Showing posts with label scrúdú. Show all posts
Showing posts with label scrúdú. Show all posts

Tuesday, August 24, 2010

Dhá haon dó...

…dhá dhó ceathair,
dhá thrí sé,
dhá cheathair ocht…

… táim ar ais i rang a dó, nó, b’fhéidir, rang a trí. Maireann an chuimhne liom fós. Táim ag aithris na dtáblaí don mhúinteoir. Táim á n-aithris amhail is dá mbeinn ag casadh amhráin, na focail foghlamtha de ghlan mheabhair agam, mo chorp ar luascadh le rithim na bhfocal, mé i dtámhnéal, shílfeá.

Sin an t-aon bhealach amháin a bhí agam, an dtuigeann sibh, na táblaí a aithris i gceart don mhúinteoir. Bhí orm iad a fhoghlaim de ghlan mheabhair, mar nár thuig mé iad.

Sin scéal nár athraigh ar feadh mo shaoil. Cé go ndearna mé chuile iarracht, theip orm, san Ardteistiméireacht, pas a fháil i mata. Fiú sa lá atá inniu ann, ní féidir liom ciall a bhaint astu. Níl an ábaltacht sin agam, faraor.

Ach, tógadh mé i gceantar Gaeltachta, agus d’éirigh liom, san Ardteistiméireacht, onóir a fháil i nGaeilge. An t-am sin, más rud go bhfuair tú onóir i nGaeilge, bhí dhá onóir ag dul duit. Dá bhrí sin, fuair mé mo dhá onóir, ar ábhar amháin.

An raibh sé sin féaráilte? Teorainneacha á dtarraingt arís?

Is beag duine ón nGaeltacht nach bhfuair onóir i nGaeilge, seans, nó b'fhéidir go raibh sé níos éasca ceann a fháil, ó tharla an teanga sin ar a gcumas acu, rud a chuir go mór lena n-ábaltacht onóir a fháil, b'fhéidir.

An raibh sé féaráilte nach bhfuair na daltaí cumasacha eile, iad siúd le hábaltacht acu onóir a fháil sa Fhraincis, sa Stair, san Eolaíocht, mar shampla, an raibh sé féaráilte nach bhfuair siadsan onóir sa bhreis, freisin?

Anois, cloisim go bhfuil caint ann marcanna sa bhreis a thabhairt do dhaltaí le hábaltacht ar leith acu sa mhata. An bhfuil sé sin féaráilte, meas tú? Teorainneacha á dtarraingt arís?
.

Monday, July 6, 2009

Is oth liom a chur in iúl duit...

Nuair a thagann litir chun tí chugat agus na focail ‘Is oth liom a chur in iúl duit…’ ar an gcéad líne, bíonn a fhios agat ar an bpointe nach dea-scéal a bheidh ann. Ceapaim. D’fhéadfadh sé gur tusa an sórt duine a fheiceann an dea-scéal sa drochscéal; b’fhéidir gur tusa an soirbhíoch a fheiceann an rud dearfach san áit a mbíonn an rud diúltach le feiceáil ag duine eile. Is tusa an duine leis an ngloine atá leathlán nuair atá an duine le do thaobh ina shuí agus gloine leathfholamh aige.

Bhí mo chupán caife leathlán agus mé ag oscailt na litreach ar maidin. Ba ghearr uaim an dealg dhúigh a chuirfeadh poll san áit dhearfach, dá mbeadh an áit sin ar chor ar bith dearfach sa chéad áit. Bhí mé ag streachailt leis an lá roimh theacht na litreach, smaointe eile ag réabadh trí mo chloigeann inniu, mar is eol daoibh, a léitheoirí rialta.

Mar sin, nuair a d’oscail mé litir leis na focail ‘Is oth liom a chur in iúl duit…’ ar an gcéad líne, bhain sé geit asam. Ar feadh soicind nó dhó. Ansin, thug mé faoi deara ábhar na litreach, 'An Córas Creidiúnaithe d’Aistritheoirí – Torthaí an Scrúdaithe'. Níor éirigh liom ‘sa scrúdú creidiúnaithe an babhta seo’. Ach, ‘beidh deis eile agat an bhliain seo chugainn, más mian leat an scrúdú a dhéanamh arís.’

Ní dóigh liom é. Mar a scríobh mé ar an mblag seo ar an 27 Aibreán, i m’alt ‘An Córas Creidiúnaithe d’Aistritheoirí’, ní raibh ‘a fhios agam sa sioc cén fáth ar tharraing mé an scrúdú seo orm féin, ach tharraing’. Agus, fuair mé torthaí mo dheargmhire ar maidin. Sách maith agam é. Más rud gur cheap mé go raibh deis agam an 70% a bhaint, an céatadán atá leagtha síos ag Foras na Gaeilge le pas isteach a thabhairt do mo leithéid, bhí mé céad faoin gcéad mícheart.

Bhuel, timpeall 20% mícheart ar aon nós, mar is í sin an bhearna eolais atá idir mé féin agus an t-aistritheoir creidiúnaithe, is cosúil. Nílim chomh cliste agus a cheap mé. B’fhéidir. Is dócha. Gan dabht. Faraor. Níor éirigh liom ach leath na marcanna a fháil. Aiféala orm faoi sin, a léitheoirí. Maithigí mo bhotúin dom, agus maithfidh mise mo bhotúin féin.

Agus ná hinis mo scéal d’aon duine. Níor mhaith liom go gceapfadh siad gur óinseach cheart atá ionam. Coinneoimid eadrainn féin é, a léitheoirí. Bheadh náire orm an scéal a roinnt leo siúd a cheapann go bhfuilim iontach cliste ar fad. Is fearr iad a fhágáil chomh haineolach liom féin.
.

Thursday, June 11, 2009

Blub-blub...

Tá dalta, cailín óg atá i mbun na hardteistiméireachta i láthair na huaire, ag scríobh go rialta san Indo maidir leis na scrúduithe sin. Inné, agus í ag tabhairt faoi Pháipéar 2, Gaeilge, bhí an bhean bhocht ‘Tormented by that mystery word’.

Bhí trua agam di nuair a léigh mé an líne ‘I quickly scanned the first page and immediately began to panic as I realized I had no idea what the first question meant.’. Chuir mé féin triúr de mo pháistí trí chóras na hardteistiméireachta, ach an oiread liom féin blianta fada ó shin, agus is maith atá a fhios agam an t-uafás agus an choscairt a ritheann trí do chloigeann agus do chorp nuair a tharlaíonn a leithéid de rud ag tús scrúdú ar bith. Ar aon nós, chuir sí smacht uirthi féin agus thug sí faoin gcuid eile den pháipéar, agus d’fhág an cheist sin go dtí an deireadh. ‘And then I was back to that frustrating first question, still had no idea what it meant. I had a choice…I could leave, or I could take a stab in the dark. I stabbed.’ Nár laga Ollmháthair na Cruinne í. Áthas orm go ndearna sí é sin, agus tá súil le Cé agam go n-éireoidh thar barr léi.

Ach, bhí ‘stab’ nach beag ag fanacht liom féin nuair a léigh mé an chéad líne eile uaithi, ‘After that I left, not entirely happy, but satisfied I’d never have to look at another Irish book again.’ Nach é an trua é sin, a léitheoir? Is léir go bhfuil áthas ag an gcailín ábalta díograiseach cumasach seo nach mbeidh uirthi breathnú, go brách na breithe, ‘at another Irish book’. Meas tú, céard sa diabhal atá ar iarraidh ón gcóras seo againne nach bhfuilimid ag mealladh a leithéidí ach, níos measa arís, dá n-iompú go glan i gcoinne na teanga? An focal sin a chuir ise, agus go leor daltaí eile, is cosúil, amú? Bhí siad ciaptha ag ‘Ciapadh’.

Bhí alt eile ‘Question appears two years in row .’ agus, cé gur dóigh liom gurb é ‘two years in a row’ a bhí i gceist, is cosúil go raibh ‘row’ eile ag blub-blubáil de thoradh ceist eile a bhí ar Pháipéar 2. ‘Confusion, anger, surprise and disappointment greeted the appearance of a replica question from 2008…’ a scríobhadh. Cibé faoi na mothúcháin sin a spreagadh, is léir go bhfuil daoine ann a cheapann go bhfuil boladh an mhadra rua ón eachtra seo. Más fíor an méid atá scríofa san alt, cheap ionadaí ón ASTI go raibh sé ‘a”little sneaky”, agus ‘It could only have been intended to catch out students.’. Dúradh san alt freisin go bhfuil ‘speculation that the purpose of repeating the question was to avoid a selective grind school type of approach to exam preparation.’. Sea.

An bhfuil a fhios agaibh, a léitheoirí, nach bhfuil a fhios agamsa sa diabhal céard atá ag dul ar aghaidh, nó céard atá, má tá, ar bun ag an ‘State Examinations Commission’ atá luaite san alt sin, ach tá a fhios agam an méid seo – siad na daltaí agus an teanga atá thíos leis.

Blub-blub-blub…
.

Monday, April 27, 2009

An Córas Creidiúnaithe d’Aistritheoirí

Níl a fhios agam sa sioc cén fáth ar tharraing mé an scrúdú seo orm féin ach tharraing. Bhí mé tar éis dioplóma i scileanna aistriúcháin a chríochnú leis an Acadamh agus bhí na rialacha, agus modh oibre na scile, fós úr i mo chloigeann is dócha. In ainm agus a bheith ar aon nós. Ba ghearr uaim an fhírinne.

Fuair mé scéal ó Fhoras na Gaeilge as Béal Feirste ar an Máirt, le samplaí de pháipéir scrúdaithe (chan ceann an tSathairn, ar fhaitíos aon mhíthuiscint, a léitheoir) agus nótaí maidir leis an scéim mharcála faoi iamh leo. Is cosúil go mbíonn siad an-chrua agus iad ag ceartú ‘mí-úsáid na copaile’, ‘mí-úsáid an bhriathair ‘tá’’, agus ‘easpa tuisceana ar míre coibhneasta (díreach agus indíreach)’. Agus an ceart acu.

Ach níor chuidigh sin liomsa, agus murach go raibh Bean an tSléibhe do mo mholadh thar bheirt agus triúr maidir le m'ábaltacht, agus ag tabhairt cic sa tóin dom, ní bhacfainn leis an scrúdú ar chor ar bith. Ba é an clásal coibhneasta damanta sin ba chúis le m’imní. Dar leis an scéim mharcála, ba ‘mórbhotún gramadaí’ a bheadh ann dá mbainfinn mí-úsáid as. Sin m’fhadhb. Bíonn mé féin agus an clásal coibhneasta ag troid lena chéile i gcónaí. Bíonn an clásal coibhneasta ag iarraidh urú a chaitheamh mar chulaith ó am go chéile agus cuirimse séimhiú air, rud nár chóir a dhéanamh ar ndóigh, ach déanaim é. Go rialta. Agus déanaim a mhalairt freisin. Cuirim urú air nuair is mian leis séimhiú a chaitheamh. An rud bocht. Tá an t-ádh air go bhfuil Foras na Gaeilge amuigh ansin ag coinneáil súil ghéar ar a chearta.

Bhí an scrúdú ar siúl san Institiúid Teicneolaíochta, Tamhlacht agus, ar an Déardaoin, fuair mé ríomhphost ón ittdublin, más fíor an seoladh a bhí ar an ríomhphost, le ‘Instructions for Logging in’, ‘Opening Microsoft Word’, agus ‘Saving and Printing exam’ faoi iamh. I mBéarla. Is mór an mhaith go bhfuil an teanga sin ar mo thoil agam nó bheinn i bponc ceart ar an lá, mar gur ríomhairí amháin a bhí ar fáil don scrúdú. Tá lá na bpeann ar phár imithe.

Le bheith féaráilte, bhí ar a laghad duine amháin den ochtar feitheoirí ar an láthair a bhí in ann Gaeilge a labhairt, agus táim cinnte go raibh an leaid sin ina chuidiú mór do dhuine ar bith nár thuig na treoracha Béarla a bhí faighte acu roimh ré. I mBéarla, freisin, a thug an príomhfheitheoir amach treoracha, agus rialacha an scrúdaithe, díreach roimh an scrúdú ar an lá, agus glacaim leis gur thuig chuile dhuine í, mar níor chuala mé aon duine ag lorg ateangaire.

Bhí fáil againn ar WinGléacht agus ar focal.ie le cuidiú linn, agus bíobla Uí Dhónaill. Bainim úsáid as WinGléacht mé féin go minic, go háirithe nuair nach mbím cinnte faoi inscne an fhocail faoi mo chúram. Bím neamhchinnte faoi fhocail ar leith, na bisexuals mar a thugaim féin orthu. Is focail iad atá beo beathach sa chaint dúchais ag daoine, ach ní réitíonn siad féin agus an caighdeán le chéile ó thaobh inscne ó am go chéile. Cuirim an focal isteach agus cuardaím an ‘b’ nó an ‘f’ sin taobh an fhocail a insíonn dom cén cois lena mbíonn an focal ag ciceáil.

Bhí sin déanta agam sa chéad pháipéar, agus m’athruithe déanta dá réir más rud go raibh gá leis, ach bhí mé leath bealaigh tríd an dara páipéar sa tráthnóna sular thug mé faoi deara gur leagan Béarla de WinGléacht a bhí ar mo ríomhaire an t-am ar fad. Ní ionann ‘f’ fhirinscneach na Gaeilge agus ‘f’ feminine an Bhéarla, mar is eol daoibh, a léitheoirí cliste. Ach, orm féin an locht. Tá mé cleachta leis an leagan Gaeilge de WinGléacht ar mo ríomhaire féin agus ar ríomhairí an Acadaimh, agus níor thug mé faoi deara gur ‘n’ a bhí roimh an ‘f’ in áit ‘a’.

Bhí mé faoi bhrú, an dtuigeann tú. Ní raibh agam ach dhá uair an chloig, agus bhí línte cosúil le ‘The Organisation shall conduct the activities provided for under this Treaty in the least intrusive manner possible consistent with the timely and efficient accomplishment of its objectives.’ le haistriú agam. In ainm Ollmháthair na Cruinne!

Is cuma. Tá sé déanta agam anois agus bíodh aige. De réir mar a chloisim uatha siúd a thug faoin scrúdú roimhe seo, beidh torthaí mo chuid allais agam am éigin roimh dheireadh na bliana. Féirín na Nollag a dúradh liom.
 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.