Showing posts with label Grainneóg. Show all posts
Showing posts with label Grainneóg. Show all posts

Monday, October 11, 2010

Cruthaitheacht

Ó tharla mé ag scríobh faoi ábhar cruthaitheach sa bhlagmhír dheireanach, chinn mé go roinnfinn fógra teilifíse nó dhó libh.

Gráinneog agus An Bhean Neamhspleách a thug faoi mo dheara na cinn seo thíos, agus is léir dom, ón iontas agus ón gháire a roinneamar triúr agus muid ag breathnú ar na fógraí ar youtube aréir, go bhfuil géinte a n-athar agus a máthar beo beathach sa bheirt acu.

Tá meas acu, feictear dom, agus buíochas le mo Ché, ar an meon cruthaitheach. Tuigeann siad go maith go bhfuil díolacháin táirgí i gceist leis na fógraí, ach aithníonn siad an taobh cruthaitheach den mheon a chruthaigh na fógraí sin. Ach go háirithe, baintear gáire astu nuair a bhíonn acmhainn grinn chruthaitheoir an fhógra soiléir ar an scáileán.

Aréir, thuigeamar go maith an teachtaireacht taobh thiar den fhógra seo, agus, ahem, chonaiceamar go maith an teachtaireacht taobh thiar den fhógra seo, agus bhíomar ár marú féin ag gáire nuair a chualamar buaiclíne* an chinn seo.

* Cén Ghaeilge atá ar ‘punch line’ meas tú? Fotha líne? Abairt bhuaice? Rogha na bhfoclóirí? Do rogha féin?
.

Wednesday, April 7, 2010

Am Le Labhairt

I láthair na huaire, tá Billy agus Molly ag fanacht linn. Is é Billy mac Molly. Is linne Molly, is le Gráinneog Billy, cé gur minice Billy linne ná léi.

Bhí Rosie, iníon le Billy, gariníon le Molly, ag fanacht linn ar feadh bliana, ach tá sise in éineacht leis an bPluiméir anois, mar is leis-sean í. Tá sí imithe léi le mí anuas. Cloisimid uaithi go minic, ó tharla í béal dorais linn, agus bíonn sí ag tafann léi, ag scairteadh orainn, shílfeá, ó am go chéile.

Tá Ronnie, deartháir le Rosie, mac le Billy, garmhac le Molly, anseo linn an tseachtain seo. Is i mBaile Átha Cliath a bhíonn sé ag cur faoi, go hiondúil, ach tá a úinéirí ar laethanta saoire sa Spáinn go ceann seachtaine, mar sin tá seisean ag fanacht linne, idir an dá linn, mar a déarfá, ar feadh seachtaine.

Bhí Scobie, deartháir le Billy, mac eile le Molly, anseo ar feadh coicíse, an mhí seo caite. Ar an drochuair, nuair a tháinig sé faoin am sin, ní raibh oiread is focal Béarla aige, agus níor thuig sé a dhath a dúirt an Garraíodóir leis, am ar bith. Ní raibh Gaeilge aige, faraor, agus níor thuig sé mise, ach oiread, cé go ndearna mé iarracht labhairt leis, i rith an ama.

An madra bocht. Bhí sé ina chónaí le daoine ó Phoblacht na Liotuáine ar feadh tamaill fhada, daoine gan Béarla ná Gaeilge, a bhí ag cur fúthu anseo in Éirinn le blianta beaga anuas, ach a raibh orthu filleadh chun a tíre féin, le déanaí. Ag an am sin, fágadh Scobie linne, le haire a thabhairt dó, agus le húinéir nua a fháil dó, chomh luath agus a b’fhéidir, rud a rinneamar, in am trátha.

Ní raibh Gaeilge ná Liotuáinis ag an úinéir nua, agus bhí ar Scobie Béarla a fhoghlaim sular fhág sé muid, rud a rinne sé taobh istigh de choicís, le cabhair in am, gan stró. Madra cliste.

M’anam, ach bhí an-am againn leis, agus tá súil againn casadh leis arís, am éigin eile, má bhíonn am le spáráil againn. Gach uile rud ina am féin, ach am a bheith ag duine fanacht lena am. Tuigfear sin in am.

Tá an t-am istigh. Tá sé in am dom imeacht. Beidh am againn le chéile arís, ar ball beag.
.

Wednesday, August 12, 2009

Ar Ais

Táim ar ais ag Ceann Scríbe anocht, Sióg anseo le mo thaobh ag an ríomhaire. Ceapaim go raibh sé uaigneach i m’uireasa, cé go raibh Gráinneog anseo ag tabhairt aire mhaith dó.

Is gearr uaim codladh na hoíche. Ar thug sibh faoi deara go mbíonn duine, go minic, i bhfad níos tuirsí tar éis na saoire, seachas rompu?

Ar aon nós, beidh mé ar ais libh am éigin amárach, a léitheoirí. Tá súil agam, agus le cuidiú cibé Cé.
.

Friday, June 12, 2009

Ceann Scríbe

Nuair a roghnaigh mé ainm an tí seo, ní raibh baint ag an nGarraíodóir leis an scéal, beag ná mór. Bhí a fhios aige gur ainm Gaeilge a bhí ag dul ar an teach agus d’fhág sé cúram na rogha fúmsa, go mór mór ó tharla nach bhfuil an teanga seo againne ar a thoil aige, a léitheoirí. Aiféala orm faoi sin.

Cibé drochscéal é, bhí neart ainmneacha sa phota agam ach, de réir a chéile, caitheadh amach leis an uisce iad ó tharla nach raibh duine ar bith de mo chlann, ná an Garraíodóir, in ann iad a fhuaimniú mar is ceart. Leis an fhírinne a rá, níor thaitin siad liom ar aon nós, agus bhí a fhios agam go dtiocfadh an t-ainm ceart chugam nuair a thiocfadh.

Agus sin mar a tharla, lá amháin, agus mé thuas i mBaile Átha Cliath le Bean an tSléibhe. Is minic mé féin agus í féin ag útamáil linn i siopaí leabhar ar fud na tíre, agus sin é an jab a bhí idir lámha againn agus muid sa phríomhchathair an lá úd. Nuair a bhíomar útamáilte ag an útamáil, amach linn le bus a fháil abhaile. Agus an bus ag teacht inár dtreo, chonaic mé ainm an tí, agus é ina shuí go péacach ar bharr an bhus, ‘Ceann Scríbe…Áth an Ghainimh’, agus ar a shála tháinig ‘Destination…Sandyford’. Sin é a bhí uaim! Bá é an teach nua mo cheann scríbe, an áit lena raibh mé ag fanacht le blianta fada, mo ‘Journey’s End’, mar a déarfá, mo ‘Destination’.

Tá a fhios agam gur luaigh mé ‘tráthúlacht’ libh cheana, agus creidim go mbíonn cúis le go leor rudaí a tharlaíonn inár saol, gur sórt tráthúlachta atá réamhchinnte nó réamhordaithe a bhíonn i gceist leo, b’fhéidir, cé nach dtuigim féin cén fáth a gceapaim sin. Tagann daoine chugainn, agus tarlaíonn rudaí inár saol nach féidir linn a thuiscint, ach bíonn fáth go dtagann siad, agus fáth go dtarlaíonn siad. Tuilleadh faoi sin amach anseo. Ar aon nós, tháinig ‘Ceann Scríbe’ chugamsa agus mé i gcomhluadar mná a tháinig chugam tríd an tráthúlacht chéanna, agus is maitheas amháin a thug an bheirt acu isteach i mo shaol go dtí seo, buíochas le Cé?

Ar theacht abhaile dom go hInis Eoghain, scríobh mé síos na focail ‘Ceann Scríbe’ ar phíosa pháipéir, díreach mar a rinne mé le chuile rogha ainm eile a chuir mé os comhair mo theaghlaigh roimhe sin, agus ní dúirt mé a dhath ach an t-ainm a thaispeáint dóibh, duine ar dhuine, agus ‘This is the name of the new house’ a rá leo. “Oh, lovely! ‘Head Writer’.”, a dúirt An Bhean Neamhspleách agus Gráinneog. “Something to do with writing, anyway.” a dúirt an Garraíodóir agus An Pluiméir. Anois, nach bhfuil sé sin tráthúil, a léitheoirí!?

Coicís ina dhiaidh sin, tar éis “What does ‘Ceann Scríbe’ mean again?” a bheith cloiste agam míle uair ón nGarraíodóir, agus na leaganacha Béarla ‘Journey’s End’ agus ‘Destination’ tugtha agam dó míle uair ar ais, tháinig cara leis ar cuairt orainn sa teach nua, fear a bhíonn ag imirt gailf leis go rialta, agus fear atá deisbhéalach go maith. Ní raibh trácht ná tuairisc á dhéanamh againn ar ainm an tí nua agus chuir sé iontas orm nuair a dúirt an cuairteoir “I don’t know how I feel about the name you gave the new house, Áine.” a dúirt sé. “Why?” a d’iarr mé féin, agus ionadh an domhain orm gur luaigh sé an t-ábhar ar chor ar bith. “Well, I’m not sure if I could live in a house that is called ‘The End of the Line’.”.

Is cosúil gur féidir an dá thráthúlacht a fhreastal.
.

Wednesday, June 10, 2009

Uimhir a hAon

Ó tharla mé as baile lá na vótála, chuir mé glaoch ar Ghráinneog le cinntiú nach raibh dearmad déanta aici féin agus ag An Pluiméir vóta a chaitheamh. Beidh mé i mo thuismitheoir go brách na breithe!

“Now, should I put an ‘X’ beside the person I want to vote for?” a dúirt sí, agus í ag magadh fúm. “Very funny.” a dúirt mé féin. Mar sin féin, is cosúil go bhfuil go leor daoine ann nach dtuigeann an dóigh le vóta a chaitheamh mar is ceart. Tá daoine ann a chuireann ‘X’ roimh ainm an iarrthóra, agus a dhéanann sin síos tríd an bpáipéar ballóide, is cuma cén méid vóta atá á chaitheamh acu ar an bpáipéar ballóide ar leith sin.

Tá daoine eile ann a chuireann uimhir 1 roimh ainm iarrthóra ar pháipéar ballóide amháin, agus a leanann ar aghaidh le huimhir 2 ar an gcéad pháipéar ballóide eile, agus mar sin de, gan tuiscint acu go gcaithfear tosú le huimhir 1 arís ar an dara páipéar. Agus tá daoine eile fós a chuireann 1,2,3, ó bharr go bun ar an bpáipéar ballóide, sé sin, tugann siad uimhir 1 don chéad ainm, uimhir 2 don dara hainm, uimhir 3 don tríú hainm, is cuma cén t-ainm atá ann, mar nach dtuigeann siad céard atá i gceist. Tá daoine ann nach ligfeadh orthu féin nach dtuigeann siad, agus tá daoine ann nach dtuigeann nach dtuigeann siad. An dtuigeann sibh? Sea.

Ar ndóigh, tá daoine ann a mhilleann a vótaí d’aon turas, mar go bhfuil siad bréan de na hiarrthóirí uile agus den rialtas, b’fhéidir, ach is léir go bhfuil go leor daoine ann nach bhfuil in ann vóta a chaitheamh mar is ceart. B’fhéidir gurb fhiú don rialtas fógraí teilifíse a chur ar fáil, amach anseo, roimh an gcéad toghchán eile, a thaispeánfadh an modh vótála do dhaoine, le nach mbeadh a vótaí ag dul amú orthu de thoradh easpa tuisceana. Níl ann ach smaoineamh. Sin mise. De shíor ag cur sróine san áit nach mbaineann léi.

Ní ba mhoille sa lá, chuir mé glaoch ar An Pluiméir. “Did you vote, son?” a d’iarr mé féin. “I did.” a dúirt sé. “And do you know who got my number 1 vote?” a d’iarr sé. “No, son, and I don’t need to know. That is your business.” a dúirt mé féin. “You.” a dúirt sé. “You always get my number 1.” Anois, nach ndearna mé jab maith agus mé ag múineadh an leaid sin…
.

Sunday, May 10, 2009

Cuairteoirí

Tháinig Ronnie agus Rosie inniu. Mac agus iníon le Billy. Rugadh iad ar an 15 Márta. Is mac é Billy le Molly, madra s’againne. Tá Billy ina chónaí le cara m’iníne ó bhí sé dhá mhí d’aois. Billy, chan an cara. Tá Molly ag fanacht le Billy ó thosaíomar ag tógáil Ceann Scríbe. Beidh sí ag teacht ar ais chugainn go luath. Níl sí i bhfad ó bhaile, agus bíonn sí ar cuairt anseo go minic. Í féin agus Billy. Agus an cara.

Is le mo mhac í Rosie anois, agus is le mo dheartháir céile é Ronnie. Beidh Ronnie ag fanacht anseo leis An Pluiméir, agus le Rosie, go dtí deireadh na míosa seo chugainn agus ansin beidh sé ag bogadh go Baile Átha Cliath. Ronnie, chan An Pluiméir.

Is beag aird Shióg ar Ronnie agus Rosie. Nuair a shiúil sé isteach sa chistin ní ba luaithe, thosaigh Ronnie ag tafann leis. Níor bhog Sióg. Níor bhog Rosie. Choinnigh Ronnie air ag tafann. Níor bhog mise. Níor bhog an Garraíodóir. Níor bhog Gráinneog. Níor bhog An Pluiméir. Choinnigh Ronnie air ag tafann. Ní raibh faic le cloisteáil ach Ronnie ag tafann.

Stop Ronnie den tafann. Bhreathnaigh sé idir an dá shúil ar Shióg. Níor bhog Sióg. Thiontaigh Ronnie agus thosaigh sé ag spraoi le Rosie. Shuigh Sióg síos, bhreathnaigh sé ormsa agus táim cinnte gurbh iad na focail a chuala mé óna shúile ná “Cá bhfuair tú an t-amadán sin?.’

.

Thursday, April 23, 2009

Mainicín

Sí Gráinneog an leasainm atá agam ar an dara hiníon, ainm a thuill sí mar pháiste. Mí ó shin nó mar sin, ghlac gníomhaireacht mainicíneachta léi go páirtaimseartha. D’éirigh léi jab a fháil ar an bpointe beagnach, seatanna d’iris bhainise. D’iarr sí orainn fanacht go mbeadh an iris ar na seilfeanna sna siopaí sula luafaimis le haon duine go raibh sí páirteach ann. Agus rinne mé amhlaidh. Go dtí inné.

Bhí áthas orm nuair a chonaic mé an iris romham sa siopa leabhar, agus cheannaigh mé ceann ar an bpointe, le cinntiú gurb í an ceann ceart a bhí agam. Agus siúd ann í, le seacht gcinn de leathanaigh agus m’iníon álainn gléasta go galánta, gúna éagsúil uirthi ar chuile leathanach.

Is máthair mé, agus isteach liom sa siopa arís agus cheannaigh mé trí chóip eile. Chuir mé ceann an duine sa phost ag an dá Mhamó, ceann go Corcaigh agus ceann go Meiriceá. Soir liom abhaile ansin. Bhí sí féin fós sa leaba. D’fhágfainn ann í go ceann tamaillín. Bhí obair le déanamh.

Shúigh mé ag an ríomhaire agus chuir mé ríomhphost chuig na gaolta agus cairde uile, iad siúd nach raibh téacs curtha agam chucu roimhe sin, ar ndóigh, le hiad a chur ar an eolas faoin iris, agus faoin jab ar dóigh a bhí déanta ag mo chailín álainn féin. Ní dhearna mé tagairt ar bith don Gharraíodóir bocht ach, ar a laghad, chuir mé téacs chuige leis an dea-scéal a roinnt leis.

An méid sin déanta, suas staighre liom leis an dá chóip agus dhúisigh mé Gráinneog. ‘The magazine is out!” a dúirt mé, agus chaith mé cóip ar an leaba. Thosaigh sise ag breathnú go grinn ar an gcóip a thug mé di. Bhí mise ag breathnú ar mo chóipse, agus gan le feiceáil agam ach súile, beola, gruaig agus gnúis nár thug oireadh agus géin amháin as mo chorp, ach géinte iomlán a hathair ar chuile leathanach léi. “Do I look alright in them, Mom?” a d’iarr sí. “You look beautiful, Gráinneog!” a d’fhreagair mé. Ciúnas ar feadh nóiméad nó dhó. “Mom, please don’t go around telling everybody, sure you won’t? They might think I am showing off.” a dúirt sí. Ciúnas ar feadh nóiméad nó dhó. “My lips are sealed, Gráinneog” a dúirt mé, “I won’t tell a soul……
 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.