Showing posts with label focal. Show all posts
Showing posts with label focal. Show all posts

Saturday, January 8, 2011

Tá Sé Ar Ais!

Lámháinn suas! An bhfaca aon duine agaibhse an sneachta ar maidin?

Tá sé ar ais anseo in Inis Eoghain, áit a bhfaca mé an lámhainn, sa sneachtagraf thuas, agus mé amuigh ag siúl i Swan Park ar maidin.

Seans gur chaill duine éigin an lámhbheart, agus gur chuir duine éigin eile ar ghéag an chrainn é. Pé scéal é, tharraing sé mo shúilse ina threo, agus is dóigh liom go ndéanfaidh sé amhlaidh le súil cibé duine a chaill é.

Idir an dá linn, d'fhéadfaí a rá go bhfuil an miotóg bhocht 'out off a limb' agus 'out on a limb' ag an am céanna.
.

Monday, November 29, 2010

Pluckáil Leat!

‘The Pluck of the Irish’ a thug Ajai Chopra, ceannaire mhisean an IMF in Éirinn, ar an ní sin atá againn, nó ionainn. Cibé an ‘againn’ nó ‘ionainn’ atá an ‘pluck’ sin, is léir go gceapann Ajai go bhfuil a leithéid de rud ag muintir na hÉireann agus an ‘pluck’ sin.

‘courage or resolution in the face of difficulties’ atá ag dictionary.com don fhocal sin ‘pluck’. ‘Tá ‘to summon up one's courage; rouse one's spirits’ ann do ‘pluck up’, cé go bhfuil, go sábhála Cé sinn, ‘to eradicate; uproot’ acu mar mhíniú ar ‘pluck up’, freisin!

‘Sponc na nGael’ a rith leis an Dómhnallach, nuair a labhair mé léi ar maidin. Tháinig mé ar na focail ‘anam’, ‘faghairt’, ‘griongal’ ‘miotal’, ‘spiorad’, ‘ugach’ i WinGléacht, focail a d’fheilfeadh, is dócha, don ní sin ar ‘pluck’ é.

Dar le De Blaldraithe, leathanach 535, bheadh duine ‘misniuil’, ‘cróga’, ‘calma’, dá mbeadh duine ‘plucky’; ‘is miotalach an buachaill é’ an buachaill ‘plucky’, agus, mura mbeadh sé 'plucky', abair, agus é ag iarraidh ‘to pluck up one’s courage’, bheadh air a ‘mhisneach a ghlacadh.’

Tá an focal sin ‘pluck’ le fáil anseo, leathanach 343, ‘A etymological dictionary of the Scottish language…’, faoin fhocal ‘DRAUCHT’, agus is fiú súil a chaitheamh ar ‘To DRAUCHT, v.a.’ ann,

‘To make a proper selection in a flock by choosing out and selling off the bad…’ Hmmm...

Ar fhaitíos aon mhíthuiscint, a léitheoirí, agus ó tharla gur tháinig mé ar an bhfocal ‘plucálaí’ sa leabhar ‘Cén Sórt É’, leathanach 85, bíodh a fhios agaibh gurb éard atá ina leithéid ná ‘caimiléir’, an ‘duine a choinneodh rud ba leat féin uait.’

Hmmm...
.

Thursday, November 11, 2010

Focail Liom, Focail Leat

Ní raibh a fhios agam fúthu, cé go mbainim, ahem, úsáid astu. Is cosúil go bhfuil a leithéidí ann agus, bhuel, ‘filler words’,

‘a sound or word that is spoken in conversation by one participant to signal to others that he/she has paused to think but is not yet finished speaking.’ dar le Wikipedia.

Ní hionann iad agus an thingamajig sin, an ‘placeholder name’, leithéidí ‘Whatchamacallit’ agus ‘Whatshisname" nó ‘Whatshername’, focail, dar le Wikipedia,

‘which refer to objects or people whose names are temporarily forgotten, irrelevant or unknown.’

Is ‘placeholder names’ iad John Doe, Joe Bloggs, A.N. Other, John Citizen, agus fiú ‘yer man’, abair, gan trácht ar bhéarlagair bradaí lucht na teicneolaíochta.

Táim sásta glacadh le bhur leaganacha Gaeilge ar na leaganacha Béarla thuas, a léitheoirí, ach, idir an dá linn, is dóigh liom gur féidir linn ‘focail líonaigh’ a thabhairt ar na ‘filler words’, agus ‘ainmneacha ionadchoinneálaí’ a thabhairt ar na ‘placeholder names’, mura gcloisfimid a mhalairt ó na, ahem, focleolaithe a bhíonn ag léamh an bhlag seo; a leithéidí whathisname agus whatshername, mar shampla.

Pé scéal é, cá raibh mé? Ó, sea! Na focail líonaigh sin. Tharla sé go raibh mé ag éisteacht le The John Murray Show ar maidin, agus chuala mé Claire Clone ag labhairt ar Etiquette, agus ise a luaigh na ‘filler words’ sin a tharraing m’aird.

Dar léi, is ionann na focail líonaigh agus focail fearacht ‘like’ agus ‘you know what I mean’, agus, dar léi, ‘if you are using filler words, it shows that you are not confident about what you’re saying…’. Abhaits!

Maidir leis na focail mhóra, ‘f*** words’ fearacht ‘feck’ agus ‘flip’, mar shampla, níl siad ‘desirable’ ar chor ar bith. Níl iontu, dar léi, ach, ahem, ‘a crutch for conversational cripples…’. Úps!
.

Monday, October 18, 2010

Nathanna Cainte

Táim gnóthach an tseachtain seo. Céard atá á dhéanamh agam?

Hmmm…

Ceist mhaith. Déanaim é cúpla uair sa bhliain, díreach in am don samhradh, agus díreach in am don gheimhreadh.

I láthair na huaire, is iad éadaí an tsamhraidh atá á gcur san áiléar agam, agus tá éadaí an gheimhridh á dtabhairt anuas as agam. A mhalairt a tharlaíonn i Mí Aibreáin, ar ndóigh, le héadaí an gheimhridh ag dul suas, agus éadaí an tsamhraidh ag teacht anuas.

An bhfuilim ag stóráil éadaí, nó á gcur i dtaisce, meas tú?

Dar le dictionary.com, is ionann ‘storing’ agus ‘to accumulate or put away, for future use..’ nó ‘to deposit in a storehouse, warehouse, or other place for keeping,’ Dar leo, is ionann ‘hoarding’ agus ‘to accumulate for preservation, future use, etc., in a hidden or carefully guarded place…’

Ní dóigh liom go bhfuil áiléar s’againne ‘carefully guarded’, ach tá ‘preservation’ agus ‘future use’ i gceist leis na héadaí atá, agus a bhíonn, i dtaisce ann, nó stóráilte ann, nó fiú ar stór ann.

Maidir le stóráil na n-éadaí, níl dabht ar bith ach go bhfuilim ag ‘acummulate’áil agus ag ‘putting away’áil san áiléar; na héadaí ann ‘for keeping’, mar a déarfá, le haghaidh ‘future use.’

Mar sin, a léitheoirí, an bhfuilim ag taisceadh, nó ag stóráil, nó an ionann é rud a chur i dtaisce agus é a stóráil? An bhfuil m'éadaí i dtaisce agam, nó ar stór agam?

*************************************
McCionnaith, lch. 615:

‘Ní ṫáinig cruinniṫeoir riaṁ ná tiocfaḋ scaipiġṫeoir ‘n-a ḋiaḋ.’
‘An rud cruinniġtear go boċt scaipṫear go holc.’
‘An rud do cruinniġeaḋ go cráiḋte ġá scaipeaḋ le gaoiṫ’

O’Neill Lane, lch. 784:

'Hoard': ‘the tight hand will get a wide scattering' – 'ġeaḃaiḋ an cruinniuġaḋ cuṁang sgabaḋ fairsing’

'Hoarder': ‘the hoarders’s hare in the spendthrift’s hands' – 'cuid an taisgeóra ag an ċaiṫteóir.’

Dinneen, lch. 1129 agus 1163:

‘I make store of, hoard, store up’ – ‘ cuirim i stór’

‘i dtaisce’ – ‘stored, put by’

‘cuirim i dtaisce’ – ‘I store, deposit’

De Bhaldraithe, lch. 340 agus 711:

'Hoard': 'Taiscím, cuirim i dtaisce, cnuasaím'

'Hoarder': 'Cnuastóir, coigleálaí'

'To store sth. up': rud a chruinniú, a chnuasach'

'Cuirim (troscán, etc.) ar stór, i gcoimeád; stórálaim, taiscim.'

Ó Dónaill, lch.1170 agus 1196:

'Rud a chur ar stór' - 'to store sth.'

'Tá sé i dtaisce in áit éigin' - 'It is put away somewhere.'
.

Monday, October 11, 2010

Cruthaitheacht

Ó tharla mé ag scríobh faoi ábhar cruthaitheach sa bhlagmhír dheireanach, chinn mé go roinnfinn fógra teilifíse nó dhó libh.

Gráinneog agus An Bhean Neamhspleách a thug faoi mo dheara na cinn seo thíos, agus is léir dom, ón iontas agus ón gháire a roinneamar triúr agus muid ag breathnú ar na fógraí ar youtube aréir, go bhfuil géinte a n-athar agus a máthar beo beathach sa bheirt acu.

Tá meas acu, feictear dom, agus buíochas le mo Ché, ar an meon cruthaitheach. Tuigeann siad go maith go bhfuil díolacháin táirgí i gceist leis na fógraí, ach aithníonn siad an taobh cruthaitheach den mheon a chruthaigh na fógraí sin. Ach go háirithe, baintear gáire astu nuair a bhíonn acmhainn grinn chruthaitheoir an fhógra soiléir ar an scáileán.

Aréir, thuigeamar go maith an teachtaireacht taobh thiar den fhógra seo, agus, ahem, chonaiceamar go maith an teachtaireacht taobh thiar den fhógra seo, agus bhíomar ár marú féin ag gáire nuair a chualamar buaiclíne* an chinn seo.

* Cén Ghaeilge atá ar ‘punch line’ meas tú? Fotha líne? Abairt bhuaice? Rogha na bhfoclóirí? Do rogha féin?
.

Monday, October 4, 2010

Nathanna Cainte

‘Is maith an aghaidh ort é!, a dúirt bean amháin liom.
‘Is maith an oidhe ort é!, a scríobh bean eile chugam.

Is ionann an fhuaim bhriathartha, feictear dom, atá ag an dá fhocal sin ‘aghaidh’ agus ‘oidhe’, agus is ionann míniú na n-abairtí: ‘tá sé tuillte go maith agat’, ‘is maith an díol ort é’ nó ‘is maith a shaothraigh tú é’, mar shampla.

Dá mbeadh ‘aghaidh ar an aimsir’, bheadh an aimsir socraithe socair, agus dá gcloisfeá ‘is air atá an aghaidh’, bheadh a fhios agat go raibh dreach dána ar an duine sin. Ní luaitear ‘dána’, ach tá a fhios agat gur dána atá sé nuair atá an ‘aghaidh’ sin air!

Go deimhin, dá mba mhór an oidhe slaite tú, bheadh an tslat tuillte agat, ceaptar, agus bheadh daoine ann a déarfadh go bhfuair tú an rud ab oidhe duit, go háirithe dá mba rud é gur ort a bhí an aghaidh sin, a dhuine an dreacha dhána!

Mar sin féin, dá mbeadh tú i d’oidhe déirce, bheadh trua ag daoine duit, agus ní slat a gheobhadh tú, cheapfainn, ach carthanacht. Mura dtabharfaidís carthanacht duit, d’fhéadfá oidhe do bhéil a thabhairt orthu, rud nach mbeadh go deas, i ndáiríre, ach dá mba hé a oidhe é, ní ort a bheadh an locht!

Maidir le hOidhe Chlainne Lir, agus le hOidhe Chlainne Uisnigh, scéalta tragóideacha a bhí iontu. Go deimhin, dá mbeadh ort féin oidhe a fháil, ní deas an bás a bheadh in ann duit, cheapfainn, agus b’olc an oidhe urraime iad daoine a dhéanfadh a leithéid ort!

B’fhéidir gur fearr duit gan aghaidh a thabhairt ar an gcontúirt, ach aghaidh a thabhairt ar an obair. Ar an gcaoi sin, bheadh aghaidh gach drochscéal i bhfad uait.

*************************************

Lch. 12 agus lch. 923 FGB Uí Dhónaill
Lch. 180 FBG De Bhaldraithe
Lch. 11 agus 810 Dinneen
Lch. 437 O’Neill Lane
Lch. 311 McCionnaith
.

Monday, September 13, 2010

Cá Bhfuil Mé?

San áit seo, táim i mo shuí go ceochánta faoin gclúid, tá leaba bhrothallach agam, tá caoi mhaith orm, táim ar mo chompóirt, táim cluthmhar anseo, táim ar mo chraoibhín, ar mo chúilín seamhrach, ar mo thúilín tseabhrach, faoi dhídean dheas mhothallach, tá saol sámh agam, tá sáimhríocht anseo, tá saoráid mhór agam, táim i nead sheascair, táim ar mo shocracht, táim chomh té le luichín i stáca.

Tearmann teochroíoch, crios cluthar, ciorcal cosantach, dídean dhíonach? Céard a thabharfá féin ar an áit sin ina bhfuilim anois?
.

Saturday, August 21, 2010

Kiss My...

…bad mouth, an ea? Ní hea.

Níl baint ar bith, sa chás seo, ag an ‘kiss my..’ sin le ‘bad mouth’, cé go bhfuil an dá cheann acu le fáil sa leabhar ‘Kiss My…póg mo thóin; dictionary of English-Irish Slang’ le Garry Bannister, ó na foilsitheoirí, New Island Books.

Go deimhin, agus níl anseo ach fainic bheag don té nach maith leo mionnaí móra, abair, nó don té nach mbeadh tugtha d’fhocail gháirsiúla ghnéasacha, b’fhéidir gurbh fhearr cuid den bhéarlagair sa leabhar seo a sheachaint. Mar sin féin, níl a dhath ann nach gcloistear beo beathach i mbéal an phobail ar fud na tíre.

Ach, ní abairtí le mionnaí agus focail gháirsiúla ghnéasacha amháin atá sa leabhar. Samplai eile d’abairtí atá liostaithe faoi ‘kiss’, mar shampla, tá ‘kiss-and-tell-stories’ (scéalta grá ar son pá), agus ‘kisser’ (gob), rud nach ionann agus ‘bad mouth’, bíodh a fhios agaibh. Faoin liosta ‘bad mouth’ tá ‘You’re always bad-mouthing him’ (Bíonn tú de shíor ag dubhú a ainm air!)

I bhfocal Alan Titley, ina réamhrá, ‘There are words and phrases here that you will not find in a conventional dictionary; ‘nerdy’…’poxy’…’effin and blinding’…’snog’…’puff’…’ Agus níl ansin ach cuid acu.

Is féidir leagan Gaeilge de, mar shampla, abairtí leis an bhfocal ‘piss’ iontu a fháil, (Piss off!, Are you taking the piss? Piss-artist), nó, abair, abairtí leis an bhfocal ‘dick’ iontu, (He’s a right dick! dick-head.), rud nach ionann, b’fhéidir, agus an duine a bheadh ina ‘ass-wipe’!

I bhfocal an údair, Garry Bannister, i mBrollach an leabhair,

‘…Drochchaint – níl a leithéid ann! Is féidir le teanga bheith maslach nó náireach don té a éisteann léi ach níl ansin ach frithchaitheamh ar an duine agus an aois lena mbaineann an duine sin, ní ar an teanga féin. Níl san fhoclóir seo ach caint lom na ndaoine…Soláthraíonn an leabhar beag seo caint choitianta an Bhéarla laethúil lena macasamhla sa Ghaeilge…’

Cheannaigh mé an leabhar le déanaí, agus mé ar saoire i gConamara. Ó fuair mé é, tá abairtí as léite amach os ard agam, i gcomhluadar Béarlóirí agus Gaeilgeoirí, agus baineann chuile dhuine taitneamh, agus gáire, as. Seoid de leabhar!

Níl aon dabht faoi, a léitheoirí, ach rinne Garry garraíodóireacht iontach, agus tá béarlagair na Gaeilge faoi bhláth sa leabhar seo.

An bhfuil a leithéid d’fhocal ann agus, ahem, gaeilgegair, meas tú…
.

Wednesday, June 30, 2010

Bhfuil Handcuffs Uait?

Táim buíoch de John as m’aird a tharraingt ar an bhfocal ‘dornasc’, focal a luaigh sé ag deireadh an ailt seo uaidh. Táim buíoch de freisin as gáire a bhaint asam leis an bpictiúr ag deireadh an ailt, agus as an ngreann uaidh féin agus ó Dennis sna tráchtanna ailt.

Tá súil agam go mbeidh deis ag Bernie Ní Fhlatharta (Gaelscéal, 25 Meitheamh, lch.13) an t-alt a léamh, le go bhfeice sí nach bhfuil ‘an chraic imithe’, agus nach bhfuil an saol ‘imithe i bhfad ródháiríre’, agus go bhfuil cuid againn, fós, nach bhfuil, tá áthas orm a rá, ‘rófhásta suas’. Ná laga a Cé a gáire, ná gáire mo léitheoirí Gael!

Ar aon nós, ar ais linn chuig na 'handcuffs', mar táim cinnte go bhfuil sibh ann a bheas ar bís ag iarraidh theacht ar an eolas seo.

Mo chuimhne, agus maith dom an claonadh ó chúrsaí, ahem, oideachais ar feadh nóiméad nó dhó, ach cheannaigh mé trí leabhar, le déanaí, leabhair a chuidíonn go mór liom agus mé i mbun taighde ar fhocail na Gaeilge:

1. Leabhar Mór Bhriathra na Gaeilge le A.J. Hughes – leabhair a d’inis dom inniu cén fáth a scríobhaim ‘a bheas’ (A. Fháistineach, Briathar ‘Bí’) go nádúrtha in áit ‘a bheidh’ go caighdeánach – is rud canúnach é, agus tá a fhios agam é sin anois ó tharla ceithre leagan den bhriathar sin, agus neart briathra eile, ag Art ina leabhar i.e. An Caighdeán Oifigiúil, Gaeilge Chúige Uladh, Gaeilge Chonnacht, agus Gaeilge na Mumhan.

2. Foclóir Béarla agus Gaedhilge le L. McCionnaith, (1935)

3. Lane’s Larger English-Irish Dictionary le T. O’Neill (1922)

Cibé scéal é, na handcuffs sin, agus an focal ‘dornasc’, an leagan Gaeilge a d’úsáid John ina alt; ach ábhar nár úsáid Dennis riamh, dar leis féin ina thrácht ar bhlag John. Bíodh sin mar atá, tá leaganacha éagsúla ag na foclóirithe, agus, ahem, bealaí éagsúla acu, le húsáid a bhaint as na handcuffs sin.

Dar le DeBhaldraithe (lch.323) ‘glais lámh’ atá iontu, agus go gcuirfeá, dá mba mhian leat, is dócha, ‘glais lámh ar’ dhuine – sórt "Book 'em, Danno!" a bheadh i gceist, cheapfainn. (Lord almighty! Jack eile duit, a Dhubhaltaigh!)

Tiocfaidh mé ar ais ag Ó Dónaill (FGB) agus Dinneen i gceann soicind, a léitheoirí, mar tá fainic agus seachain agam daoibh as na foclóirí sin.

Tá ‘ceangal lámh’ agus ‘glas láimhe’ ag McCionnaith (lch.580), agus tá ‘Cuireadh práisléid cruadha ar mo lámha’ aige.

Tá an briathar ‘dornasgaim’ (to manacle) ag Lane (lch.741), le ‘glas’, ‘dornasg (dorn-nasg)’, agus ‘cuibhreach lámh’ ann, freisin.

Anois, tá ‘dornasc/dornaisc’ ag Dinneen (lch. 360), agus ‘a bracelet, a wristlet’, nó ‘a manacle’ leis, ach tá ‘dornfhásc, id.’ aige taobh le ‘ a manacle’, agus seo mo chéad fhainic daoibh – tá míniú eile ag ‘dorn-fhásc’, ‘act of feeling for anything with the hands, as in the dark’. Hmmm...

Agus, seachain uaim daoibh anois, sa mhullach ar an bhfainic sin thuas, a léitheoirí - ní hionann an ‘dornasc’ atá ag FGB (lch.438) agus an focal ‘dornásc’ atá an leathanach céanna. Dá ndéanfá botún, agus ‘fada’ a chur san áit nár chóir do shíneadh fada a bheith, tú ‘ag dornásc oíche’ de thimpiste, bheadh tú ag ‘groping in the dark...at something'. Go sábháiltear sinn!

Anois, má théann sibh amú agus ábhar handcuffs idir lámha agaibh, ná habair nach raibh sibh ar an eolas, má dhéanann sibh an rud mícheart.
.

Sunday, June 27, 2010

Nathanna Cainte

Táthar ann a chreideann an fógra a deireann go bhfuair gruaig Cheryl Cole ‘its mojo back’, agus táthar ann a chreideann, b’fhéidir, go raibh barraíocht ‘mojo’ de shaghas éigin ag Ashley Cole, an fear a phós sí i 2006.

Ó tharla mé fiosrach faoin bhfocal sin ‘mojo’, chinn mé dhul sa tóir ar leagan Gaeilge daoibh, a léitheoirí, ar fhaitíos go dteastódh sé uaibh, am éigin amach anseo, an dtuigeann sibh. Bhuel, ní féidir an Dómhnallach a shárú agus ba chuici mo chéad ghlaoch, agus mé ag dul i mbun dualgais.

‘Gus!’ ar sí, ar an bpointe boise, ‘Níl gus ar bith ann!’, a dúirt sí.

Ar fhaitíos na míthuisceana, a léitheoir, ní dóigh liom gurb é Ashley, ná gruaig Cheryl, a bhí i gceist aici. Ní raibh ann ach gur iarr mé abairt shamplach uirthi, agus sin an ceann a roinn sí liom.

‘Tá an gus bainte dhó.’ nó ‘Tá an gus ar fad caillte aige’ arsa sí, don té, nó don rud, lena ‘mojo’ imithe, is dócha.

Dar le FGB (lch.680), chaithfeá ‘gus a bheith ionat’ le bheith ‘bold, spirited, self-assured’, agus dá mbeadh tú ag iarraidh ‘to humble someone’s pride’, go gcaithfeá ‘an gus a bhaint as’ - rud nach dtaitneodh le hAshley ar chor ar bith, cheapfainn féin, fear ag a bhfuil ‘gus agus gaisce’,(dash and prowess), agus é ag imirt peile, deirtear.

Maidir le Dinneen (lch. 579) maíonn sé go mbeadh an té ‘gan gus, gan tuis, gan téagar’, bheadh sé ‘without energy, size or substance’, go sábháiltear sinn! Ní luafar ainm Ashley leis an nath sin, mura miste libh, a léitheoirí, mar is léir go bhfuil neart fuinnimh ag an bhfear.

Tháinig mé ar an bhfocal ‘tathag’ in De Bhaldraithe (lch. 318), focal nach bhfuil sa chaint i gConamara, chomh fada agus is eol dom, ach is ‘substance’ atá i gceist leis, mar a bheadh ‘tathag i ndeoch’ (body in drink) nó ‘tathag in argóint’ (weightiness in argument – FGB, lch. 1213).

An taibhse a bheadh gan ‘substance’, bheadh sé gan ‘amhmhaoin’ dar le McCionnaith (1935) (lch.1320) ach an té le ‘no substance in talk’, ní bheadh ‘aon ghéibhís ina chaint’ (lch. 1321), agus d’fhéadfadh sé tarlú nach ‘raibh aon ghéibhís san gcoirce’, chomh maith céanna.

Tá ‘gus’, ‘bracht’, agus ‘téagar’, i bhfoclóir T O’Neill Lane (Larger 1922) agus ‘solidity, firmness’ atá mar mhíniú ann (lch. 1519), ach d’fhéadfadh gur ‘bain siad an tsusmaid as an bhainne le neart uisge’, dá gcaillfí an ‘real essence’ as rud, is dócha; na focail ‘brigh’, ‘substaint’, ‘bunachar’, agus ’susmaid’ ar an leathanach céanna.

Tá an focal sin ‘siosmaid’ i leaba ‘susmaid’ in FGB (lch. 1101), agus ‘common sense’ atá i gceist leis; ‘siosmaid a bheith ionat’ (to have sense); rud a chaill Ashley, b’fhéidir, nuair nár chaill sé a ghus.
.

Monday, May 17, 2010

Monday, May 10, 2010

Nathanna Cainte

‘Rinne mé muc díom féin!’ arsa duine amháin ag an gcóisir, í tar éis i bhfad barraíocht a ithe, is dóigh liom. ‘M’anam, ach chuir tú eagán ort féin!’ arsa an bhean eile léi. Ar chloisteáil an abairt sin dom, thug mé an focal ‘eagán’ faoi deara, ó tharla gan é cloiste agam cheana, an dtuigeann sibh.

Ghlac sé go leor ama orm theacht ar an bhfocal ‘eagán’ in aon fhoclóir, agus ní haon ionadh é, mar go bhfuaimnítear é mar ‘uh-gán’, díreach mar a fhuaimnítear é san fhocal ‘duibheagán’, shílfeá. Bhí mise ar thóir focail le túslitir ‘u’ aige, mar gur cheap mé, ón bhfógraíocht a thit ar mo chluas, gur ‘u’ a bhí mar thúslitir ag an bhfocal. Murach An Dómhnallach, a d’aithin an focal, agus a bhí in ann an focal Béarla a thabhairt dom (gizzard), bheinn fós ar thóir ‘ugán’, sílim!

Ní bhaineann an t-eagán sna habairtí luaite sa chéad alt leis an gcuid sin den ‘eagán’ san fhocal ‘duibheagán’, mar a tharlaíonn sé. Is ‘abyss’ nó ‘unfathomable depth’ atá in ‘eagán’ an ‘duibheagán’ - ‘Chuaigh an bád go tóin eagáin.’ (lch. 389 Dinneen) - ach sé ‘aigéan’ an fhoirm cheart den fhocal ‘eagán’ sa chás seo, dar le Dinneen, mar is ‘dubh-aigéan na farraige’ - ‘the bottomless depths of the sea’, atá i gceist. (lch. 14 Dinneen)

Cibé scéal é, ar ais linn chuig tús an scéil, agus ‘Chuir tú eagán ort féin.’ Ní aontaíonn na foclóirí uile lena chéile maidir le litriú an fhocail - íogán (Dinneen), eagán agus eagaois (FGB Ó Dónaill), iogaois, agaois (McCionnaith), giodán (Lane O’Neill), eagaois (de Bhaldaithe), eagán (An Comhlacht Oideachais, Mícheál Ó Siochfhrádha). Is ón Dómhnallach a fuair mé an foclóir deireanach sin, agus mo bhuíochas le Bean an tSléibhe as na leathanaigh chuí as Lane O’Neill agus McCionnaith a sheoladh chugam.

Agus ní aontaíonn na foclóirí uile lena chéile an ‘gizzard’ nó ‘crop/craw’ éanlaithe atá san 'eagán' nó san' eagaois', cé nach ionann an ‘gizzard’ agus an ‘crop/craw’ ar chor ar bith. (féach uimhir 4 agus 8 anseo) Is é mo thuiscint go bhfuil dhá bholg ag éanlaith, nó dhá chuid i mbolg éanlaithe, gurb é an ‘crop nó craw’ an chéad bolg/chéad chuid den bholg, agus gurb é an ‘gizzard’ an dara bolg/dara chuid den bholg, nó rud éigin mar sin. Tá focail eile fearacht ‘prócar’. ‘spochán’, ‘spliúchán’ agus ‘geadán’ mar mhíniú ar ‘gizzard’ agus ‘crop/craw’ sna foclóirí uile, gan trácht ar eagán, eagaois, iogaois, agaois, giodáin srl. Cia ár sábháil!

Agus mé i gConamara an tseachtain seo caite, labhair mé le seanfhear faoin ‘eagán’, agus dúirt sé liom nach bhfaca sé daoine sa sean-am ag ithe ach eagán ón éanlaith nach snámhann; nach n-ithidís ach eagán ón gcearc agus ní ón lacha, mar shampla; go nglanaidís an salachar agus an t-arbhar den eagán, agus go gcaithidís ar an ngríosach é, agus go n-ithidís é ansin, díreach ón ngríosach, nuair a bhíodh sé bruite.

Is dóigh go mbeadh an té ‘a chuir eagán air féin’, rud beag ramhar ag breathnú, ó tharla a bholg líonta aige, is dócha. Agus mé i mbun taighde ar an eagán an tseachtain seo caite, tháinig mé ar nathanna cainte eile a bhaineann leis: ‘Níl ann ach an scrogall is an t-eagán – He’s only skin and bone.’ (473 FGB), agus ‘Níor bhris cearc an áil a híogán – The hen with a brood does not burst her craw.’ (600 Dinneen).

Mo chuimhne, dúirt fear eile liom gur chuala sé ‘Cuirfidh mé eagán ort!’ ráite - fear amháin ag bagairt ar fhear eile go mbuailfeadh sé é. Cnap de shaghas eile a bheadh i gceist leis sin, is dóigh liom!
.

Wednesday, April 7, 2010

Am Le Labhairt

I láthair na huaire, tá Billy agus Molly ag fanacht linn. Is é Billy mac Molly. Is linne Molly, is le Gráinneog Billy, cé gur minice Billy linne ná léi.

Bhí Rosie, iníon le Billy, gariníon le Molly, ag fanacht linn ar feadh bliana, ach tá sise in éineacht leis an bPluiméir anois, mar is leis-sean í. Tá sí imithe léi le mí anuas. Cloisimid uaithi go minic, ó tharla í béal dorais linn, agus bíonn sí ag tafann léi, ag scairteadh orainn, shílfeá, ó am go chéile.

Tá Ronnie, deartháir le Rosie, mac le Billy, garmhac le Molly, anseo linn an tseachtain seo. Is i mBaile Átha Cliath a bhíonn sé ag cur faoi, go hiondúil, ach tá a úinéirí ar laethanta saoire sa Spáinn go ceann seachtaine, mar sin tá seisean ag fanacht linne, idir an dá linn, mar a déarfá, ar feadh seachtaine.

Bhí Scobie, deartháir le Billy, mac eile le Molly, anseo ar feadh coicíse, an mhí seo caite. Ar an drochuair, nuair a tháinig sé faoin am sin, ní raibh oiread is focal Béarla aige, agus níor thuig sé a dhath a dúirt an Garraíodóir leis, am ar bith. Ní raibh Gaeilge aige, faraor, agus níor thuig sé mise, ach oiread, cé go ndearna mé iarracht labhairt leis, i rith an ama.

An madra bocht. Bhí sé ina chónaí le daoine ó Phoblacht na Liotuáine ar feadh tamaill fhada, daoine gan Béarla ná Gaeilge, a bhí ag cur fúthu anseo in Éirinn le blianta beaga anuas, ach a raibh orthu filleadh chun a tíre féin, le déanaí. Ag an am sin, fágadh Scobie linne, le haire a thabhairt dó, agus le húinéir nua a fháil dó, chomh luath agus a b’fhéidir, rud a rinneamar, in am trátha.

Ní raibh Gaeilge ná Liotuáinis ag an úinéir nua, agus bhí ar Scobie Béarla a fhoghlaim sular fhág sé muid, rud a rinne sé taobh istigh de choicís, le cabhair in am, gan stró. Madra cliste.

M’anam, ach bhí an-am againn leis, agus tá súil againn casadh leis arís, am éigin eile, má bhíonn am le spáráil againn. Gach uile rud ina am féin, ach am a bheith ag duine fanacht lena am. Tuigfear sin in am.

Tá an t-am istigh. Tá sé in am dom imeacht. Beidh am againn le chéile arís, ar ball beag.
.

Monday, February 1, 2010

Ag Roinnt Smaointe

Chuir an méid a scríobh Aonghus ina phíosa anseo maidir le dialanna, agus maidir leis an mblagáil, mo smaointe féin ag rith le lá nó dhó.

Níor choinnigh mé dialann riamh, ach amháin ceann faoi fhorbairt na bpáistí agus iad ag fás aníos, ach is dóigh liom go mba chóir don té atá ag coinneáil dialainne bheith cúramach, ach an oiread le lucht na mblaganna, más rud go bhfuil a dhath pearsanta, ná fiú tuairim, le roinnt acu ar phár. Ní féidir na focail scríofa, ná labhartha, a tharraingt siar, agus ní féidir an toradh uatha a tharraingt siar, ach an oiread.

Chomh maith leis sin, tá seans ann go n-athródh meon an scríbhneora le ham, de réir mar a athraíonn an saol, nó de réir mar a athraíonn saol an scríbhneora, b'fhéidir, rud a d'fhágfadh nach ionann a ndearcadh sa todhchaí, abair, agus an dearcadh a bhíodh acu nuair a roinn siad na smaointe sin ar dtús.

Fiú más fánach smaointe an scríbhneora, ní dochar iad a roinnt, cheapfainn, ach a bheith cúramach faoin méid a roinntear, le nach ngoinfear aon duine, an scríbhneoir féin san áireamh, le focail shearbha, ná le focail mhístuama, más féidir é ar chor ar bith.

Is fiú greim a choinneáil ar an smaoineamh sin, is dóigh liom, agus duine ag roinnt ábhar ar bith ar an idirlíon, ach go háirithe. Is minic tráchtanna feicthe agam ar an idirlíon, focail caite ar phár go fánach, shílfeá, daoine ainmnithe, agus daoine gan ainm go minic, ag roinnt a dtuairimí; cuid acu le nimh, cuid acu le milseacht, cuid acu gonta searbh, cuid acu gonta goilliúnach, cuid acu ciallmhar, cuid acu craiceáilte – ag brath ar do dhearcadh féin, ar ndóigh.

San áit a bhfeicfí nimh ag duine amháin, mar shampla, d’fheicfeadh duine eile ciall; san áit a bhfeicfí fírinne ag duine amháin, bíonn masla ann do dhuine eile. Agus sin mar atá an saol. Chuile dhuine agus a ndearcadh féin acu ar ábhar ar leith, ag am faoi leith ina saol.

Tá leabhar urnaithe agam, leabhair a foilsíodh i 1917, ag Coṁluċt na Fírinne Catoilice, leabhar a thug mo mháthair domsa, leabhar a fuair sise ó mo shean-aintín, leabhar a fuair mo shean-aintín óna deartháir i 1919. Tá rannóg ann, Urnaithe Le Rá Ar Ócáidí Áirithe, agus tá an phaidir seo thíos ann, paidir atá le rá ‘Roimh Labhairt’:

‘A Íosa, a Mhic Dé, a bhí ciúin os comhair Phioláit, ná lig dúinne ar dteanga do luascadh gan smaoineamh ar cad atá againn le rá, agus conas é a rá.’

Áiméan, a deirimse.
.

Thursday, January 28, 2010

Focail Liom, Focail Leat

A bhuí d’Aonghus, chonaic mé an nath cainte ‘srón muice le tóin muice’ in alt le Gabriel Rosenstock san Irish Times, agus é ag tagairt don tranglam tráchta sin ‘bumper to bumper’.

Bhí ‘srón le tóin’ feicthe agam cheana, agus chuir mé ceist ar An Dómhnallach faoi ‘bumper to bumper’ – ar cuardach leagan dúchasach a bhí mé, an dtuigeann sibh, dá mbeadh a leithéid ann.

‘Tá rud éigin le ‘builcín’ ann, b’fhéidir..’ ar sí.

‘Builcín!’ arsa mé féin, ‘Céard é ‘builcín?’

‘Bheul, abair dá mbeadh daoine sa chistin agam anois, agus dá ndéarfainnse leo ‘déan builcín’, bheadh orthu lámha a chur timpeall ar ghuaillí a chéile…’

‘…mar a dhéanann damhsóirí i gCaidhp.’ arsa mé féin.

‘Sin é go díreach!’ arsa an bhean chliste, agus bhí sé mínithe go maith aici, mar fhocal, mar tháinig mé ar an míniú seo in ‘Focail as Irisleabhair Éagsúla srl’;

‘builcín, 1 beithíoch 7c. óg ramhar, 2 scata beag, 3 cnuasach áirithe réaltaí, 4 ceathrar le chéile ag casadh thart sa 'half-set' Celtica 19, 12 ‘

Dar le focal.ie, is ‘pledget’ nó ‘wad’ atá ann, agus in FGB, lch 156, ‘Cártaí a chur ina mbuilcín’ atá aige do ‘to stack cards’, agus tá ‘knot’, ‘tangle’, ‘source of distress, of discord’ ann mar mhíniú ar bhuilcín, chomh maith le ‘water-bag’.

Maidir le ‘water bag’, sé sin ‘The membranous sac filled with amniotic fluid that protects a fetus during pregnancy. Also called bag of waters.’ dar le dictionary.reference.com.

Nach bhfuil sé sin iontach, a léitheoirí! Focal beag fearacht ‘builcín’, agus an bheatha féin istigh ann!
.
 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.