Showing posts with label údarás. Show all posts
Showing posts with label údarás. Show all posts

Sunday, November 28, 2010

An Dubh ar an mBán


An Dubh ar an mBán

Pluid bhán gan teocht
ar leaba na tíre,
teaghlaigh gan cinnteacht
ar bhréagoighear na díre,
ceann scríbe gan foscadh
in éagmais na fíre,
slánaitheoir eachtrach,
gan dílseacht dháiríre.
.

Friday, November 26, 2010

Óglachas Geilleagrach

Táim buíoch díot, a Dhubhaltaigh, as m’aird a tharraingt ar an dá fhíseán a luaigh tú i do bhlagmhír inné, an dá ‘bhlast ón phast’ sin, atá le fáil ar an suíomh seo.

Más mian libh an rud sin ‘economic manhood’ a thuiscint, a léitheoirí, éist leis an bhfíseán seo ón mbliain 2000, faoin teideal ‘Ireland's Taoiseach Bertie Ahern rejects ESRI Economic Advice, March 2000’, agus cloisfidh sibh céard a bhí le rá ag Bertie, Charlie McCreevy, agus Mary Harney, ag an am.

Ach, go háirithe, éist leis an méid a bhí le rá ag John Fitzgerald ón Economic Social and Research Institute ar an bhfíseán sin. Bunaíodh an ESRI caoga bliain ó shin agus, dar leo, ‘Our main focus is research on economic and social change in Ireland in the new global context.’

Ar éist aon duine leis an gcomhairle a thug an ESRI don rialtas i 2000? Tá freagra na ceiste sin le fáil ón bhfíseán thuasluaite, a chairde.

Ó, agus féach, freisin, ar mo dhuine atá le feiceáil ag siúl taobh le Bertie san fhíseán. Tá an chuma ar Bhertie agus ar Bhrian nach raibh imní dá laghad ar an mbeirt acu, shilfeá.

Ansin, más mian libh, caithigí súil ar an bhfíseán eile seo ó 1998, ‘blast’ eile ‘ón phast’. Sórt tuar tubaiste, meas tú?

Pé scéal é, b'fhéidir go míneoidh láithreoir an fhíseáin cúpla rud daoibh faoinár ‘óglachas geilleagrach’, a léitheoirí. Sea.
.

Monday, September 27, 2010

Gortghlanadh II

An cuimhin libh mo bhlagmhír, Dé hAoine, blagmhír inar scríobh mé faoi Noel Grealish agus faoin bpobalbhreith sin?

Bhuel, an bhfaca sibh é seo agus é seo ar maidin?

Mar a thuar mé, a léitheoirí, ní dóigh liom gur mé amháin atá i mbun gortghlanta na laethanta seo.

Tús suimiúil curtha le mo mhaidin in Inis Eoghain, agus mé ag léamh liom faoi chúrsaí na tíre.

Maidin álainn gréine anseo, a chairde. Go mba hé daoibh, cibé áit ina bhfuil sibh!
.

Friday, September 24, 2010

Gortghlanadh

Bhí tinneas cinn orm nuair a dhúisigh mé ar maidin, frídíní fhliú an Gharraíodóra ag troid liom féin anois, ceapaim. Pé scéal é, chinn mé beagán garraíodóireachta éadroime a dhéanamh, agus amach liom ag baint bláthanna feoite.

‘Decapitating’ a thugann sé féin air, cé go bhfuil a fhios aige go rómhaith gur ‘dead heading’ atá ann. ‘I see you’re decapitating again,’ a dúradh liom ar maidin, nuair a chonaic sé mo chloigeann tinn cromtha i mbun dícheannta.

Bhuel, sé an smaoineamh a rith liom féin agus na bláthanna feoite á gcaitheamh agam, ceann i ndiaidh a chéile, isteach sa chiseán le mo thaobh, nach mbeadh sé iontach dá mbeadh muid in ann rud éigin mar seo a dhéanamh lenár bpolaiteoirí feoite.

Chan iad a dícheannadh, an dtuigeann sibh, ach fáil réidh leo siúd atá feoite, nach bhfuil faoi luisne a gcumas a thuilleadh, le deis bláthaithe a thabhairt do na millíní theacht ar an ngeilleagar, mar a déarfá.

Agus an smaoineamh sin ag rith liom, céard a chuala mé ar an raidió, trí mo chluasáin, ach go bhfuil Noel Grealish ag cur cos amháin uaidh, agus ag cur an chos eile i dtaca, i ngort glas Féilim Fáil.

Hmmm…, arsa mé féin liom féin, nach suimiúil go bhfuil sé sin ag tarlú anois, díreach ar shála na pobalbhreithe sin a cuireadh faoi bhráid an phobail inné.

Fan go bhfeice sibh, a léitheoirí, ach beidh le feiceáil nach mise amháin a chuir tús leis an ngortghlanadh ar maidin…
.

Tuesday, September 21, 2010

Elaine Barrett

‘a meangadh gáire agus a súile móra gorma’ an chuimhne is mó atá ag Eileen Barrett ar Elaine, a hiníon álainn a bhásaigh, gan í ach cúig bliana d’aois ag an am.

Bhí fanacht seacht mbliana ar Eileen agus Frank, tuismitheoirí Elaine, sular éirigh leo theacht ar an bhfírinne ó na húdaráis éagsúla, an fhírinne uafásach sin go bhfuair Elaine nimhiú maignéisiam ó shreabhán infhéitheach le táirge lochtach ann.

Bhí Eileen, máthair Elaine, ag labhairt le Eibhlín Ní Chonghaile, ar chlár Iris Aniar ar maidin, agus is truamhéalach amach is amach an scéal a d’inis sí dúinn.

Faraor, ach ‘is é Adhmaidin an t-aon chlár a mbeidh podchraoladh ar fáil dhó…’, a deirtear linn, agus, dá bhrí sin, níl a fhios agam cén deis a bheas agaibh clár iontach Iris Aniar an lae inniu a chloisteáil arís.

An méid sin ráite, tá súil agam go mbeidh sé, ar a laghad, ar leathanach na ‘Cláracha Speisialta’ acu, gan mhoill. B’fhiú é a chloisteáil, i gcuimhne ar Elaine aoibhinn, cailín beag ag a raibh meangadh gáire álainn agus súile móra gorma.
.

Monday, September 20, 2010

Slócht agus Slacht

‘Ceapaim gur raiméis é an rud ar fad...' a dúirt Rónán Ó Cuinn i nGaelscéal na seachtaine seo, agus d’fhéadfadh sé go bhfuil an ceart aige. Mar sin féin, cé nár chuala seisean an Taoiseach i gcomhrá, beo ar an aer, le Cathal Mac Coille an mhaidin úd, chuala mise é.

Go deimhin, chuala Ryan Tubridy é, freisin, is cosúil. Bhí a chlársan ar siúl díreach i ndiaidh chlár na nuachta, an clár ar a raibh Brian Cowen ag labhairt le Cathal. Dheimhnigh na chéad fhocail ó bhéal Ryan go raibh seisean ar aon intinn liomsa, ‘Get that man a Berocca, or something…’, an smaoineamh ceannann céanna ag rith leis an mbeirt againn, shílfeá.

Anois, níl a fhios agam an raibh nó nach raibh an Taoiseach faoi shlócht nó gan slacht ar an lá, ach tá a fhios agam céard a d’airigh mé féin agus mé ag éisteacht leis an gcomhrá beo ar an aer an mhaidin sin. Bíodh mé ceart nó mícheart, is é an smaoineamh a rith liom ag an am ná nach dtuigeann an fear sin cruachás an ghnáthdhuine, agus go bhfuil sé tinn tuirseach ag éisteacht linn ag giúnaíl faoin gcruachás sin.

Táim sa bhád céanna le Bernie Ní Flatharta an geábh seo, an cheist chéanna agamsa agus a bhí aici féin i nGaelscéal na seachtaine seo,

‘Tá an saol athraithe ach ar inis aon duine don Taoiseach é sin?’
.

Tuesday, August 10, 2010

Leithscéalta

Nuair a bhím as baile, ní bhacaim le nuacht na tíre, an oiread sin. Bhuel, bacaim leis, ach ní thugaim aird air, i ndáiríre. Cloisim na ceannlínte, ach ní ligim dóibh mo chloigeann a chrá, mar a déarfá.

Ní hionann don Gharraíodóir. An fear bocht. Léann sé na nuachtáin chuile lá, agus éisteann sé leis an nuacht ar an raidió agus ar an teilifís, is cuma muid ar saoire, nó sa bhaile.

Bíonn a chloigeann cráite ag a bhfuil ag tarlú ar fud na tíre, agus bíonn mo chloigeannsa cráite ag éisteacht leis ag gearán faoin staid ina bhfuil an tír seo fágtha acu siúd a bhí in ainm a bheith i gceannas uirthi, agus in ainm a bheith ag tabhairt aire di.

An raibh na polaiteoirí ag obair ar mhaithe linne, nó ar mhaithe leo féin? Táthar ann, go deimhin, a déarfadh nach í an tír seo an chloch ba mhó ar phaidrín duine nó dhó acu, b'fhéidir.

Tá polaiteoirí ann, go deimhin, agus deir siad ‘Ivor an excuse for everything!’

Tá an Garraíodóir ag léamh an pháipéir i láthair na huaire. Níl dabht ach go mbeidh cáithnín éigin faoina fhiacail faoin am a bheas leithscéalta na maidine léite aige.
.

Wednesday, August 4, 2010

Stát na bhFataí Goirte

Is maith liom fataí. Is maith liom iad, is cuma iad bruite nó friochta. Ach is fearr liom iad bruite brúite.

Ní maith liom salann. Ní maith liom é, is cuma é mín nó garbh. Agus is fearr liom m’fhataí bruite brúite gan salann.

Mar sin féin, thar na blianta, thug mé faoi deara nach féidir liom fataí bruite brúite a ithe in aon bhialann, ná i go leor tithe eile seachas i mo theach féin, mar go bhfuil sé de nós ag daoine salann a chur, de dheoin nó d’ainneoin, isteach sna fataí bruite, sula mbrúnn siad iad.

An bhfeiceann sibh an fhadhb atá agam leis sin, a léitheoirí?

Sea. Tá an ceart agat, a chara na bhfataí goirte. Tá sé de cheart ag an duine atá ina theach féin a rogha rud a dhéanamh leis na fataí. Mura dtaitníonn an modh cócarála liom, ní gá dom dinnéar a ithe sa teach sin.

Ach, céard faoi na bialanna sin?

Abair, mar shampla, nach bhfuil ann ach bialann amháin i mo bhaile, agus é mar thraidisiún sa bhialann sin salann a chur sna fataí bruite brúite; níl aon rogha eile agam, de réir dlíthe na tíre, abair, ach freastal ar an mbialann sin chuile lá.

Nó, b’fhéidir nach féidir liom dhul in aon áit eile ach chuig an mbialann sin, abair, má bhuaileann ocras tobann mé, agus gan fáil agam ar fhataí i mo theach féin.

Cá bhfágann sé sin mo leithéidse, nach bhfuil tugtha don salann ar chor ar bith, ach duine lena dtaitníonn an fata álainn nádúrtha?
.

Wednesday, July 28, 2010

Cnámha an Scéil

Tá aithne agam ar bhean, bean a chuaigh ag tonnmharcaíocht coicís ó shin, agus bean a ghortaigh í féin nuair a fuair sí leadóg sa tsrón óna tonnchlár.

Níor thug sí aird dá laghad ar an tsrón bhocht go dtí Dé Céadaoin seo caite, nuair a chinn sí coinne a dhéanamh leis an dochtúir, ó tharla í fós ataithe. An tsrón a bhí ataithe, chan an dochtúir, ar fhaitíos aon mhíthuiscint ort, a léitheoir.

Fuair sí coinne leis an dochtúir ar an Déardaoin, dochtúir a mhol dí dul go dtí A&E san ospidéal i Leitir Ceanainn, áit a ndeachaigh sí an lá arna mhárach, agus áit inar x-ghathaigh siad an tsrón ataithe.

Dhearbhaigh siad san ospidéal go raibh an tsrón bhocht ataithe briste, agus mholadar obráid san ospidéal i Sligeach, áit a ndeachaigh sí an Luan dár gcionn, agus áit ina raibh leaba agus máinlia ag fanacht léi. Bhí an máinlia ansin le caoi a chur ar an tsrón, ar fhaitíos aon mhíthuiscint ort, a léitheoir.

Le scéal gearr a dhéanamh níos faide, bhí sí féin agus a srón ataithe dheisithe ar ais sa bhaile an tráthnóna céanna agus, cé is moite den aistear dhá uair go leith go Sligeach, bhí sí breá sásta, sílim, leis an gcúram gasta tuisceanach a fuair sí, mar othar poiblí, faoi Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte.

Caithfear creidiúint a thabhairt ó am go chéile, agus corr dea-scéal a roinnt chomh maith céanna.
.

Sunday, July 11, 2010

An Litriú Caighdeánach

Ó am go chéile, léim alt atá, i mo thuairimse, chomh ciallmhar staidéarach stuama sin go mbíonn orm an scéal a roinnt le daoine ar an bpointe, a léitheoirí. Is amhlaidh a tharla dom an tseachtain seo agus mé ag léamh ailt in Feasta na míosa seo, alt le Brian Ó Baoill dar teideal, ‘An Caighdeán – An Séimhiú srl.’

Anois, tá a fhios agam go bhfuil cuid agaibh, seans, bréan den chaint uile faoin gcaighdeán 'nua' seo, agus tuigim daoibh. Mar sin féin, le bunú an CSA i mbliana, tá deis againn anois ár gcuid a dhéanamh don teanga, ar mhaithe le beatha na teanga, agus ar mhaithe le foghlaimeoirí na teanga, gan cur isteach ná amach ar an gcainteoir, ná ar an scríbhneoir, dúchais.

Cé go bhfuil mo chéad aighneacht istigh agam féin an geábh seo, ní raibh mé ach beo ar éigean, i 1958, nuair a tugadh buntreoir do choiste stiúrtha na bliana sin, buntreoir a mhol ‘an rialtacht agus an tsimplíocht a lorg’, le go mbeadh Caighdeán Oifigiúil simplí againn. Bhuel, ní dóigh liom gur mar sin a tharla, ach tá súil agam gur mar sin a tharlóidh an t-am seo.

Mar sin féin, óna bhfuil cloiste ag Brian Ó Baoill ón gCoiste nua go dtí seo, sé a bharúil nach mbeidh ann ach ‘praiseach eile anuas ar an bpraiseach atá ann cheana féin’. Tá seans gur ‘comhghéilleadh’ idir na canúintí a bheas ann arís, agus mar thoradh air sin beidh ‘Na mílte rialacha, forialacha, eisceachtaí…’ ann, dar leis.

Rinne sé liosta dúinn den sórt rud a tharla cheana leis an gcaighdeánú i 1958, athruithe a tharla de thoradh an chomhghéillte, is dócha. Bhí focail fearacht ‘is gnáth’, ‘go hiondúil’, ‘ach amháin’, ‘más ionann’, ‘murab ionann’, ‘de ghnáth’, ‘is féidir’, ‘mura mbíonn’, ‘i bhformhór’, ‘ní minic’, ‘seachas’, ‘mura’, ‘is iondúil, ‘ní gnáth’, agus ‘móide’ in úsáid go rialta síos tríd an gcaighdeán sin, gan trácht ar líon na n-eisceachtaí atá ann:

aidiachtaí (18 sraith d’eisceachtaí),
ainmfhocail (25 sraith d’eisceachtaí),
foirm an ainmnigh in ionad an ghinidigh (5 sraith d’eisceachtaí),

agus níl ansin uaidh ach sampla beag den phraiseach inar fágadh an foghlaimeoir bocht.

Tá ‘an-imní’ ar Bhrian, agus tuigim dó. Tá an teanga ‘Ró-dheacair…Ró-chasta’ don fhoghlaimeoir, agus tá deis iontach againn anois rud éigin a dhéanamh faoin deacracht agus faoin gcastacht sin, seans nach mbeidh againn arís, b’fhéidir.

Freagra na faidhbe ó Bhrian - ‘Foghlaim na Gaeilge a dhéanamh níos éasca’, trí ‘an gramadach a shimpliú go mór’ agus ‘gan eisceachtaí ná éiginnteacht a bheith ag baint leis an ngramadach simplithe sin.’ Aontaím leis.

Luann sé focail Niall Uí Dhónaill, ón leabhar sin leis, ‘Forbairt na Gaeilge’, leabhair a scríobh sé i 1951, ‘Caithfidh an Ghaeilge a heirí a chur di’; bhí ‘ cúigeachas’ agus ‘canúnachas’ i measc na ‘heirí’ sin luaite ag Ó Dónaill, dar leis. Suimiúil.

Ní ‘lagú’ nó ‘tanú’ na Gaeilge atá i gceist ag Brian, mar, ina fhocail féin, ‘labharfaidh daoine agus scríobhfaidh siad mar is mian leo, mar a rinne riamh, ach beidh caighdeán ann d’fhoghlaimeoiri, do scríbhneoirí a scríobhann d’fhoghlaimeoirí, do gach cáipéis ón tSeirbhís Phoiblí, agus ar fáil d’irisí agus nuachtáin, agus d’aon duine eile gur mian leo go dtuigfeadh an foghlaimeoir é nó í.’

D’fhéadfaí, dar leis, ‘An Litriú Caighdeánach’ a thabhairt ar a leithéid. Anois, nach bhfuil sé sin simplí go leor, a léitheoirí?

Alt iontach ó Bhrian Ó Baoill, agus tagaim leis na moltaí atá scríofa aige. Tá súil agam gur éirigh liom achoimre chruinn a dhéanamh ar a bhfuil scríofa aige ann. Tá i bhfad níos mó ráite aige, agus b’fhiú an t-alt iomlán a léamh. Tá súil agam go ndéana an CSO amhlaidh, agus go dtabharfar aird ar a mholtaí.

I bhfocal Bhrian, ‘B’fhearr a bheith réabhlóideach, dána agus buach, ná cúramach, coimeádach, agus cloíte.’ Maith thú, a chara na Gaeilge!
.

Friday, July 9, 2010

Sclábhaí nó Saorthoil?


Ní raibh mé ar an eolas faoin bhfeachtas seo sa Fhrainc, feachtas as ar tháinig na ‘oral sex anti-smoking posters’ - ceann acu ansin thuas, a léitheoirí, le ceannteideal ‘"Smoking is to be a slave to tobacco." - go dtí gur léigh mé alt suimiúil le Patrick Hayes ar Spiked ar maidin.

Luann sé, freisin, an feachtas ‘Get Unhooked’, feachtas in aghaidh tobac sa Ríocht Aontaithe as ar tháinig ‘the highest numbers of complaints the advertising standards watchdog has ever received.’, ach mhaígh an roinn sláinte ann go raibh gá leis na fógraí le go dtuigfeadh an pobal an ‘‘controlling nature of addiction to nicotine experienced by smokers every day’.

Tharraing feachtas in aghaidh tobac na Fraince aird, agus gearáin, nach beag, freisin, ach, dar le Marco de la Fuente, an fear a bhí i gceannas ar an bhfeachtas fógraíochta sa ghníomhaireacht fógraíochta BDDP et Fils, "The old arguments – tobacco is bad for you – don't work any more. The message here is that tobacco is a form of submission. In the popular imagination, oral sex is the perfect symbol of submission."

Tharraing Patrick Hayes m’aird i dtreo na dtreoirlínte atá ag an National Institute for Health and Clinical Excellence (NICE) thall, a mholann, dar leis, ‘that all pregnant women should be required to take regular breath tests that monitor carbon monoxide (CO) levels so that health officials can tell if they’re harming their babies by continuing to have a crafty fag or two. And just to be on the safe side, NICE also recommends pregnant women take regular urine and saliva tests.’

Meas tú, a léitheoirí, an bhfuil na feachtais in aghaidh tobac ag dul thar fóir ar fad ar fud an domhain, nó, mar a scríobh Patrick Hayes, ‘The pros and cons of smoking and quitting are best left to people to weigh up for themselves… To buy into the claim that we cannot control ourselves is to shun responsibility for our own personal choices.’?

An bhfuil gá ar chor ar bith le leithéidí na bpóstaer agus na bhfeachtas luaite aige ina alt, nó an fúinn féin é an andúil, is cuma cén andúil í, a sheachaint, agus a thabhairt suas, as ár stuaim féin?
.

Wednesday, June 30, 2010

Ainmneacha Linbh 2009

Más rud go bhfuil suim agat in ainmneacha linbh, nó fiú go bhfuil suim agat i d’ainm féin, b’fhéidir gur mhaith leat súil a chaitheamh ar an suíomh seo, áit a dtugann an Phríomh-Oifig Staidrimh cuntas ar ainmneacha linbh na tíre seo.

Anuraidh, ba iad Jack (1061) agus Sophie (635) na hainmneacha ba mhó a raibh gean orthu, ansin bhí,

(2) Seán (927), Ava (630),
(3) Daniel (832) Emma (621)
(4) Conor (775) Sarah (565)
(5) James (705) Grace (522)

Bhí an t-ainm Jack sa chéad áit i 2007 agus 2008 freisin, ach d’ardaigh an meas ar an ainm Sophie i 2009. Ní raibh sé ach sa séú háit i 2008. Mar is eol do Bhean an tSléibhe, tá grá nach beag agam féin do leagan Gaeilge an ainm sin, Sábha.

Leid bheag duit, a léitheoir, más mian leat áit d’ainm féin a chuardach ar an liosta, téigh isteach ar an suíomh luaite thuas, brú ctrl agus F ag an am céanna, clóscríobh d’ainm sa bhosca is faide ar dheis ar an mbarra uirlisí – tá dath glas air ar mo cheannsa – agus brú ar an eochair aisfhillte ansin. Ba chóir go mbeadh tú in ann d’ainm, agus é aibhsithe, a fheiceáil, más rud go bhfuil sé ann ar chor ar bith. Ceapaim.

Agus tá ainmneacha nach bhfuil sa 100 is fearr, thug mé faoi deara, cé go bhfuil m’ainm féin, Áine, ann – 158 den ainm sin a rugadh i 2009, 157 i 2008, 203 i 2007, 175 i 2006, 187 i 2005, 190 i 2004 (Table 2 ar an suíomh), m’ainm rangaithe ag uimhir 47 ar liosta na n-ainmneacha a cláraíodh idir 2004 agus 2009 (Table 3).

Ní raibh mé in ann theacht ar Dennis ná ar Donncha, Fergus ná Fearghus, agus níl Jane ann cé go bhfuil Sinéad ann, 85 a rugadh i 2009, é rangaithe 83; tá Peter rangaithe 67, cé nach bhfuil Peadar ann; tá Joseph rangaithe 36, cé nach bhfuil Seosamh ann; níl Bríd na Bridget ann; tá Martin rangaithe 73, cé nach bhfaca mé Máirtín in aon áit; tá Mary rangaithe 61, ach diabhal Máire le feiceáil; tá Cailtín rangaithe 54, ach níl Kathleen ann.

Roinnt nithe neamúla eile duit as an rogha 100 ainm, a léitheoir:

Níor tháinig Daniel isteach sa rogha 5 go dtí 2007, cé go bhfuil Jack, Seán, Conor agus James ansin ó 1998; tá Emma agus Sarah sa rogha 5 ó 1998, ach seo an chéad uair ag Grace ansin; tháinig Bobby, Shay agus Szymon isteach sa rogha 100 den chéad uair i mbliana, le luas ar leith faoi ainmneacha Lucas agus Szymon.

Tháinig Layla, Oliwia, Hollie, Madison, Daisy agus Emilia isteach sa rogha 100 den chéad uair i 2009, Layla rangaithe ag 74 anois, cé gurb iad Daisy agus Hollie a rinne an dreapadóireacht is fearr ar an dréimire, Daisy le 61 céim dreaptha aici, agus Hollie le 48 céim dreaptha aici.
.

Wednesday, June 23, 2010

Muirtheiripe

Tá comhlacht Kevin Costner, Ocean Therapy Solutions, ag obair ar fhorbairt teicneolaíochta le cúig bliana déag anuas, é mar aidhm ag an gcomhlacht theacht ar inneall a bheadh in ann ola agus uisce a scaradh óna chéile, rud, a deirtear, atá an V20 in ann a dhéanamh.

Tá dhá cheann déag is fiche de na hinnill seo díolta ag comhlacht Chostner le BP anois, agus tá súil agam go n-éireoidh leo, agus go dtiocfaidh siad ar réiteach na faidhbe uafásaí seo.

Más fíor an méid a dúirt Costner, go raibh sé ‘trying to employ the technology designed by his company for the past 17 years, but said he had been blocked by red tape.’, nach mór an feall ar an gcomhshaol an rómhaorlathas.

Cibé an bhfillfidh an feall ar an bhfeallaire sa chás seo, tá damáiste nach beag déanta acu, faraor.
.

Saturday, June 19, 2010

RichEndagate

Bhuel, tá siad ar ais sa seomra ranga, an cluiche thart, shílfeá.

Tá na meáin ag breathnú isteach tríd an bhfuinneog, iad ag súil go bhfeicfidh siad na páipéir scrúduithe, is dócha, rud nach dtarlóidh, ó tharla iad stiallta ag cúntóir an mháistir.

Tá na daltaí is fearr agus is dílse ag barr an ranga, iad ag coinneáil súil ghéar ar an máistir, atá ag breathnú ar na boscaí éagsúla milseán atá os a chomhair ar an mbord, cinneadh le déanamh aige maidir le cé air a roinnfidh sé iad.

Ar chúl an ranga tá go leor daltaí le caipíní speiceacha orthu, agus D mór millteach scríofa i lár gach caipín, cé gur cheap na daltaí céanna go raibh siad iontach cliste, lá den saol.

Ach, ar chúl na ndaltaí caipíneacha, tá daltaí ina seasamh i dtreo an bhalla. Ní féidir leo bheith páirteach sa rang, mar gur thug siad a ndromanna don mháistir.

Ní bheidh, seans, milseáin ar bith le fáil acu sin, na créatúir.
.

Monday, June 14, 2010

Sa Phuiteach

Tá Enda faoi bhrú ina chúinne féin de chlós na scoile. Tá Brian ina shuí go seascair i gcúinne an rachmais, é breá sásta, shílfeá, go bhfuil sé ina raic i gcúinne Enda.

Tá Éamonn ag fanacht socair ina chúinne féin, é ciúin, chan ciontach, d'fhéadfeá a rá; taobhaitheoirí na heite clé ina theannta, iad uilig ag coinneáil súil ghéar ar an ngnáthmhuintir sa cheathrú cúinne, ar fhaitíos aon fhocail shéimhe de dhíth ar an bpobal ann, an dtuigeann sibh.

Tá an pobal sa cheathrú cúinne ag breathnú go hamhrasach i dtreo na dtrí chúinne eile, an chuma orthu go bhfuil siad tinn tuirseach den raic agus den challán cainte débhríche, gan uatha ach bealach éalaithe a fháil amach as puiteach na páirce.
.

Thursday, June 3, 2010

Creatlach an Scéil?

Arís is arís eile, tá creatlacha á gcroitheadh, agus tá scéalta á nochtadh.

An bhfuil mórán eile le cloisteáil againn, nó le léamh againn, faoin gcaoi inar caitheadh, agus faoin gcaoi ina gcaitear fós, shílfeá, airgead na tíre seo?

Ár n-airgead, a léitheoirí. Go sábháiltear sinn...
.

Tuesday, June 1, 2010

Teorainneacha Saoirse

Bhí mé ag éisteacht le Ryan Tubridy ar maidin, é i gcomhrá le Diarmaid Ferriter faoin gclár nua The Limits of Liberty.

‘The Limits of Liberty is the story of Irish Independence. How governments of the early decades of independence were preoccupied with one overriding issue, power … This is the first television history of Ireland since the early 1980s and sets out to re-examine the received opinion of the foundation of the State.’

Beidh an chéad sraith den chlár ag tosú anocht, ar RTÉ 1, ag 9.30 i.n., agus is dóigh liom gurbh fhiú súil a chaitheamh air le tuiscint de shaghas a fháil, b’fhéidir, ar nithe sin na staire a mhúnlaigh tubaistí thodhchaí na tíre seo. Seans gurb é an focal sin ‘power’ an focal cuí san ráiteas thuas.

Tá scéal amháin go mór sna meáin le lá nó dhó. Táim ag éisteacht le, agus ag léamh faoi, na tuairimí éagsúla, lucht an lochta ón dá thaobh ag labhairt agus ag scríobh, formhór na ndaoine ag iarraidh ciall a dhéanamh den tubaiste uafásach seo, mé féin san áireamh.

Tá eagraíochtaí ann, agus tá súil agam go n-éireoidh leosan an brú, mar is ceart, a chur ar na daoine atá freagrach as an tubaiste mhillteanach seo, le go bhfaighidh na daoine bochta atá ag fulaingt ar Stráice Gaza an cuidiú atá de dhíth orthu.

‘The blockade is collective punishment, illegal under international law. It must be lifted immediately.” Israel has a duty under international law to ensure the welfare of Gaza’s inhabitants, including their rights to health, education, food and adequate housing.’
.

Friday, May 28, 2010

Dílárú

Más rud go bhfuil na daoine seo sásta bogadh, cén fáth an raic faoi dílárú sa tír seo?
.

Thursday, May 27, 2010

Bans na mBan

Dar leis an alt a léigh mé san Irish Times inné, seo mar a chaith dlíthe na tíre seo le Mná na hÉireann i 1970:

1. Ar phósadh dí, dá mba rud é go raibh post aici sa tseirbhís phoiblí, nó le banc, bhí uirthi an post sin a fhágáil.

2. Ní fhéadfadh sí bheith ina ball de choiste cúirte, mar ghiúróir.

3. Ní raibh cead aici ábhair fhrithghiniúna a cheannach.

4. Bhí go leor tithe tábhairne nach dtabharfadh cead isteach di, cé go raibh tithe tábhairne ann a ligfeadh isteach í, ach fear a bheith léi.

5. Ba le fear an tí amháin a d’íoctaí an sochar linbh.

6. Ní raibh sí in ann ordú urchoisc a fháil le toirmeasc a chur ar a fear céile faoi ionsaí a dhéanamh uirthi, is cuma cén drochíde a thabharfadh sé di.

7. Ní raibh seilbh dhleathach ag an mbean phósta ar áras an teaghlaigh, agus d’fhéadfadh a fear céile an teach a dhíol gan a cead.

8. Glacadh leis go raibh caidreamh collaí mar cheart ar an bhfear pósta, fiú murab é toil a chéile mná é.

9. Bhí a sainchónaí cibé áit ina raibh sainchónaí a fear céile, fiú mura raibh sí féin ina cónaí sa tír sin leis.

10. Ní bhfuair sí pá comhionann ar obair chomhionann, Fuair fir pá i bhfad níos airde ná í.

Bhí mé i mo dhéagóir ag an am.
.

Tuesday, April 27, 2010

Frídíní Fánacha

Bhí frídín fánach do m’ionsaí le seachtain anuas, frídín a fuair an ceann is fearr orm ag an deireadh seachtaine. Ón Aoine seo caite, bhí gach rud a d’ith mé ag imeacht le sruth, d'fhéadfá a rá, rud beag cosúil leis an airgead atá ag dul isteach i NAMA, shílfeá.

Ní raibh fonn orm a dhath a léamh, ná a dhath a scríobh. Bhí mé tinn, an dtuigeann sibh. Mar sin féin, a fhad is a bhí mise i mo luí ar mo leaba, ag troid le mo fhrídín, bhí scéalta ag titim ar mo chluasa, ón raidió agus ón teilifís.

Is léir go bhfuil na frídíní fánacha chuile áit. Chaithfeadh sé gur ionsaigh siad Máire Geoghegan Quinn bhocht ag an deireadh seachtaine, freisin, mar bhuail laige de shaghas éigin í idir an Aoine agus an Luan, agus chaill sí pinsean nó dhó.

Ar an Aoine, ní raibh Máire ná mé féin ag súil le punt ar bith a chailleadh, ach, mar a deir an seanfhocal, is lú na fríd máthair an oilc.
.
 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.