Showing posts with label Spás. Show all posts
Showing posts with label Spás. Show all posts

Tuesday, September 1, 2009

An Cnuasach Cuimhní

Taitníonn sé go mór liom nuair a bhíonn cuairteoirí anseo sa teach. Is mór liom cuideachta mo chairde agus mo mhuintir, mo dhream féin. Nuair a bhíonn siad anseo, bíonn comhrá agus craic agam leo i rith an ama, an nasc eadrainn á dhaingniú le téada na gcuimhní cinn.

Agus mé ina gcomhluadar, líontar spás éigin ionam, áit ina mbailítear le chéile an taisce sin ar a dtugaim An Cnuasach Cuimhní. Nuair a theastaíonn uaim athnuachan nó athmhachnamh a dhéanamh ar an gceangal a chum na cuimhní, má bhím uaigneach ina uireasa, isteach liom sa spás sin, osclaím An Cnuasach Cuimhní, agus léim na leathanaigh ar a bhfuil mo thaisce breactha.
.

Friday, August 14, 2009

Smaoineamh an Lae

D’fhág gortú dromlaigh é faoi mhíchumas os cionn bliain ó shin, ach níor chaill sé dóchas riamh.

For me, I tried to think that the cup was half-full rather than half-empty’, a dúirt sé, agus luaigh sé an ‘sheer heaven’ a thug sé faoi deara nuair a bhlais sé de shú talún arís, tar éis cheithre mhí a bheith caite aige san ospidéal, é á bheathú trí fheadán.

Fuair Stuart Mangan bás an tseachtain seo caite, gan é ach 26 bliain d’aois. Síocháin shíoraí ar a anam cróga.

Go mbaine sibh blaiseadh agus sult as torthaí an lae, a léitheoirí.
.

Sunday, August 9, 2009

Ag Cuimhneamh

Bím ag cuimhneamh liom, agus mé ar cuairt ar mo cheantar dúchais, ar an am a chuaigh thart.

Cuireann áilleacht na háite seo aoibhneas ag borradh trí mo chorp, agus líonann an t-aoibhneas croí sin na spásanna ionam atá folmhaithe ó bhí mé anseo cheana.

Is dóigh liom gur ionann an scéal do dhuine ar bith a fhilleann ar cheantar a n-óige, go háirithe más rud go raibh sonas agus suáilceas le fáil go fial i rith na hóige sin, mar a bhíodh i mo chás-sa.

Tá stór cuimhní cinn m’óige lán go doras, eochair an stóir sin romham i gcónaí i gConamara.
.

Thursday, April 16, 2009

Spás

Is iomaí iarratas atá faighte againn, mar chlann, rud éigin a rá nó a scríobh faoi Chiara ó bhásaigh sí in Bagram na hAfganastáine, ach tá deacracht againn fós fiú a hainm a lua eadrainn féin gan titim as a chéile leis an uaigneas agus leis an bpian a thagann, mar a bheadh tuile ann, nuair a shamhlaímid saol gan í.

Chuireamar an suíomh http://www.ciaraweerabrat.com le chéile mar thoradh ar na hiarratais sin, le go mbeadh áit ag daoine, a raibh suim acu ina scéal, aithne a chur ar an mbean a thug ‘grá agus gáire’ isteach inár saol. Tá an suíomh ann freisin le deis agus am a thabhairt dúinn féin cneasú, sin más féidir a leithéid a dhéanamh.

Scríobh mé an dán ‘Spás’ le tuiscint a fháil dom féin ar an gcaillteanas a thagann i láthair nuair a bhristear slabhra clainne. Ní féidir an spás sin a líonadh, ar ndóigh, ach is ann a théann na deora, na smaointe agus na cuimhní cinn, is dócha, agus iarracht á dhéanamh ag duine an spás sin a líonadh arís, nó fiú cúis an spáis a thuiscint.


Spás

Iomlán a bhíomar
Ceangailte go buan
Le téada an ghrá

Daingean a bhíomar
Fréamhaithe go láidir
I gcré an dúchais

Dlúth a bhíomar
Fáiscthe go teann
Ag stair ár sinsir

Deighilte atáimid
Fágtha go brách
Le spás do bháis
 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.