Showing posts with label cuimhní. Show all posts
Showing posts with label cuimhní. Show all posts

Friday, October 1, 2010

Athfhilleadh agus Athfhriotal

Ar thug sibh faoi deara riamh go mbíonn, in amanna, dáta faoi leith i saol duine, dáta ar a dtarlaíonn rudaí cinniúnacha, abair; dáta, ar athfhilleadh dó, a fhágann duine le meascán mothúchán ar an lá?

Bhí a leithéid de lá mar sin agamsa an lá ar bronnadh duais úd an Oireachtais orm. Is ar an dáta sin, seacht mbliana is fiche roimhe, a tháinig m’iníon ar an saol, agus is ar an dáta sin, trí bliana roimhe, a d’imigh mo dheirfiúr álainn, Ciara, ón saol, gan í ach 30 bliain d’aois.

Tá féilire in ionad oibre deirféar eile liom, féilire ar a mbíonn athfhriotail cháiliúla scríofa. Bíonn athfhriotal nua roimpi gach lá, nuair a tharraingíonn sí leathanach an lae roimhe den fhéilire deisce.

Roinnim libh, thíos, an t-athfhriotal a bhí scríofa ar leathanach na Máirt seo caite, an 28 Meán Fómhair. Tá an leathanach, ar a bhfuil an t-athfhriotal scríofa, os mo chomhair anois, a bhuí le mo dheirfiúr.

‘Dream as if you’ll live forever, live as if you’ll die today.’

Bainigí sult as an deireadh seachtaine, a léitheoirí.
.

Tuesday, August 24, 2010

Dhá haon dó...

…dhá dhó ceathair,
dhá thrí sé,
dhá cheathair ocht…

… táim ar ais i rang a dó, nó, b’fhéidir, rang a trí. Maireann an chuimhne liom fós. Táim ag aithris na dtáblaí don mhúinteoir. Táim á n-aithris amhail is dá mbeinn ag casadh amhráin, na focail foghlamtha de ghlan mheabhair agam, mo chorp ar luascadh le rithim na bhfocal, mé i dtámhnéal, shílfeá.

Sin an t-aon bhealach amháin a bhí agam, an dtuigeann sibh, na táblaí a aithris i gceart don mhúinteoir. Bhí orm iad a fhoghlaim de ghlan mheabhair, mar nár thuig mé iad.

Sin scéal nár athraigh ar feadh mo shaoil. Cé go ndearna mé chuile iarracht, theip orm, san Ardteistiméireacht, pas a fháil i mata. Fiú sa lá atá inniu ann, ní féidir liom ciall a bhaint astu. Níl an ábaltacht sin agam, faraor.

Ach, tógadh mé i gceantar Gaeltachta, agus d’éirigh liom, san Ardteistiméireacht, onóir a fháil i nGaeilge. An t-am sin, más rud go bhfuair tú onóir i nGaeilge, bhí dhá onóir ag dul duit. Dá bhrí sin, fuair mé mo dhá onóir, ar ábhar amháin.

An raibh sé sin féaráilte? Teorainneacha á dtarraingt arís?

Is beag duine ón nGaeltacht nach bhfuair onóir i nGaeilge, seans, nó b'fhéidir go raibh sé níos éasca ceann a fháil, ó tharla an teanga sin ar a gcumas acu, rud a chuir go mór lena n-ábaltacht onóir a fháil, b'fhéidir.

An raibh sé féaráilte nach bhfuair na daltaí cumasacha eile, iad siúd le hábaltacht acu onóir a fháil sa Fhraincis, sa Stair, san Eolaíocht, mar shampla, an raibh sé féaráilte nach bhfuair siadsan onóir sa bhreis, freisin?

Anois, cloisim go bhfuil caint ann marcanna sa bhreis a thabhairt do dhaltaí le hábaltacht ar leith acu sa mhata. An bhfuil sé sin féaráilte, meas tú? Teorainneacha á dtarraingt arís?
.

Sunday, August 22, 2010

Nuala Nic Con Iomaire

Casadh Nuala orm ag Oireachtas na Samhna i Leitir Ceanainn anuraidh. Bhí a fear uasal, Pádraic, tar éis é féin a chur in aithne dom, ó tharla é léite aige, ar mo bhlag, go mbeinn ann.

Bhíomar ag fanacht le Nuala, aghaidh againn beirt i dtreo an dorais, le go mbeadh muid in ann í a fheiceáil ag teacht.

‘Coiscéimeanna éadroma
ag foluain go réidh,
gan gá le deifir ar an té
nach bhfuil ceangailte ag am.’

Agus í ag siúl inár dtreo, chonaic mé a ‘gile’, agus bhí a fhios agam, ar an bpointe, go raibh duine álainn ag teacht i mo chuideachta. Beagnach bliain is an t-am seo a thit an radharc sin ar mo shúile, agus tá sé fós soiléir ar shúile m’aigne; a háilleacht saolta spioradálta fós liom.

‘Síocháin ag siúl
faoi ghile na n-aingeal,
solas an tséada
ag lonrú ‘is ag leathadh
a gathanna grá
ar an gcuideachta.’

Inár suí le chéile ag comhrá, labhraíomar ar nithe an tsaoil, amhail is go raibh aithne shaoil againn ar a chéile cheana. Agus nithe sin an tsaoil á gcur trí chéile againn, thug mé faoi deara go gclaonadh Nuala a cloigeann rud beag, sula labhródh sí ar ábhar; a súile ar thóir eolais, shílfeá, eolas saolta agus spioradálta a fuair sí áit éigin taobh amuigh, nó taobh istigh, di féin, sular dhúirt sí focal.

‘Tuiscint an todhchaí
á lorg sa spás
os comhair a súile
ar thóir freagra ón bhFaisnéis
sular roinn sí rann.’

Ansin, nuair a labhair sí, chuala mé, agus chonaic mé, na focail uaithi. Bhí a lámha ag labhairt liom, freisin, iad ag bogadh lena briathra, mar a bheadh ealaíontóir ag obair ar chanbhás comhrá, mar a bheadh ceoltóir ag seinm samhlaoidí lena méara.

‘Briathra a béil
á gcuimilt go ciúin
ó bhos go bos,
í ag fuineadh focal
le mothúcháin a méar.’

Chuaigh Nuala i bhfeidhm go mór orm, agus d’airigh mé ceangal léi nach féidir liom a mhíniú, mar nach bhfuil focail ann lena leithéid a mhíniú.

Criadóir an cheoil,
múnlóir na n-íomhánna,
chuala mé do dhán
ag seinm i do shamhlaoidí,
a Nuala.

Ar m’fhilleadh abhaile dom go Bun Cranncha an oíche sin, scríobh mé an dán thuas, Oireachtas, i gcuimhne ar an am sin léi.

Mí ó shin, léigh mé an dán ag sochraid Nuala i séipéal Leitir Móir. Ní raibh sí ach 42 bliain d’aois. Beidh a ‘gile’ liom ar feadh mo shaoil.

*********************

Is i mBaile Átha Cliath a tógadh Nuala. Liam agus Bairbre a hathair agus a máthair, le deirfiúr amháin aici, Máirín, agus ceathrar deartháireacha, Máirtín, Colm, Ruairí, agus Darach.

Rinne sí Gaeilge agus Fraincis mar ábhair bhunchéime in UCD agus, tar éis di iarchéim a bhaint amach sa Fhraincis, chaith sí seal ag obair sa Bhruiséil.

Ar fhilleadh di go hÉirinn i 1995, chuaigh sí ag teagasc le Fiontar. Thosaigh sí ag obair, mar chigire le Fraincis agus Gaeilge, leis an Roinn Oideachais i 1998.

Idir 2002 agus 2007, ghlac sí sos gairme, agus chuaigh sí i mbun togra ealaíne leis An Béal Binn i mBré. Scríobh, agus chóirigh, sí drámaí don stáitse agus don raidió, agus bhí sí mar eagarthóir ar an dá eagrán den iris Blaiseadh, iris a d’fhoilsigh Coiscéim.

Sheinn sí an veidhlín, agus b’ealaíontóir í. Bhí cónaí uirthi ar an gCeathrú Rua lena fear, Pádraic, agus lena n-iníon, Iseult.

Faoi chúram Oispís na Gaillimhe, fuair sí bás go suaimhneach sa bhaile ar an gCeathrú Rua ar an 16 Iúil 2010.

Suaimhneas síoraí dá hanam álainn.
.

Friday, July 23, 2010

I gCuideachta Cairde

An tseachtain seo caite, cuireadh i gcuimhne dom, arís eile, gur féidir pleananna a dhéanamh, ach nach fúinn féin atá sé, shílfeá, an dtiocfaidh na pleananna sin chun críche nó nach dtiocfaidh.

Bhí sé i gceist agam trí lá a chaitheamh i mBaile Átha Cliath ag fámaireacht, agus ar m’fhilleadh dom, bhí sé i gceist agam an deireadh seachtaine a chaitheamh i gCeann Scríbe, i gcuideachta mo neachtanna. Ní mar sin a tharla.

Ar an Satharn, bhí mé sa reilig in Eanach Mheáin ag fágáil slán le Bríd Bn. Uí Chonghaile, bean a chaith 87 bliain ar an saol seo. Ar an Luan, bhí mé ar ais arís sa reilig chéanna, ag fágáil slán le Nuala Nic Con Iomaire, bean nach raibh i ndán di ach níos lú ná leath an méid sin ama a chaitheamh anseo linn.

Cé nach raibh aon ghaol agam leo, thaitin an bheirt bhan sin go mór liom. Ba mhaith liom tuilleadh a scríobh fúthu, ach ní anois díreach. Ba mhaith liom am a chaitheamh le mo chuimhní cinn go fóill.

Táim ar ais i nGaillimh arís inniu, ach is sa chathair atáim an geábh seo, le trí lá a chaitheamh i gcuideachta beirt bhan eile, mná a casadh orm os cionn scór bliain ó shin, nuair a thosaigh ár bpáistí ag freastal ar an naíonra céanna.

Chaitheamar cuid den lá inniu ag siúl ar an bpromanád ar Bhóthar na Trá. Bhí an lá go hálainn, bhí an ghrian go hálainn, bhí an fharraige go hálainn. Shuíomar seal ansin, i gciúnas agus i suaimhneas an chairdis, an triúr againn ag breathnú ar áilleacht an domhain os ár gcomhair.

Is ar Bhríd agus ar Nuala a bhí mo chuimhneamh nuair a chonaic mé an áilleacht sin.
.

Sunday, June 13, 2010

Réamhordú?

Seans ar bith a fhaighim, caithim am ag labhairt le seandaoine.

Mo chuimhne, níl dúil agam san fhocal sin ‘seandaoine’. B’fhearr liom, mura miste libh, a léitheoirí, rud éigin fearacht ‘bean shaolach’ a úsáid. Feictear dom gur deise i bhfad an léargas a thugann an focal ‘ saolach’ dúinn ar an té le heolas a dtaithí ar an saol acu le roinnt linn.

Cibé scéal é, bhí mé ag caint le bean le déanaí, bean le ceithre scór bliain, ar a laghad, caite aicí ar an saol seo. Tharla sé gur luaigh mé léi gur thug mé faoi deara go raibh, timpeall na háite seo ar aon nós, go leor buachaillí á mbreith na laethanta seo, seachas leanaí baineanna, an dtuigeann sibh.

‘Must be a war coming,’ arsa mo chara saolach.

Láithreach bonn, ghéaraigh mo chluasa a n-éisteacht, agus d’fhiafraigh mé, ‘Why do you say that?’

‘More boys than girls are born before a war…’ arsa sí, ‘…to replace the boys that are lost during the war.’

‘You think that Nature knows about wars in advance?’ a d’fhiafraigh mé féin.

‘Well, our Lord probably does.’ a d’fhreagair sí.

Agus, sin agaibh é arís, a léitheoirí. Níl a fhios aici cén bunús atá leis an scéal, ná cé chomh fíor is atá sé, ach amháin gur chuala sí é ráite go minic agus í ag fás aníos.

Seo altdhótrí daoibh, agus fágfaidh mé fúibh féin é céard a chreideann sibh - an míthuairim, míthuiscint nó míthuar a chuala mé ó mo chara saolach?
.

Sunday, June 6, 2010

S.W.A.L.K?

Tá cuairteoirí anseo i láthair na huaire. Tá siad chomh meánaosta linn féin, d’fhéadfá a rá, rud a fhágann go bhfuil sórt cuimhne chomhionann againne agus acusan ar an am a caitheadh.

Tharla sé go rabhamar ag seanchaíocht aréir, an saol roimh theacht an ríomhphoist agus an fhóin phóca faoi chaibidil againn.

‘Remember when you’d get a letter with S.W.A.L.K. written on the back of the envelope?’ a d’fhiafraigh fear amháin.

‘Or H.O.L.L.A.N.D and I.T.A.L.Y!’ arsa fear eile.

Bhí dearmad glan déanta agam féin ar na hacrainmneacha sin, cé gur iomaí uair a bhain mé úsáid astu agus mé i mo dhéagóir.

Is é an smaoineamh a rith liom ar maidin, meas tú an bhfuil acrainmneacha eile in úsáid ag déagóirí an lae inniu, acrainmneacha a bhaineann le cúrsaí grá, agus atá chomh soineanta céanna leis na cinn sin a bhíodh in úsáid againn féin fadó?

Bhuel, thosaigh mé ag googláil, agus, an bhfuil a fhios agaibh, a léitheoirí, ach tá seans ann nach gceapfaidh sibh go bhfuil gach ceann acu seo ‘soineanta’. Tá athrú nach beag, shílfeá, tagtha ar úsáid choitianta na n-acrainmneacha sa lá atá inniu ann.

SH is dócha.
.

Tuesday, September 1, 2009

An Cnuasach Cuimhní

Taitníonn sé go mór liom nuair a bhíonn cuairteoirí anseo sa teach. Is mór liom cuideachta mo chairde agus mo mhuintir, mo dhream féin. Nuair a bhíonn siad anseo, bíonn comhrá agus craic agam leo i rith an ama, an nasc eadrainn á dhaingniú le téada na gcuimhní cinn.

Agus mé ina gcomhluadar, líontar spás éigin ionam, áit ina mbailítear le chéile an taisce sin ar a dtugaim An Cnuasach Cuimhní. Nuair a theastaíonn uaim athnuachan nó athmhachnamh a dhéanamh ar an gceangal a chum na cuimhní, má bhím uaigneach ina uireasa, isteach liom sa spás sin, osclaím An Cnuasach Cuimhní, agus léim na leathanaigh ar a bhfuil mo thaisce breactha.
.

Sunday, August 9, 2009

Ag Cuimhneamh

Bím ag cuimhneamh liom, agus mé ar cuairt ar mo cheantar dúchais, ar an am a chuaigh thart.

Cuireann áilleacht na háite seo aoibhneas ag borradh trí mo chorp, agus líonann an t-aoibhneas croí sin na spásanna ionam atá folmhaithe ó bhí mé anseo cheana.

Is dóigh liom gur ionann an scéal do dhuine ar bith a fhilleann ar cheantar a n-óige, go háirithe más rud go raibh sonas agus suáilceas le fáil go fial i rith na hóige sin, mar a bhíodh i mo chás-sa.

Tá stór cuimhní cinn m’óige lán go doras, eochair an stóir sin romham i gcónaí i gConamara.
.

Thursday, July 30, 2009

Beannacht na gCuairteoirí

Tá dream cuairteoirí díreach ar shiúl, agus an teach le réiteach agam anois don chéad dream eile atá ag teacht ar an Satharn. Is mór liom cuideachta mo chuairteoirí, cé nach mbíonn deis agam aon scríbhneoireacht a dhéanamh nuair a bhíonn daoine thart. Bíonn na laethanta leo lán go béal, ag turasóireacht, ag ithe agus ag ól, agus ag comhrá. Is é mo thuairim, cibé faoin scríbhneoireacht, gur fiú am a chaitheamh le daoine, go háirithe leo siúd a chuireann go mór le do shaol.

Feictear dom, agus mé ag comhrá le mo chuairteoirí, daoine atá páirteach i mo shaol cé nach bhfeicim iad go rómhinic, nach mbeadh mo shaol iomlán gan iad. Tá siad sa chúlra go minic, ach is gearr uatha an bóthar a thabharfadh chuig mo thaobh iad dá mbeadh gá leis sin; dá mbeadh tacaíocht uaim, dá mbeadh ócáid le ceiliúradh, dá mbeadh ócáid le cásamh.

Tá siad ag teacht, dream i ndiaidh dreama, ag roinnt aoibhneas mo thí nua liom féin agus leis an nGarraíodóir. Tá chuile chuairt ag cur le stór na gcuimhní cinn. Tá siad ag beannú Ceann Scríbe.

Dán beag uaim:

Ó Theach go Teach

An Seanteach

Ballaí balbha maol
Tais
Ag fágáil slán
Le breacadh na beatha
Agus téagar na dúigh dofheicthe
A scríobh scéalta na staire
Ó thaisce an teaghlaigh
A chum na cuimhní cinn
A bhéarfaidh siad leo

An Teach Nua

Ballaí balbha réidh
Tirim
Ag feitheamh
Le breacadh na beatha
Agus taise na dúigh dofheicthe
A scríobhfaidh scéalta an todhchaí
Ó thaisce an teaghlaigh
A chumfaidh na cuimhní cinn
A bhéarfaidh siad leo
.

Sunday, June 21, 2009

Lá na nAithreacha

Is é inniu an 21 Meitheamh, an Lá is Faide den Bhliain, nó Grianstad an tSamhraidh mar a thugtar air go minic. Is é inniu Lá na nAithreacha, sa tír seo ar aon nós.

Happy Father’s Day” a dúirt an Garraíodóir liom ar maidin, fios maith aige go raibh dearmad iomlán glan déanta agamsa den ócáid mhór seo. Ach, ní ormsa atá an locht, an dtuigeann sibh, ach ar mo pháistí. Is orthusan atá an locht mar nach bhfuil siad ina gcónaí linn níos mó. Níl siad anseo, mar a bhíodh chuile bhliain eile go dtí seo ó rugadh iad, le mise a thabhairt ar m’aire faoin lá mór seo.

Agus, níl m’athair féin beo, faraor. D’fhág sé an saol seo, gan súil agam lena imeacht, cuireadh faighte aige ó áit éigin eile i bhfad ón saol seo, agus i bhfad ó mo thuiscint. Bhí mé fós ró-óg, ag 28 bliana d’aois, le hathair a chailleadh chomh tobann sin, agus gan choinne. Is dócha nach mbíonn aois ar bith feiliúnach do chaillteanas chomh mór sin, ach nuair a fheicim mo pháistí féin, An Bhean Neamhspleách beagnach ar chomhaois liom féin nuair a chaill mé m’athair, tuigim go rómhaith arís an tábhacht a bhaineann le hathair i saol clainne, is cuma cén aois iad na páistí, is cuma cén aois an t-athair.

I wish I had childhood memories of my father.” a dúirt bean liom an tseachtain seo. Anois, tá athair na mná seo fós beo agus tá sí iontach mór leis, agus chuir an ráiteas sin uaithi iontas orm. “What do you mean?” a d’iarr mé féin. Chuir a freagra brón orm. “He’s such a lovely man, but he was never there when we were younger, always working or playing golf or some such. When he was around, he was lovely, but I’d love to have memories of him bringing us to the beach, or for walks, or having long chats with us, like he does now.” a dúirt sí.

Tá cuimhní cinn iontacha agam ó m’athair, agus faoi m’athair. Chaith sé go leor ama inár gcuideachta agus muid óg, ag comhrá linn, ag spraoi linn, ár dteagasc, ár dtreorú. Chuir sé smacht orainn, mar ba ghá go minic, ach thug sé barróga go fial dúinn; an bharróg dheireanach uaidh fós úr i mo chuimhne, mar nach bhfaighidh mé aon cheann eile uaidh go brách, ar an saol seo ar aon nós. Nílim iomlán cinnte faoin todhchaí, an dtuigeann sibh.

Cibé scéal é, tabharfaidh mé an Garraíodóir liom amach le haghaidh greim le hithe ar ball; bronntanas beag uaim, an smaoineamh mall ag teacht chugamsa, an cuireadh mall ag teacht chuigesean, ach mo bhuíochas dá thacaíocht thar na blianta iomlán dáiríre buan mar sin féin. Ní bhíonn gá le cártaí eadrainn, go minic. Is maith atá a fhios aige gur ar scáth a chéile a mhair muid an tuismitheoireacht a rinneamar, agus atá fós á dhéanamh, bíodh is go bhfuil ár bpáistí tógtha anois, agus is maith atá a fhios aige go mbeidh siad anseo ar ball, iad á mhilleadh le bronntanais agus barróga, freisin.

Ach, seo mo chomhairle agus mo bheannacht chuig na haithreacha uile atá á léamh seo inniu – am a chaitheamh, ní inniu amháin ach go rialta, i gcomhluadar bhur bpáistí. Agus, roinnigí barróga go minic leo. Bíodh na barróga sin láidir, agus lán le grá, meas, agus sonas. Tá na barróga sin iontach tábhachtach ar fad, mar nach bhfuil a fhios ag aon duine againn cén bharróg í an bharróg dheireanach.

Bainigí sult as an lá, a fheara.
.

Wednesday, May 6, 2009

Na Trí Theach

Tá na trí theach úd, na cinn atá faoi mo chúram, taobh lena chéile ar an mbóthar céanna. Ag uimhir a dó, tá an teach atá ar cíos fadtéarmach ag Mamó Chorcaí, agus bíonn sí ag teacht agus ag imeacht léi go minic i gcaitheamh na bliana. Tá sí as baile i láthair na huaire agus téim isteach ann chuile mhaidin le fuinneoga a oscailt agus mar sin de.

Ag uimhir a haon, tá teach mo mhic, an teach ina bhfuilimid ag fanacht i láthair na huaire, go dtí go mbeidh an teach nua atá taobh leis réidh faoinár gcoinne. Is sa teach seo, ag uimhir a haon, a thógamar na páistí, mé féin agus an Garraíodóir, agus is ann a rinneadh na cuimhní cinn sin a thabharfaimid linn isteach go dtí an teach nua. Roinnfidh mé ceann nó dhó de na cuimhní cinn sin libh amach anseo, a léitheoirí.

Ó tharla gur uimhir a haon a bhí riamh ar an teach seo ina bhfuilim ag scríobh ag an bpointe seo, agus ó tharla gur tógadh teach taobh leis atá anois ag bun an bhóthair, san áit a b’iondúil do theach le huimhir a haon mar ainm air a bheith, bhí orainn ainm a thabhairt don teach nua. Chaith mé go leor ama ag dul trí na hainmneacha uile a d’fhéadfadh duine a thabhairt do theach atá taobh na habhann, atá garr do dhroichead, le crainn timpeall air. I ndeireadh na dála, ní raibh ach ainm amháin a d’fheil don teach, agus d’aithin mé é chomh luath agus a bhuail sé cnag ar dhoras mo chroí.

I gceann coicíse, beidh mé féin agus an Garraíodóir ag bogadh. Tabharfaimid linn na cuimhní cinn as uimhir a haon agus tosóimid ar chuimhní cinn nua a chur leo istigh i gCeann Scríbe.
.

Thursday, April 16, 2009

Spás

Is iomaí iarratas atá faighte againn, mar chlann, rud éigin a rá nó a scríobh faoi Chiara ó bhásaigh sí in Bagram na hAfganastáine, ach tá deacracht againn fós fiú a hainm a lua eadrainn féin gan titim as a chéile leis an uaigneas agus leis an bpian a thagann, mar a bheadh tuile ann, nuair a shamhlaímid saol gan í.

Chuireamar an suíomh http://www.ciaraweerabrat.com le chéile mar thoradh ar na hiarratais sin, le go mbeadh áit ag daoine, a raibh suim acu ina scéal, aithne a chur ar an mbean a thug ‘grá agus gáire’ isteach inár saol. Tá an suíomh ann freisin le deis agus am a thabhairt dúinn féin cneasú, sin más féidir a leithéid a dhéanamh.

Scríobh mé an dán ‘Spás’ le tuiscint a fháil dom féin ar an gcaillteanas a thagann i láthair nuair a bhristear slabhra clainne. Ní féidir an spás sin a líonadh, ar ndóigh, ach is ann a théann na deora, na smaointe agus na cuimhní cinn, is dócha, agus iarracht á dhéanamh ag duine an spás sin a líonadh arís, nó fiú cúis an spáis a thuiscint.


Spás

Iomlán a bhíomar
Ceangailte go buan
Le téada an ghrá

Daingean a bhíomar
Fréamhaithe go láidir
I gcré an dúchais

Dlúth a bhíomar
Fáiscthe go teann
Ag stair ár sinsir

Deighilte atáimid
Fágtha go brách
Le spás do bháis
 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.