Showing posts with label Foinse. Show all posts
Showing posts with label Foinse. Show all posts

Thursday, November 11, 2010

An Ghné Dhearfach

Nuair a léigh mé Foinse na seachtaine seo, bhain mé sult as focail Dháithí Uí Shé, focail a roinn sé linn ar leathanach a trí, faoin teideal ‘Is foinse inspioráide dúinn ar fad fuinneamh Crystal Swing.’

Dar le Dáithí ina alt, bhí sé ‘chun díriú ar ghné dhearfach don saol seo..,’ agus ba iad Derek, Dervla agus Mary ó Crystal Swing, an ‘ghné dhearfach’ sin.

Baineann siad sult as a mbíonn ar siúl acu..’ iad fuinniúil, gealgháireach, dar leis, daoine a thugann ardú meanman do ‘gach éinne a bhíonn ag féachaint ortha.’

Cén dochar a bheadh ann dúinn iarracht a dhéanamh an rud sin a ‘ardaíonn’ muid, an rud sin, i bhfocail Dhaithí, 'a bhí againn ar fad ach a chaill an-chuid againn ar chúis amháin nó ar chúis eile', cén dochar a bheadh ann dúinn iarracht a dhéanamh an rud sin 'a fháil ar ais', agus, más féidir é ar chor ar bith ar na laethanta cliseacha seo, díriú ar ghné dhearfach éigin inár saol?

Dá mbeadh rogha agam bheith i gcomhluadar Derek, nó, abair, bheith i gcomhluadar duine a bheadh páirteach ina leithéidí seo, nó ina leithéidí seo, nó ina leithéidí seo, tá a fhios agam cé leis a mbeinnse ag swingáil.

Fág seo, a Derek, luascaimis linn, a chroí…
.

Friday, June 26, 2009

Tábhacht an Ghréasáin

Tá an t-am ag bogadh ar aghaidh i ngan fhios dom. Bhí mé gnóthach le cuairteoirí agus Ceann Scríbe le lá nó dhó agus ní raibh deis agam breathnú ar mo bhlag ach ar éigean. Sin an saol.

Tháinig trí bhás ar an saol céanna ó bhí mé libh go deireadh; Farrah Fawcett, Michael Jackson, agus Foinse, más fíor. Bhíothas ag súil le péire acu, ar bhealach, ach tháinig bás Mhichael Jackson aniar aduaidh ar an domhan iomlán, go háirithe ar an bhfear bocht é féin, más fíor gur taom croí a thug leis é. Maidir le Farrah bhocht, nach í an ailse dhamanta sin a sciob ón saol í, an galar lofa sin lonnaithe ina corp ó 2006, an galar céanna a thug leis, ón saol seo, a deirfiúr Diane i 2001. Tá faoiseamh acu beirt anois, cibé fúthu siúd a d’fhág siad ina ndiaidh.

Más fíor an méid atá léite agam le blianta fada anuas, agus seo mo thuairim féin, ní fear é Michael Jackson a bhain mórán suilt as an saol, fiú agus áit cosúil le Neverland aige agus neart airgid aige le caitheamh; rud a rinne sé go minic, agus gan mórán céille in amanna, shílfeá. Ach ba leis an t-airgead agus b’aige a bhí an ceart an t-airgead sin a chaitheamh mar ba mhian leis, mar gurbh eisean a shaothraigh é. Dar leis, bhí a athair iontach dian air agus é ag fás aníos, agus is léir nárbh ionann a shaol agus é ina pháiste agus saol an ghnáthpháiste. Cé nach bhfuil a fhios agam céard atá amach romhainn tar éis an bháis, creidim go bhfuil faoiseamh ag Michael Jackson anois. Níl a fhios agam cén sórt saoil a bhí ag a pháistí féin a fhad agus a bhí Michael beo, ach is iadsan atá i mo smaointe ar maidin agus is dóibhsean atá mo thrua.

Maidir le Foinse, níor chuir sé iontas ar bith orm gur tharla an méid a tharla. Nuair a chuir Con daoine ar a n-aire faoin achainí a bhí le síniú acu, dá mba mhian leo tacaíocht a thaispeáint don pháipéar, thug mé faoi deara go raibh daoine mall go leor á shíniú, agus bhí ar Chon an achainí a chur i gcuimhne dúinn arís ar a bhlag, ó am go chéile: 'Achainí Foinse - tuilleadh tacaíochta ag teastáil' agus 'Misneach agus Foinse'. Ná fiafraigh díom cén fáth ar cheap mé é, mar nílim iomlán cinnte mé féin den fháth, ach cheap mé gur dhroch-chomhartha a bhí ansin. Sa deireadh thiar, 1000 duine, nó níos lú, a chuir méar le méarchlár don achainí agus cé nach bhfuilim ag maíomh gurb iadsan amháin a thugann tacaíocht d'Fhoinse, tá a scéal féin á insint ag an toradh sin.

Creidim go bhfuil ciall go leor sa mhéid a dúirt Seán Mór ina thráchtaireacht ar iGaeilge: “Tá gá le mórfhoilseachán amháin, ina bhfuil an-éagsúlacht: seirbhís nuachta idirlín, páipéar seachtainiúil, ailt faoi chúrsaí ealaíne agus litríochta srl.”. Ar a laghad, tá Nuacht 24 ag teacht chugam féin go seachtainiúil anois tríd an bpost, agus go laethúil ar an idirlíon. Is maith ann é.

Mo chuimhne, ar leathanach 9 d’eagrán na seachtaine seo caite den pháipéar, 19 Meitheamh, chonaic mé duine de na mná uaisle sin a bhí i mbun céime liom i nDoire roinnt blianta ó shin, Leonne Ní Loinsigh. Bhuel, mar a tharla sé, casadh liom í arís aréir, mise agus 12 iardhalta eile ó chomhluadar na céime sin bailithe le chéile sa Guild Hall i nDoire, mar aon le go leor daoine eile, ag ceiliúradh a bhí á dhéanamh ar fhoilsiú an leabhair ‘Three Poems Ascribed to Gilla Cóemáin: A Critical Edition of the Work of an Eleventh-Century Irish Scholar’ (Nodus Publikationen Münster) le Peter J. Smith, nó an Dr. Peadar MacGabhann mar ab fhearr aithne againne air agus é ina léachtóir againn in Ollscoil Mhig Aoidh. Bhí oíche iontach againn agus comhghairdeas ó chroí le Peadar uainn uile.

Cibé scéal é, ar ais liom chuig Leonne. Tá sí ag obair anois mar Oifigeach Forbartha Gaeilge i gCarn Tóchair, ar an mbóthar idir Béal Feirste agus Doire, agus bhí sí ag insint dom faoin siopa nua, An Carn,atá acu ansin. Obair iontach ar fad ar bun acu, agus is fiú súil a chaitheamh ar an suíomh idirlín sin, a léitheoirí. Ar aon nós, d’inis Leonne scéal dom aréir, scéal a thaispeánann tábhacht an ghréasáin seo againne, lucht na mblaganna, i saol na Gaeilge.

Seachtain ó shin, tar éis dom léamh ar iGaeilge faoin ghreannán nua, Rírá, ó Aidan Courtney (tacaíocht faighte ag Aidan ó Fhoras na Gaeilge bíodh a fhios agaibh), chuir mé an dea-scéala seo ar aghaidh chuig Leonne, agus chuig go leor daoine eile ar m’aithne in earnáil na Gaeilge, múinteoirí i mbunscoileanna éagsúla, gaolta le páistí óga srl. Cibé scéal é, agus de thoradh gur chuala sí faoin ngreannán uaimse, a chuala faoin ngreannán ó Chon ar iGaeilge, tá Leonne ag scaipeadh an scéil í féin anois i measc na mbunscoileanna agus na dtuismitheoirí máguaird, agus tá bainisteoir an tsiopa, An Carn, ag dul i dteagmháil le hAidan Courtney freisin. Anois, a chairde, sin an dóigh le tacaíocht a thabhairt! Scaipigí an scéal agus coinnigí an gréasán ag obair. Is ar scáth a chéile...

Go n-éirí go geal leo siúd atá faoi bhorradh agus biseach, agus mo chomhbhrón ó chroí, in am seo an chiorraithe, leo siúd in Foinse agus Móinéar Teo.
.

Tuesday, June 23, 2009

An Bosca Cornflakes

Tá na f-anna sin do mo chur ar mire! Tá siad chuile áit; ar an idirlíon, sna meáin, sna páipéir, ar an teilifís, ar an raidió: fadhbanna, fabhtanna, Foinse, Foras, fir chantalacha, feminists agus fair ladies ar féidir leo a bheith cantalach freisin, daoine atá ‘frith’ chuile rud ach a bhfírinne agus a bhfealsúnacht féin. Táim ‘fed up’ agus nílim ag dul aird a thabhairt dóibh inniu. B’fhéidir. Díreoidh mé m’aire ar ‘f’ eile, An Feighlí, an té atá i gceannas ar An mBosca Cornflakes.

Anois, samhlaigh An Bosca Cornflakes agus é ar bhord éigin, nó ar thábla éigin más fearr leat an leagan sin. Níl a fhios cá bhfuil an bord, nó cén áit ar an mbord ar a bhfuil An Bosca Cornflakes suite. Ach tá sé ar an mbord. Agus tá daoine ina suí timpeall ar an mbord sin. Níl a fhios cén méid duine, agus níl a fhios cén aois atá acu, ach amháin go bhfuil aoiseanna éagsúla acu, fireann agus baineann ina measc.

Abair go bhfuil An Bosca Cornflakes sin lán go béal. Tá daoine ag an mbord nach n-íosfadh na calóga atá istigh sa bhosca sin go brách. Is fuath leo na calóga sin, agus caitheann siad isteach sa bhruscar iad am ar bith a chuirtear os a gcomhair iad. Tá daoine eile ann nach n-íosfadh iad mar go bhfuil an focal ‘Cornflakes’ scríofa as Béarla ar an mbosca. “Ba chóir go mbeadh ‘An Bosca Calóga Arbhair’ scríofa air, mar a bhíodh san am a caitheadh!” a déarfadh siad. Agus beidh daoine ag an mbord, sála arda orthu, a déarfadh nach raibh a leithéid de rud agus calóga arbhair ann riamh, gurb iad na seandaoine ag an mbord a chur a n-ábhar féin isteach sa bhosca, agus caithfear cloígh leis an oideas atá i bhfeidhm anois, agus sin sin, a déarfadh siad.

An Feighlí bocht! Céard a dhéanfaidh sé? Is féidir leis leanúint ar aghaidh ag ceannach na gcalóg, bosca i ndiaidh bosca ag dul amú, calóga ag lobhadh sa cheann atá ar an mbord. Roimhe seo, níor mhiste leis An bhFear Saibhir, an fear a íocann pá leis An bhFeighlí, an caiteachas místuama sin mar go raibh neart airgid aige go dtí seo, agus thug sé uaidh é go fial mar gheall go raibh A Bhean Chéile ag cur iallach air aire a thabhairt do na mionlaigh. Ach anois, tá an saol ag athrú. Tá géarchéim ann agus tá siosúr ag An bhFear Saibhir agus ag a Bhean Chéile. Thug siad an siosúr don Fheighlí, agus níl sé iomlán cinnte céard ba chóir dó a dhéanamh leis. Tá sé rud beag trína chéile, an siosúr ag gearradh anseo, an siosúr ag gearradh ansiúd, gan aird aige ar línte díreacha, shílfeá.

Tá daoine ag an mbord agus ní maith leo an áit ina bhfuil An Bosca Cornflakes suite. Nach leosan an taobh sin den bhord? Agus is fada an lá ó ceadaíodh Bosca Cornflakes, ná duine ar bith a d’íosfadh a leithéid, suí ag an mbord céanna leosan. Is fearr leo féin cruithneacht, agus ní maith leo an t-arbhar seanchaite. Nach n-itheann chuile dhuine cruithneacht anois? Níl mórán daoine le suim acu san arbhar. Caith amach An Bosca Cornflakes leis na duilleoga tae! Sin a mbarúil.

Agus tá daoine, nach suíonn ar an taobh sin den bhord, ach atá ina suí ar an taobh eile den bhord, a d’aontódh leo. Scríobhann siad sna meáin, ó am go chéile, iad ag tarraingt Peig Bhocht Nach as Leitir Móir Í isteach sa scéal. Ní maith leo Peig, cé go bhfuil sí imithe ar shlí na fírinne, ní thabharfaidh siad síocháin dí. ‘Níor thug sí síocháin dúinn!’ a scairteann siad, agus iad ag maíomh go mba chóir dá lucht leanúna a bheith ciallmhar agus glacadh leis gur chóir An Bosca Cornflakes a chur san uaigh léi, a déarfadh siad.

Ach tá daoine óga ag an mbord, agus tá ocras orthu. Breathnaíonn siad ar An mBosca Cornflakes. Tógadh cuid acu ar chalóga arbhair agus d’íosfadh siad as an mbosca sin gan stró ar bith, fiú murab é an t-oideas céanna atá in úsáid ag na tuismitheoirí éagsúla agus na babhlaí lána á gcur os a gcomhair. Braitheann an t-oideas sa bhosca ar an gcúinne sin den bhord ina bhfuil siad ina suí, an dtuigeann sibh.

Mar sin féin, tá páistí eile ocracha ag an mbord, agus ba mhaith leo na calóga arbhair a ithe, ach níl a fhios acu cén bosca is cirte a oscailt, nó cén t-oideas an t-oideas is fearr. Tá siad trína chéile ag éisteacht leis na moltaí éagsúla, agus leis na hargóintí éagsúla, ag an mbord. Níl uatha, b’fhéidir, ach An Bosca Cornflakes a oscailt agus a mbolg a líonadh. De réir mar a thagann aois chucu, cuireann siad an locht ar Pheig Bhocht Nach As Leitir Móir Í, mar go bhfuil na moltóirí ag cur babhla i ndiaidh babhla de chalóga tirime os a gcomhair, gan siúcra ar bith orthu, gan trácht ar bhainne! Nach mar sin a d’íosfadh Peig Bhocht Nach As Leitir Móir Í iad, a mhaífeadh na moltóirí, agus sách maith ag na páistí é! “Mura mian leo é, bíodh siad ocrach!” a rosc catha, shílfeá.

De réir a chéile, tá na calóga ag lobhadh, agus tá An Bosca Cornflakes ar an mbord, é ina sheasamh ansin fós, ach ar éigin. Agus tá na daoine ag an mbord go síoraí ag troid agus ag argóint faoina chearta. Agus tá na páistí ag fás aníos, An Bosca Cornflakes á shéanadh acu mar go bhfuil siad tuirseach ag fanacht le réiteach an bhoird. Idir an dá linn, tá an chruithneacht ag fás go tréan.
.

Saturday, June 13, 2009

Fadhbanna agus Fabhtanna

An ionann fadhb agus fabht, nó bhfuil a chiall féin acu? Sin mo cheist orm féin inniu agus mé ag iarraidh ciall cheart a bhaint as cúpla rud a chuala mé, nó a léigh mé, fúthu le lá nó dhó. An bhfuil fadhbanna ag Foinse agus ag an Iona Isle, nó an bhfuil fabhtanna iontu?

Ar ndóigh, tá a fhios agam nach bhfuil baint ar bith ar an dá rud lena chéile, ach amháin gur dócha go mbeidh Foinse ag tráchtaireacht ar an Iona Isle, sé sin má éiríonn le Foinse na fadhbanna atá acu le fabhtanna an Fhorais a chur ina gceart. Nó, an é go mbeidh ar Fhoras na Gaeilge na fadhbanna atá acu le fabhtanna Fhoinse a chur ina gceart? An é go bhfuil fadhbanna agus fabhtanna sa dá eagras? Nó, an é nach bhfuil fabhtanna i gceachtar acu, ach go bhfuil fadhbanna an lagtrá náisiúnta ag dul i bhfeidhm orthu?

Agus cá bhfuil an locht i gcás an Iona Isle? Is léir go bhfuil fadhbanna ann agus í curtha go tóin poill, ach ní fabhtanna an bháid ba chúis leis ach fir le fabhtanna dá gcuid féin acu, an ea? Agus, an bhfuil fadhb leis an scéal seo, freisin, nuair nach bhfuil a fhios cé hiad na fir fhabhtacha seo? Bhfuil fadhbanna acu nó leo?

Ná bígí ag ceapadh, a léitheoirí, go bhfuilimse ag déanamh beag d’fhadhbanna na ndaoine atá páirteach sa dá scéal seo, ná go bhfuilim ag cur fabhtanna ina leith. Nílim. Tá mo dhóthain fadhbanna agus/nó fabhtanna agam féin, agus is minic nach féidir liom ciall cheart a bhaint astu sin ach an oiread.
.
 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.