Showing posts with label Smaoineamh an Lae. Show all posts
Showing posts with label Smaoineamh an Lae. Show all posts

Friday, February 26, 2010

Smaoineamh an Lae

Nuair a cheannaím tuáillí nua, cinn bhána a cheannaím i gcónaí, agus tá sé de nós agam an lipéad praghais, agus gach lipéad eile, a ghearradh díobh sula mbainim úsáid astu.

Ar maidin, agus mé ag gearradh na lipéid uile de thuáillí nua a cheannaigh mé inné, rith an smaoineamh liom gur dheas an rud é dá mbeimis in ann na lipéid a bhaint de dhaoine chomh héasca céanna.
.

Thursday, September 24, 2009

Mary, Mary quite...?

Scaipthe, neamhleanúnach, míréasúnach. Sin iad na focail a fuair mé ar maidin ó Thomás de Bhaldraithe agus mé ag tochailt liom ina fhoclóir Béarla-Gaeilge, agus míniú uaim ar an bhfocal ‘incoherent’. Agus cén fáth, cloisim an cheist uaibh, an raibh tú ar thóir an mhínithe sin, a Áine? Agus tá freagra tuillte agaibh, a léitheoirí, ó tharla gur chuir sibh an cheist sin orm. Sea.

Tharla sé go raibh mé ag éisteacht le Gerry Ryan ar an raidió ar maidin, an dtuigeann sibh, mar a dhéanaim ó am go chéile. Bhí ábhar faoi chaibidil aige, nach mbaineann beag ná mór leis an alt seo ach amháin gur chuala mé an abairt ‘we were a little incoherent with our costings’ ó bhéal Gerry, eisean ag tagairt do thogra éigin ina raibh sé páirteach blianta ó shin.

Agus tháinig an cheist isteach i mo chloigeann, ar chloisteáil an méid sin ó Gerry, meas tú an raibh Mary Coughlan rud beag ‘incoherent’ faoi ‘costings’ An Bord Snip Nua agus í ag labhairt léi sa Dáil inné?

Cé acu, meas tú, de na haidiachtaí thuas is feiliúnaí don smaoineamh a bhí taobh thiar de na focail sin uatha – scaipthe, neamhleanúnach, nó míréasúnach?
.

Saturday, September 5, 2009

Agus saor sinn ó...

Is maith le daoine rialtacht. Tá nósanna acu, bealaí ina ndéanann siad rudaí ar an gcaoi chéanna, lá i ndiaidh lae. Ar ndóigh, ní bhíonn an dara rogha ag an bhformhór againn. Bíonn orainn éirí ag am ar leith, bheith ag obair ag am ar leith, bheith sa bhaile ag am ar leith, agus mar sin de...

Ach cén fáth an nós sin a bhíonn ag daoine maidir le, abair, cathaoir ar leith a bheith acu sa bhaile, áit ar leith acu le suí ag an mbord sa bhaile, laethanta ar leith acu le jabanna éagsúla a dhéanamh timpeall an tí agus ar uile? An gcuireann a leithéid d’iompraíocht brú ar dhaoine, iad i gcónaí faoi thionchar an chloig agus na nósúlachta, iad de shíor ag siúl ar an mbóthar atá díreach; bóthar gan chor, gan cham?

Is iomaí duine a bhaineann sult agus tairbhe as an nósmhaireacht sin, daoine ar fearr leo rialtacht a bheith i bhfeidhm ina saol. Ach ní bhíonn slí an tsaoil gan chor, gan cham, agus ní bhíonn aon turas uirthi gan chroitheadh, gan chonstaic.

Meas tú nárbh fhearr dúinn mírialtacht de shaghas éigin a bheith inár saol, ó am go chéile…suí in áit dhifriúil le go mbeidh radhairc eile le feiceáil, agus ligean a thabhairt don lá le go mbeidh muid féin ar ligean leis.
.

Friday, August 14, 2009

Smaoineamh an Lae

D’fhág gortú dromlaigh é faoi mhíchumas os cionn bliain ó shin, ach níor chaill sé dóchas riamh.

For me, I tried to think that the cup was half-full rather than half-empty’, a dúirt sé, agus luaigh sé an ‘sheer heaven’ a thug sé faoi deara nuair a bhlais sé de shú talún arís, tar éis cheithre mhí a bheith caite aige san ospidéal, é á bheathú trí fheadán.

Fuair Stuart Mangan bás an tseachtain seo caite, gan é ach 26 bliain d’aois. Síocháin shíoraí ar a anam cróga.

Go mbaine sibh blaiseadh agus sult as torthaí an lae, a léitheoirí.
.
 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.