Tá doiciméad Wordfast ar mo dheasc ar an ríomhaire dár dteideal ‘Ag Déanamh Iontais’, agus is ann a scríobhaim ar dtús na smaointe a ritheann liom, sula gcuirim isteach ar an mblag iad. Tugann sé sin deis dom an píosa a léamh arís, agus é a cheartú más gá. Agus is minic gur gá muise!
Ní hé go bhfuilim iontach díograiseach faoin ngramadach, ach is maith liom chuile iarracht a dhéanamh cloí leis an rud is cirte, más féidir liom ar chor ar bith. Déanaim amhlaidh agus mé ag scríobh as Béarla. Iníon múinteora mise, agus is fear é m’athair a choinnigh cluas agus súil ghéar ar an dóigh ar labhraíomar agus ar scríobhamar agus muid ag fás aníos. Bhí mé iontach mór le m’athair, agus thuig mé go maith go raibh sé ag iarraidh go mbeadh muid ullmhaithe go maith, cibé teanga a bheadh in úsáid againn sa saol. Rinne sé iarracht é sin a dhéanamh ar aon nós! Fear é a bhí iontach cineálta agus cairdiúil liom, agus airím uaim go mór é fós, cé gur chailleamar é ónar saol os cionn 20 bliain ó shin. Ní raibh sé ach 56. Sin an saol.
Ach is é teagasc mo mháthar a bhíonn i mo smaointe agus mé ag léamh an rud a scríobhaim in athuair. Ní bean í a labhraíonn amach go minic, ach nuair a labhair sí linn ag an mbord ag am dinnéir ar an Domhnach agus muid inár ndéagóirí, is minic gur ceacht saoil a bhí mar bhronntanas aici dúinn. Thug sí féin agus Dad cead ár gcinn dúinn riamh labhairt ar ábhar ar bith, ach is í Mom a chuirfeadh stop leis an gcomhrá ag am dinnéir dá gceapfadh sí go rabhamar, a bheag ná a mhór, ag caitheamh go dona le duine ar bith, bíodh an duine sin ar ár n-aithne nó ná bíodh.
Déarfadh sí i gcónaí nach raibh sé de cheart ag duine ar bith againn ár dtuairimí maidir le duine eile a roinnt go húdarásach go dtí go raibh bóthar an duine sin siúlta againn féin, agus bróga an duine sin ar ár gcosa. Is mar gheall air sin a léim an píosa atá scríofa agam don bhlag in athuair, le cinntiú go bhfuilim ceart agus cóir sa mhéid atá scríofa agam. Níor mhaith liom aon duine a ghortú. Tá súil agam nach ndéanfainn é sin, nó nach ndéanfaidh mé é sin go brách ar an mblag seo.
Ar ais ag Jade Goody anois. Is mar gheall ar an teagasc sin ó mo mháthair nach féidir liom ach caitheamh go cóir le Jade bhocht. Níl le déanamh ach breathnú ar an tógáil a fuair sí le tuiscint a fháil ar an dóigh ar láimhseáil sí a ham i dteach Big Brother. Ní raibh saol páiste aici riamh, mar is cóir saol páiste a bheith ar aon nós, ach d’éirigh léi, sa seal gairid a chaith sí ina beatha, grá as cuimse a roinnt lena páistí féin. Sa mhullach ar an méid a d’fhulaing sí ina hóige, an bhfuil sé féaráilte ar chor ar bith go raibh an oiread sin péine roimpi arís, díreach agus an saol ag teacht ina cheart di? Le focail Thaidhg a ghoid as a dhán, ‘It’s just not fair’!
(http://garraijohnnymhorgan.blogspot.com/2009/04/dan-bronach.html
Géarchúis ghoile ghéar
3 hours ago
No comments:
Post a Comment