Showing posts with label lipéad. Show all posts
Showing posts with label lipéad. Show all posts

Tuesday, August 24, 2010

Dhá haon dó...

…dhá dhó ceathair,
dhá thrí sé,
dhá cheathair ocht…

… táim ar ais i rang a dó, nó, b’fhéidir, rang a trí. Maireann an chuimhne liom fós. Táim ag aithris na dtáblaí don mhúinteoir. Táim á n-aithris amhail is dá mbeinn ag casadh amhráin, na focail foghlamtha de ghlan mheabhair agam, mo chorp ar luascadh le rithim na bhfocal, mé i dtámhnéal, shílfeá.

Sin an t-aon bhealach amháin a bhí agam, an dtuigeann sibh, na táblaí a aithris i gceart don mhúinteoir. Bhí orm iad a fhoghlaim de ghlan mheabhair, mar nár thuig mé iad.

Sin scéal nár athraigh ar feadh mo shaoil. Cé go ndearna mé chuile iarracht, theip orm, san Ardteistiméireacht, pas a fháil i mata. Fiú sa lá atá inniu ann, ní féidir liom ciall a bhaint astu. Níl an ábaltacht sin agam, faraor.

Ach, tógadh mé i gceantar Gaeltachta, agus d’éirigh liom, san Ardteistiméireacht, onóir a fháil i nGaeilge. An t-am sin, más rud go bhfuair tú onóir i nGaeilge, bhí dhá onóir ag dul duit. Dá bhrí sin, fuair mé mo dhá onóir, ar ábhar amháin.

An raibh sé sin féaráilte? Teorainneacha á dtarraingt arís?

Is beag duine ón nGaeltacht nach bhfuair onóir i nGaeilge, seans, nó b'fhéidir go raibh sé níos éasca ceann a fháil, ó tharla an teanga sin ar a gcumas acu, rud a chuir go mór lena n-ábaltacht onóir a fháil, b'fhéidir.

An raibh sé féaráilte nach bhfuair na daltaí cumasacha eile, iad siúd le hábaltacht acu onóir a fháil sa Fhraincis, sa Stair, san Eolaíocht, mar shampla, an raibh sé féaráilte nach bhfuair siadsan onóir sa bhreis, freisin?

Anois, cloisim go bhfuil caint ann marcanna sa bhreis a thabhairt do dhaltaí le hábaltacht ar leith acu sa mhata. An bhfuil sé sin féaráilte, meas tú? Teorainneacha á dtarraingt arís?
.

Friday, July 9, 2010

Sclábhaí nó Saorthoil?


Ní raibh mé ar an eolas faoin bhfeachtas seo sa Fhrainc, feachtas as ar tháinig na ‘oral sex anti-smoking posters’ - ceann acu ansin thuas, a léitheoirí, le ceannteideal ‘"Smoking is to be a slave to tobacco." - go dtí gur léigh mé alt suimiúil le Patrick Hayes ar Spiked ar maidin.

Luann sé, freisin, an feachtas ‘Get Unhooked’, feachtas in aghaidh tobac sa Ríocht Aontaithe as ar tháinig ‘the highest numbers of complaints the advertising standards watchdog has ever received.’, ach mhaígh an roinn sláinte ann go raibh gá leis na fógraí le go dtuigfeadh an pobal an ‘‘controlling nature of addiction to nicotine experienced by smokers every day’.

Tharraing feachtas in aghaidh tobac na Fraince aird, agus gearáin, nach beag, freisin, ach, dar le Marco de la Fuente, an fear a bhí i gceannas ar an bhfeachtas fógraíochta sa ghníomhaireacht fógraíochta BDDP et Fils, "The old arguments – tobacco is bad for you – don't work any more. The message here is that tobacco is a form of submission. In the popular imagination, oral sex is the perfect symbol of submission."

Tharraing Patrick Hayes m’aird i dtreo na dtreoirlínte atá ag an National Institute for Health and Clinical Excellence (NICE) thall, a mholann, dar leis, ‘that all pregnant women should be required to take regular breath tests that monitor carbon monoxide (CO) levels so that health officials can tell if they’re harming their babies by continuing to have a crafty fag or two. And just to be on the safe side, NICE also recommends pregnant women take regular urine and saliva tests.’

Meas tú, a léitheoirí, an bhfuil na feachtais in aghaidh tobac ag dul thar fóir ar fad ar fud an domhain, nó, mar a scríobh Patrick Hayes, ‘The pros and cons of smoking and quitting are best left to people to weigh up for themselves… To buy into the claim that we cannot control ourselves is to shun responsibility for our own personal choices.’?

An bhfuil gá ar chor ar bith le leithéidí na bpóstaer agus na bhfeachtas luaite aige ina alt, nó an fúinn féin é an andúil, is cuma cén andúil í, a sheachaint, agus a thabhairt suas, as ár stuaim féin?
.

Friday, February 26, 2010

Smaoineamh an Lae

Nuair a cheannaím tuáillí nua, cinn bhána a cheannaím i gcónaí, agus tá sé de nós agam an lipéad praghais, agus gach lipéad eile, a ghearradh díobh sula mbainim úsáid astu.

Ar maidin, agus mé ag gearradh na lipéid uile de thuáillí nua a cheannaigh mé inné, rith an smaoineamh liom gur dheas an rud é dá mbeimis in ann na lipéid a bhaint de dhaoine chomh héasca céanna.
.
 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.