Bíonn An Pluiméir anseo ó am go chéile agus tugann sé daoine leis isteach sa teach nua, custaiméirí nó cliaint ionchasacha, le go bhfeice siad an dá chóras téimh lárnaigh atá againn i gCeann Scríbe. Bíonn sé ag plé le chuile chineál córais ach is iad an córas geoiteirmeach agus an córas téamh gréine atá curtha isteach aige i dteach s’againne.
Thug mé faoi deara, go háirithe nuair a bhíonn lánúin ann, nó fear agus bean in éineacht más fearr leat an leagan sin, go mbíonn na fir ag éisteacht go géar le gach focal ó bhéal An Phluiméara, a n-aire agus a súile dírithe go hiomlán ar an gcóras téite agus a mhodh oibre. Bíonn na mná ag éisteacht freisin, gach uile fhocal á chloisteáil acu, an modh oibre á fheiceáil acu, ach an teach iomlán agus a bhfuil ann a shú isteach trína súile aici ag an am céanna.
Ní chuireann sé sin isteach ná amach orm, mar go bhfuil a fhios agam go bhfuil mná, go hiondúil, ildánach agus ilfheidhmeannach agus go bhfuil an inniúlacht sin acu, bail ó Ché orthu, a n-aird a dhíriú ar mhíle rud ag an am céanna. Ócé, tá sé sin rud beag áibhéalach, ach tuigeann sibh céard atá i gceist agam, a léitheoirí cliste. Tá a fhios agam nach bhfuil suim dá laghad ag na fir in aon rud eile sa teach ach sa chóras téite, ach tá a fhios agam go mbeadh an bhean atá in éineacht leis istigh i ngach uile sheomra, cófra, tarraiceán agus prios sa teach, le go bhfeicfeadh sí cén modh oibre atá acu, agus agamsa, dá bhfaigheadh sí cead. Tá a fhios agam é sin mar gur bean mise mé féin, an dtuigeann sibh.
Agus cén chaoi, más bean mé, a bhfuil a fhios agam faoi mheon na bhfear a thagann isteach i mo theach? Inseoidh mé é sin duit anois, a léitheoir. Tá a fhios agam é sin mar go bhfuil muc sa teach agam. Sea, muc. Ach ní hé an mhuc mar a thuigeann tusa an focal ‘muc’ atá i gceist agam ar chor ar bith, ach an rud sin ar a bhfuil an leasainm ‘muc’, agus a chuirtear i slograch an doirtil sa chistin; an gléas diúscartha dramhaíola a itheann fuíoll torthaí agus bia, málaí tae, blaoscáin srl., a dhéanann brúitín dóibh, agus a thugann leis iad cibé áit a dtéann gnáthuisce an doirtil. Níl garraí againn, sula dtosóidh aon ghníomhach múirín do mo cháineadh!
Nuair a bhíonn cuairteoirí againn, taispeánaim timpeall an tí iad. Bíonn siad ag ooháil agus ag aaháil, fir agus mná d’aon ghuth maidir le háilleacht gach seomra, tá súil agam, go dtí go dtagaimid chomh fada leis an muc sa chistin. Is anseo a dhealaítear na fir ó na mná, maidir lena meon ar aon nós. Agus mé á gcur in aithne don mhuc, faighim greim ar mhála tae úsáidte, cuirim isteach i mbéal na muice é, cuirim an sconna ar siúl, brúim cnaipe agus, hey presto, tá an mála tae imithe leis síos sa slograch.
“
Gosh, that is very useful!” a déarfaidh an bhean, agus í réidh le bogadh ar aghaidh go dtí an chéad iontas nua eile. Ach chan an fear. “
Go on, can I have a go?” a déarfaidh sé, agus a shúile ag lonradh le háthas naíonda, mar a bheadh páiste ann atá tar éis bréagán nua a aimsiú. Agus fanann sé ansin leis an muc, é ag spraoi leis, gach rud atá in aice láimhe á chaitheamh isteach aige i mbéal na muice, agus é ag brú cnaipí ar a sháimhín só.
Ní gá a thuilleadh a rá. Tuigeann sibh an difríocht eadrainn anois, a léitheoirí. Tá mná ciallmhar. Tá fir ‘mucánta’.
.