Showing posts with label deirfiúracha. Show all posts
Showing posts with label deirfiúracha. Show all posts

Friday, October 1, 2010

Athfhilleadh agus Athfhriotal

Ar thug sibh faoi deara riamh go mbíonn, in amanna, dáta faoi leith i saol duine, dáta ar a dtarlaíonn rudaí cinniúnacha, abair; dáta, ar athfhilleadh dó, a fhágann duine le meascán mothúchán ar an lá?

Bhí a leithéid de lá mar sin agamsa an lá ar bronnadh duais úd an Oireachtais orm. Is ar an dáta sin, seacht mbliana is fiche roimhe, a tháinig m’iníon ar an saol, agus is ar an dáta sin, trí bliana roimhe, a d’imigh mo dheirfiúr álainn, Ciara, ón saol, gan í ach 30 bliain d’aois.

Tá féilire in ionad oibre deirféar eile liom, féilire ar a mbíonn athfhriotail cháiliúla scríofa. Bíonn athfhriotal nua roimpi gach lá, nuair a tharraingíonn sí leathanach an lae roimhe den fhéilire deisce.

Roinnim libh, thíos, an t-athfhriotal a bhí scríofa ar leathanach na Máirt seo caite, an 28 Meán Fómhair. Tá an leathanach, ar a bhfuil an t-athfhriotal scríofa, os mo chomhair anois, a bhuí le mo dheirfiúr.

‘Dream as if you’ll live forever, live as if you’ll die today.’

Bainigí sult as an deireadh seachtaine, a léitheoirí.
.

Monday, September 13, 2010

Cá Bhfuil Mé?

San áit seo, táim i mo shuí go ceochánta faoin gclúid, tá leaba bhrothallach agam, tá caoi mhaith orm, táim ar mo chompóirt, táim cluthmhar anseo, táim ar mo chraoibhín, ar mo chúilín seamhrach, ar mo thúilín tseabhrach, faoi dhídean dheas mhothallach, tá saol sámh agam, tá sáimhríocht anseo, tá saoráid mhór agam, táim i nead sheascair, táim ar mo shocracht, táim chomh té le luichín i stáca.

Tearmann teochroíoch, crios cluthar, ciorcal cosantach, dídean dhíonach? Céard a thabharfá féin ar an áit sin ina bhfuilim anois?
.

Saturday, July 31, 2010

Thall agus Abhus

Ansin thuas, pictiúr a ghlac mo dheirfiúr in Seattle an tseachtain seo.

Ansin thuas, pictiúr a ghlac mé féin i nGaillimh an tseachtain seo caite.
.

Tuesday, July 6, 2010

Róluath

Mar a scríobh mé cheana, bíonn laethanta brónacha againn uile, ag amanna ar leith, b’fhéidir, ar chúis amháin nó ar chúis eile.

San áit a mbíodh mothúcháin áthais, agus ceiliúradh, ar an lá seo tráth den saol, tá brón anois. Is mar sin a bheas, is dóigh liom, go lá mo bháis féin.

Roinnim an dán thíos libh, a léitheoirí, mar nach bhfuil ar mo chumas aon cheo eile a scríobh le lá nó dhó. Is dán é a scríobh mé do chárta cuimhneacháin mo dheirféar, Ciara, cúpla mí i ndiaidh a báis.

Mura miste libh, a léitheoirí, roinnim an dán libh i gcuimhne uirthi inniu, ar a lá breithe. Bheadh sí 33 bliana d’aois, dá mbeadh sí fós linn. Ach níl sí linn, agus sin fáth mo bhuartha inniu.

Róluath

Ní raibh a fhios nuair a tháinig tú chugainn
Nárbh fhada do sheal linn, a chroí,
Go raibh breithiúnas tugtha ag aingle
Gur ar iasacht a bhí tú ó Dhia.

Bhí ábhar do shaoil ar phár Pharthais,
do chinniúint breactha roimh ré,
breith agus bás is gan eatarthu
ach tréimhse do bheatha in am Dé.

Ó d’imigh tú uainne gan choinne,
tháinig deireadh do thuras ‘s do dhán,
aistear álainn go tubaisteach gearrtha,
tú sciobtha ó chairde ‘s ó chlann.

Scríobh tú do scéal inár gcroíthe,
é deartha go domhain ‘s go deo,
sé giorracht d’aiste a fhágann
muid uile ag sileadh na ndeor.
.

Monday, March 22, 2010

Tacsaí Buí agus Súilíní Corcra

Ghoid mé carr i Leitir Móir aréir. Bhí sé ag báisteach, ní raibh síob abhaile agam, agus bhí mé tuirseach, an dtuigeann sibh.

Chonaic mé an carr a bhí le goid. Bhí sé páircéailte taobh amuigh den siopa. Tacsaí buí a bhí ann, fearacht tacsaithe Nua Eabhrach, agus, aisteach go leor, níor luigh m’intinn air, ar chor ar bith, rud chomh hannamh sin a bheith páirceáilte taobh amuigh de shiopa i gCeantar na nOileán.

Seantacsaí a bhí ann, le cuma na scríbe air, agus bhí an eochair san áit nár chóir d’eochair a bheith, i gcarr díomhaoin gan ionramhálaí, go háirithe agus gadaí thart, an dtuigeann sibh. Sea, bhí sé in áit na hadhainte. Ag fanacht liom, shílfeá.

Isteach liom de léim, agus as liom, ar nós na gaoithe, soir go hEanach Mheáin. Bhí an tuile bháistí go dona. Bhí mé amhrasach faoin ghníomh gadaíochta a bhí idir lámha agam. Bhí mé ag cur allais. Idir an t-allas i mo shúile, agus an bháisteach ar an ngaothscáth, bhí mé faoi bhrú millteanach. Mar bharr ar an donas, an bhfuil a fhios agaibh céard a tharla ansin, a léitheoirí? Sea. Thosaigh na súilíní corcra.

Suas leo, súilín corcra i ndiaidh súilín chorcra, ag snámh leo timpeall ar ghaothscáth an chairr, mar a bheadh spárálaí scáileáin ann. Is ar éigean a bhí mé in ann bóthar ná carr romham a fheiceáil. Bhí mo chroí i mo bhéal, bíodh a fhios agaibh, agus faitíos nach beag orm go gcloisfinn ‘ní neá, ní neá, ní neá’, le soilse gorma ar a bharr, ag teacht i mo dhiaidh - rud annamh eile i gCeantar na nOileán, ach sin scéal eile.

Ar aon nós, d’éirigh liom an dá mhíle a dhéanamh ó Leitir Móir, thar Dhroichead na d’Tráchta, go hEanach Mheáin, áit ar pháirceáil mé an tacsaí buí ag seanteach folamh mo shean-aintín, i bhfolach taobh thiar de na crainn. Bhí mo chroí ag preabadh, ar fhaitíos go bhfeicfeadh aon duine mé, agus isteach liom, ar luas lasrach, sa seanteach, seanteach nach raibh folamh, mar ar tharla sé, ach an Garraíodóir féin istigh ann, ag cur caoi ar rud éigin istigh faoin doirteal sa chistin.

D’inis mé dó faoin tacsaí a ghoid mé, agus chinn sé é a thiomáint ar ais go dtí an siopa i Leitir Móir. Siar linn thar an droichead arís, timpeall an choirnéil, agus pháirceáil muid an carr ansin, taobh amuigh den Ghuildhall i nDoire. (Éist, a chairde, tá a fhios agam go bhfuil 300 míle idir Leitir Móir agus Doire. Ní ormsa atá an locht…sin mar a bhí an bhrionglóid ag dul!)

Cibé scéal é, d’fhágamar an carr ansin, agus rith mé féin agus é féin suas Shipquay St., áit a raibh dream bailithe timpeall ar cheann de na Ducks seo. Cé a chonaic mé uaim, agus í ina seasamh ag doras an Duck, ach mo dheirfiúr, bean atá beo beathach, agus ina cónaí i mBostún.

Thosaigh mé ag rith ina treo, agus mé ag scairteadh, in ard mo ghutha, ‘Sí mo dheirfiúr í! ‘Sí mo dheirfiúr í!’. Dhúisigh mé ar an bpointe a roinn mé féin agus í féin barróg.

Anois, arsa mé féin liom féin agus mé i mo dhuiseacht, nach raibh sé sin suimiúil mar bhrionglóid - Gaeilge á labhairt go nádúrtha ar shráideanna Dhoire! Gaeltacht nua gan dabht...
.

Saturday, January 16, 2010

Ragairne

Feictear dom nach bhfuil a dhath le cloisteáil, ná le léamh, ó na meáin chumarsáide na laethanta seo ach drochscéalta. Táim den tuairim go raibh an ceart ag Proinsias i rith na Nollag, na drochscéalta sin ceilte uaidh féin agus a bhean, an t-am caite acu ag léamh, ag comhrá, ag airneán, i gcomhluadar a chéile, agus i gcomhluadar daoine muinteartha leo.

Rinne mé féin amhlaidh. Chaith mé an Nollaig ag ragairne ar fud na tíre, gan aird dá laghad agam ar a raibh ag tarlú ar fud an domhain, ach m’aird dírithe ar an méid a bhí ag tarlú i mo shaol féin, le mo dhream féin.

Ar ndóigh, rinne mé barraíocht. Níl sé i bhfad ó shin ó scar mé féin agus An Bord Snip lena chéile, agus táim ag íoc as mo ragairne anois, muise, gan fuinneamh caitín agam ó d’fhill mé. Nílim tinn ar chor ar bith, ach spíonta amach is amach. Sách maith agam é! Ach ba shultmhar an turas chun tuirse é, mar sin féin...
.

Sunday, January 3, 2010

Ceangailte Go Buan




Nuair a dhúisigh mé ar maidin, ní i mo leaba féin a bhí mé, agus ní raibh an Garraíodóir le mo thaobh, ach an oiread. Mar sin féin, bhí suaimhneas ar leith i mo chomhluadar, an cineál suaimhnis sin a thagann nuair a bhím ar ais i mo cheantar dúchais, ar ais le mo dhream féin.

I láthair na huaire, tá mo mhuintir uile sa bhaile. Chaitheamar trí lá agus oíche i mBaile Átha Cliath, ar ragairne ag bainis mo nia, agus d’éirigh linn uile ár mbealach a dhéanamh abhaile arís, go slán sábháilte, in ainneoin na drochaimsire agus na mbóithre sleamhna.

Cé nach sa bhaile atáim, is sa mbaile a airím, mar sin féin. Sé an radharc thuas a bhí romham ar maidin nuair a d’éirigh mé, agus chinn mé an grianghraf a ghlacadh agus a roinnt libh, a léitheoirí, le go bhfeicfidh sibh an fharraige agus na sléibhte lena bhfuil mo chroí ceangailte go buan.

Maidir leis an nGarraíodóir bocht, an fear lena bhfuil mo chroí ceangailte go buan, thug sé frídíní uile Bhaile Átha Cliath abhaile leis go Ceann Scríbe. Tá sé ag tabhairt aire mhaith de na hainmhithe uile thuas, agus ag tabhairt an-aird ar an bhfliú sin a thug sé ar ais leis, freisin.

Tá An Bhean Neamhspleách in éineacht leis, ag tabhairt aire mhaith dó. Ceapaim. Chuir sí scairt orm aréir, agus ní ar a hathair a bhí a haird dírithe, ach ar Shióg.

“He was so excited to see us, Mum!” a dúirt sí, “He missed us all terribly.” dar léi.

“Just listen to him purring, and say hello to him.” a dúradh liom, agus í ag cur an fóín le cluas an chait, an t-ainmhí lena bhfuil mo chroí ceangailte go buan.

“How’s my favourite man?” arsa mé féin isteach san fhón, mo mhuintir uile timpeall orm i gcistin mo dheirféar, ag éisteacht le chuile fhocal uaim, gan an dara rogha acu ach éisteacht, mar is ann a bhí mé, ina gcomhluadar, nuair a tháinig an glaoch ar m’fhón póca. Lean mé orm ag caint le Sióg, dearmad glan déanta agam ar an dream i mo thimpeall.

“You are the best ever…” arsa mé féin, mé ag labhairt go ceanúil agus le grá nach beag,

“…and it won’t be long before I am back to give you a big hug, and I won’t leave you ever again…” a dúirt mé, agus chríochnaigh mé an comhrá leis le póg mhór mhillteach,

“Mwah!”.

Bhí chuile dhuine sa chistin ag breathnú orm nuair a mhúch mé an fón.

“So, how is he feeling now?”, a d’fhiafraigh duine acu.

“Who?” a d’fhiafraigh mé féin.

“Your husband!” a d’fhreagair duine eile acu.

“I’d better ring back.” arsa mé féin…

Tuesday, December 8, 2009

Na Miotóga Bándearga

Le fáthmheas luath, agus le tacaíocht óna leitheidí san fhíseán seo, bíonn seans níos fearr againn mar mhná.



Mo dheirfiúr a chuir an nasc seo chugam ar maidin, bean a mhaireann, mar aon le mo mháthair agus le m'aintín, mar gheall gur éirigh leo an fáthmheas luath a fháil.

Bainigí sult as an bhfíseán seo, a léitheoirí, físeán a chuir mise mé féin ag damhsa ar maidin.

.

Thursday, November 19, 2009

Na Wombles agus Women's Things

An cuimhin leat The Wombles, a léitheoir? Más cuimhin leat iad, seans go bhfuil tú chomh sean liom féin mar sin, nó gar go maith dó.

Bhí an banna ceoil The Wombles ar an bhfód nuair a bhí an Garraíodóir agus mé féin inár meán-déaga, agus bhí na hamhráin uile ar eolas againn – The Wombling Song, Remember You’re a Womble srl. Cheapamar go raibh siad iontach ag an am agus, go deimhin, is dócha go raibh siad iontach ag an am sin. Sin mar a bhíonn an saol, a léitheoirí. Bíonn a sheal féin ag chuile rud.

Nuair a chaill mé mo bhroinn agus m’ubhagáin le deireanaí, bhí a seal liom tagtha chun críche, ar bhealach. Lena linn, agus lena gcomhoibriú, bhí an t-ádh liom gur éirigh liom triúr páistí a shaolú, ach nuair a thosaigh fás de shaghas eile ag tarlú ar an mbroinn, ceann gan chontúirt, ach ceann nár chóir bheith ann, mar sin féin, ní raibh i ndán dóibh ach imeacht, ar mhaithe le mo shláinte féin.

Chuir sé iontas ar dhuine nó dhó gur labhair mé, go hoscailte agus gan náire, ar ‘women’s things’, mar a thug fear amháin air, ar chloisteáil dó, ón nGarraíodóir, go raibh mé san ospidéal. Tuigim é sin. Tá daoine ann agus ní féidir leo, nó ní theastaíonn uatha, labhairt ar a bhfadhbanna sláinte, ná ar fhadhbanna sláinte daoine eile. Tá an ceart sin acu.

Thug mé faoi deara go mbíonn sórt faitís ar dhaoine labhairt faoi ghalair agus faoi thinneas, mar a bheadh siad ag ceapadh go gcuirfeadh anáil na bhfocal luas gan leigheas faoin rud. Ach, chomh maith céanna, meabhraíonn daoine eile gur rud príobháideach atá ann, agus nár chóir labhairt ar ‘women’s things’ ná, is dócha, ar ‘men’s things’, ach an oiread. Agus tuigim sin.

Mar sin féin, táim den bharúil, macasamhail mo dheirfiúr, gur fearr i bhfad labhairt amach faoin tinneas, gan faitíos agus gan náire, le go dtuigfidh daoine an tábhacht a bhaineann le fáthmheas luath, agus le hidirghabháil luath, agus go dtuigfidh siad, freisin, gur féidir an lámh is fearr a fháil ar an bhfadhb. Chan i gcónaí, ach go minic, má éiríonn le duine dul i ngleic leis in am. Cuidíonn tacaíocht agus tuiscint, creidim féin.

Gabh mo leithscéal, a léitheoir, más rud gur chruthaigh mé aon deacracht duit agus an t-ábhar faoi chaibidil agam. Níorbh é sin mo mhian. Rinne mé iarracht rúinín beag de ghreann a chur san áit a mbíonn faitíos go minic, agus d’iarr mé tacaíocht an dearcaidh dhearfaigh, rud a fuair mé go fial, go raibh maith agaibh. Ar scáth a chéile…

Cibé scéal é, ar maidin inniu, agus ceann nó dhó de C’s na Maidine ag rith liom trí mo smaointe sa leaba, d’fhiafraigh an Garraíodóir,

‘What are you thinking of?’
‘I’m thinking of The Wombles,’ arsa mé féin.
‘What about them?’, a d’fhiafraigh sé, tar éis dó véarsa nó dhó de The Wombling Song a chasadh dom.
‘I was just thinking,’ a dúirt mé, ‘that I am a member of The Wombles + s group now’.
‘What group is that?’ a d’fhiafraigh an Garraíodóir.
‘The Wombless,’ arsa mé féin.

Sláinte, a léitheoirí, agus bainigí sult as an bpíosa staire seo.
.

Sunday, August 2, 2009

Na 'Positive Thinkers'

Timpeall coicís ó shin, scríobh mé anseo go raibh deirfiúr liom ag dul faoi scian i Meiriceá. Ailse thíoróideach atá uirthi, scéal a tháinig aniar aduaidh orainn uile an mhí seo caite. Is baintreach í le beirt déagóirí fós ina seilbh. Sciob ailse uaithi a fear céile dílis blianta ó shin, nuair nach raibh na páistí sin ach trí bliana agus cúig bliana d’aois.

Sa mhullach ar an mí-ádh sin, tháinig ailse chíche uirthi ceithre bliana ó shin, ailse a bhí ar mo mháthair sé bliana roimhe. Fuair an bheirt acu an ceann is fearr ar an ailse sin. Táimid ag súil go n-éireoidh chomh maith céanna le mo dheirfiúr, Deirdre, agus i ag dul i ngleic le hailse arís; an fhaireog thíoróideach imithe anois, cibé faoin ngalar. Beidh le feiceáil.

Cheap mé go raibh ár ndóthain fulaingthe againn mar chlann le bás mo dheirfiúr, Ciara, ach is léir nach bhfuil cibé Cé réidh linn fós. Nuair a chuala mé an drochscéal maidir le Deirdre an mhí seo caite, tháinig fearg orm. Ní gnáthfhearg a bhí ann, an dtuigeann sibh, ach an cineál feirge sin a chuireann fonn ar dhuine cic a tharraingt ar throscán, teann sáraithe seachas olcas; an cineál feirge sin a chuir fonn orm ‘Éist linn! Éist léi!’ a bhéiceadh os ard.

Tá sé sin nádúrtha, ach níl sé i mo nádúr troscán a chiceáil, ná bheith ag béiceadh os ard, agus ní dhearna mé a leithéid. Mar is iondúil linn, mar chlann, ba ghearr uaim na smaointe dearfacha arís.

Gach uile bhliain, le deich mbliana anuas, tá mo mháthair, mo dheirfiúracha, a bpáistí agus a gcairde, ag bailiú airgid don Quincy Medical Center, iad ag siúl, mar ghrúpa, faoin ainm ‘Positive Thinkers’, sa Quincy Medical Center Cancer Walk:

‘a fundraising walk to support the Marie A. Curry Fund, a permanent endowed Fund at Quincy Medical Center, focused on encouraging prevention and early detection of cancer and enhancing access to vital cancer screenings and services for uninsured and underinsured women and men’.

Anuraidh, osclaíodh an Ciara Durkin Cancer Resource Center ag QMC, agus d'éirigh leis an ngrúpa 'Positive Thinkers' os cionn $10,000 a bhailiú an bhliain sin.

Beidh siad ag siúl arís i mbliana, agus beidh Deirdre leo. Más mian libh tacaíocht a thabhairt don mhuintir thall, is féidir é sin a dhéanamh ag http://www.firstgiving.com/positivethinkers.
.

Tuesday, July 21, 2009

Gathanna Grá

Tá cuairteoirí agam i láthair na huaire, agus is leosan m’am go ceann lá nó dhó.

Tá coinnle lasta agam ar fud an tí anocht. Níl baint aige le creideamh ná a dhath mar sin. Níl ann ach go bhfuil deirfiúr liom ag dul faoi scian i Meiriceá, timpeall an ama seo, agus tá na coinnle ann le solas mo dhearfachta a chur chuici. Deacair é sin a mhíniú don té nach dtuigeann a leithéid. Aiféala orm faoi sin, a léitheoirí.

Tuigeann mo dheirfiúr é, agus is uirthi atá na gathanna grá dírithe.
.

Tuesday, July 14, 2009

'Na Daoine Béarla'

Tá teaghlach deirfiúracha ar m’aithne a bhfuil cónaí ar a bhformhór acu sa Ghalltacht, duine amháin acu sa Ghaeltacht. Tógadh iad le Gaeilge agus le Béarla i nGalltacht i lár na tíre, a n-athair a labhairt Gaeilge leo an t-am ar fad, a máthair ag labhairt Béarla leo. Béarla an teanga ba choitianta a labhraítí sa teach i measc na ndeirfiúracha, agus is Béarla fós a labhraíonn siad eatarthu féin mar dhaoine fásta anois.

Gaeilge an teanga labhartha a bhí ag an athair é féin ar feadh a shaoil agus é ag fás aníos, i nGalltacht Bhaile Átha Cliath. Gaeilge a labhair a dheirfiúracha agus a dheartháireacha freisin, agus is cleachtas é a thug siad leo isteach ina dteaghlaigh féin nuair a phós siad, blianta fada ó shin. Tá cónaí ar na teaghlaigh sin sa Ghalltacht den chuid is mó, agus an Ghaeilge mar phríomhtheanga labhartha acu. Is daoine fásta anois iad a bpáistí, agus tá siadsan, freisin, ag labhairt Gaeilge lena bpáistí féin, i nGalltachtaí a bhformhór acu.

Is de bhunadh ceann de na teaghlaigh sin na deirfiúracha a luaigh mé ag tús an ailt. Gaeilge amháin a labhraíonn an deirfiúr, a bhfuil cónaí uirthi sa Ghaeltacht, lena páistí óga, nach bhfuil fós ar scoil; Béarla amháin atá ag páistí óga deirfiúr amháin eile, páistí nach bhfuil fós ar scoil; Gaeilge agus Béarla ar a dtoil ag páistí na ndeirfiúracha uile eile, mar go bhfuil na páistí sin ag freastal ar Ghaelscoileanna éagsúla sa Ghalltacht.

Bhí teacht le chéile ag na deirfiúracha lena bpáistí uile, níl sé i bhfad ó shin. Bhí col ceathracha na nGaelscoileanna ag labhairt Gaeilge den chuid is mó, ach amháin nuair a labhair siad leis na páistí beaga nach raibh fós ar scoil, agus nach raibh Gaeilge acu. Ach ní raibh an ábaltacht sin ag na páistí ón nGaeltacht, mar nach raibh oiread is focal amháin Béarla acu. Agus iad ag labhairt lena máthair ní ba dheireanaí sa lá, ba ‘na daoine Béarla’ an t-ainm a thug siad ar na col ceathracha sin nach raibh Gaeilge acu.

Is é an smaoineamh a rith liomsa agus mé ag éisteacht leis seo ná go bhfuil an Ghaeilge chomh flúirseach sin sa Ghalltacht i mBaile Átha Cliath anois gurb iad an bheirt gan Gaeilge acu fós a tugadh faoi deara, agus a bhí sa mhionlach an lá sin.

Tá seans ag an teanga fós, agus feictear dom gur sa Ghalltacht atá an borradh is mó, agus nílim iomlán cinnte nach as na Galltachtaí, agus ó lucht na nGalltachtaí, a tháinig an tacaíocht is díograisí roimhe seo freisin.
.

Sunday, July 12, 2009

Nathanna Cainte

Bhí mé féin agus an Dómhnallach ag labhairt ar an bhfón an lá cheana, agus an ‘Dip in the Nip’ faoi chaibidil againn, scéal faoi mhná in Éirinn a tháinig le chéile agus snámh carthanachta déanta acu le hairgead a bhailiú d’Action Breast Cancer .

“M’anam, ní raibh folach orthu!” a dúirt an Dómhnallach. Sin nath cainte nach raibh cloiste agam, agus sé ‘They hadn’t a stitch of clothes on’ atá i gceist leis, rud a thuig mé mar gheall go raibh an focal ‘folach’ san abairt, agus mar gheall go raibh mo splancacha céille ag tabhairt faoi deara an leid mhór a bhí le fáil san fhocal sin ‘Nip’.

Isteach liom in FGB Uí Dhónaill, leathanach 564, go bhfeicfinn an raibh bealaí eile le húsáid a bhaint as an bhfocal sin, arb iad ‘hiding’, ‘concealment’ agus ‘covering’ na focail is coitianta dó sa Bhéarla.

Ar ndóigh, tá ‘rud a chur i bhfolach’ ann le haghaidh ‘to hide something’; ‘folach bíog a dhéanamh’ = ‘to play hide and seek’; ‘folach cnoc a chur ar dhuine’ = ‘to leave someone far behind (as in race, or work); ‘folach an chait (ar a thuar) a dhéanamh ar rud’ = ‘to try to conceal the obvious’; ‘Le folach na náire a chur orthu féin’ = ‘in order to cover their nakedness’; agus, mar is eol dúinn uile ‘Níl dul i bhfolach ar an mbás’ = ‘There is no escaping death’.

Is léir, go deimhin, nach bhfuil dul i bhfolach ar an mbás, agus is léir, freisin, nach raibh na mná ar an trá an lá sin le folach na náire a chur orthu féin, ach le hairgead a bhailiú a chuirfidh mná na tíre seo ar an eolas faoi ailse chíche, agus le tacaíocht a chur ar fáil, más gá. Nílim ag dul mo bhuíochas do na mná nochta sin a chur i bhfolach. Go raibh maith agaibh, a mhná misniúla!

Anois, a chairde na gcíoch, cibé faoi na nathanna cainte thuasluaite, scaipigí an nasc seo, Action Breast Cancer, ar na mná lena roinneann sibh grá. Maith sibh!
.

Sunday, July 5, 2009

Féilire

Blianta fada ó shin, chuir deirfiúr liom ‘Birthday List’ teaghlach s’againne le chéile; leathanach amháin a thiocfadh tríd an bpost chugainn leis an gcárta Nollag chuile bhliain, go dtí go bhfuair na ríomhairí an ceann is fearr ar fhir an phoist. Tagann an liosta chuile bhliain i Mí Eanáir anois, trí ríomhphost, chuig gach duine den teaghlach.

Is iad na ceanntásca leathanaigh: dáta breithe, ainm, aois reatha, lá na breithe, bliain na breithe, agus sonraí teagmhála ina mbíonn an seoladh baile, seoladh ríomhphoist, agus uimhreacha gutháin san áireamh. Ar an liosta, tá máithreacha, aithreacha, iníonacha, agus mic. Dá bhrí sin tá a fhios agam, bliain i ndiaidh bliana, cén aois atá ag gach neacht agus nia liom, mar aon le haois gach fear agus bean atá pósta le mo dheirfiúracha agus deartháireacha, chomh maith le haois mo shiblíní agus mo mháthair. Tá an liosta curtha le chéile go croineolaíoch, is é sin le rá go dtosaíonn an liosta i Mí Eanáir, leis an gcéad lá breithe den bhliain, agus leanann sé ar aghaidh go dtí deireadh na bliana, mí i ndiaidh míosa.

Tá sé úsáideach ar go leor bealaí. Is féidir liom breathnú ar an liosta go rialta agus bíonn a fhios agam, ar an bpointe, cén breithlá atá ar an mbealach, agus cé leis an breithlá sin. Má bhíonn lá breithe mhór, fearacht 21, 30, 40 nó mar sin, ar an mbealach, bíonn cló trom ar an aois reatha sin. Ach, faraor, ní ar na haoiseanna sin amháin a bhíonn an cló trom, ach ar an uimhir a chuirtear in áit na haoise reatha don té atá anois imithe ar shlí na fírinne. Ní aois a bhíonn scríofa faoi ‘aois reatha’ sa chás sin, ach an méid blianta atá ann ó d’fhág an ball sin den teaghlach an saol seo. Fágtar an aois a bhí acu nuair a d’imigh siad uainn idir lúibíní taobh lena n-ainm, agus taobh leis sin, idir lúibíní eile, bíonn an dáta ar fhág siad muid.

Timpeall naoi mbliana ó shin, nó mar sin, thosaigh deartháir liom i Meiriceá ag cur féilire teaghlaigh le chéile. Is féilire é atá an-chosúil leis na féilirí sin a gheofá ón mbanc, pictiúir ar an leath uachtarach, boscaí cearnógacha folmha ar an leath íochtarach le go mbeadh duine in ann nótaí beaga a scríobh iontu, dá mba mhian leo. Ar an leath uachtarach d'fhéilire s’againne, cuireann sé pictiúir éagsúla den teaghlach, pictiúir a roghnaíonn muid féin i rith na bliana agus a chuireann muid chuige ag tús Mhí na Nollag, le go mbeidh an féilire réidh aige dúinn roimh thús Mhí Eanáir. Roinneann mo dheartháir na pictiúir amach ar na leathanaigh mhíosúla, agus bíonn colláis de phictiúir dhifriúla le feiceáil againn chuile mhí. Bíonn na boscaí cearnógacha folamh, ach amháin go mbíonn ainm curtha sa bhosca cuí nuair atá breithlá, nó cothrom lae báis, duine den teaghlach ann ar an dáta sin.

An mhí seo, ar an bhféilire, tá pictiúir d’aon dhuine dhéag de na nianna agus neachtanna, cuid acu ag cóisirí, cuid acu ar chamchuairt timpeall ar Washington nuair a bhíomar thall le haghaidh adhlacadh luaithreach le mo dheirféar, Ciara, in Arlington; pictiúir de mo shiblíní uile (cé nach bhfuil mise ann ar chor ar bith an mhí seo!), mo mháthair, agus aintín liom. Tá pictiúr de Chiara ann, a haghaidh chineálta ag breathnú amach orm anois, ag tarraingt ar théada mo chroí mar a rinne sí ar feadh a saoil.

Tá an féilire ar an mballa taobh liom i mo sheomra scríbhneoireachta i gCeann Scríbe anois, agus tá an ‘Birthday List’ taobh leis. Ar an liosta sin tá ainm Chiara luaite le dáta an lae amáraigh. Taobh lena hainm tá ‘30’ scríofa idir lúibíní, a haois nuair a bhásaigh sí, agus taobh leis sin, tá an dáta a bhásaigh sí san Afganastáin. I gcló trom in aice leis sin, san áit b’iondúil dá haois a bheith san am a caitheadh, tá ‘2nd’ scríofa. Ar ndóigh, níl baint ar bith ag an ‘2nd’ sin le haois, faraor, ach cuireann sé i gcuimhne dom, cé nach gá cuimhne a chur san áit a mbíonn an síor-chuimhne beo, nach bhfuil sí linn a thuilleadh, ach go bhfuil sí imithe uainn dhá bhliain i mbliana. Ní bheidh aois leanúnach aici arís go brách.

An smaoineamh a ritheann liom inniu, agus mé ag breathnú trí mo dheora ar an bhféilire agus ar an liosta sin ar mo bhalla, ná go mbeidh Ciara s’againne riamh óg. Ní thiocfaidh aois uirthi arís go brách, agus beidh sí óg i gcónaí sa cholláis teaghlaigh ar an bhféilire. An gcuidíonn sé sin le mo bhrón a mhaolú? Ní chuidíonn, ach is deas an smaoineamh é mar sin féin.

Dá mbeadh sí beo, bheadh Ciara na Gruaige Rua 32 bliana d’aois amárach. Cuirfidh mé barróg chuici, cibé áit ina bhfuil sí, mar a dhéanaim chuile mhaidin ó d’imigh sí uainn. Ba bhean mhór barróga í.

http://www.ciaraweerabrat.com/
.

Thursday, April 23, 2009

Cairde

An Dómhnallach: Tuigeann sí an grá atá agam do mo ghaolta. Tuigeann sí an grá atá agam don Ghaeilge. Agus tuigeann sí mo thrioblóid.
Bean an tSléibhe: Tuigeann sí gur féidir gáire agus deora a mheascadh san anáil chéanna. Agus tuigeann sí gur ionann cara agus céile.
An Mháistreás: Tuigeann sí caighdeán an chairdis. Agus tuigeann sí tábhacht na clainne.
An tImirceach: Tuigeann sí gur gá ualach a roinnt go príobháideach. Agus is maith léi fíon a roinnt liom freisin.
An Státseirbhíseach: Tabharfaidh sí mo rúin chun na huaighe léi, bíodh mé beo nó ná bíodh. Agus is maith léi fíon fosta.
An Sasanach: M’aingeal cuideachta ar thalamh.
Mo Dheirfiúracha: Dlúthghrá nach féidir a mhíniú. Tuigeann siad mise nuair nach dtuigim mé féin.
 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.