Showing posts with label Bean an tSléibhe. Show all posts
Showing posts with label Bean an tSléibhe. Show all posts

Thursday, June 10, 2010

Ar Camchuairt

Chuaigh mé féin agus Bean an tSléibhe go Gaoth Dobhair inniu. Stopamar anseo agus ansiúd.

Seo chugaibh cuid de radhairc áille an chontae seo, Dún na nGall, grianghraif a ghlac mé agus muid ar bhóthar na camchuairte.

Gleann Nimhe ar an mbóthar go Dún Lúiche


Fothraigh na seaneaglaise i nGleann Nimhe


Gleann Bheatha


An Earagail


An Earagail ó óstán An Chúirt


Bhí béile blasta againn san óstán, taitneamh na gréine ag cur go mór leis an taitneamh a bhaineamar féin as an lá.
.

Friday, May 21, 2010

How Big is Your Bunker?

Tharla sé go raibh mé ag éisteacht le Colm agus Lucy ar 2fm ar maidin. Ní hionann a gclár agus an clár a bhíodh ag Gerry Ryan, ar ndóigh, ach bíonn na páipéir á gcíoradh acu anois is arís, agus éistim leo ag tús an chláir, go bhfeice mé an bhfuil a dhath suimiúil le roinnt acu liom.

Bhí an choimhlint sin idir an dá Chóiré faoi chaibidil acu ar maidin, agus thosaigh Colm agus Lucy ag plé na ceiste ‘who would you have in your bunker?', dá mbeadh dúnáras faoi thalamh agat, an dtuigeann tú, agus dá mbeadh daoine ag brú cnaipí núicléacha, mar shampla. Bheadh dídean uait, is dócha, go dtí go maolódh an chontúirt.

Cibé scéal é, bhí liosta ollmhór ag Lucy de na daoine ar mhaith léi bheith sa bhuncar léi, agus bhí ar Cholm í a stopadh faoi dheireadh, agus d’fhiafraigh sé di, ‘How big is your bunker?' Cibé faoi ‘bunker’ Lucy, a léitheoirí, is é an smaoineamh a rith liom féin ar maidin, cé a bheadh liom féin i mo dhúnáras faoi thalamh, dá mbeadh orm seachtain nó dhó a chaitheamh ann, agus dá mbeadh sé mór go maith, an dtuigeann sibh?

An Garraíodóir an chéad duine a rith liom agus, cé nach san ord seo thíos a rith na hainmneacha eile liom ag an am, ag teacht go tiubh ar a shála bhí Nelson Mandela, Ryan Tubridy, Beyonce, Kevin Myers, Ruth Dudley Edwards, An Dómhnallach, Bean an tSléibhe, blagálaí nó dhó, Mary Robinson, Brendan O’Connor, Máirtín Tom Sheáinín, Obama, Bush nó dhó, Delores Keane, Daithí Ó Sé, Páidí Ó Lionáird, Hector Ó hEochagáin, Dana, Tommie Tiernan, Hilary Clinton, Dara Ó Briain, duine mór le rá as gach eaglais ar domhan, duine mór le rá as gach carthanacht ar domhan, Marion Finucane, Sarah Palin, Éamon Ó Cuív, Tom Selleck (yum-yum), Roy Keane, Shane Ross, Mary O’Rourke, Ellen de Generes, Eamon Dunphy, David Norris, Regina Uí Chollatáin, Daniel O’Donnell, Teresa Ferris, Martin McGuinness, Vincent Browne… comhrac, cairdeas, coimhlint, comhrá, comhréiteach, cantal, caoineadh, ceol, agus craic ar dóigh!

Ceapaim.

Cé atá ar iarraidh, nó cé a bhainfeá féin de mo liosta, a léitheoir, dá mbeadh do dhúnáras faoi thalamh féin agat?
.

Thursday, May 13, 2010

The Business

Seo clár a thaitníonn go mór liom. Cé nach duine gnó mé, is maith liom súil a choinneáil ar céard atá ag tarlú sa tír, nó, i gcás an chláir seo, The Business, is maith liom cluas a thabhairt do tharluithe gnó na tíre.

An tseachtain seo, mar shampla, chuala mé Adrian agus Robyn Devane ag insint don tír faoi bhéirín na mbriathra Gaeilge. Ar ndóigh, a bhuí le Bean an tSléibhe a chuir an t-eolas chugam féin, bhí an dea-scéal sin roinnte agamsa libhse roimhe seo.

Mar sin féin, ba dheas Robyn, atá trí bliana d’aois, agus ar léi guth an bhéirín, ba dheas í a chloisteáil ag comhaireamh beo ar an aer. Táim cinnte gur chuidigh an sliotán sa sceideal ar an gclár go mór le hAdrian agus le Robyn; gur chuidigh sé leo daoine eile, seachas mo léitheoirí uaisle féin, a chur ar an eolas faoin bhéirín. Tá súil acu an béirín a bheith réidh le díol i Mí Mheán an Fhómhair, in am do mhargadh na Nollag.

Bhí Luke Johnson ar an gclár an tseachtain seo. Dar leis, ‘there’s never been a better time than now to start your own business…’, agus is féidir tuilleadh ar an ábhar seo a chloisteáil uaidh, ach éisteacht le podchraoladh chlár an tSathairn seo caite anseo.

Bhí úinéirí an Yellow Pepper i Leitir Ceanainn ar an gclár, agus iad ag labhairt faoi athoscailt na bialainne áille sin.

Mo chuimhne, ó tharla mé ag labhairt ar bhialanna, agus ar ghnó úr a bhunú, bhí mé in Bread and Butter, bialann nua a d’oscail Déardaoin seo caite, sa Forte Shopping Centre, i Leitir Ceanainn. Tá an bhialann suite idir TK Maxx agus Marks and Spencer’s, agus tá sí gar go maith den phictiúrlann, dá mbeadh fonn ort greim bia a bheith agat roimh ré, mar shampla.

Cheap mé féin go raibh an bia ann go hálainn, saor go maith, agus an t-atmaisféar agus na freastalaithe ann an-chairdiúil. De thimpiste a tháinig mé ar an áit, agus mé ag siúl thart ar an ionad siopadóireachta sin Déardaoin seo caite, ach is mé a bhain sult as mo phanini blasta, agus as mo mhuga caife.

Tá bácús acu ann chomh maith, ach is é an rud is mó a rith liom faoin áit ná cé chomh díograiseach, agus cé chomh cuidiúil, is atá foireann na bialainne sin. Buailigí isteach chucu, go bhfeicfidh sibh féin an áit, agus le tacú leo, más mian libh.

Go n-éirí go geal leo uile in am seo na gciorraithe.
.

Monday, May 10, 2010

Nathanna Cainte

Rinne mé muc díom féin!’ arsa duine amháin ag an gcóisir, í tar éis i bhfad barraíocht a ithe, is dóigh liom. ‘M’anam, ach chuir tú eagán ort féin!’ arsa an bhean eile léi. Ar chloisteáil an abairt sin dom, thug mé an focal ‘eagán’ faoi deara, ó tharla gan é cloiste agam cheana, an dtuigeann sibh.

Ghlac sé go leor ama orm theacht ar an bhfocal ‘eagán’ in aon fhoclóir, agus ní haon ionadh é, mar go bhfuaimnítear é mar ‘uh-gán’, díreach mar a fhuaimnítear é san fhocal ‘duibheagán’, shílfeá. Bhí mise ar thóir focail le túslitir ‘u’ aige, mar gur cheap mé, ón bhfógraíocht a thit ar mo chluas, gur ‘u’ a bhí mar thúslitir ag an bhfocal. Murach An Dómhnallach, a d’aithin an focal, agus a bhí in ann an focal Béarla a thabhairt dom (gizzard), bheinn fós ar thóir ‘ugán’, sílim!

Ní bhaineann an t-eagán sna habairtí luaite sa chéad alt leis an gcuid sin den ‘eagán’ san fhocal ‘duibheagán’, mar a tharlaíonn sé. Is ‘abyss’ nó ‘unfathomable depth’ atá in ‘eagán’ an ‘duibheagán’ - ‘Chuaigh an bád go tóin eagáin.’ (lch. 389 Dinneen) - ach sé ‘aigéan’ an fhoirm cheart den fhocal ‘eagán’ sa chás seo, dar le Dinneen, mar is ‘dubh-aigéan na farraige’ - ‘the bottomless depths of the sea’, atá i gceist. (lch. 14 Dinneen)

Cibé scéal é, ar ais linn chuig tús an scéil, agus ‘Chuir tú eagán ort féin.’ Ní aontaíonn na foclóirí uile lena chéile maidir le litriú an fhocail - íogán (Dinneen), eagán agus eagaois (FGB Ó Dónaill), iogaois, agaois (McCionnaith), giodán (Lane O’Neill), eagaois (de Bhaldaithe), eagán (An Comhlacht Oideachais, Mícheál Ó Siochfhrádha). Is ón Dómhnallach a fuair mé an foclóir deireanach sin, agus mo bhuíochas le Bean an tSléibhe as na leathanaigh chuí as Lane O’Neill agus McCionnaith a sheoladh chugam.

Agus ní aontaíonn na foclóirí uile lena chéile an ‘gizzard’ nó ‘crop/craw’ éanlaithe atá san 'eagán' nó san' eagaois', cé nach ionann an ‘gizzard’ agus an ‘crop/craw’ ar chor ar bith. (féach uimhir 4 agus 8 anseo) Is é mo thuiscint go bhfuil dhá bholg ag éanlaith, nó dhá chuid i mbolg éanlaithe, gurb é an ‘crop craw’ an chéad bolg/chéad chuid den bholg, agus gurb é an ‘gizzard’ an dara bolg/dara chuid den bholg, nó rud éigin mar sin. Tá focail eile fearacht ‘prócar’. ‘spochán’, ‘spliúchán’ agus ‘geadán’ mar mhíniú ar ‘gizzard’ agus ‘crop/craw’ sna foclóirí uile, gan trácht ar eagán, eagaois, iogaois, agaois, giodáin srl. Cia ár sábháil!

Agus mé i gConamara an tseachtain seo caite, labhair mé le seanfhear faoin ‘eagán’, agus dúirt sé liom nach bhfaca sé daoine sa sean-am ag ithe ach eagán ón éanlaith nach snámhann; nach n-ithidís ach eagán ón gcearc agus ní ón lacha, mar shampla; go nglanaidís an salachar agus an t-arbhar den eagán, agus go gcaithidís ar an ngríosach é, agus go n-ithidís é ansin, díreach ón ngríosach, nuair a bhíodh sé bruite.

Is dóigh go mbeadh an té ‘a chuir eagán air féin’, rud beag ramhar ag breathnú, ó tharla a bholg líonta aige, is dócha. Agus mé i mbun taighde ar an eagán an tseachtain seo caite, tháinig mé ar nathanna cainte eile a bhaineann leis: ‘Níl ann ach an scrogall is an t-eagánHe’s only skin and bone.’ (473 FGB), agus ‘Níor bhris cearc an áil a híogánThe hen with a brood does not burst her craw.’ (600 Dinneen).

Mo chuimhne, dúirt fear eile liom gur chuala sé ‘Cuirfidh mé eagán ort!’ ráite - fear amháin ag bagairt ar fhear eile go mbuailfeadh sé é. Cnap de shaghas eile a bheadh i gceist leis sin, is dóigh liom!
.

Friday, June 12, 2009

Ceann Scríbe

Nuair a roghnaigh mé ainm an tí seo, ní raibh baint ag an nGarraíodóir leis an scéal, beag ná mór. Bhí a fhios aige gur ainm Gaeilge a bhí ag dul ar an teach agus d’fhág sé cúram na rogha fúmsa, go mór mór ó tharla nach bhfuil an teanga seo againne ar a thoil aige, a léitheoirí. Aiféala orm faoi sin.

Cibé drochscéal é, bhí neart ainmneacha sa phota agam ach, de réir a chéile, caitheadh amach leis an uisce iad ó tharla nach raibh duine ar bith de mo chlann, ná an Garraíodóir, in ann iad a fhuaimniú mar is ceart. Leis an fhírinne a rá, níor thaitin siad liom ar aon nós, agus bhí a fhios agam go dtiocfadh an t-ainm ceart chugam nuair a thiocfadh.

Agus sin mar a tharla, lá amháin, agus mé thuas i mBaile Átha Cliath le Bean an tSléibhe. Is minic mé féin agus í féin ag útamáil linn i siopaí leabhar ar fud na tíre, agus sin é an jab a bhí idir lámha againn agus muid sa phríomhchathair an lá úd. Nuair a bhíomar útamáilte ag an útamáil, amach linn le bus a fháil abhaile. Agus an bus ag teacht inár dtreo, chonaic mé ainm an tí, agus é ina shuí go péacach ar bharr an bhus, ‘Ceann Scríbe…Áth an Ghainimh’, agus ar a shála tháinig ‘Destination…Sandyford’. Sin é a bhí uaim! Bá é an teach nua mo cheann scríbe, an áit lena raibh mé ag fanacht le blianta fada, mo ‘Journey’s End’, mar a déarfá, mo ‘Destination’.

Tá a fhios agam gur luaigh mé ‘tráthúlacht’ libh cheana, agus creidim go mbíonn cúis le go leor rudaí a tharlaíonn inár saol, gur sórt tráthúlachta atá réamhchinnte nó réamhordaithe a bhíonn i gceist leo, b’fhéidir, cé nach dtuigim féin cén fáth a gceapaim sin. Tagann daoine chugainn, agus tarlaíonn rudaí inár saol nach féidir linn a thuiscint, ach bíonn fáth go dtagann siad, agus fáth go dtarlaíonn siad. Tuilleadh faoi sin amach anseo. Ar aon nós, tháinig ‘Ceann Scríbe’ chugamsa agus mé i gcomhluadar mná a tháinig chugam tríd an tráthúlacht chéanna, agus is maitheas amháin a thug an bheirt acu isteach i mo shaol go dtí seo, buíochas le Cé?

Ar theacht abhaile dom go hInis Eoghain, scríobh mé síos na focail ‘Ceann Scríbe’ ar phíosa pháipéir, díreach mar a rinne mé le chuile rogha ainm eile a chuir mé os comhair mo theaghlaigh roimhe sin, agus ní dúirt mé a dhath ach an t-ainm a thaispeáint dóibh, duine ar dhuine, agus ‘This is the name of the new house’ a rá leo. “Oh, lovely! ‘Head Writer’.”, a dúirt An Bhean Neamhspleách agus Gráinneog. “Something to do with writing, anyway.” a dúirt an Garraíodóir agus An Pluiméir. Anois, nach bhfuil sé sin tráthúil, a léitheoirí!?

Coicís ina dhiaidh sin, tar éis “What does ‘Ceann Scríbe’ mean again?” a bheith cloiste agam míle uair ón nGarraíodóir, agus na leaganacha Béarla ‘Journey’s End’ agus ‘Destination’ tugtha agam dó míle uair ar ais, tháinig cara leis ar cuairt orainn sa teach nua, fear a bhíonn ag imirt gailf leis go rialta, agus fear atá deisbhéalach go maith. Ní raibh trácht ná tuairisc á dhéanamh againn ar ainm an tí nua agus chuir sé iontas orm nuair a dúirt an cuairteoir “I don’t know how I feel about the name you gave the new house, Áine.” a dúirt sé. “Why?” a d’iarr mé féin, agus ionadh an domhain orm gur luaigh sé an t-ábhar ar chor ar bith. “Well, I’m not sure if I could live in a house that is called ‘The End of the Line’.”.

Is cosúil gur féidir an dá thráthúlacht a fhreastal.
.

Saturday, May 2, 2009

Slí na Gaeilge

Athraím focal nó dhó anseo agus ansiúd ar an mblag ó am go chéile, focail as ábhar a scríobh mé ní ba luaithe. Ní hé go bhfuilim ag athrú an ábhair, ach go bhfuilim ag ceartú botúin nó dhó nár thug mé faoi deara roimhe agus mé ag scríobh liom. Ní hé sin le rá, ach an oiread, go bhfuil chuile bhotún ar an mblag ceartaithe agam. Mar a dúirt mé, is foghlaimeoir mise, agus táim ag foghlaim i gcónaí. Ach tá cuidiú agam.

Bíonn an Dómhnallach agus Bean an tSléibhe ag léamh an bhlag seo go rialta. Is Connachtach duine acu, agus is Ultach an duine eile. Tá súil ghéar ar an mbeirt acu.. Péire an duine. Thug siad na súile sin agus an Ghaeilge leo ón gcliabhán. Ní raibh an t-ádh sin ormsa, faraor, cé go bhfuil súile ón gcliabhán agus Gaeilge ón nGaeltacht agam. Tá an bheirt sin iontach fial agus roinneann siad a mbuanna liomsa, bean an Bhéarla, foghlaimeoir na Gaeilge. Dá thoradh sin, bíonn athrú nó dhó le déanamh ag an scríbhneoir seo tar éis thuras na súl géar. Is maith ann iad. Na ceartúcháin agus na mná.

Bhí ábhar spéisiúil á phlé ag an bhfeirmeoir atá i mbun curaíochta i ngarraíjohnnymhorgan le déanaí, úsáid na n-aimsirí agus an dóigh a láimhseáiltear iad i mBéarla; na do be do be do’s srl. Chuir an díospóireacht sin mná na súl géar i gcuimhne dom. Bíonn an choimhlint idir úsáid na cainte dúchais agus úsáid an chaighdeáin oifigiúil faoi chaibidil againn go minic. Táimse ag treabhadh liom i gCuibhreann an Chaighdeáin Oifigiúil, tá cosa an Dómhnallaigh fréamhaithe i gcré thorthúil an Ghoirt Dúchais, agus bíonn Bean an tSléibhe ar an gclaí eadrainn,le bróga leathair an chainteora dúchais uirthi agus i ag caint go nádúrtha, ach sála arda an scríbhneora oifigiúil uirthi agus í ag baint torthaí in achadh na n-údarás oifigiúil.

Bíonn mé féin ag dul thart agus bróg leathair ar chois amháin, bróg na sál ard ar an gcois eile. Samhlaigh, a léitheoir, an fhadhb sin. Tá Slí na Gaeilge casta agus teastaíonn bróga compordacha uaim. Ach cá bhfuil na bróga compordacha sin le fáil? Tá neart siopaí bróg amuigh ansin, agus leabhair go leor á ndíol iontu. Sin fadhb eile. Ní hé an scéal céanna a bhíonn iontu.

Bronntanas saoil a thug mo mháthair dom ná an chomhairle seo “Don’t keep looking at the problem, look for the solution!”. Agus creidim go bhfuil cumadóirí/réiteoirí an chaighdeáin oifigiúil ag déanamh chuile iarracht a theacht ar réiteach fhadhb na mbróg míchothrom d’fhoghlaimeoirí na teanga. Go mall, feictear dom, ach go cinnte tá súil agam.

Tá nádúrthacht cainte sna canúintí éagsúla Gaeilge, agus tá sí difriúil i ngach canúint, ag brath ar an taobh sin tíre ina bhfuil an teanga á labhairt. Is ionann don Bhéarla. Le bheith féaráilte, teastaíonn caighdeán ón bhfoghlaimeoir Gaeilge, mar aon leis an bhfoghlaimeoir Béarla, nach dteastaíonn? Tá a leithéid de chaighdeán le fáil ag na Béarlóirí agus réiteach réasúnta simplí faighte ag na húdaráis chuí ar na fadhbanna/bealaí ársa canúna agus scríofa Béarla, feictear dom.

Níor chuir an réiteach sin isteach ná amach ar an gcainteoir dúchais Béarla. Tá na ‘do be do be do’anna, na ‘I done this’ agus na ‘I seen that’ chomh coitianta sa Bhéarla agus atá an ‘ag déanamh é’ a chloisim go mion minic sa Ghaeilge anois. Agus bíodh acu! Tá an ceart sin ag an gcainteoir agus ag an scríbhneoir nach miste leo, nó nach mian leo, an caighdeán. An bhfuil sé de cheart acu an caighdeán a sheachaint agus é in úsáid acu go gairmiúil? Ní dóigh liom é. Ach sin mo thuairim.

An méid sin ráite, tá sé de cheart agamsa, mar fhoghlaimeoir, agus ag gach uile fhoghlaimeoir eile, caighdeán coitianta cothrom ciallmhar soiléir a bheith ar fáil dúinn le go mbeimid in ann a theacht ar na bróga compordacha sin, sa chaoi go mbeimid in ann Slí na Gaeilge a shiúl gan stró. Anois, a réiteoirí. Le bhur dtoil. In aon leabhar amháin. Mura miste libh.
.

Thursday, April 23, 2009

Cairde

An Dómhnallach: Tuigeann sí an grá atá agam do mo ghaolta. Tuigeann sí an grá atá agam don Ghaeilge. Agus tuigeann sí mo thrioblóid.
Bean an tSléibhe: Tuigeann sí gur féidir gáire agus deora a mheascadh san anáil chéanna. Agus tuigeann sí gur ionann cara agus céile.
An Mháistreás: Tuigeann sí caighdeán an chairdis. Agus tuigeann sí tábhacht na clainne.
An tImirceach: Tuigeann sí gur gá ualach a roinnt go príobháideach. Agus is maith léi fíon a roinnt liom freisin.
An Státseirbhíseach: Tabharfaidh sí mo rúin chun na huaighe léi, bíodh mé beo nó ná bíodh. Agus is maith léi fíon fosta.
An Sasanach: M’aingeal cuideachta ar thalamh.
Mo Dheirfiúracha: Dlúthghrá nach féidir a mhíniú. Tuigeann siad mise nuair nach dtuigim mé féin.
 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.