil ón mbanc le híoc as an mbéile agus as an tseirbhís sin. Éasca go maith mise a shásamh, cheapfá, ach bíonn deacrachtaí ag go leor bialanna freastal ar mo leithéid, an feoilséantóir.

Creid é nó ná creid, tá bialanna ann agus nuair a chuirim ceist an bhfuil a dhath acu a d’fheilfeadh dom mar fheoilséantóir, ó tharla gan aon phríomhbhéile dá leithéid ar an mbiachlár acu seachas ‘side orders’ b’fhéidir, is minic a deirtear liom “Oh yes, we have fish and chicken.”. Sea. Tá siad bán, is dócha. An fheoil, chan an freastalaí, ar fhaitíos aon mhíthuiscint, a léitheoir. Mura bhfeictear dath na fola air, ní feoil é dar leo, is dócha...b’fhéidir...níl a fhios agam.

Luaigh mé Aghna’s agus FRESHies i gClár Chlainne Mhuiris libh cheana, bialanna a thaitníonn go mór liom mar go bhfreastalaíonn siad ar an bhfeoilséantóir chomh maith céanna mar a fhreastalaíonn siad ar an té a itheann ainmhithe srl. Ní raibh gá leis an gceist sin thuas uaim, mar go raibh sé soiléir óna mbiachláir go bhfuil an dá áit sin eolach go maith ar a gceird agus dá bhrí sin, eolach ar mhianta gach iteora. Seirbhís ghasta phroifisiúnta sa dá áit, iad gleoite gléasta, sciobtha scuabtha. Na háitribh agus na freastalaithe.

B’amhlaidh leis ‘An Builín Blasta’ ar An Spidéal, agus leis ‘An Chlúid’ i dTír an Fhia, mar aon le Rodeo ar Shráid na Céibhe, agus le McSwiggans ar Shráid Eyre i gCathair na Gaillimhe. Ní raibh an biachlár ag McDonaghs Seafood House ar Shráid na Céibhe chomh cairdiúil céanna liomsa agus a bhí na biachláir sna bialanna eile, ach is áit í ina dtaitníonn an t-iasc go mór leis an nGarraíodóir. Bhí chips, mushy peas, beans agus coleslaw agam féin ann, gan aon rogha eile agam ón Fish and Chips Menu, ach iad blasta go maith agus neart ann, caithfear a rá.

Ar thug sibh faoi deara, aon duine agaibh a stop ag fuinneog tosaigh McDonaghs Seafood House ar Shráid na Céibhe ansin, go bhfuil bratacha na dtíortha uile ar bhileoga eolais acu atá greamaithe den fhuinneog, agus píosa i dteanga na dtíortha éagsúla sin scríofa faoi chuile bhratach, fiú sa tSínis agus sa tSeapáinis? Is aoibhinn liom a fheiceáil go bhfuil an tsochaí ilchultúrtha ag teacht chun cinn agus aitheantas a fháil aici ar an dóigh sin. Tá bratach na tíre seo ann, trí huaire, agus cén teanga ina bhfuil an t-eolas fúthu scríofa? Béarla, béarla, béarla. Gaillimh le Gaeilge nó Éire le Béarla ag teacht chun cinn, meas tú? Cibé scéal é, bhí an áit lán go doras, agus teanga chuile thír le cloisteáil ag teacht ó na boird uile, shílfeá. Táim cinnte go mbíonn Gaeilge le cloisteáil ann freisin, fiú mura bhfuil aitheantas faighte aici mar theanga faoi bhrat na hÉireann ar an bhfuinneog.

'Sé mo thuairim go raibh McSwiggans daor go maith, i gcomparáid le háiteanna eile a bhí chomh maith céanna ó thaobh an bhia de. Cé go raibh an bia blasta, gan dabht, ní raibh an béile mór millteach don té a bheadh ocrach go maith, shíl mé féin. Ach tá goile mór agamsa, faraor.

Cheap mé go raibh an Builín Blasta ar An Spidéal réasúnta maidir le praghas, an bia go hálainn blasta ann, ach is áit é le haghaidh lón breá a fháil, seachas dinnéar mór, má thuigeann sibh libh mé. An méid sin ráite, is ann a chonaic mé an freastalaí is fearr agus is deise dá casadh orm le tamall fada. Edel a hainm, agus tá a fhios agam é sin mar gur iarr mé a hainm uirthi. Dá mbeadh leithéidí Edel le fáil sna bialanna uile ar fud na tíre seo, bheadh na turasóirí ag teacht ar ais ina mílte. Cailín aireach béasach cairdiúil cuidiúil, a pearsantacht agus an tseirbhís a thug sí dúinn mar fhreastalaí ag cur go mór leis an mbéile blasta a fuair mé ansin. Maith thú, a Edel! Agus tá súil agam go bhfuil d’ainm litrithe mar is ceart agam.

Thiar i dTír an Fhia, i gCeantar na nOileán, thaitin An Chlúid go mór liom. Bia blasta, ar phraghas réasúnta, agus neart ar an bpláta don té a bheadh ocrach. Ní bhíonn siad oscailte ag an deireadh seachtaine, faraor, agus dúnann an áit ag 2.30 i.n. Bean le Béarla aici a bhí taobh thiar den chuntar, gan mórán Gaeilge aici ach í ag foghlaim ‘cúpla focal’ gach lá, mar a dúirt sí féin liom, agus dúirt sí an méid sin liom as Gaeilge. Maith thú, a chailín! Bhí bean lena taobh agus í mar a bheadh ateangaire ag aistriú m’ordú don bhean gan mórán Gaeilge, ordú a thug mé go nádúrtha as Gaeilge mar a dhéanaim go rialta sa Ghaeltacht. D’fhág an ateangaireacht sin nach raibh gá domsa an Ghaeilge a thréigeann, agus d’fhág sí ‘cúpla focal’ eile leis an bhfreastalaí, tá súil agam. Ar mo bhealach amach an doras, d’fhág an bhean sin slán abhaile liom i nGaeilge bhreá bhlasta, ise ag titim isteach le teanga na háite, seachas a mhalairt ag tarlú. Maith arís í, agus go maire an teanga a hiarracht!

Rud amháin eile a tharla sa Chlúid, agus a thaispeánann nach bhfuil an dream thiar ar chor ar bith ar gcúl maidir le riachtanais an veigeatóra, cuireadh ceist orm, sular réitigh siad an sailéad feoilséantach a d’ordaigh mé, an n-ithim uibheacha agus cáis. Anois, a léitheoirí, sin ceist an-mhaith le cur ar an bhfeoilséantóir, mar is iomaí feoilséantóir, mo mhacasamhail féin, nach n-itheann feoil ach a d'íosfadh uibheacha, cáis, bainne agus ar uile; ach tá feoilséantóirí ann nach n-itheann a dhath a thagann ón ainmhí, agus ar ‘fíor-veigeatóirí’ iad, nó ‘vegans’ mar a deirtear sa Bhéarla. Maith sibh, a mhná na Clúide!

Smaoineamh daoibh, a léitheoirí, ó tharla gur rith sé liom agus mé ag scríobh an ailt seo. Dá mbeadh tú de shíor ag ithe i mbialann veigeatórach, áit atá ag freastal go hoifigiúil ar an bhfeoilséantóir amháin, an mbeadh tú ag súil le feoil a fháil go rialta ann? Sea. Sin mar a cheap mé. Cuir an smaoineamh sin i gcomhthéacs Gaeltachta agus Gaeilge anois.

Beatha do dhuine a thoil.
.

Tuesday, July 14, 2009

'Na Daoine Béarla'

Tá teaghlach deirfiúracha ar m’aithne a bhfuil cónaí ar a bhformhór acu sa Ghalltacht, duine amháin acu sa Ghaeltacht. Tógadh iad le Gaeilge agus le Béarla i nGalltacht i lár na tíre, a n-athair a labhairt Gaeilge leo an t-am ar fad, a máthair ag labhairt Béarla leo. Béarla an teanga ba choitianta a labhraítí sa teach i measc na ndeirfiúracha, agus is Béarla fós a labhraíonn siad eatarthu féin mar dhaoine fásta anois.

Gaeilge an teanga labhartha a bhí ag an athair é féin ar feadh a shaoil agus é ag fás aníos, i nGalltacht Bhaile Átha Cliath. Gaeilge a labhair a dheirfiúracha agus a dheartháireacha freisin, agus is cleachtas é a thug siad leo isteach ina dteaghlaigh féin nuair a phós siad, blianta fada ó shin. Tá cónaí ar na teaghlaigh sin sa Ghalltacht den chuid is mó, agus an Ghaeilge mar phríomhtheanga labhartha acu. Is daoine fásta anois iad a bpáistí, agus tá siadsan, freisin, ag labhairt Gaeilge lena bpáistí féin, i nGalltachtaí a bhformhór acu.

Is de bhunadh ceann de na teaghlaigh sin na deirfiúracha a luaigh mé ag tús an ailt. Gaeilge amháin a labhraíonn an deirfiúr, a bhfuil cónaí uirthi sa Ghaeltacht, lena páistí óga, nach bhfuil fós ar scoil; Béarla amháin atá ag páistí óga deirfiúr amháin eile, páistí nach bhfuil fós ar scoil; Gaeilge agus Béarla ar a dtoil ag páistí na ndeirfiúracha uile eile, mar go bhfuil na páistí sin ag freastal ar Ghaelscoileanna éagsúla sa Ghalltacht.

Bhí teacht le chéile ag na deirfiúracha lena bpáistí uile, níl sé i bhfad ó shin. Bhí col ceathracha na nGaelscoileanna ag labhairt Gaeilge den chuid is mó, ach amháin nuair a labhair siad leis na páistí beaga nach raibh fós ar scoil, agus nach raibh Gaeilge acu. Ach ní raibh an ábaltacht sin ag na páistí ón nGaeltacht, mar nach raibh oiread is focal amháin Béarla acu. Agus iad ag labhairt lena máthair ní ba dheireanaí sa lá, ba ‘na daoine Béarla’ an t-ainm a thug siad ar na col ceathracha sin nach raibh Gaeilge acu.

Is é an smaoineamh a rith liomsa agus mé ag éisteacht leis seo ná go bhfuil an Ghaeilge chomh flúirseach sin sa Ghalltacht i mBaile Átha Cliath anois gurb iad an bheirt gan Gaeilge acu fós a tugadh faoi deara, agus a bhí sa mhionlach an lá sin.

Tá seans ag an teanga fós, agus feictear dom gur sa Ghalltacht atá an borradh is mó, agus nílim iomlán cinnte nach as na Galltachtaí, agus ó lucht na nGalltachtaí, a tháinig an tacaíocht is díograisí roimhe seo freisin.
.

Tuesday, June 23, 2009

An Bosca Cornflakes

Tá na f-anna sin do mo chur ar mire! Tá siad chuile áit; ar an idirlíon, sna meáin, sna páipéir, ar an teilifís, ar an raidió: fadhbanna, fabhtanna, Foinse, Foras, fir chantalacha, feminists agus fair ladies ar féidir leo a bheith cantalach freisin, daoine atá ‘frith’ chuile rud ach a bhfírinne agus a bhfealsúnacht féin. Táim ‘fed up’ agus nílim ag dul aird a thabhairt dóibh inniu. B’fhéidir. Díreoidh mé m’aire ar ‘f’ eile, An Feighlí, an té atá i gceannas ar An mBosca Cornflakes.

Anois, samhlaigh An Bosca Cornflakes agus é ar bhord éigin, nó ar thábla éigin más fearr leat an leagan sin. Níl a fhios cá bhfuil an bord, nó cén áit ar an mbord ar a bhfuil An Bosca Cornflakes suite. Ach tá sé ar an mbord. Agus tá daoine ina suí timpeall ar an mbord sin. Níl a fhios cén méid duine, agus níl a fhios cén aois atá acu, ach amháin go bhfuil aoiseanna éagsúla acu, fireann agus baineann ina measc.

Abair go bhfuil An Bosca Cornflakes sin lán go béal. Tá daoine ag an mbord nach n-íosfadh na calóga atá istigh sa bhosca sin go brách. Is fuath leo na calóga sin, agus caitheann siad isteach sa bhruscar iad am ar bith a chuirtear os a gcomhair iad. Tá daoine eile ann nach n-íosfadh iad mar go bhfuil an focal ‘Cornflakes’ scríofa as Béarla ar an mbosca. “Ba chóir go mbeadh ‘An Bosca Calóga Arbhair’ scríofa air, mar a bhíodh san am a caitheadh!” a déarfadh siad. Agus beidh daoine ag an mbord, sála arda orthu, a déarfadh nach raibh a leithéid de rud agus calóga arbhair ann riamh, gurb iad na seandaoine ag an mbord a chur a n-ábhar féin isteach sa bhosca, agus caithfear cloígh leis an oideas atá i bhfeidhm anois, agus sin sin, a déarfadh siad.

An Feighlí bocht! Céard a dhéanfaidh sé? Is féidir leis leanúint ar aghaidh ag ceannach na gcalóg, bosca i ndiaidh bosca ag dul amú, calóga ag lobhadh sa cheann atá ar an mbord. Roimhe seo, níor mhiste leis An bhFear Saibhir, an fear a íocann pá leis An bhFeighlí, an caiteachas místuama sin mar go raibh neart airgid aige go dtí seo, agus thug sé uaidh é go fial mar gheall go raibh A Bhean Chéile ag cur iallach air aire a thabhairt do na mionlaigh. Ach anois, tá an saol ag athrú. Tá géarchéim ann agus tá siosúr ag An bhFear Saibhir agus ag a Bhean Chéile. Thug siad an siosúr don Fheighlí, agus níl sé iomlán cinnte céard ba chóir dó a dhéanamh leis. Tá sé rud beag trína chéile, an siosúr ag gearradh anseo, an siosúr ag gearradh ansiúd, gan aird aige ar línte díreacha, shílfeá.

Tá daoine ag an mbord agus ní maith leo an áit ina bhfuil An Bosca Cornflakes suite. Nach leosan an taobh sin den bhord? Agus is fada an lá ó ceadaíodh Bosca Cornflakes, ná duine ar bith a d’íosfadh a leithéid, suí ag an mbord céanna leosan. Is fearr leo féin cruithneacht, agus ní maith leo an t-arbhar seanchaite. Nach n-itheann chuile dhuine cruithneacht anois? Níl mórán daoine le suim acu san arbhar. Caith amach An Bosca Cornflakes leis na duilleoga tae! Sin a mbarúil.

Agus tá daoine, nach suíonn ar an taobh sin den bhord, ach atá ina suí ar an taobh eile den bhord, a d’aontódh leo. Scríobhann siad sna meáin, ó am go chéile, iad ag tarraingt Peig Bhocht Nach as Leitir Móir Í isteach sa scéal. Ní maith leo Peig, cé go bhfuil sí imithe ar shlí na fírinne, ní thabharfaidh siad síocháin dí. ‘Níor thug sí síocháin dúinn!’ a scairteann siad, agus iad ag maíomh go mba chóir dá lucht leanúna a bheith ciallmhar agus glacadh leis gur chóir An Bosca Cornflakes a chur san uaigh léi, a déarfadh siad.

Ach tá daoine óga ag an mbord, agus tá ocras orthu. Breathnaíonn siad ar An mBosca Cornflakes. Tógadh cuid acu ar chalóga arbhair agus d’íosfadh siad as an mbosca sin gan stró ar bith, fiú murab é an t-oideas céanna atá in úsáid ag na tuismitheoirí éagsúla agus na babhlaí lána á gcur os a gcomhair. Braitheann an t-oideas sa bhosca ar an gcúinne sin den bhord ina bhfuil siad ina suí, an dtuigeann sibh.

Mar sin féin, tá páistí eile ocracha ag an mbord, agus ba mhaith leo na calóga arbhair a ithe, ach níl a fhios acu cén bosca is cirte a oscailt, nó cén t-oideas an t-oideas is fearr. Tá siad trína chéile ag éisteacht leis na moltaí éagsúla, agus leis na hargóintí éagsúla, ag an mbord. Níl uatha, b’fhéidir, ach An Bosca Cornflakes a oscailt agus a mbolg a líonadh. De réir mar a thagann aois chucu, cuireann siad an locht ar Pheig Bhocht Nach As Leitir Móir Í, mar go bhfuil na moltóirí ag cur babhla i ndiaidh babhla de chalóga tirime os a gcomhair, gan siúcra ar bith orthu, gan trácht ar bhainne! Nach mar sin a d’íosfadh Peig Bhocht Nach As Leitir Móir Í iad, a mhaífeadh na moltóirí, agus sách maith ag na páistí é! “Mura mian leo é, bíodh siad ocrach!” a rosc catha, shílfeá.

De réir a chéile, tá na calóga ag lobhadh, agus tá An Bosca Cornflakes ar an mbord, é ina sheasamh ansin fós, ach ar éigin. Agus tá na daoine ag an mbord go síoraí ag troid agus ag argóint faoina chearta. Agus tá na páistí ag fás aníos, An Bosca Cornflakes á shéanadh acu mar go bhfuil siad tuirseach ag fanacht le réiteach an bhoird. Idir an dá linn, tá an chruithneacht ag fás go tréan.
.

Monday, May 4, 2009

Mo Cheantar Féin

Ní minic a bhíonn deis agam am a chaitheamh i gcomhluadar mo dhream féin, agus déanaim chuile iarracht m'aghaidh a thabhairt ar Chonamara, go háirithe ar Cheantar na nOileán, chomh minic agus is féidir liom. Bhain mé an-sult as an deireadh seachtaine. Ar an Domhnach seo, bhí Comórtas Peile na Gaeltachta ar siúl thiar ar Pháirc an Mháimín, d’oscail ionad nua pobail taobh leis an séipéal i Leitir Móir, agus bhí a Chéad Chomaoineach á ceiliúradh ag mo chol cúigear agus a chomhghleacaithe sa séipéal céanna ní ba luaithe sa lá.

Bhí mé féin agus an Garraíodóir ag tiomáint linn ó ócáid amháin go hócáid eile i rith an lae. Bhí mé féin ag déanamh iontais faoi líon na gcarranna a bhí ar an mbóthar, rud ab annamh i m’óige.
“Look at all the new houses.” a dúirt an Garraíodóir, agus muid ar ár mbealach siar go Leitir Móir.
“It’s so great to see them.” a dúirt mé féin.
“I suppose it shows that people have more money now.” arsa an Garraíodóir.
“No, it shows that locals are being allowed to build now.” a dúirt mé féin.

Tá bean ar m’aithne, ar baintreach í. Bhí cónaí uirthi thar lear, cúig bhliana déag ó shin, nuair a bhásaigh a fear céile ann, gan fiú dhá scór de bhlianta caite aige ina bheatha. Sular bhásaigh sé, bhí sé i gceist acu bogadh abhaile go Ceantar na nOileán ach, faraor, ní hé a bhí in ann dóibh. Tar éis a bháis, chuir sí é anseo agus chinn sí a theacht abhaile, agus a páistí óga a thógáil ina ceantar dúchais, áit a raibh suíomh feiliúnach le fáil aici.

Chuir sí a hiarratas pleanála ar aghaidh, agus ní thuigfidh mé go brách na breithe an cinneadh a thug na húdaráis sa rannóg pleanála di. Cuireadh an oiread sin coinníollacha dochreidte díchéillí leis an gceadúnas nach raibh sí in ann iad a chomhlíonadh, agus ní raibh an dara rogha ag an mbean chroíbhriste seo ach fanacht thar lear. Cé go raibh a fear curtha anseo, cé gur de bhunadh na háite í, cé go raibh Gaeilge ar a toil aici, cé gur san áit seo ba mhian léi a páistí a thógáil, ní fhéadfadh sí. Tá an suíomh ann fós. Níl sise.

An rud a chuir déistin orm an t-am sin, agus a chuireann dhá oiread déistine orm inniu, ná go raibh sé de shaorchead ag na bainc, dá mba rud é nach n-éireodh le duine áitiúil a mhorgáiste a íoc ar theach, an teach sin a athshealbhú agus é a dhíol le duine ar bith ar mhian leo, fiú mura raibh Gaeilge, gaol ná gairm ag an duine sin a chuideodh leis an áit, beag ná mór.

Agus níl athrú ar an scéal sin fós, an bhfuil? Sé an gnáthdhuine a íocann as caiteachas agus breitheanna dochreidte díchéillí na mbanc agus na n-údarás. Feictear dom gur féidir leo a rogha rud a dhéanamh, agus neamhaird a thabhairt ar choinníollacha agus ar thorthaí a gcinnidh, gan phionós. Ní haon ionadh go bhfuil an tír ina praiseach. Ní haon ionadh go mbíonn déistin orainn ó am go chéile. Ormsa, ar aon nós.

An méid sin curtha díom agam anois, caithfidh mé a rá nach bhfhaca mise ach fás, forbairt agus fuinneamh thiar ann an deireadh seachtaine seo. Tá an Ghaeltacht as ar eascair mé féin, mo cheantar féin, beo beathach, in ainneoin na n-údarás. Nár laga Ollmháthair na Cruinne spiorad na ndaoine ann.

.
 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.