Showing posts with label Foras. Show all posts
Showing posts with label Foras. Show all posts

Thursday, October 14, 2010

Clubleabhar

An cuimhin libh gur labhair mé ar Chlubleabhar cheana, agus go ndúirt mé gur thug siad ‘an cic sa tóin dom a bhí uaim, le tús a chur le gnás na léitheoireachta arís’?

Bhuel, chuir mé tús leis an léitheoireacht an t-am sin agus, anois, tar éis shos an tsamhraidh, táim ar ais leo arís, ag léamh na leabhar atá molta acu don dara sraith.

Cé go bhfuilim rómhall le haghaidh leabhar Alan Titley, 'Gluaiseacht', (An Gúm), leabhar na míosa seo caite a léamh, tá sé ceannaithe agam, agus beidh deis agam tabhairt faoi amach anseo.

Idir an dá linn, tá tús curtha agam le leabhar na míosa seo, 'An tAthair Pádraig Ó Duinnín – Bleachtaire', (Coiscéim) le Biddy Jenkinson, agus táim ag baint suilt ar dóigh as.

Mar a scríobh mé roimhe, creidim go gcuidíonn Clubleabhar linn ‘tacú lena chéile, agus leis na scríbhneoirí, agus leis na foilsitheoirí, le go mbeidh an teanga á cothú agus á coinneáil faoi bhláth.’

Cláraigh le Clubleabhar, a léitheoir, más mian leat bheith páirteach sa dara sraith den scéim léitheoireachta seo. Leabhar sa mhí atá i gceist, agus is fiú é, i mo thuairim. An ‘cic sa tóin’ abú!

Mura bhfuil deis agat bheith páirteach ann an mhí seo, is é ‘Ó Chósta go Cósta’ (Cló Iar Chonnachta), le Frank Reidy, leabhar na míosa seo chugainn. Bhain an leabhar seo Gradam Uí Shúilleabháin do Leabhar na Bliana ag an Oireachtas i mbliana.
.

Wednesday, October 13, 2010

Ceardlann Scríbhneoireachta

Le cúnamh ó Foras na Gaeilge, beidh ceardlann scríbhneoireachta ar siúl ag Scríbhneoirí Gaeilge Chiarraí, in Áras na nGael, Sráid Doiminic, Gaillimh, ar an Satharn, 6 Samhain: 10.30a.m. go dtí 5.00p.m.

Ar mhaithe le plé níos fearr agus níos mine a dhéanamh ar scríbhneoireacht na rannpháirtithe teorannófar a líon do dheichniúr.

Táille cláraithe 20 euro; mic léinn 5 euro. (Lón ag 1p.m. san áireamh sa táille).

N.B. Is cóir cóipeanna den saothar atá le plé (3 dhán nó 2,500 focal de ghearrscéal, úrscéal, dráma, aiste léirmheasa nó eile) a sheoladh go dtí: faoin 1 Samhain, i dtreo gur féidir iad a dháileadh ar rannpháirtithe na ceardlainne agus a bheith léite roimh ré ag gach duine.

Stiúrthóirí Ceardlainne:
Pádraig Ó Snodaigh, file & staraí,
Mícheál Ó Ruairc, úrscéalaí
& Pádraig Mac Fhearghusa, eagarthóir FEASTA.

Léamh a saothar dá chéile agus aisfhreagra ó chomhscríbhneoirí atá i gceist. Fáilte roimh scríbhneoirí óga agus scríbhneoirí seanbhunaithe. (Mar réamheolas, tá sé i gceist ceardlann lae a bheith i mBaile Átha Cliath lár Feabhra 2011, agus ceardlann deireadh seachtaine i mBaile Bhúirne lár Meithimh 2011).

Teagmháil: Pádraig Mac Fhearghusa,
43 Na Cluainte, Trá Lí, Co. Chiarraí.
feasta@eircom.net
.


Monday, August 30, 2010

'Bhfuil Tusa Ag Labhairt Liomsa?

Daoibhse, a fheara, atá ag obair le mná, nó fiú ag obair in éineacht le mná, b’fhéidir gur mhaith libh bheith ar an eolas faoin tuairisc a léigh mé inniu, in Femail, tuairisc dar teideal, ‘WOMEN'S TOP TEN MOST HATED NICKNAMES’.

Ar fhaitíos nach bhfuil am agaibh an tuairisc a léamh, baineann sí leis na leasainmneacha sin as a mbaineann fir úsáid san ionad oibre, agus iad ag labhairt lena gcomhghleacaithe mná. Seo hiad na cinn nach dtaitníonn leis na mná, ar chor ar bith:

1. Love
2. Darlin'
3. Babe
4. Mate
5. Hun
6. Kiddo
7. Chick/Chicken
8. Dear
9. Poppet
10. Pet

Níl san alt seo uaimse, bíodh a fhios agaibh, a léitheoirí, ach fainic bheag don fhear a bhainfeadh úsáid as a leithéid de leasainmneacha, i ngan fhios dó féin, an dtuigeann sibh, ar fhaitíos nach dtuigfeadh sé go bhféadfadh sé bheith ag cur oilc ar an mbean bhocht lena bhfuil sé ag obair.

Thiocfadh sé idir mé féin agus codladh na hoíche mura roinnfinn teachtaireacht na tuairisce leis na fir bhochta sin a dhéanfadh a leithéid de rud, go haineolach.

Níor mhaith liom go dtabharfadh aon duine bladhaire, blitsín, cluanaire, líodóir, lústaire, lútálaí, pláibistéir, plámásaí, plásaí, riothaire, sleamaire, slíomadóir, slusaí, spleádóir, súdaire, ar an bhfear bocht, mura raibh sé tuillte aige, ar ndóigh. Sea.

Cibé scéal é, más rud go bhfuil tú ag iarraidh theacht ar ainm feiliúnach, as Gaeilge, don bhean, nó don fhear, lena bhfuil tú ag obair, d’fhéadfá iad a fháil san áit chéanna ina bhfuair mise na cinn sin thuas, ón leabhar Cén Sórt É?; Meascra Ainmneacha ar Chineálacha Daoine, le Tomás Ó Fiacháin, leabhar iontach eile a cheannaigh mé ó Cló Iar Chonnachta, an mhí seo caite.
.

Thursday, August 5, 2010

scriobh.ie

Tá suíomh úrnua ar an idirlíon, a chairde, ceann nach raibh mise ar an eolas faoi, ar chaoi ar bith, go dtí go bhfuair mé ríomhphost faoi inniu, ó Phádraig Mac Fhearghusa, eagarthóir Feasta.

Mar atá scríofa ar an suíomh,

'Is é atá sa suíomh seo ná cur cíos ar na háiseanna ríomhaireachta agus idirlín is fiúntaí a bhaineann le scríobh sa Ghaeilge atá ar eolas. Ní suíomh litríochta ná a leithéid sin atá i gceist, ach áit ina bhfuil cuntas ar na hacmhainní teicniúla agus eile atá ann a chuidíonn le scríobh na teanga, idir fhoclóirí, litreoirí, agus eile. Má tá tuarascáil, fógra, aiste, litir, ríomhphost, nó eile á scríobh agat, tá gach seans ann go bhféadfá leas a bhaint as an láithreán seo.'

Is togra le Dúrud Teoranta atá ann, le maoiniú faighte acu ó Fhoras na Gaeilge.

Beidh an suíomh, i mo thuairim, ina chuidiú iontach le scríbhneoirí na Gaeilge, go háirithe leo siúd nach raibh ar an eolas faoi na háiseanna ríomhaireachta agus idirlín sin roimhe seo.

Tá an t-eolas uilig le fáil anseo.
.

Sunday, July 11, 2010

An Litriú Caighdeánach

Ó am go chéile, léim alt atá, i mo thuairimse, chomh ciallmhar staidéarach stuama sin go mbíonn orm an scéal a roinnt le daoine ar an bpointe, a léitheoirí. Is amhlaidh a tharla dom an tseachtain seo agus mé ag léamh ailt in Feasta na míosa seo, alt le Brian Ó Baoill dar teideal, ‘An Caighdeán – An Séimhiú srl.’

Anois, tá a fhios agam go bhfuil cuid agaibh, seans, bréan den chaint uile faoin gcaighdeán 'nua' seo, agus tuigim daoibh. Mar sin féin, le bunú an CSA i mbliana, tá deis againn anois ár gcuid a dhéanamh don teanga, ar mhaithe le beatha na teanga, agus ar mhaithe le foghlaimeoirí na teanga, gan cur isteach ná amach ar an gcainteoir, ná ar an scríbhneoir, dúchais.

Cé go bhfuil mo chéad aighneacht istigh agam féin an geábh seo, ní raibh mé ach beo ar éigean, i 1958, nuair a tugadh buntreoir do choiste stiúrtha na bliana sin, buntreoir a mhol ‘an rialtacht agus an tsimplíocht a lorg’, le go mbeadh Caighdeán Oifigiúil simplí againn. Bhuel, ní dóigh liom gur mar sin a tharla, ach tá súil agam gur mar sin a tharlóidh an t-am seo.

Mar sin féin, óna bhfuil cloiste ag Brian Ó Baoill ón gCoiste nua go dtí seo, sé a bharúil nach mbeidh ann ach ‘praiseach eile anuas ar an bpraiseach atá ann cheana féin’. Tá seans gur ‘comhghéilleadh’ idir na canúintí a bheas ann arís, agus mar thoradh air sin beidh ‘Na mílte rialacha, forialacha, eisceachtaí…’ ann, dar leis.

Rinne sé liosta dúinn den sórt rud a tharla cheana leis an gcaighdeánú i 1958, athruithe a tharla de thoradh an chomhghéillte, is dócha. Bhí focail fearacht ‘is gnáth’, ‘go hiondúil’, ‘ach amháin’, ‘más ionann’, ‘murab ionann’, ‘de ghnáth’, ‘is féidir’, ‘mura mbíonn’, ‘i bhformhór’, ‘ní minic’, ‘seachas’, ‘mura’, ‘is iondúil, ‘ní gnáth’, agus ‘móide’ in úsáid go rialta síos tríd an gcaighdeán sin, gan trácht ar líon na n-eisceachtaí atá ann:

aidiachtaí (18 sraith d’eisceachtaí),
ainmfhocail (25 sraith d’eisceachtaí),
foirm an ainmnigh in ionad an ghinidigh (5 sraith d’eisceachtaí),

agus níl ansin uaidh ach sampla beag den phraiseach inar fágadh an foghlaimeoir bocht.

Tá ‘an-imní’ ar Bhrian, agus tuigim dó. Tá an teanga ‘Ró-dheacair…Ró-chasta’ don fhoghlaimeoir, agus tá deis iontach againn anois rud éigin a dhéanamh faoin deacracht agus faoin gcastacht sin, seans nach mbeidh againn arís, b’fhéidir.

Freagra na faidhbe ó Bhrian - ‘Foghlaim na Gaeilge a dhéanamh níos éasca’, trí ‘an gramadach a shimpliú go mór’ agus ‘gan eisceachtaí ná éiginnteacht a bheith ag baint leis an ngramadach simplithe sin.’ Aontaím leis.

Luann sé focail Niall Uí Dhónaill, ón leabhar sin leis, ‘Forbairt na Gaeilge’, leabhair a scríobh sé i 1951, ‘Caithfidh an Ghaeilge a heirí a chur di’; bhí ‘ cúigeachas’ agus ‘canúnachas’ i measc na ‘heirí’ sin luaite ag Ó Dónaill, dar leis. Suimiúil.

Ní ‘lagú’ nó ‘tanú’ na Gaeilge atá i gceist ag Brian, mar, ina fhocail féin, ‘labharfaidh daoine agus scríobhfaidh siad mar is mian leo, mar a rinne riamh, ach beidh caighdeán ann d’fhoghlaimeoiri, do scríbhneoirí a scríobhann d’fhoghlaimeoirí, do gach cáipéis ón tSeirbhís Phoiblí, agus ar fáil d’irisí agus nuachtáin, agus d’aon duine eile gur mian leo go dtuigfeadh an foghlaimeoir é nó í.’

D’fhéadfaí, dar leis, ‘An Litriú Caighdeánach’ a thabhairt ar a leithéid. Anois, nach bhfuil sé sin simplí go leor, a léitheoirí?

Alt iontach ó Bhrian Ó Baoill, agus tagaim leis na moltaí atá scríofa aige. Tá súil agam gur éirigh liom achoimre chruinn a dhéanamh ar a bhfuil scríofa aige ann. Tá i bhfad níos mó ráite aige, agus b’fhiú an t-alt iomlán a léamh. Tá súil agam go ndéana an CSO amhlaidh, agus go dtabharfar aird ar a mholtaí.

I bhfocal Bhrian, ‘B’fhearr a bheith réabhlóideach, dána agus buach, ná cúramach, coimeádach, agus cloíte.’ Maith thú, a chara na Gaeilge!
.

Tuesday, May 18, 2010

Rírá

Scríobh mé anseo cheana faoin ngreannán nua, Rírá, a tháinig ar an bhfód i Mí Iúil seo caite.

Chuir múinteoir muinteartha liom, bean atá ag obair i nGaelscoil i mBaile Átha Cliath, chuir sí ordú isteach le haghaidh deich gcinn acu - tá lacáiste 10% i bpraghas an ghreannáin, má cheannaítear 10 gcinn in éindí - agus d’inis sí dom gur bhain na páistí sult ar dóigh as an ngreannán.

Fuair mé scéal, an mhí seo caite, ón dream i Rírá, go raibh an dara heagrán réidh le dáileadh, agus gur féidir é a ordú anseo.

Rinne mé dearmad glan an dea-scéal a roinnt libh, a léitheoirí, ach, mar a tharla sé, casadh an múinteoir muinteartha sin liom an tseachtain seo caite, agus bhí sí ag insint dom go raibh an dara heagrán faighte aici cheana féin.

Is é an scéal a roinn sí liom ná nach ndúirt sí leis na daltaí go raibh an dara heagrán faighte aici, ach gur fhág sí an greannán sa seomra ranga, san áit a mbíonn an t-ábhar léitheoireachta uile fágtha aici. Dar léi, thug na páistí faoi deara é ar an bpointe boise ar shiúil siad isteach sa seomra ranga, go raibh áthas an domhain orthu é a fheiceáil, agus gur thosaigh siad á léamh ar láthair na mbonn!

Bhuel, níor úsáid sí an nath cainte sin ‘ar láthair na mbonn’, ach tháinig mé ar an nath sin anois díreach, taitníonn sé liom, agus feileann sé, sa chás seo, mar gurb shin mar a tharla an eachtra, ar shúile m’aignese, agus an scéal á roinnt aici liom.

Cibé scéal é, a léitheoirí, creidim féin go bhfuil comhghairdeas tuillte ag lucht Rírá, mar is léir go bhfuil obair fhiúntach ar bun acu, más fianaise an méid sin a chuala mé go dtí seo. Ná dearmad an dea-scéal sin a scaipeadh, más mian libh, go háirithe ar na scoileanna in bhur gceantar féin.

Go n-éirí go geal leo, agus nárbh fhada uainn an lá go mbeidh an chéad eagrán eile linn!
.

Tuesday, February 9, 2010

Camchuairt

Chonaic mé an logainm ‘New Twopothouse’ ar mo chamchuairt an tseachtain seo.

Mo chuimhne, nach deas an focal é an focal sin ‘camchuairt’? Samhlaím daoine ag siúl go cam, anseo agus ansiúd, gan treo ar leith lena gcuairt san áit ina bhfuil siad, agus iad ag dul timpeall na háite, ar nós cuma liom faoi chomharthaí slí, gan a dhath ag déanamh imní dóibh, ach sult á bhaint acu as a bhfuil le feiceáil san áit...

An rámhaille sin curtha díom agam, ar ais liom chuig Tigh Nua an Dá Phota arís. Mar ainm, tharraing sé m’aird ina threo. Ar maidin, chuaigh mé go dtí logainm.ie, áis iontach eile a ‘d’fhorbair Fiontar i gcomhar le Foras na Gaeilge agus leis an mBrainse Logainmneacha’, agus cé nach bhfuil ‘Nóta Mínithe’ ann don logainm ar leith seo, tá an méid seo le fáil sa ‘Taifid Chartlainne’ ann: ‘ait an teaġlaċ teaġ an dá ṗota eaḋ o ṁala ann do rin Ó Braonáin Biorra taoḃáin ara’.

Tá ‘Acmhainní Oideachais’ le fáil in logainm.ie, freisin, agus is fiú, más suim leat na logainmneacha, an pdf ‘Acmhainní Oideachais don Bhunscoil’ a íoslódáil. Dar leo, ‘Sa chomhad seo tá acmhainní oideachais atá dírithe ar pháistí sna ranganna sinsearacha sa bhunscoil. Oireann na hacmhainní do cheantar ar bith sa tír.’, ach bhain mé féin an-sult agus eolas as, chomh maith le páiste ar bith eile, is dóigh liom.

An raibh a fhios agaibh go bhfuil ‘ ocht litir déag in aibítir na Gaeilge. Tá an tseanaibítir Ghaeilge (Ogham) bunaithe ar ainmneacha na gcrann…’? Tá an t-eolas sin, agus ainmneacha na gcrann ar ar bunaíodh an aibítir, le fáil ar leathanach 20 den pdf, ar féidir é a íoslódáil anseo.
.

Wednesday, January 27, 2010

WinGléacht agus Windows 7 - Cuid 3

A bhuí do mo Ridire, fear cumasach cuidiúil ag litríocht.com, an comhlacht ónar cheannaigh mé an dlúthdhiosca, WinGléacht, tá fáil agam ar an leagan leictreonach d’fhoclóir Gaeilge-Béarla Uí Dhónaill ar mo ríomhaire nua anois.

D’éirigh le Paul theacht thart ar m’fhadhb, agus tá bealach ann anois le WinGléacht 64 bit a chur ag obair le Windows 7 agus Vista, creidim.

Tá sé, chomh fada agus is eol dom, i dteagmháil anois leis an bhForas maidir leis an bhfadhb seo, agus maidir leis an mbealach thart air, is dóigh liom, ar mhaithe libhse, a chairde.

Is comhlacht ar leith iad litríocht.com, dream a bhuaigh an Best E-Business Website i 2008, comhlacht a dhéanann iarracht sa bhreis ar mhaithe lena gcustaiméirí, feictear dom, agus is féidir WinGléacht a cheannach uatha anseo, chomh maith le 'Gach leabhar Gaeilge i gCló', más féidir é ar chor ar bith, cheapfainn.

Tá mé iontach buíoch díbh, a dhaoine uaisle litríocht.com, as an am a chaith sibh ag plé leis an bhfadhb seo ar mo shon, agus chaith sibh lá nó dhó, nó trí, ag obair uirthi ar mhaithe leis an mbean seo, agus ar mhaithe le bhur gcustaiméirí uile, táim cinnte.

Tá m’áisín agam anois ar mo ríomhaire nua, agus tá mo bhuíochas le mo Ridire, Paul, agus lena chomhghleacaí, Caitlín, as a bhfoighne liom, agus as chomh maith agus a chaith siad liom.

Nár laga Cé an duine a déarfas ‘is féidir linn’, agus go gcuirtear ruathar faoi lucht an ‘ar an drochuair’.
.

Friday, January 22, 2010

WinGléacht agus Windows 7 - Cuid 2

Seo thíos mar a thuigim an chraic faoi WinGléacht agus Windows 7.

Tá an ghluais a théann le mo scéal, Cócaireán Áine, ag deireadh an scéil, ar fhaitíos go dteastódh sé, an dtuigeann sibh. Sea.

Cócaireán Áine

Caibidil 1

Cheannaigh Áine cócaireán nua.

Cheannaigh sí cócaireán le feanoigheann, mar cheap sí go mbeadh sé níos fearr ná cócaireán le gnáthoigheann. Bhí dhá chóras oibriúcháin a d’fhéadfadh sí a úsáid leis an gcócaireán nua, gás nó leictreach, ach níor thuig sí é sin ag an am, agus gás an córas oibriúcháin a tháinig leis an gcócaireán.

Bhí ocras ar Áine, mar is duine gnóthach í. Cheannaigh sí Cáca Milis amh, agus d’iarr sí ar an tSeanbhean, an bhean a bhí i gceannas ar an gcáca milis, an cáca a chur sa chócaireán. Ach, faraor, ní raibh an tSeanbhean in ann cnaipe an gháis a bhrú mar is ceart. Ní raibh sí sách láidir, an dtuigeann sibh. Bhí sí sean go leor, an créatúr, cé nach gceapfá é sin le breathnú uirthi.

Is cosúil nach bhfuil An tSeanbhean in ann feanoigheann a úsáid ar chor ar bith, cé go mbeadh sí breá ábalta gnáthoigheann a úsáid. Chuala Áine go mbeadh An Ghirseach breá ábalta an feanoigheann, agus an gnáthoigheann a úsáid; bíodh gás nó leictreach mar chóras oibriúcháin acu, bheadh An Ghirseach in ann acu.

Mar sin féin, ní hí An Ghirseach a bhí i gceannas ar an gCáca Milis, ach An tSeanbhean. Cheap Áine, ón méid a bhí cloiste aici ón gCruthaitheoir, nach raibh leigheas ar an scéal. Ach chuala sí faoin Ridire ar Chapall Bán, agus…

Ar leanúint…

Gluais

An Cócaireán – An Ríomhaire
Feanoigheann – CPU 64 bit
Gnáthoigheann – CPU 32 bit
Gás – Windows 7 64 bit
Leictreach – Windows 7 32 bit
Cáca Milis – WinGléacht
An Ghirseach – Suiteálaí 32 bit
An tSeanbhean – Suiteálaí 16 bit
An Cruthaitheoir – Foras na Gaeilge
An Ridire ar Chapall Bán - ?

Bíodh mé ceart nó mícheart maidir le hábhar an scéil sin, is scéal é atá fós ag fanacht le críoch; nó le ceartú, b’fhéidir. Níl cur amach iontach agam ar ríomhairí, an dtuigeann sibh, agus maith dom é mura bhfuil an scéal sách soiléir. Tuigim do chás, a chara.

Beidh an chuid eile den scéal agam daoibh Dé Máirt, le réiteach m’fhaidhbe, tá súil agam. Beidh le feiceáil…

Tuilleadh eolais ar an ábhar seo le fáil anseo agus anseo.

Bainigí sult as an deireadh seachtaine, a chairde.
.

Wednesday, July 15, 2009

RíRá

Fuair mé cóip den ghreannán Gaeilge, RíRá, an tseachtain seo caite, a bhuíochas d’Aidan Courtney. Thug mé an chóip sin liom go Baile Átha Cliath ag an deireadh seachtaine, agus is ann atá sé fós mar go bhfuil grúpa páistí ansin ag dul ag léamh an ghreannáin dom, agus beidh aischothú le fáil uatha amach anseo.

Idir an dá linn, is féidir liom an méid seo eolais a roinnt libh, a léitheoirí. Bhí buachaill, 10 mbliana d’aois, ina shuí taobh liom ag an mbord maidin Dé Luain seo caite, an bheirt againn ag ithe bricfeasta. Thug mé an greannán RíRá dósan, agus thosaigh mé féin ag machnamh ar chúrsaí an tsaoil, mar is iondúil liom. Bhí mé ag fanacht le héifeacht an chaife a chuideodh liom súile m’aigne a oscailt, an dtuigeann sibh.

Thosaigh mo dhuine le mo thaobh ag gáire. “Ar fheabhas!”, ar seisean. “An bhfuil an greannán go maith?”, a d’iarr mé féin. “Tá sé an-ghreannmhar.” arsa mo chara óg, agus gan é fós ach ar an gcéad leathanach. Tháinig a chairde isteach ansin, agus cuireadh an greannán go leataobh, mar a thuigfeadh sibh, a thuismitheoirí.

Ní féidir aird pháistí a choinneáil dírithe ar ábhar léitheoireachta nuair atá an ghrian ag scoilteadh na gcloch, mar a bhí an mhaidin sin, is cuma cé chomh maith is atá sé. Ach, más rud gur féidir aischothú a thabhairt ar an ngreannán RíRá ón méid a chuala mé ón leaid sin maidin Dé Luain, tá jab maith déanta ag lucht RíRá, ag Aidan agus a chomhghleacaithe.

Tá siad ag obair ar an suíomh idirlín i láthair na huaire, agus is féidir tuilleadh eolas a fháil ach scríobh chuig eolas@coimicigael.ie.
.

Wednesday, July 8, 2009

An Ghaeilge Thall is Abhus

Tháinig bronntanas chugam an tseachtain seo ó dheirfiúr liom i Meiriceá. Dúirt sí liom coicís ó shin go raibh bronntanas ar an mbealach tríd an bpost, ceann ordaithe ón idirlíon a bheadh ann. Ní inseodh sí dom céard é, ach gur cheap sí go dtaitneodh sé go mór liom. Agus bhí an ceart aici. Clog a tháinig, agus teachtaireacht leis ‘May it tick away many happy hours in your beautiful new home’.

Anois, níl Ceann Scríbe feicthe aici fós, ach tá an oiread sin cainte cloiste aici maidir leis uaimse, agus pictiúir go leor curtha ar aghaidh chuici, gur dócha go n-airíonn sí go bhfuil aithne aici ar an áit cheana féin. Cibé scéal é, tá aithne mhaith aici ormsa mar is clog ar leith a chuir sí chugam – is Gaelic Clock atá ann, sé sin le rá, is as Gaeilge atá na focail scríofa air. Anois, níl a fhios agam an bhfuil a leithéid le fáil in aon áit eile ach seo an suíomh as ar tháinig mo cheannsa. Ní Gaeilge an teanga atá scríofa ar an gclog sa phictiúr ar an suíomh, áfach, cé gur Gaelic Clock atá scríofa faoi, ach is clog as Gaeilge a tháinig ar aon nós, agus é díreach cosúil leis an gceann sa phictiúr, ach gur as Gaeilge atá an HAON, DÓ, TRÍ srl., scríofa air.

A bhuíochas ar Chon, fuair mé amach gur féidir t-léinte as Gaeilge a fháil anseo ag caintcampaign.com. Thug mé rud amháin eile faoi deara ar an suíomh seo, tá ‘write a song for the caint campaign’ acu:

Behind every good campaign, is a good song. A song that captivates and encompasses the very essence of its campaign. Caint is here to help and encourage the speaking of irish and we challenge every musician in Ireland to write a song that helps us spread the word of this campaign.The song must have at least a line, verse or chorus sung in Irish. All attempts can be emailed to paul@caintcampaign.com. All attempts will be shown here at www.caintcampaign.com. This site is receiving alot of traffic and we hope this will be encouragement to the young bands and musicians of Ireland (or anywhere else for that matter). We will help promote any musician who helps promote the Caint Campaign’.

Scaipígí an scéal, mura miste libh a léitheoirí. Tá tús curtha agam le m’amhrán féin, an fonn céanna aige agus atá ag ‘Oró ‘Sé Do Bheatha ‘Bhaile’, agus seo chugaibh an curfá:

‘Oh no! Tá an séimhiú caillte
Oh no! Tá an séimhiú caillte
Oh no! Tá an séimhiú caillte,
‘S an ginideach ar a shála’

Mar a dhéanaim go rialta, thosaigh mé a útamáil liom tríd an suíomh, agus tháinig mé ar an suíomh seo ag gaeilgenaseachtaine.com. Is í Kay Uí Chinnéide atá i gceannas ar an suíomh seo, agus caithfear clárú, rud atá an-éasca a dhéanamh, a léitheoirí. Feicim lógó Fhoras na Gaeilge air, urraíocht tugtha acu don suíomh is cosúil. Maith iad! Is suíomh an-úsáideach é don tuismitheoir le déagóirí acu ar an meánscoil, nó d’fhoglaimeoirí ar bith, i mo thuairim. Is léir go dtuigeann Kay meon an fhoghlaimeora, agus tá an suíomh ag feidhmiú dá réir sin. Nár laga Cé í, agus go n-éirí go geal léi.
.

Monday, July 6, 2009

Is oth liom a chur in iúl duit...

Nuair a thagann litir chun tí chugat agus na focail ‘Is oth liom a chur in iúl duit…’ ar an gcéad líne, bíonn a fhios agat ar an bpointe nach dea-scéal a bheidh ann. Ceapaim. D’fhéadfadh sé gur tusa an sórt duine a fheiceann an dea-scéal sa drochscéal; b’fhéidir gur tusa an soirbhíoch a fheiceann an rud dearfach san áit a mbíonn an rud diúltach le feiceáil ag duine eile. Is tusa an duine leis an ngloine atá leathlán nuair atá an duine le do thaobh ina shuí agus gloine leathfholamh aige.

Bhí mo chupán caife leathlán agus mé ag oscailt na litreach ar maidin. Ba ghearr uaim an dealg dhúigh a chuirfeadh poll san áit dhearfach, dá mbeadh an áit sin ar chor ar bith dearfach sa chéad áit. Bhí mé ag streachailt leis an lá roimh theacht na litreach, smaointe eile ag réabadh trí mo chloigeann inniu, mar is eol daoibh, a léitheoirí rialta.

Mar sin, nuair a d’oscail mé litir leis na focail ‘Is oth liom a chur in iúl duit…’ ar an gcéad líne, bhain sé geit asam. Ar feadh soicind nó dhó. Ansin, thug mé faoi deara ábhar na litreach, 'An Córas Creidiúnaithe d’Aistritheoirí – Torthaí an Scrúdaithe'. Níor éirigh liom ‘sa scrúdú creidiúnaithe an babhta seo’. Ach, ‘beidh deis eile agat an bhliain seo chugainn, más mian leat an scrúdú a dhéanamh arís.’

Ní dóigh liom é. Mar a scríobh mé ar an mblag seo ar an 27 Aibreán, i m’alt ‘An Córas Creidiúnaithe d’Aistritheoirí’, ní raibh ‘a fhios agam sa sioc cén fáth ar tharraing mé an scrúdú seo orm féin, ach tharraing’. Agus, fuair mé torthaí mo dheargmhire ar maidin. Sách maith agam é. Más rud gur cheap mé go raibh deis agam an 70% a bhaint, an céatadán atá leagtha síos ag Foras na Gaeilge le pas isteach a thabhairt do mo leithéid, bhí mé céad faoin gcéad mícheart.

Bhuel, timpeall 20% mícheart ar aon nós, mar is í sin an bhearna eolais atá idir mé féin agus an t-aistritheoir creidiúnaithe, is cosúil. Nílim chomh cliste agus a cheap mé. B’fhéidir. Is dócha. Gan dabht. Faraor. Níor éirigh liom ach leath na marcanna a fháil. Aiféala orm faoi sin, a léitheoirí. Maithigí mo bhotúin dom, agus maithfidh mise mo bhotúin féin.

Agus ná hinis mo scéal d’aon duine. Níor mhaith liom go gceapfadh siad gur óinseach cheart atá ionam. Coinneoimid eadrainn féin é, a léitheoirí. Bheadh náire orm an scéal a roinnt leo siúd a cheapann go bhfuilim iontach cliste ar fad. Is fearr iad a fhágáil chomh haineolach liom féin.
.

Friday, June 26, 2009

Tábhacht an Ghréasáin

Tá an t-am ag bogadh ar aghaidh i ngan fhios dom. Bhí mé gnóthach le cuairteoirí agus Ceann Scríbe le lá nó dhó agus ní raibh deis agam breathnú ar mo bhlag ach ar éigean. Sin an saol.

Tháinig trí bhás ar an saol céanna ó bhí mé libh go deireadh; Farrah Fawcett, Michael Jackson, agus Foinse, más fíor. Bhíothas ag súil le péire acu, ar bhealach, ach tháinig bás Mhichael Jackson aniar aduaidh ar an domhan iomlán, go háirithe ar an bhfear bocht é féin, más fíor gur taom croí a thug leis é. Maidir le Farrah bhocht, nach í an ailse dhamanta sin a sciob ón saol í, an galar lofa sin lonnaithe ina corp ó 2006, an galar céanna a thug leis, ón saol seo, a deirfiúr Diane i 2001. Tá faoiseamh acu beirt anois, cibé fúthu siúd a d’fhág siad ina ndiaidh.

Más fíor an méid atá léite agam le blianta fada anuas, agus seo mo thuairim féin, ní fear é Michael Jackson a bhain mórán suilt as an saol, fiú agus áit cosúil le Neverland aige agus neart airgid aige le caitheamh; rud a rinne sé go minic, agus gan mórán céille in amanna, shílfeá. Ach ba leis an t-airgead agus b’aige a bhí an ceart an t-airgead sin a chaitheamh mar ba mhian leis, mar gurbh eisean a shaothraigh é. Dar leis, bhí a athair iontach dian air agus é ag fás aníos, agus is léir nárbh ionann a shaol agus é ina pháiste agus saol an ghnáthpháiste. Cé nach bhfuil a fhios agam céard atá amach romhainn tar éis an bháis, creidim go bhfuil faoiseamh ag Michael Jackson anois. Níl a fhios agam cén sórt saoil a bhí ag a pháistí féin a fhad agus a bhí Michael beo, ach is iadsan atá i mo smaointe ar maidin agus is dóibhsean atá mo thrua.

Maidir le Foinse, níor chuir sé iontas ar bith orm gur tharla an méid a tharla. Nuair a chuir Con daoine ar a n-aire faoin achainí a bhí le síniú acu, dá mba mhian leo tacaíocht a thaispeáint don pháipéar, thug mé faoi deara go raibh daoine mall go leor á shíniú, agus bhí ar Chon an achainí a chur i gcuimhne dúinn arís ar a bhlag, ó am go chéile: 'Achainí Foinse - tuilleadh tacaíochta ag teastáil' agus 'Misneach agus Foinse'. Ná fiafraigh díom cén fáth ar cheap mé é, mar nílim iomlán cinnte mé féin den fháth, ach cheap mé gur dhroch-chomhartha a bhí ansin. Sa deireadh thiar, 1000 duine, nó níos lú, a chuir méar le méarchlár don achainí agus cé nach bhfuilim ag maíomh gurb iadsan amháin a thugann tacaíocht d'Fhoinse, tá a scéal féin á insint ag an toradh sin.

Creidim go bhfuil ciall go leor sa mhéid a dúirt Seán Mór ina thráchtaireacht ar iGaeilge: “Tá gá le mórfhoilseachán amháin, ina bhfuil an-éagsúlacht: seirbhís nuachta idirlín, páipéar seachtainiúil, ailt faoi chúrsaí ealaíne agus litríochta srl.”. Ar a laghad, tá Nuacht 24 ag teacht chugam féin go seachtainiúil anois tríd an bpost, agus go laethúil ar an idirlíon. Is maith ann é.

Mo chuimhne, ar leathanach 9 d’eagrán na seachtaine seo caite den pháipéar, 19 Meitheamh, chonaic mé duine de na mná uaisle sin a bhí i mbun céime liom i nDoire roinnt blianta ó shin, Leonne Ní Loinsigh. Bhuel, mar a tharla sé, casadh liom í arís aréir, mise agus 12 iardhalta eile ó chomhluadar na céime sin bailithe le chéile sa Guild Hall i nDoire, mar aon le go leor daoine eile, ag ceiliúradh a bhí á dhéanamh ar fhoilsiú an leabhair ‘Three Poems Ascribed to Gilla Cóemáin: A Critical Edition of the Work of an Eleventh-Century Irish Scholar’ (Nodus Publikationen Münster) le Peter J. Smith, nó an Dr. Peadar MacGabhann mar ab fhearr aithne againne air agus é ina léachtóir againn in Ollscoil Mhig Aoidh. Bhí oíche iontach againn agus comhghairdeas ó chroí le Peadar uainn uile.

Cibé scéal é, ar ais liom chuig Leonne. Tá sí ag obair anois mar Oifigeach Forbartha Gaeilge i gCarn Tóchair, ar an mbóthar idir Béal Feirste agus Doire, agus bhí sí ag insint dom faoin siopa nua, An Carn,atá acu ansin. Obair iontach ar fad ar bun acu, agus is fiú súil a chaitheamh ar an suíomh idirlín sin, a léitheoirí. Ar aon nós, d’inis Leonne scéal dom aréir, scéal a thaispeánann tábhacht an ghréasáin seo againne, lucht na mblaganna, i saol na Gaeilge.

Seachtain ó shin, tar éis dom léamh ar iGaeilge faoin ghreannán nua, Rírá, ó Aidan Courtney (tacaíocht faighte ag Aidan ó Fhoras na Gaeilge bíodh a fhios agaibh), chuir mé an dea-scéala seo ar aghaidh chuig Leonne, agus chuig go leor daoine eile ar m’aithne in earnáil na Gaeilge, múinteoirí i mbunscoileanna éagsúla, gaolta le páistí óga srl. Cibé scéal é, agus de thoradh gur chuala sí faoin ngreannán uaimse, a chuala faoin ngreannán ó Chon ar iGaeilge, tá Leonne ag scaipeadh an scéil í féin anois i measc na mbunscoileanna agus na dtuismitheoirí máguaird, agus tá bainisteoir an tsiopa, An Carn, ag dul i dteagmháil le hAidan Courtney freisin. Anois, a chairde, sin an dóigh le tacaíocht a thabhairt! Scaipigí an scéal agus coinnigí an gréasán ag obair. Is ar scáth a chéile...

Go n-éirí go geal leo siúd atá faoi bhorradh agus biseach, agus mo chomhbhrón ó chroí, in am seo an chiorraithe, leo siúd in Foinse agus Móinéar Teo.
.

Tuesday, June 23, 2009

An Bosca Cornflakes

Tá na f-anna sin do mo chur ar mire! Tá siad chuile áit; ar an idirlíon, sna meáin, sna páipéir, ar an teilifís, ar an raidió: fadhbanna, fabhtanna, Foinse, Foras, fir chantalacha, feminists agus fair ladies ar féidir leo a bheith cantalach freisin, daoine atá ‘frith’ chuile rud ach a bhfírinne agus a bhfealsúnacht féin. Táim ‘fed up’ agus nílim ag dul aird a thabhairt dóibh inniu. B’fhéidir. Díreoidh mé m’aire ar ‘f’ eile, An Feighlí, an té atá i gceannas ar An mBosca Cornflakes.

Anois, samhlaigh An Bosca Cornflakes agus é ar bhord éigin, nó ar thábla éigin más fearr leat an leagan sin. Níl a fhios cá bhfuil an bord, nó cén áit ar an mbord ar a bhfuil An Bosca Cornflakes suite. Ach tá sé ar an mbord. Agus tá daoine ina suí timpeall ar an mbord sin. Níl a fhios cén méid duine, agus níl a fhios cén aois atá acu, ach amháin go bhfuil aoiseanna éagsúla acu, fireann agus baineann ina measc.

Abair go bhfuil An Bosca Cornflakes sin lán go béal. Tá daoine ag an mbord nach n-íosfadh na calóga atá istigh sa bhosca sin go brách. Is fuath leo na calóga sin, agus caitheann siad isteach sa bhruscar iad am ar bith a chuirtear os a gcomhair iad. Tá daoine eile ann nach n-íosfadh iad mar go bhfuil an focal ‘Cornflakes’ scríofa as Béarla ar an mbosca. “Ba chóir go mbeadh ‘An Bosca Calóga Arbhair’ scríofa air, mar a bhíodh san am a caitheadh!” a déarfadh siad. Agus beidh daoine ag an mbord, sála arda orthu, a déarfadh nach raibh a leithéid de rud agus calóga arbhair ann riamh, gurb iad na seandaoine ag an mbord a chur a n-ábhar féin isteach sa bhosca, agus caithfear cloígh leis an oideas atá i bhfeidhm anois, agus sin sin, a déarfadh siad.

An Feighlí bocht! Céard a dhéanfaidh sé? Is féidir leis leanúint ar aghaidh ag ceannach na gcalóg, bosca i ndiaidh bosca ag dul amú, calóga ag lobhadh sa cheann atá ar an mbord. Roimhe seo, níor mhiste leis An bhFear Saibhir, an fear a íocann pá leis An bhFeighlí, an caiteachas místuama sin mar go raibh neart airgid aige go dtí seo, agus thug sé uaidh é go fial mar gheall go raibh A Bhean Chéile ag cur iallach air aire a thabhairt do na mionlaigh. Ach anois, tá an saol ag athrú. Tá géarchéim ann agus tá siosúr ag An bhFear Saibhir agus ag a Bhean Chéile. Thug siad an siosúr don Fheighlí, agus níl sé iomlán cinnte céard ba chóir dó a dhéanamh leis. Tá sé rud beag trína chéile, an siosúr ag gearradh anseo, an siosúr ag gearradh ansiúd, gan aird aige ar línte díreacha, shílfeá.

Tá daoine ag an mbord agus ní maith leo an áit ina bhfuil An Bosca Cornflakes suite. Nach leosan an taobh sin den bhord? Agus is fada an lá ó ceadaíodh Bosca Cornflakes, ná duine ar bith a d’íosfadh a leithéid, suí ag an mbord céanna leosan. Is fearr leo féin cruithneacht, agus ní maith leo an t-arbhar seanchaite. Nach n-itheann chuile dhuine cruithneacht anois? Níl mórán daoine le suim acu san arbhar. Caith amach An Bosca Cornflakes leis na duilleoga tae! Sin a mbarúil.

Agus tá daoine, nach suíonn ar an taobh sin den bhord, ach atá ina suí ar an taobh eile den bhord, a d’aontódh leo. Scríobhann siad sna meáin, ó am go chéile, iad ag tarraingt Peig Bhocht Nach as Leitir Móir Í isteach sa scéal. Ní maith leo Peig, cé go bhfuil sí imithe ar shlí na fírinne, ní thabharfaidh siad síocháin dí. ‘Níor thug sí síocháin dúinn!’ a scairteann siad, agus iad ag maíomh go mba chóir dá lucht leanúna a bheith ciallmhar agus glacadh leis gur chóir An Bosca Cornflakes a chur san uaigh léi, a déarfadh siad.

Ach tá daoine óga ag an mbord, agus tá ocras orthu. Breathnaíonn siad ar An mBosca Cornflakes. Tógadh cuid acu ar chalóga arbhair agus d’íosfadh siad as an mbosca sin gan stró ar bith, fiú murab é an t-oideas céanna atá in úsáid ag na tuismitheoirí éagsúla agus na babhlaí lána á gcur os a gcomhair. Braitheann an t-oideas sa bhosca ar an gcúinne sin den bhord ina bhfuil siad ina suí, an dtuigeann sibh.

Mar sin féin, tá páistí eile ocracha ag an mbord, agus ba mhaith leo na calóga arbhair a ithe, ach níl a fhios acu cén bosca is cirte a oscailt, nó cén t-oideas an t-oideas is fearr. Tá siad trína chéile ag éisteacht leis na moltaí éagsúla, agus leis na hargóintí éagsúla, ag an mbord. Níl uatha, b’fhéidir, ach An Bosca Cornflakes a oscailt agus a mbolg a líonadh. De réir mar a thagann aois chucu, cuireann siad an locht ar Pheig Bhocht Nach As Leitir Móir Í, mar go bhfuil na moltóirí ag cur babhla i ndiaidh babhla de chalóga tirime os a gcomhair, gan siúcra ar bith orthu, gan trácht ar bhainne! Nach mar sin a d’íosfadh Peig Bhocht Nach As Leitir Móir Í iad, a mhaífeadh na moltóirí, agus sách maith ag na páistí é! “Mura mian leo é, bíodh siad ocrach!” a rosc catha, shílfeá.

De réir a chéile, tá na calóga ag lobhadh, agus tá An Bosca Cornflakes ar an mbord, é ina sheasamh ansin fós, ach ar éigin. Agus tá na daoine ag an mbord go síoraí ag troid agus ag argóint faoina chearta. Agus tá na páistí ag fás aníos, An Bosca Cornflakes á shéanadh acu mar go bhfuil siad tuirseach ag fanacht le réiteach an bhoird. Idir an dá linn, tá an chruithneacht ag fás go tréan.
.

Saturday, June 13, 2009

Fadhbanna agus Fabhtanna

An ionann fadhb agus fabht, nó bhfuil a chiall féin acu? Sin mo cheist orm féin inniu agus mé ag iarraidh ciall cheart a bhaint as cúpla rud a chuala mé, nó a léigh mé, fúthu le lá nó dhó. An bhfuil fadhbanna ag Foinse agus ag an Iona Isle, nó an bhfuil fabhtanna iontu?

Ar ndóigh, tá a fhios agam nach bhfuil baint ar bith ar an dá rud lena chéile, ach amháin gur dócha go mbeidh Foinse ag tráchtaireacht ar an Iona Isle, sé sin má éiríonn le Foinse na fadhbanna atá acu le fabhtanna an Fhorais a chur ina gceart. Nó, an é go mbeidh ar Fhoras na Gaeilge na fadhbanna atá acu le fabhtanna Fhoinse a chur ina gceart? An é go bhfuil fadhbanna agus fabhtanna sa dá eagras? Nó, an é nach bhfuil fabhtanna i gceachtar acu, ach go bhfuil fadhbanna an lagtrá náisiúnta ag dul i bhfeidhm orthu?

Agus cá bhfuil an locht i gcás an Iona Isle? Is léir go bhfuil fadhbanna ann agus í curtha go tóin poill, ach ní fabhtanna an bháid ba chúis leis ach fir le fabhtanna dá gcuid féin acu, an ea? Agus, an bhfuil fadhb leis an scéal seo, freisin, nuair nach bhfuil a fhios cé hiad na fir fhabhtacha seo? Bhfuil fadhbanna acu nó leo?

Ná bígí ag ceapadh, a léitheoirí, go bhfuilimse ag déanamh beag d’fhadhbanna na ndaoine atá páirteach sa dá scéal seo, ná go bhfuilim ag cur fabhtanna ina leith. Nílim. Tá mo dhóthain fadhbanna agus/nó fabhtanna agam féin, agus is minic nach féidir liom ciall cheart a bhaint astu sin ach an oiread.
.

Monday, April 27, 2009

An Córas Creidiúnaithe d’Aistritheoirí

Níl a fhios agam sa sioc cén fáth ar tharraing mé an scrúdú seo orm féin ach tharraing. Bhí mé tar éis dioplóma i scileanna aistriúcháin a chríochnú leis an Acadamh agus bhí na rialacha, agus modh oibre na scile, fós úr i mo chloigeann is dócha. In ainm agus a bheith ar aon nós. Ba ghearr uaim an fhírinne.

Fuair mé scéal ó Fhoras na Gaeilge as Béal Feirste ar an Máirt, le samplaí de pháipéir scrúdaithe (chan ceann an tSathairn, ar fhaitíos aon mhíthuiscint, a léitheoir) agus nótaí maidir leis an scéim mharcála faoi iamh leo. Is cosúil go mbíonn siad an-chrua agus iad ag ceartú ‘mí-úsáid na copaile’, ‘mí-úsáid an bhriathair ‘tá’’, agus ‘easpa tuisceana ar míre coibhneasta (díreach agus indíreach)’. Agus an ceart acu.

Ach níor chuidigh sin liomsa, agus murach go raibh Bean an tSléibhe do mo mholadh thar bheirt agus triúr maidir le m'ábaltacht, agus ag tabhairt cic sa tóin dom, ní bhacfainn leis an scrúdú ar chor ar bith. Ba é an clásal coibhneasta damanta sin ba chúis le m’imní. Dar leis an scéim mharcála, ba ‘mórbhotún gramadaí’ a bheadh ann dá mbainfinn mí-úsáid as. Sin m’fhadhb. Bíonn mé féin agus an clásal coibhneasta ag troid lena chéile i gcónaí. Bíonn an clásal coibhneasta ag iarraidh urú a chaitheamh mar chulaith ó am go chéile agus cuirimse séimhiú air, rud nár chóir a dhéanamh ar ndóigh, ach déanaim é. Go rialta. Agus déanaim a mhalairt freisin. Cuirim urú air nuair is mian leis séimhiú a chaitheamh. An rud bocht. Tá an t-ádh air go bhfuil Foras na Gaeilge amuigh ansin ag coinneáil súil ghéar ar a chearta.

Bhí an scrúdú ar siúl san Institiúid Teicneolaíochta, Tamhlacht agus, ar an Déardaoin, fuair mé ríomhphost ón ittdublin, más fíor an seoladh a bhí ar an ríomhphost, le ‘Instructions for Logging in’, ‘Opening Microsoft Word’, agus ‘Saving and Printing exam’ faoi iamh. I mBéarla. Is mór an mhaith go bhfuil an teanga sin ar mo thoil agam nó bheinn i bponc ceart ar an lá, mar gur ríomhairí amháin a bhí ar fáil don scrúdú. Tá lá na bpeann ar phár imithe.

Le bheith féaráilte, bhí ar a laghad duine amháin den ochtar feitheoirí ar an láthair a bhí in ann Gaeilge a labhairt, agus táim cinnte go raibh an leaid sin ina chuidiú mór do dhuine ar bith nár thuig na treoracha Béarla a bhí faighte acu roimh ré. I mBéarla, freisin, a thug an príomhfheitheoir amach treoracha, agus rialacha an scrúdaithe, díreach roimh an scrúdú ar an lá, agus glacaim leis gur thuig chuile dhuine í, mar níor chuala mé aon duine ag lorg ateangaire.

Bhí fáil againn ar WinGléacht agus ar focal.ie le cuidiú linn, agus bíobla Uí Dhónaill. Bainim úsáid as WinGléacht mé féin go minic, go háirithe nuair nach mbím cinnte faoi inscne an fhocail faoi mo chúram. Bím neamhchinnte faoi fhocail ar leith, na bisexuals mar a thugaim féin orthu. Is focail iad atá beo beathach sa chaint dúchais ag daoine, ach ní réitíonn siad féin agus an caighdeán le chéile ó thaobh inscne ó am go chéile. Cuirim an focal isteach agus cuardaím an ‘b’ nó an ‘f’ sin taobh an fhocail a insíonn dom cén cois lena mbíonn an focal ag ciceáil.

Bhí sin déanta agam sa chéad pháipéar, agus m’athruithe déanta dá réir más rud go raibh gá leis, ach bhí mé leath bealaigh tríd an dara páipéar sa tráthnóna sular thug mé faoi deara gur leagan Béarla de WinGléacht a bhí ar mo ríomhaire an t-am ar fad. Ní ionann ‘f’ fhirinscneach na Gaeilge agus ‘f’ feminine an Bhéarla, mar is eol daoibh, a léitheoirí cliste. Ach, orm féin an locht. Tá mé cleachta leis an leagan Gaeilge de WinGléacht ar mo ríomhaire féin agus ar ríomhairí an Acadaimh, agus níor thug mé faoi deara gur ‘n’ a bhí roimh an ‘f’ in áit ‘a’.

Bhí mé faoi bhrú, an dtuigeann tú. Ní raibh agam ach dhá uair an chloig, agus bhí línte cosúil le ‘The Organisation shall conduct the activities provided for under this Treaty in the least intrusive manner possible consistent with the timely and efficient accomplishment of its objectives.’ le haistriú agam. In ainm Ollmháthair na Cruinne!

Is cuma. Tá sé déanta agam anois agus bíodh aige. De réir mar a chloisim uatha siúd a thug faoin scrúdú roimhe seo, beidh torthaí mo chuid allais agam am éigin roimh dheireadh na bliana. Féirín na Nollag a dúradh liom.
 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.