Showing posts with label nádúr. Show all posts
Showing posts with label nádúr. Show all posts

Saturday, January 8, 2011

Tá Sé Ar Ais!

Lámháinn suas! An bhfaca aon duine agaibhse an sneachta ar maidin?

Tá sé ar ais anseo in Inis Eoghain, áit a bhfaca mé an lámhainn, sa sneachtagraf thuas, agus mé amuigh ag siúl i Swan Park ar maidin.

Seans gur chaill duine éigin an lámhbheart, agus gur chuir duine éigin eile ar ghéag an chrainn é. Pé scéal é, tharraing sé mo shúilse ina threo, agus is dóigh liom go ndéanfaidh sé amhlaidh le súil cibé duine a chaill é.

Idir an dá linn, d'fhéadfaí a rá go bhfuil an miotóg bhocht 'out off a limb' agus 'out on a limb' ag an am céanna.
.

Sunday, November 28, 2010

Sneachta in Inis Eoghain

Ag siúl taobh na habhann...
Píce bú...
Taobh na tine..Dreach na tíre...
Brrr...
Dóchas...
.

Friday, October 22, 2010

Torthaí agus Toradh

Seans nach mbeidh deis agam labhairt libh arís go ceann seachtaine, nó mar sin, a léitheoirí. Tá cuairteoirí ag teacht ar ball, agus ansin tá an tOireachtas do mo mhealladh ó dheas.

An méid sin ráite, b’fhéidir go mbuailfeadh fonn rámhaille mé am éigin idir an dá linn, agus ní bheadh de rogha agam ansin ach an rámhaille sin a roinnt libh. Tuigeann sibh féin an chraic.

Pé scéal é, bhí mé ag réiteach an dinnéir ar ball, agus thug mé faoi deara dathanna áille na nglasraí, agus chinn mé an ‘aghaidh’ bheag thuas a dhéanamh daoibh. Ceann don tSamhain atá ann, an dtuigeann sibh. Anois, ná habair nach mbíonn sibh i mo smaointe agam!


Mo chuimhne, nach suimiúil go dtugtar glasraí orthu, agus an oiread sin dathanna éagsúla ar thorthaí Ollmháthair na Cruinne? B’fhéidir go bhfuil freagra na faidhbe glaise le fáil áit éigin ar shuíomh Dennis s’againne, anseo abair.

Ar aon nós, tá toradh mo chuid oibre féin inniu le feiceáil thíos.

Thuas, an mhias ar a dtugaim féin 'Córn agus Cóilis Bácáilte', le córn, cóilis, scailliúin, anlann Tabasco, cáis agus crème fraiche. Thíos, ábhar na méise ar a dtugaim féin Lasagne Bó Chaillte.

Bainigí sult as an deireadh seachtaine, a chairde. Beidh mé ar ais libh go luath, ach deis a fháil.
.

Tuesday, October 12, 2010

An Dúchas ag Briseadh?

Tá bean ar m’aithne agus is mó a bá le hainmhithe ná le daoine. Is fearr léi comhluadar ainmhithe mar, dar léi, ‘They would never hurt you intentionally.’

Tá sí den bharúil, nuair a chuirim ceist faoi ainmhithe a ionsaíonn daoine, go poiblí nó ina mbaile féin, abair, nach ndéanfadh ainmhí a leithéid murach go bhfuil sé ina nádúr a áit sa saol a chosaint, nó, abair, go n-airíonn sé go bhfuil sé i gcontúirt, nó, b’fhéidir, gur caitheadh go dona leis an ainmhí sin uair éigin ina shaol, go raibh sé ‘ill-treated’ ar bhealach éigin, am éigin.

Is minic ‘his bark is worse than his bite’ cloiste agam uaithi, agus thabharfadh sí barróg d’ainmhí salach, nó fiú d’ainmhí crosta, cé go seachnódh sí an duine a bheadh, abair, sotalach, drochbhéasach, nó dímheasúil ina comhluadar.

Thar na blianta, casadh daoine orm leis na tréithe thuasluaite, iad ag caitheamh, go poiblí, agus go sotalach, drochbhéasach, dímheasúil lena gcomhghleacaithe os mo chomhair. Ní deirtear a dhath leo, ach bíonn ionadh orm, mar sin féin; ionadh fearacht an ionaidh a bhíonn orm nuair a deir úinéir madra liom, mar shampla, ‘he wouldn’t hurt you’, agus an madra sin tar éis lorg a fhiacla a fhágáil i mo chóta/craiceann, abair.

Meas tú, a léitheoir, an bhfuil iompar/drochiompar duine ar chomhchéim le drochiompar/iompar ainmhí? An é nach bhfuil i ndrochiompar an duine ach rud ‘unintentional’, an rud a eascraíonn as ‘ill-treatment’ de shaghas éigin a tharla dó ina shaol féin, b’fhéidir?

Nó, an é nach bhfuil ann ach go bhfuil sé i nádúr daoine áirithe an áit ar a bhfuil siad i gceannas a chosaint go sotalach, drochbhéasach, dímheasúil, in ainneoin thionchar a ndrochiompar ar an gcomhluadar?
.

Thursday, October 7, 2010

Supernova 2010K

Tharla sé os cionn 300 milliún bliain ó shin, fiú roimh ré na ndineasár, ach níor thug aon duine faoi deara gur tharla sé go dtí an mhí seo caite.

Bhí Dave Grennan, forbróir bogearraí as Baile Átha Cliath, ach fear ar fairtheoir réalta amaitéarach rialta é, bhí sé ina bhothán ar chúl a thí, ag breathnú ar na réaltaí, mar is iondúil leis, nuair a thug sé faoi deara ‘one of the most dramatic events of the heavens’, an rud ar a dtugtar supernova.

Is éard atá sa supernova ná ‘a cataclysmic explosion during which a star self-destructs with such force it destroys nearby suns and planets’, dar leis an méid a léigh mé san alt seo.

Cé gur tharla an phléasc ollmhór sin na blianta blianta fada ó shin, ‘we are watching an event as it is unfolding’, arsa Dave.

Anois, nach bhfuil sé sin iontach, a léitheoir – muidne anseo ar thalamh na cruinneoige bige seo, ag breathnú anois díreach ar rud a tharla beagnach 300 milliún bliain ó shin, ar chruinneog éigin eile? Bhabha! (mo leagansa de Wow!, ach glacfar le moltaí.)

Pé scéal é, chuala mé Dave ag labhairt ar an raidió inniu, agus an bhfuil a fhios agaibh rud amháin eile, a léitheoirí – dá bpléascfadh an ghrian anois díreach, dar leis, bheadh muidne ar an gcruinneog bheag seo, tusa agus mise, bheadh muid aineolach faoin eachtra ollmhór sin go ceann 8 nóiméad eile!

Go deimhin, b’fhéidir gur tharla sé cheana féin…tic toc, tic toc, tic toc, tic toc…
.

Wednesday, October 6, 2010

In Ainm an Athar

Bhí mé ag éisteacht le clár ar an raidió an tseachtain seo caite, agus chuala mé an láithreoir ag labhairt le mná a tógadh sa chéad leath den fhichiú haois. Bhí grá agus pósadh faoi chaibidil acu ar feadh scaithimh.

Níl a fhios agam an raibh grá ar bith ann an uair sin…’ arsa foirfeach amháin acu, ‘…bhí tú ag iarraidh bheith pósta agus saol maith a bheith agat….’

Luaigh sí go raibh baint nach beag ag an sagart leis an scéal, go raibh faitíos orthu roimh an sagart; ‘peaca marfach’ a bheadh sa phóg féin, ba dhóigh léi, mura mbeadh tú pósta agus tú páirteach ina leithéid de ghníomh, abair.

Ní ba dheireanaí sa tseachtain, chuala mé scéal faoi bhean, ón aois chéanna, a náiríodh go poiblí ón phuilpid, nuair a saolaíodh páiste di, gan í pósta ar chor ar bith. Cé gur mhian léi, agus lena muintir, an leanbh a choinneáil, níor thug an sagart cead di é sin a dhéanamh.

Arís eile, an tseachtain seo, chuala mé sagart ag tagairt den chúigear a baisteadh ina pharóiste le deireanaí, gan fáinne le feiceáil in aon áit, ‘sadly’, mar a dúirt sé féin.

Cé go raibh sagart lárnach, ar bhealach amháin nó ar bhealach eile, sna scéalta a chuala mé le seachtain anuas, níor chuala mé ainm athar luaite i gceann ar bith acu.

Meas tú, a léitheoir, an bhfuil sochaí na linne seo fós ag íoc go daor as an neamhaird sin?
.

Wednesday, August 25, 2010

Barrúil nó Brúidiúil?

Mar is eol daoibh, a léitheoirí, is aoibhinn liom ainmhithe. Mar sin féin, glacaim leis go bhfuil daoine ann a mharaíonn ainmhithe, agus daoine ann a itheann ainmhithe, fiú mura ndéanfainn féin é.

Ár bhfírinne féin ag gach duine againn, a léitheoirí. Sin éagsúlacht an tsaoil.

Mar sin féin, bíonn sé deacair orm, go minic, meon an duine i leith ainmhithe a thuiscint, go háirithe nuair a fheicim a leithéidí seo, agus é le rá ag an té a rinne é ‘"I really don't see what everyone is getting so excited about -- it's just a cat."

Dar léi, cheap sí go mbeadh sé 'funny' é a dhéanamh.
.

Sunday, August 22, 2010

Nuala Nic Con Iomaire

Casadh Nuala orm ag Oireachtas na Samhna i Leitir Ceanainn anuraidh. Bhí a fear uasal, Pádraic, tar éis é féin a chur in aithne dom, ó tharla é léite aige, ar mo bhlag, go mbeinn ann.

Bhíomar ag fanacht le Nuala, aghaidh againn beirt i dtreo an dorais, le go mbeadh muid in ann í a fheiceáil ag teacht.

‘Coiscéimeanna éadroma
ag foluain go réidh,
gan gá le deifir ar an té
nach bhfuil ceangailte ag am.’

Agus í ag siúl inár dtreo, chonaic mé a ‘gile’, agus bhí a fhios agam, ar an bpointe, go raibh duine álainn ag teacht i mo chuideachta. Beagnach bliain is an t-am seo a thit an radharc sin ar mo shúile, agus tá sé fós soiléir ar shúile m’aigne; a háilleacht saolta spioradálta fós liom.

‘Síocháin ag siúl
faoi ghile na n-aingeal,
solas an tséada
ag lonrú ‘is ag leathadh
a gathanna grá
ar an gcuideachta.’

Inár suí le chéile ag comhrá, labhraíomar ar nithe an tsaoil, amhail is go raibh aithne shaoil againn ar a chéile cheana. Agus nithe sin an tsaoil á gcur trí chéile againn, thug mé faoi deara go gclaonadh Nuala a cloigeann rud beag, sula labhródh sí ar ábhar; a súile ar thóir eolais, shílfeá, eolas saolta agus spioradálta a fuair sí áit éigin taobh amuigh, nó taobh istigh, di féin, sular dhúirt sí focal.

‘Tuiscint an todhchaí
á lorg sa spás
os comhair a súile
ar thóir freagra ón bhFaisnéis
sular roinn sí rann.’

Ansin, nuair a labhair sí, chuala mé, agus chonaic mé, na focail uaithi. Bhí a lámha ag labhairt liom, freisin, iad ag bogadh lena briathra, mar a bheadh ealaíontóir ag obair ar chanbhás comhrá, mar a bheadh ceoltóir ag seinm samhlaoidí lena méara.

‘Briathra a béil
á gcuimilt go ciúin
ó bhos go bos,
í ag fuineadh focal
le mothúcháin a méar.’

Chuaigh Nuala i bhfeidhm go mór orm, agus d’airigh mé ceangal léi nach féidir liom a mhíniú, mar nach bhfuil focail ann lena leithéid a mhíniú.

Criadóir an cheoil,
múnlóir na n-íomhánna,
chuala mé do dhán
ag seinm i do shamhlaoidí,
a Nuala.

Ar m’fhilleadh abhaile dom go Bun Cranncha an oíche sin, scríobh mé an dán thuas, Oireachtas, i gcuimhne ar an am sin léi.

Mí ó shin, léigh mé an dán ag sochraid Nuala i séipéal Leitir Móir. Ní raibh sí ach 42 bliain d’aois. Beidh a ‘gile’ liom ar feadh mo shaoil.

*********************

Is i mBaile Átha Cliath a tógadh Nuala. Liam agus Bairbre a hathair agus a máthair, le deirfiúr amháin aici, Máirín, agus ceathrar deartháireacha, Máirtín, Colm, Ruairí, agus Darach.

Rinne sí Gaeilge agus Fraincis mar ábhair bhunchéime in UCD agus, tar éis di iarchéim a bhaint amach sa Fhraincis, chaith sí seal ag obair sa Bhruiséil.

Ar fhilleadh di go hÉirinn i 1995, chuaigh sí ag teagasc le Fiontar. Thosaigh sí ag obair, mar chigire le Fraincis agus Gaeilge, leis an Roinn Oideachais i 1998.

Idir 2002 agus 2007, ghlac sí sos gairme, agus chuaigh sí i mbun togra ealaíne leis An Béal Binn i mBré. Scríobh, agus chóirigh, sí drámaí don stáitse agus don raidió, agus bhí sí mar eagarthóir ar an dá eagrán den iris Blaiseadh, iris a d’fhoilsigh Coiscéim.

Sheinn sí an veidhlín, agus b’ealaíontóir í. Bhí cónaí uirthi ar an gCeathrú Rua lena fear, Pádraic, agus lena n-iníon, Iseult.

Faoi chúram Oispís na Gaillimhe, fuair sí bás go suaimhneach sa bhaile ar an gCeathrú Rua ar an 16 Iúil 2010.

Suaimhneas síoraí dá hanam álainn.
.

Wednesday, August 18, 2010

F...F...F...

Tharla sé ar maidin. Baineadh geit asam. Ní raibh mé ag súil leis.

Bhí mé i mo sheasamh ag fuinneog na cistine. Bhí mé ag breathnú ar na crainn, agus ag breathnú ar an abhainn.

Bhí sí sách cantalach ar maidin, mar abhainn. Bhí ualach báistí ón oíche aréir á iompar aici chun farraige, an dtuigeann sibh.

Ach, ní hí a tharraing m’aird. Ní di a thug mé suntas.

Go deimhin, níor thug mé aird dá laghad, fiú, ar an ngrian ag soilsiú sa spéir, cé gur annamh an radharc í féin na laethanta seo, caithfear a admháil.

Ach, ní hí a tharraing m’aird. Ní di a thug mé suntas.

Fiú agus an abhainn ag rith go cantalach, fiú agus an ghrian ag scaladh go cúthalach, fiú agus an fhírinne lom os mo chomhair, is gan choinne a tharla an eachtra.

A haon…a dó…a trí….

Go tobann. Go réidh. Ceann i ndiaidh a chéile. Gan fuaim le cloisteáil uatha. Bás socair i ndán dóibh.

Tá an Fómhar anseo, i ngan fhios dom, a leitheoirí. Tá na duilleoga ag titim arís.
.

Thursday, August 12, 2010

Garraí Gosh!

Ionad na gCuairteoirí i bPáirc Náisiúnta Ghleann Bheithe, áit ina raibh mé féin agus cara liom inniu. Nach fánach an áit a d'fheicfeá gáirdín!


Tógadh an caisleán sa pháirc idir 1870 and 1873.

Cé go raibh bus ar fáil, shiúlamar ó ionad na gcuairteoirí chuig an gcaisleán, achar 4km; an loch álainn, Loch Bheithe, ar thaobh na láimhe deise dínn ar feadh na súilóide. Thóg mé an pictiúr thuas agus mé istigh sa gharraí daingean ann.


Cuireadh an crann casta éagsúil seo sa pháirc timpeall 1900. Crítómeiarach Seapáine 'Elegans' a thugtar air. Tháinig crainn mar é, ón tSeapáin, isteach go gáirdíní na hEorpa sa bhliain 1861. Fásann an stoc go lúbach, agus bíonn dath umha/corcra ar an duilleoga san fhómhar.

Radharc eile ón ngarraí daingean. Tá sé os cionn céad bliain ó cruthaíodh na gáirdíní ann.

Bhain mé an-sult as mo chuairt, cé nár éirigh liom mo chumarsáid a dhéanamh as Gaeilge ann, ó tharla gan Gaeilge ag na daoine a bhí ag obair ann inniu, feictear dom. Ní raibh Gaeilge ar a gcumas acu siúd lenar labhair mise, ar aon nós. Chuir sé sin iontas orm, caithfidh mé a rá, ó tharla an áit béal dorais le Gaeltacht Ghaoth Dobhair.

Bhfuil a fhios agaibh, a léitheoirí, ach táim amhrasach anocht faoi thodhchaí na Gaeilge sa tír seo. Shílfeá nach mbeadh sé deacair ar rialtas na tíre ar a laghad duine amháin le Gaeilge a fhostú, in achan seirbhís phoiblí sa tír seo?
.

Saturday, July 10, 2010

Éaneolaí...


...ag faire éan le héirí na gréine i mBun Cranncha ar maidin.
.

Friday, July 9, 2010

Sclábhaí nó Saorthoil?


Ní raibh mé ar an eolas faoin bhfeachtas seo sa Fhrainc, feachtas as ar tháinig na ‘oral sex anti-smoking posters’ - ceann acu ansin thuas, a léitheoirí, le ceannteideal ‘"Smoking is to be a slave to tobacco." - go dtí gur léigh mé alt suimiúil le Patrick Hayes ar Spiked ar maidin.

Luann sé, freisin, an feachtas ‘Get Unhooked’, feachtas in aghaidh tobac sa Ríocht Aontaithe as ar tháinig ‘the highest numbers of complaints the advertising standards watchdog has ever received.’, ach mhaígh an roinn sláinte ann go raibh gá leis na fógraí le go dtuigfeadh an pobal an ‘‘controlling nature of addiction to nicotine experienced by smokers every day’.

Tharraing feachtas in aghaidh tobac na Fraince aird, agus gearáin, nach beag, freisin, ach, dar le Marco de la Fuente, an fear a bhí i gceannas ar an bhfeachtas fógraíochta sa ghníomhaireacht fógraíochta BDDP et Fils, "The old arguments – tobacco is bad for you – don't work any more. The message here is that tobacco is a form of submission. In the popular imagination, oral sex is the perfect symbol of submission."

Tharraing Patrick Hayes m’aird i dtreo na dtreoirlínte atá ag an National Institute for Health and Clinical Excellence (NICE) thall, a mholann, dar leis, ‘that all pregnant women should be required to take regular breath tests that monitor carbon monoxide (CO) levels so that health officials can tell if they’re harming their babies by continuing to have a crafty fag or two. And just to be on the safe side, NICE also recommends pregnant women take regular urine and saliva tests.’

Meas tú, a léitheoirí, an bhfuil na feachtais in aghaidh tobac ag dul thar fóir ar fad ar fud an domhain, nó, mar a scríobh Patrick Hayes, ‘The pros and cons of smoking and quitting are best left to people to weigh up for themselves… To buy into the claim that we cannot control ourselves is to shun responsibility for our own personal choices.’?

An bhfuil gá ar chor ar bith le leithéidí na bpóstaer agus na bhfeachtas luaite aige ina alt, nó an fúinn féin é an andúil, is cuma cén andúil í, a sheachaint, agus a thabhairt suas, as ár stuaim féin?
.

Sunday, June 27, 2010

Bob Righter

Más rud nach bhfuil suim dá laghad agat sa chlár Big Brother, a léitheoir, seans nach dtuigfidh tú an t-anagram thuas, agus tá seans eile ann nach bhfuil suim agat ann, agus nach fiú duit níos mó ama a chaitheamh ag léamh an ghiota rámhaille seo uaim. Mar sin féin, tá fáilte romhat fanacht liom anseo ar an scáileán, más rud nach bhfuil a dhath eile úsáideach le déanamh agat i láthair na huaire.

Ach daoibhse, fearacht na mná seo, a choinníonn súil rialta ar gheáitsí an tí ina bhfuil Bob Righter ina dhealbh anagraim, tuigfidh sibh go bhfuil Bob ar an gclár i mbliana le teachtaireachtaí a thabhairt do mhuintir an tí, ó am go chéile.

Cibé scéal é, caitear duine amháin amach as an teach chuile sheachtain, muintir an tí ag ‘nominating’ go haonarach, agus go príobháideach, do bheirt bhall/chónaitheoirí ón teach ar mhaith leo bheith ‘up for eviction’, mar a déarfá.

Suimítear ainmniúcháin na rannpháirtithe, agus bíonn na cónaitheoirí leis an líon is mó ainmniúchán ‘up for eviction’ an tseachtain dár gcionn. Déantar na hainmniúcháin ar an Máirt, agus tá go dtí an Aoine ag pobal na Ríochta Aontaithe duine a roghnú le haghaidh, ahem, díshealbhaithe. 'Sé vótáil an phobail sin a roghnaíonn an té a chaitear amach, an dtuigeann sibh, agus bíonn a roghanna iontach suimiúil, ó am go chéile.

Tá beirt caite amach as an teach go dtí seo. Caitheadh an ‘Beyonce look alike’, Rachael, amach an tseachtain seo caite, rud nár chuir ionadh ar bith ormsa, ó tharla, dar léi, ‘Girls are often jealous and bitch about her’. An créatúr. Dúirt sí, freisin, gurb é an rud ba mheasa a d’fhéadfadh tarlú sa teach ‘if Big Brother took away the mirrors’. Sea.

Caitheadh Govan amach aréir. Fuair Govan bocht 72% de vótaí an phobail. Bhí a fhios agam go raibh seans ann go mbeadh Govan ag imeacht, seachas Mario, Ben, agus Dave a bhí ainmnithe leis, an dtuigeann sibh. Bhí sé de shíor, más féidir an eagarthóireacht a thrust, ag cúlchaint ar chónaitheoirí eile sa teach, agus is léir nár thaitin sé sin le vótálaithe an phobail. Dar le Govan, bhí sé ag ‘going into the house to represent his ethnicity and 'bulldoze stereotypes'. Hmmm...

An méid sin ráite, chuir sé iontas orm go raibh líon a vótaí chomh hard sin. Cheap mé féin go mbeadh vóta réasúnta ard ag Dave, fear, dar leis féin, lenar casadh Íosa Críost i 1992, agus fear a chreideann in UFOs agus i dtaibhsí ach ‘only as an extension of his understanding of the scriptures.’

Mo chuimhne, mar chuid den chreideamh sin aige, dúirt sé, más buan mo chuimhne, nach bhféadfadh sé pósadh a dhéanamh idir dhaoine aeracha. Is ministir é, an dtuigeann sibh, fear a chaitheann ‘a lot of time doing very little but does travel through time and space in the spirit realm…’. Éiríonn go gealtach leis ar a thurais, shílfeá.

Baineann Ben, nó Ben the Bumbler, mar a thugaim féin air, gáire nó dhó asam chuile oíche, agus tá súil agam nach gcaitear amach é, go ceann tamaill. Is ‘Tory boy’ é, fear nach bhfuil ‘posh’, dar leis féin, agus tá sé ‘extremely passionate about politics and obsessed with the Middle East’. Ba mhaith leis an ‘Tory boy’ seo bheith ina' Arab', an dtuigeann sibh, mar, dúirt sé, ‘a harem of Arab girls would improve his home life as not only are they beautiful but they would also look after him.’ An gá dom a thuilleadh a rá…

Sí Josie a thaitníonn liom féin go dtí seo, bean ar ‘country girl’ í, agus bean a ‘hates bullies, attention seekers, moaners and cheats’. Mar a deir an Béarla, 'nuff said!

Ach, ní féidir eagarthóireacht a thrust, agus beidh mise ag coinneáil súil ar an dream seo tí Big Brother, ar mhaithe libhse, a léitheoirí. Beidh mé i mbun taighde chuile oíche ar bhur son. Sea. Níl gá le buíochas, a chairde. Bainim sult as an neamh-mheabhair, an dtuigeann sibh.
.

Tuesday, June 22, 2010

LGBT agus Cearta Daonna

Bhí áthas orm inné nuair a chuala mé gur éirigh, faoi dheireadh, le Lydia Foy aitheantas dlíthiúil mar bhean a fháil sa tír seo. Bhí sé thar am. Tá sí ag fanacht leis an gcinneadh sin le trí bliana déag, an bhean bhocht.

Is iomaí uair a bhí fonn uirthi éirigh as a dianiarrachtaí ach, dar léi, ‘the prize of legal recognition and the responsibility of fighting for rights of the transgender community kept her focused.’ Nár laga a Cé í, agus go gcuire rialtas na tíre seo reachtaíocht i bhfeidhm, go luath, a thabharfaidh deis dí a cearta daonna a chomhlíonadh, agus a hainm a fheiceáil, mar bhean, ar a teastas breithe, mar is cóir.

Is fearr go mall ná go brách, a deirtear, agus feicim go bhfuil An Bille Um Páirtnéireacht Shibhialta ag bogadh céim eile ar aghaidh, mar is cóir. Mar sin féin, tá lucht na heaglaise sa tír seo fós ag labhairt amach ina choinne.

Tá siad breá sásta, shílfeá, a ladar a chur in obair an rialtais, mar a rinne siad go minic cheana, iad ag impí anois ar bhaill an Oireachtais ‘to allow for greater recognition of the proper autonomy of churches and the right to social and civil freedom in religious matters.’ An bhfuil cearta daonna baill an LGB sa tír seo luaite acu sa méid sin, meas tú?

Labhraíonn siad ar ‘social order’ agus ar ‘the right of individuals to the free exercise of conscience’ amhail is dá mba i bhfocail an ‘Gospel’ amháin atá an ‘moral order’ le fáil. Tá sé feicthe againn, thar na blianta, cén toradh a bhíonn le focail na leabhair éagsúla sin, agus ní dóigh liom go raibh ‘free exercise of conscience’ ceadaithe do chuile dhuine, a léitheoirí. Agus an gá trácht a dhéanamh ar ‘moral order’ na tíre seo thar na blianta, am a mbíodh ár ‘morals’ faoi chúram agus greim docht na heaglaise?

Tá cearta lucht an LGBT i mBostún á gcosaint le 40 bliain anuas, ach fós, dar le Arline Isaacson, ceannaire an Massachusetts Gay and Lesbian Political Caucus, ‘we are not quite there yet.’ Má éisteann tú leis an mbean a ghlaoigh isteach ag deireadh an chláir seo ar Radio Boston an tseachtain seo caite, cheapfá nach leor fiú 40 bliain le cearta daonna baill an LGBT a mhúnlú in aigne daoine le ‘morals’ dá gcuid féin acu.

Ar an gclár céanna sin, labhair mo dheartháir, Pierce, fear atá ag obair ar mhaithe le cearta an LGBT i mBostún ó 2003, agus atá ina bhall de bhord stiúrtha an Boston Pride. Dar leis, ‘there is so much to do…there is so much going on around the world…we have to keep working on it…’. Is léir, ón méid atá fós á rá ag an eaglais anseo, gur ionann an scéal sa tír seo.

Go n-éirí linn cearta phobal an LGBT a chosaint agus a thabhairt chun cinn, thall agus abhus.
.

Thursday, June 10, 2010

Ar Camchuairt

Chuaigh mé féin agus Bean an tSléibhe go Gaoth Dobhair inniu. Stopamar anseo agus ansiúd.

Seo chugaibh cuid de radhairc áille an chontae seo, Dún na nGall, grianghraif a ghlac mé agus muid ar bhóthar na camchuairte.

Gleann Nimhe ar an mbóthar go Dún Lúiche


Fothraigh na seaneaglaise i nGleann Nimhe


Gleann Bheatha


An Earagail


An Earagail ó óstán An Chúirt


Bhí béile blasta againn san óstán, taitneamh na gréine ag cur go mór leis an taitneamh a bhaineamar féin as an lá.
.

Wednesday, June 9, 2010

Big Brother

Ar fhaitíos go bhfuil aon duine agaibh, a léitheoirí, le suim agaibh sa chlár ‘Big Brother’, beidh sé ar ais ar an scáileán anocht, ar Channel 4, ag a 9 i.n.

Seo an uair dheireanach, deirtear, a bheas orainn éisteacht le muintir an tí sin, agus ní dochar é sin. Tá a rás rite ag an gclár, i mo thuairim, cé go n-admhaím gur bhreathnaigh mé air go minic thar na blianta. Mar sin féin, le blianta beaga anuas, ní raibh an tsuim chéanna agam ann.

Nuair a thosaigh sé, bhraith mé go raibh mé ag breathnú ar dhaoine dáiríre, daoine le fadhbanna/uaillmhianta/dóchais an tsaoil á mealladh agus á stiúradh chun saibhris/clú/cáil de shaghas éigin a bhaint amach ina saol. Cé nárbh iad a mianta mo mhianta féin, thuig mé go raibh daoine ann a shantaigh na nithe sin, agus chuir mé suim ina mbeathascéalta, é mar mhana agam, go minic, ‘murach grásta mo Ché…’

Ar ndóigh, tá a fhios agam gur roghnaíodh na rannpháirtithe uile le go mbeadh páirt lárnach acu sa teach, páirt a mheallfadh lucht féachana. Ní dóigh liom go ndeachaigh na léiritheoirí thar fóir ag lorg daoine ciallmhara stuama staidéaracha, cé go raibh a leithéid ann, ó am go chéile. Ceapaim.

Cibé scéal é, le blianta beaga anuas, d’airigh mé go raibh an tsoineantacht imithe, más rud gur féidir a rá go raibh soineantacht riamh ann, ar ndóigh, agus ní raibh suim agam sna beathascéalta a thuilleadh. Bíodh mé ceart nó mícheart, aisteoirí a chonaic mé ar an scáileán. Bhí an daonnacht agus an nithiúlacht ag éalú uainn de réir a chéile.

Cá bhfios dom, a léitheoirí, ach b’fhéidir gur mar sin atá...
.

Wednesday, May 5, 2010

An tUachtarán agus Derek ag Dul Fiáin

Má bhrúnn tú anseo, beidh tú ar shuíomh Mooney Goes Wild, clár suimiúil ó RTÉ; ‘The core of the programme is an 'ask about wildlife facility' in which phone-in queries, letters and emails, are answered live in studio by our regular panel.’ agus ‘Topics vary from bees to bats with contributors aged from nine to ninety.’

Is maith liom an clár seo. Tá ‘School Watch’ ar an suíomh gréasáin acu, agus gach seachtain ‘a different animal and plant will be highlighted with some unusual facts and figures’. Is féidir le múinteoirí agus daltaí bheith páirteach sa chlár, tríd an láithreán gréasáin, rang idirghníomhach a bheith acu ar líne, agus an t-eolas faoi na hainmhithe áirithe ar an suíomh a fhoghlaim.

Ina dhiaidh sin, tá deis ag na páistí sa rang na ceisteanna faoin ábhar ar an suíomh a fhreagairt, nó is féidir leis an múinteoir ranga na ceisteanna a phriontáil, agus ‘quiz session’ a eagrú sa rang ‘to encourage an interest in natural history with your students’.

I láthair na huaire, is féidir nead spideoige nó nead meantáin ghoirm a fheiceáil, beo ar líne. Tá nead na spideoige i ngarraí Derek Mooney, láithreoir an chláir, agus tá nead an mheantáin ghoirm in Áras an Uachtaráin. Bhuel, chan san Áras féin, ach áit éigin sa gharraí ann, is dócha. Leantar dul chun cinn na n-éan, beo ar líne, go dtí go bhfágann na héin uile an dá nead.

Tá teachtaireacht ó Uachtarán na hÉireann, Máire Mhic Ghiolla Íosa, ar an suíomh, i ríméadach as an bpáirt ata á ghlacach ag an Áras i Nestwatch 2010. Is féidir a teachtaireacht a léamh anseo, as Béarla agus as Gaeilge.

Maith thú, a Uachtaráin, a chara. Maith sibh Derek agus RTÉ.
.

Sunday, April 18, 2010

Baic an Bholcáin Bhacaigh

Thréig codladh na hoíche mé luath go leor ar maidin, a léitheoirí, agus chinn mé go mba chóir dom éirí agus cupán caife a bheith agam in bhur gcomhluadar.

Nach suimiúil an tseachtain a bhí ann? Tá cuairteoirí linn anseo, dream a bhí in ainm a bheith ar ais i Londain ó Dé hAoine, ach atá fós linn, de thoradh an bholcáin úd san Íoslainn, ashteach, ahem, go leor.

Fuair mé téacs inné ó chara liom thall in Providence, Rhode Island. Chuaigh sí anonn, an tseachtain seo caite, chuig tionól cuilteála, agus níl bealach abhaile aici go hÉirinn go dtí Dé Céadaoin seo chugainn, ar a thúisce. Níl eitleáin ar bith sásta í a thabhairt as Bostún abhaile, fós ar aon nós, agus thuigfeá sin.

Ar ndó, ahem, ní raibh súil aici go mbeadh uirthi fanacht thall, agus ní raibh áit le fanacht aici. Bhí sí i sáinn. Suas liom ar mo chapall bán, scairt mé ar an dream thall, agus tá sí anois i gcomhluadar daoine a thabharfaidh aire mhaith di, go dtí go bhfaighidh sí bealach abhaile, luaithreach, ahem, nó mall.

Is é an smaoineamh a rith liom féin ar maidin, a léitheoirí, gur féidir linn uile ár rogha rud a rá faoi dhia nó faoi dhiabhal, ach is é an nádúr atá i gceannas orainn uile, shílfeá.

Bainigí sult as an lá, a chairde.
.

Friday, April 16, 2010

Scamaill Dhiúltacha agus Solas Dearfach

Bhí mé ag éisteacht le fear ar chlár Gerry Ryan ar maidin, timpeall 9.45 a.m.

Bhí an fear seo, Brian a ainm, ceapaim, agus an 65 páiste atá faoina chúram i láthair na huaire, bhí siad in ainm a bheith ag taisteal go Páras inné ach, mar is eol do chách, ní raibh eitleáin ag dul áit ar bith inné.

Fágadh Brian agus na páistí ag an aerfort ar maidin, ach d’fhan tiománaithe a mbusanna leo, ó tharla gur chuala siad go raibh fadhbanna taistil ann. Mar a tharla do chuile dhuine i ngach aerfort ar fud na hEorpa, tháinig an drochscéal chuig an ngrúpa – ní raibh eitleáin ag bogadh, agus ní bheidís ag dul go Páras.

An raibh siad buartha? Is dócha go raibh. Ach níl a thuilleadh, mar amach as na scamaill dhiúltacha sin tháinig solas dearfach. D’oscail an amharclann i Sord a doirse, agus thaispeáin scannán do na páistí. Tháinig na busanna ansin, agus thug siad na páistí leo go Maigh Eo, áit ar oscail óstáin agus ionaid spóirt i gCaisleán an Bharraigh agus Cathair na Mart a ndoirse do na páistí.

Tá siad anois ag baint suilt as an aimsir álainn in iarthar na tíre áille seo, agus, mar a dúirt Brian, a bhfeighlí, níl a fhios aige céard a bhí á dtabhairt go Páras ar chor ar bith, agus daoine chomh dearfach agus chomh cuidiúil sin sa tír seo, agus an aimsir chomh álainn seo.

Mar a deirtear sa Bhéarla labhartha ‘’nuff said!
.

Monday, January 25, 2010

Meon nó Mearbhall?

Mar a tharlaíonn, ó am go chéile, agus mé i mo shuí sa seomra suite nó sa chistin ag plé le mo rámhaille rialta, bíonn an teilifís ag caint liom sa chúlra. Ní thugaim aird uirthi an t-am ar fad, mar is minic raiméis ag teacht uaithi nach mbaineann liom nó nach mbainim léi. Ach, corr uair, scaoilim le m’aird agus téann sí féin, mo chluasa agus mo shúile i dtreo na teilifíse, rud a tharla ar an Aoine, más buan mo chuimhe.

Mar a scríobh mé anseo cheana, feicim an clár ‘Family Fortunes’ anois is arís. Ar an gclár Dé hAoine, cuireadh an cheist ‘Name something you would pull’. Más cuimhin libh, bíonn an cheist seo curtha ar ‘100 people surveyed’ roimhe, agus is iad na ‘top answers’ uatha siúd na freagraí atá le fáil ag iomaitheoirí an chláir. Seo thíos na freagraí a tugadh sa suirbhé sin, más fíor:

1. Leg
2. Pint
3. Caravan/Trailer
4. Opposite Sex
5. Chain
6. Curtain


Meas tú, arsa mise liom féin agus mé ag breathnú ar fhreagra uimhir a 4, an é nach gcuirtear, sa suirbhé, ceisteanna mar seo ar dhaoine aeracha riamh? Nó an bhfuil baint ag lucht na heagarthóireachta leis an toradh thuas? Nó an é gur ‘opposite sex’ an freagra a tháinig go nádúrtha as béal formhór na ‘100 people surveyed’?

Cibé scéal é, ó tharla mé ag caint ar dhaoine aeracha agus ar an gclár Family Fortunes, caithigí súil ar an bhfíseán seo ó youtube, agus bainigí sult as.

Maidin mhaith, a chairde!
.
 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.