Showing posts with label grá. Show all posts
Showing posts with label grá. Show all posts

Friday, December 31, 2010

Beannacht

Nuair a phós mé, bhog mé as Gaillimh go Dún na nGall. Bhí mé iontach uaigneach, gan aithne agam ar aon duine anseo, ag an am. Bhí sé crua orm slán a fhágáil le mo bhaile, agus le mo mhuintir, fiú agus mé breá sásta tús nua a dhéanamh le m'fhear céile in Inis Eoghain.

Bhíodh An Garraíodóir ina shealoibrí, agus is minic a bhínn sa teach liom féin. B’iad na hoícheanta ba mheasa. Ní raibh fón againn, agus dá mbeadh féin, bheadh sé ródhaor glaoch a chur abhaile, an t-am sin.

D’airigh mé uaim glór agus comhairle m’athar, ach go háirithe. Is iomaí comhrá a bhíodh againn ar chuile ní beo, agus ar chuile ní marbh, d’fhéadfá a rá. Fear spioradálta a bhí ann, agus, thar blianta m'óige, d’éist sé le focail m’amhrais, le tuiscint agus le grá nach beag. Níor chuir sé iallach orm cloígh le haon chreideamh ach le mo chreideamh féin. Ní raibh uaidh ach go mbeinn suaimhneach le mo chuid. D’éirigh leis.

Phós mé i Mí Mheán an Fhómhair. Trí mhí ina dhiaidh sin, bhí sé ag teacht gar den Nollaig, agus bhí uaim mo mhuintir a fheiceáil arís. Bhí Nollaig gan iad romham, ó tharla An Garraíodóir ag obair, agus theastaigh uaim am a chaitheamh le mo dhream féin, roimh thús na féile.

Tar éis deireadh seachtaine a chaitheamh sa bhaile i nGaillimh leo, bhí sé in am dom an turas a dhéanamh ar ais go Dún na nGall.

‘Have you a crib?’ a d’fhiafraigh m’athair díom.

‘No.’ a d’fhreagair mé féin.

Suas leis san áiléar, agus thug sé anuas an mainséar atá le feiceáil sa ghrianghraf thuas. Ceann nua a bhí ann, é fós ina bhosca, ach an chuma air gur chaith sé bliain nó dhó díomhaoin san áiléar, gan aige ach comhluadar na ndamhán alla, a chlúdaigh an bosca lena maisiúcháin féin, facthas dom.

‘You have one now.’ a dúirt m’athair, agus thug sé an mainséar beag, agus barróg mhór, dom.

Tá sé tríocha bliain ó bronnadh an mainséar sin orm, agus tá m'athair álainn imithe ar shlí na fírinne le fada an lá, faraor. Chuile bhliain, ag an am seo den bhliain, téim suas i m’áiléar féin, tugaim anuas an mainséar sin a thug sé dom, agus airím arís a bharróg, agus a ghrá.

Go bhfaighe sibh barróga go leor sa bhliain nua, a léitheoirí, agus go raibh grá nach beag in bhur dtimpeall.
.

Tuesday, September 14, 2010

Smaointe na Maidine

Ó tharla nach bhfuil mo chomhleapach liom na laethanta seo, níl comhráiteach maidine agam, rud a fhágann mé féin agus mo smaointe ag labhairt lena chéile nuair a dhúisím.

Tuigeann sibh féin céard atá i gceist agam leis an bhfocal sin ‘smaointe’, a léitheoirí, nach dtuigeann? Ní ‘mianta’ atá faoi chaibidil anseo agam, bíodh a fhios agaibh, ach na smaointe sin lena ndúisíonn duine, smaointe a thagann isteach i do chloigeann, agus tú fós leath i do chodladh, nó leath i do dhúiseacht.

Is minic, liomsa pé scéal é, go dtagann smaoineamh amháin ar ais chugam, maidin i ndiaidh maidine, go dtí go mbíonn sé pléite agam go sásúil, sé sin le rá, mo mhachnamh déanta agam air, agus mo chinneadh déanta agam air, mar a déarfá.

Anois, nuair a bhím sa bhaile i gCeantar na nOileán, is minic mé i Reilig Eanach Mheáin, áit ina bhfuil daoine muinteartha, agus cairde, liom curtha. Níl ann ach go gcuidíonn sé liom mo bhuairt a chur díom rud beag, an dtuigeann sibh. Airím, go deimhin, go bhféadfainn labhairt go smaointeach leo am ar bith, áit ar bith, bíodh siad in ann mé a chloisteáil nó ná bíodh. Ag Cé atá a fhios.

Cé nach dtuigim cén fáth a gcuidíonn sé liom, tá faoiseamh, de shaghas, le fáil agam agus mé ag comhrá leo i mo smaointe, bíodh mé ag ní na soithí, abair, nó i mo shuí taobh le huaigh. Ní gá dom tuiscint a bheith agam ar an rud nach dtuigim. Glacaim leis go dtarlaíonn rudaí, fiú mura dtuigim cén fáth.

Mar sin féin, bhí eachtra Vincent Keaney i mo smaointe arís ar maidin, agus, seans, go bhfuil baint nach beag aige sin leis an áit ina bhfuilim i láthair na huaire, gar do mo mhuintir féin. Tá machnamh déanta agam ar an eachtra, agus bíodh sé de cheart aige é a dhéanamh nó ná bíodh, ní dóigh liom gur cheart do Vincent an rud a rinne sé a dhéanamh.

Is cuma céard a rinne an té atá faoin bhfód ann, is áit ghoilliúnach í an reilig, agus tá an bás féin sách crua ar an duine beo, cheana féin. Ní cóir cur lena mbuairt, i mo thuairim.

Sin mo chinneadh ar maidin, bíodh mé ceart nó mícheart.
.

Sunday, June 20, 2010

Lá na nAithreacha

Súil agam go mbeidh/raibh lá deas agaibh, a fheara!
.

Sunday, February 14, 2010

Lá San Vailintín

Is lá tráthúil é seo i mo shaol féin. Is ar an lá seo a thosaigh mé ag siúl amach leis an bhfear lena roinnim mo shaol go laethúil, agus is ar an lá seo, an bhliain dár gcionn, agus in admháil dár gcion, a ceannaíodh an fáinne.

Tráthúlacht b’fhéidir, ach táim féin den bharúil go raibh baint ag Cúipid leis an scéal, agus gur chuir sé, mar a dúirt Míshásta, saighead ‘ag eitilt cruinn díreach’ inár dtreo. Ceapaim.

Ar aon nós, níl a fhios agam an bhfuil muintir na Gaeltachta/Gaeilge iontach cúthalach ar fad, ach níor éirigh le hEibhlín bhocht oiread is duine amháin a fháil le scríobh isteach chuig an gclár Iris Aniar ar Raidío na Gaeltachta, cé gur fhan sí ó Luan go Déardaoin le nóta a fháil, maidir le ‘Céard iad na tréithe is ansa leatsa faoi do pháirtí?’. Bhí dinnéar do bheirt mar dhuais aici don nóta is fearr, ach diabhal nóta a fuair sí. Suimiúil.

Bhí fear poist ar chlár eile lá éigin an tseachtain seo, b’fhéidir ar chlár Joe Duffy, Liveline, ar RTÉ Raidió 1, agus bhí sé ag insint dúinn nach bhfuil cártaí Vailintín á gcur sa phost inniu, mar a bhíodh fadó. Bhí lá ann, dar leis, agus bhíodh orthu daoine sa bhreis a fhostú don phost a dháileadh Lá Vailintín ach, faoin am a ndeachaigh sé féin amach ar pinsean i 2004, ní raibh ach seacht gcárta Vailintín le dáileadh aige ar cheantar mór i mBaile Átha Cliath. Suimiúil.

Cibé rud eile atá ag tarlú, a léitheoirí, tá súil agam go mbeidh Cúipid gnóthach go maith inniu. Ní dóigh liom go bhfuil gá le cárta, ná le bláthanna, ná le nóta fiú. Ach ba dheas an rud é dá roinnfeá barróg, ar a laghad, leis an té a roinneann agus a líonann do shaol le grá.

Bainigí sult as an lá.
.

Thursday, December 3, 2009

Ceart, Cóir agus Comharsanacht

Bhuel, agus ní chuireann sé seo iontas ar bith orm, bhí Gerry Willie Ó Fátharta ar ais arís ar Iris Aniar, ar Raidio na Gaeltachta, ar maidin, lena scéal, go dáta, a roinnt linn.

Is léir go raibh an-suim ag na héisteoirí sa mhéid a bhí le rá ag Gerry, ach an oiread liom féin.

Coinnígí súil anseo, agus chomh luath agus a bheidh clár na maidine seo ann, Déardaoin, 03 Nollaig, 2009, le Gerry Ó Fátharta, éistigí leis, a léitheoirí, mar is fiú go mór an chuid eile den scéal uaidh a chloisteáil.

Chuir Eibhlín, an láithreoir, ceist air, ag deireadh an chláir ‘Céard é an rud is tábhachtaí?’

D’fhreagair Gerry, ‘Ceart, cóir, agus comharsanacht – agus a bheith go deas le daoine.’

Go mba hé daoibh, a chairde!
.

Wednesday, December 2, 2009

Gerry Willie Ó Fátharta

Má bhíonn deis agaibh, is fiú éisteacht anseo leis an méid a dúirt Gearóid Ó Fátharta le hEibhlín Ní Chonghaile ar chlár Iris Aniar an tseachtain seo caite. Is iar-shagart é Gerry Willie, mar is fearr aithne air, agus tá sé ‘ag plé an méid a bhí le rá ag Easpag Chill Dá Lua, Willie Walsh, faoi go bpléifí os ard an t-imeallú agus an choinneáil amach atá an Eaglais a dhéanamh ar aicmí áirithe daoine’.

Níor chuala mé iomrá ar an bhfear seo roimhe, cé gur as Conamara é, ach bhí mé iontach tógtha leis an méid a bhí le rá aige, agus é á rá le tuiscint, agus le léargas iontach ar an méid atá ag tarlú san eaglais i láthair na huaire, agus le fada, go deimhin.

Ní raibh mé ag súil le Gerry a chloisteáil arís ar maidin, ach is mar sin a tharla. Bhí mé amuigh ag siúl, ó tharla an lá go breá, agus an aimsir agus mé féin ar fónamh rud beag, agus bhog mé cnaipe mo raidió go Raidió na Gaeltachta. Táim buíoch do chíbe Cé a thug deis dom an t-agallamh seo a chloisteáil, mar fanfaidh scéal Gerry liom go brách, ceapaim.

Chaith Gerry Willie cúpla bliain sa tSile ó 1978-80, áit ar thug sé faoi deara go raibh na daoine faiteach, cé nár thuig sé an fáth go hiomlán go dtí gur oirníodh é in Éirinn i 1982, agus gur fhill sé ansin ar pharóiste eile sa tSile, áit i bhfad ní ba bhoichte. ‘Tosach saoil’, dar leis, a bhí i ndán dó ansin, áit a bhfaca sé brúidiúlacht rialtas míleata Phinochet á cur i bhfeidhm ar na daoine bochta ann - ‘bochtannas spiorad’ mar a thug Gerry air, gan cead labhartha ag na daoine ann; a saoirse caillte acu.

Go bhfóire Cé orainn, ach d’inis Gerry scéalta millteanacha ar an gclár faoin mbrúidiúlacht sin, agus faoi thoradh an chiaptha a chonaic sé ann. Chlis a ghlór air go minic, an tocht á thachtadh agus é ag meabhrú dúinn na rudaí a tharla sa tSile. An rud a chur de dhroim seoil é, an rud a d’fhág go raibh air an tSile a fhágáil, ná gur thosaigh an ghéarleanúint ar a chairde féin, daoine áitiúla lena mbíodh sé ag imirt sacair i gclub ann; géarleanúint a thosaigh mar gheall go raibh siad cairdiúil leis-sean.

Ina dhiaidh sin, chuaigh sé go dtí an Bhrasaíl, i 1985. Labhraíonn sé ar an am a chaith sé ansin, an bhrúidiúlacht ansin níos measa ná an tSile, dar leis. Labhair sé ar a chreideamh buan sa ‘preferential option for the poor’, creideamh a thug isteach é, mar shéiplíneach, ag obair i bpríosún ansin, le dul i gcabhair ar na daoine bochta istigh ann; daoine, dar leis, nach raibh coir ar bith déanta ag cuid acu, ach iad istigh in ‘ifreann’ le ‘ceithre bhalla’ timpeall air, a dúirt sé.

I 1994, cuireadh ordú dlíthiúil air an tír a fhágáil, nuair a labhair sé amach faoin drochíde mhillteanach a bhí fear homaighnéasach ag fáil sa phríosún sin, fear a cailleadh dhá lá ina dhiaidh sin. Níor fhág Gerry. I 1995, bronnadh saoirse na cathrach i gcathair Salvadóir na Brasaíle air, saoirse a bronnadh ar Nelson Mandela agus ar Desmond Tutu roimhe.

Láimhseáil Eibhlín Ní Chonghaile scéalta Gerry le híogaireacht, le bá agus le tuiscint, rud a theastaigh, ó am go chéile, mar a chloisfidh sibh má éiríonn libh éisteacht leis an agallamh, rud a mholfainn daoibh a dhéanamh, am éigin.

Tá scéal Gerry iontach suimiúil. Bhí sé ag obair, mar shagart, leis na boicht ar feadh 20 bliain i Meiriceá Theas. Sa chlár seo, labhraíonn sé faoina shaol mar shagart, saol a thosaigh sna seachtóidí agus é ocht mbliana déag d’aois, go dtí gur thit sé i ngrá i 1997.

Beidh sé ar ais ar Iris Aniar, amach anseo, leis an gcuid eile dá scéal a insint. Is fada liom go gcloisfidh mé é.
.

Sunday, October 11, 2009

Duais agus Dearcadh

B’fhéidir go bhfuilim rud beag soineanta, agus go bhfuilim dall ar na rudaí a fheiceann daoine eile, ach táim beagán trína chéile ag an dearcadh atá á chloisteáil agus á léamh agam faoin duais Nobel a bhain an tUachtarán Obama le déanaí.

Anois, tuigim go rómhaith go mbíonn dearcadh éagsúil ag daoine éagsúla nach roinneann, b’fhéidir, na tuairimí polaitiúla céanna leis an Uachtarán, ach ní duais pholaitiúil atá ann, an ea? Shíl mé féin, go dtí an tseachtain seo, nach raibh baint ná páirt ag an duais leis an bpolaitíocht, ach tá amhras orm anois nach raibh orm roimhe seo.

Bhí mé ag éisteacht leis an Marion Finucane Show ar maidin agus chuir an méid a dúradh ar an gclár le méid m’eolais, cé nár chuir sé le mo thuiscint. Chuala mé duine amháin a rá, go ciniciúil shíl mé, go bhfuair Obama an duais ‘in the faint hope’ go n-éireoidh leis an Uachtarán toradh éigin a fháil i dtaobh na síochána.

Dúirt duine eile go raibh sé rud beag cosúil le ‘cashing the cheque before getting the goods’, sórt ‘reaction to the Bush administration’, mar a bheadh, a dúirt sé, ‘you’d better deliver’ á rá ag an gcoiste a bhronn an duais. Dúirt duine eile gur ‘clever move’ a bhí ann, a thug ‘huge hope’, agus dúirt bean eile gur bronnadh ‘aspirational’ a bhí ann.

Bhí an tUachtarán é féin ‘surprised and humbled’ nuair a chuala sé an scéal, más fíor, agus maíonn Mairead Corrigan Maguire, dar leis an alt céanna, go raibh bronnadh na duaise ar an Uachtarán ‘very sad’.

Anois, b’fhéidir go bhfuilim soineanta, ach feictear domsa go bhfuil iarracht á dhéanamh ag an Uachtarán Obama síocháin a chothú agus ceapaim, bíodh mé ceart nó mícheart, gur bronnadh an duais air ar an mbonn sin. An n-éireoidh leis? Cá bhfios dúinn. An fiú a iarracht?

Dar le Mairead Corrigan Maguire, “President Obama has yet to prove that he will move seriously on the Middle East, that he will end the war in Afghanistan and many other issues,” - an féidir teorainn ama a chur le próiseas na síochána?

Ní fheicim é mar rud atá ‘pro-Obama’ ná ‘anti-Bush’, ach mar dhuais a bronnadh ar mhaithe le hiarracht atá beo agus leanúnach, feictear dom. Dar leis féin ‘this award must be shared with everyone who strives for justice and dignity’.

An bhfuil sé foirfe mar dhuine? Cé againn atá foirfe? Tá go leor le déanamh ag an Uachtarán Obama sa phróiseas, cinnte, ach cé eile, i láthair na huaire, atá á dhéanamh leis an díograis chéanna, leis an dóchas céanna?

Is fada cam an bóthar atá roimhe, agus déanfaidh sé botúin, mar aon linn uile inár saol. Nár laga Cé a thuras, ná turas aon duine eile atá sásta iarracht a dhéanamh ar mhaithe le maitheas.

Síocháin libh, a chairde.
.

Friday, October 9, 2009

Sinne na Linne

Caithfidh muid an dubh agus an gheal inár stair chasta a ghlacadh le chéile.’, a scríobh Aonghus inniu, agus aontaím leis.

Cuireann sé díomá orm cé chomh minic agus a bhuailtear sinn le slat na staire, agus 'sinn' chuile chine atá i gceist agam, ní Éireannaigh/Eorpaigh amháin, amhail is gur sinne na linne seo a bhí páirteach i bpeacaí na staire.

Cinnte, bhí uafáis ann, agus tá fós, ach nár chóir dúinn bheith ag díriú ár n-aire ar an todhchaí anois, is cuma cén cine sinn, le cinntiú nach dtarlóidh a leithéid arís nó, ar a laghad, go mbeidh iarracht a dhéanamh againn, le chéile, deireadh a chur le huafáis leanúnacha an tsaoil?

Ní dhéanfaidh, i mo thuairim, aon chine dearmad ar a stair, ach nárbh fhearr ceacht a fhoghlaim uaithi, agus síocháin de shaghas éigin a fháil uaithi, le chéile, seachas bheith de shíor ag tagairt di le nimh sa chaint, agus le nimh san fheoil?
.

Friday, September 18, 2009

Fear Teanga

An bhfuil a fhios agaibh, a léitheoirí, ach rinne mé rud aréir a gheall mé dom féin go ndéanfainn ó bhí mé óg. Ní inniu ná inné a bhí mise óg, bíodh a fhios agaibh. Sea, táim i bhfad níos sine anois ná mar a bhíodh mé agus mé i m’óige. Sin an saol. Níl leigheas air. Caithfear ligean leis na blianta dul thart, mar is iondúil leo a dhéanamh. Ní féidir iad a stopadh, fiú dá mbeadh duine ag iarraidh iad a stopadh, rud nach bhfuil uaim, le bheith fírinneach faoi. Ní miste liom m’aois. Is mór an mhaith sin, is dócha.

Anois, cá raibh mé? Oh sea, an rud sin aréir. Is dócha gur thug mé faoi deara go raibh an fonn orm agus mé ag dul isteach sa mheánscoil. Bhí mé aon bhliain déag d’aois, nó mar sin, agus bhí mé i ngrá, creid é nó ná creid, le scríbhneoireacht. Is grá é a mhair ar feadh mo shaoil, ach a cuireadh i leataobh nuair a tháinig an grá mór eile sin, an Garraíodóir, isteach i mo shaol. Choinnigh seisean mo chuid aire dírithe airsean, agus ar an teaghlach a chuir sé faoi mo chúram, go dtí le gairid.

Ar ndóigh, tá m’aire dírithe airsean fós, ach tá na páistí bailithe leo agus tá am agam le haghaidh mo chéad ghrá arís. Tuigeann an Garraíodóir é seo, agus tá sé sásta mé a roinnt. Fear tuisceanach. Tá a fhios aige go maith nach féidir an rud atá sa nádúr a stopadh, ná fiú srian a chur air, ná orm. Fear ciallmhar.

Le scéal fada a dhéanamh den scéal nach raibh in ainm agus a bheith chomh fada seo, d’fhreastail mé ar cheardlann scríbhneoireachta aréir; Short Story Creative Writing Workshop, lena ainm ceart a thabhairt dó. Bhí cúigear ban eile ann, agus fear an tí é féin – stiúrthóir na ceardlainne, chan an Garraíodóir. Chaitheamar an chéad pháirt den oíche ag cur aithne ar a chéile, agus ag dul i dtaithí ar mhodh oibre na ceardlainne. Uair an chloig caite.

Sa dara cuid den oíche, bhí orainn píosa scríbhneoireachta a dhéanamh. Cúig nóiméad caite. Sea, sin mar a tharla sé. Thug an stiúrthóir téama dúinn, siúlóid faoin tuath, agus dúirt ‘off you go until I say stop’. Ní raibh deis againn fiú anáil a tharraingt, ach ár gcloigne a chromadh ar an bpíosa páipéir os ár gcomhair agus iad a mhaisiú le focail. Cúig nóiméad ina dhiaidh sin, nó mar sin, chualamar ‘okay, you can stop now, and you may read them out for me now’.

Anois, tá a fhios agaibh go mbímse ag rámhaille, a léitheoirí, agus sin go díreach a rinne mé agus mé ag maisiú liom, gan stró, ar feadh chúig nóiméad, focail áiféiseacha á scríobh agam faoi dhaoine samhailteacha. Roinn mé an scéal rámhailleach áibhéalach sin leis an stiúrthóir agus leis na mná. Rinne mé amhlaidh leis an nGarraíodóir ar filleadh abhaile dom ní ba dhéanaí.

“You don’t mean to tell me you read that out to them?” a d’fhiafraigh sé, ar chloisteáil na focail ‘it reminded her of her dull dreary first husband’ ag teacht go bródúil as mo bhéal; na focail sin mar chuid den phíosa cruthaitheach samhailteach sin a scríobh mé, an dtuigeann sibh, a léitheoirí ciallmhara cliste.

Why, what’s wrong with it?” a d’fhiafraigh mé féin, stad tobann curtha leis na focail bhródúla chruthaitheacha, iad imithe in aimhréidh teann suaite.

They might think you’re talking about me!” arsa an t-aon fhear céile a bhí riamh agam.
.

Thursday, September 3, 2009

Spiorad na Seanórthachta

Coinnigh na smaointe dearfacha sin ag dul, agus beidh laethanta mar seo romhatsa freisin, a léitheoir - má bhíonn an t-ádh leat!
.

Tuesday, September 1, 2009

An Cnuasach Cuimhní

Taitníonn sé go mór liom nuair a bhíonn cuairteoirí anseo sa teach. Is mór liom cuideachta mo chairde agus mo mhuintir, mo dhream féin. Nuair a bhíonn siad anseo, bíonn comhrá agus craic agam leo i rith an ama, an nasc eadrainn á dhaingniú le téada na gcuimhní cinn.

Agus mé ina gcomhluadar, líontar spás éigin ionam, áit ina mbailítear le chéile an taisce sin ar a dtugaim An Cnuasach Cuimhní. Nuair a theastaíonn uaim athnuachan nó athmhachnamh a dhéanamh ar an gceangal a chum na cuimhní, má bhím uaigneach ina uireasa, isteach liom sa spás sin, osclaím An Cnuasach Cuimhní, agus léim na leathanaigh ar a bhfuil mo thaisce breactha.
.

Thursday, July 30, 2009

Beannacht na gCuairteoirí

Tá dream cuairteoirí díreach ar shiúl, agus an teach le réiteach agam anois don chéad dream eile atá ag teacht ar an Satharn. Is mór liom cuideachta mo chuairteoirí, cé nach mbíonn deis agam aon scríbhneoireacht a dhéanamh nuair a bhíonn daoine thart. Bíonn na laethanta leo lán go béal, ag turasóireacht, ag ithe agus ag ól, agus ag comhrá. Is é mo thuairim, cibé faoin scríbhneoireacht, gur fiú am a chaitheamh le daoine, go háirithe leo siúd a chuireann go mór le do shaol.

Feictear dom, agus mé ag comhrá le mo chuairteoirí, daoine atá páirteach i mo shaol cé nach bhfeicim iad go rómhinic, nach mbeadh mo shaol iomlán gan iad. Tá siad sa chúlra go minic, ach is gearr uatha an bóthar a thabharfadh chuig mo thaobh iad dá mbeadh gá leis sin; dá mbeadh tacaíocht uaim, dá mbeadh ócáid le ceiliúradh, dá mbeadh ócáid le cásamh.

Tá siad ag teacht, dream i ndiaidh dreama, ag roinnt aoibhneas mo thí nua liom féin agus leis an nGarraíodóir. Tá chuile chuairt ag cur le stór na gcuimhní cinn. Tá siad ag beannú Ceann Scríbe.

Dán beag uaim:

Ó Theach go Teach

An Seanteach

Ballaí balbha maol
Tais
Ag fágáil slán
Le breacadh na beatha
Agus téagar na dúigh dofheicthe
A scríobh scéalta na staire
Ó thaisce an teaghlaigh
A chum na cuimhní cinn
A bhéarfaidh siad leo

An Teach Nua

Ballaí balbha réidh
Tirim
Ag feitheamh
Le breacadh na beatha
Agus taise na dúigh dofheicthe
A scríobhfaidh scéalta an todhchaí
Ó thaisce an teaghlaigh
A chumfaidh na cuimhní cinn
A bhéarfaidh siad leo
.

Tuesday, July 21, 2009

Gathanna Grá

Tá cuairteoirí agam i láthair na huaire, agus is leosan m’am go ceann lá nó dhó.

Tá coinnle lasta agam ar fud an tí anocht. Níl baint aige le creideamh ná a dhath mar sin. Níl ann ach go bhfuil deirfiúr liom ag dul faoi scian i Meiriceá, timpeall an ama seo, agus tá na coinnle ann le solas mo dhearfachta a chur chuici. Deacair é sin a mhíniú don té nach dtuigeann a leithéid. Aiféala orm faoi sin, a léitheoirí.

Tuigeann mo dheirfiúr é, agus is uirthi atá na gathanna grá dírithe.
.

Sunday, July 12, 2009

Nathanna Cainte

Bhí mé féin agus an Dómhnallach ag labhairt ar an bhfón an lá cheana, agus an ‘Dip in the Nip’ faoi chaibidil againn, scéal faoi mhná in Éirinn a tháinig le chéile agus snámh carthanachta déanta acu le hairgead a bhailiú d’Action Breast Cancer .

“M’anam, ní raibh folach orthu!” a dúirt an Dómhnallach. Sin nath cainte nach raibh cloiste agam, agus sé ‘They hadn’t a stitch of clothes on’ atá i gceist leis, rud a thuig mé mar gheall go raibh an focal ‘folach’ san abairt, agus mar gheall go raibh mo splancacha céille ag tabhairt faoi deara an leid mhór a bhí le fáil san fhocal sin ‘Nip’.

Isteach liom in FGB Uí Dhónaill, leathanach 564, go bhfeicfinn an raibh bealaí eile le húsáid a bhaint as an bhfocal sin, arb iad ‘hiding’, ‘concealment’ agus ‘covering’ na focail is coitianta dó sa Bhéarla.

Ar ndóigh, tá ‘rud a chur i bhfolach’ ann le haghaidh ‘to hide something’; ‘folach bíog a dhéanamh’ = ‘to play hide and seek’; ‘folach cnoc a chur ar dhuine’ = ‘to leave someone far behind (as in race, or work); ‘folach an chait (ar a thuar) a dhéanamh ar rud’ = ‘to try to conceal the obvious’; ‘Le folach na náire a chur orthu féin’ = ‘in order to cover their nakedness’; agus, mar is eol dúinn uile ‘Níl dul i bhfolach ar an mbás’ = ‘There is no escaping death’.

Is léir, go deimhin, nach bhfuil dul i bhfolach ar an mbás, agus is léir, freisin, nach raibh na mná ar an trá an lá sin le folach na náire a chur orthu féin, ach le hairgead a bhailiú a chuirfidh mná na tíre seo ar an eolas faoi ailse chíche, agus le tacaíocht a chur ar fáil, más gá. Nílim ag dul mo bhuíochas do na mná nochta sin a chur i bhfolach. Go raibh maith agaibh, a mhná misniúla!

Anois, a chairde na gcíoch, cibé faoi na nathanna cainte thuasluaite, scaipigí an nasc seo, Action Breast Cancer, ar na mná lena roinneann sibh grá. Maith sibh!
.

Saturday, July 11, 2009

Colm agus Paul

Bhí mé tinn le cúpla lá anuas, gan ann ach tinneas beag nach fiú trácht air, agus ní raibh fonn scríbhneoireachta orm. Ní minic a tharlaíonn sé ach, ar na laethanta uaigneacha sin, glacaim rudaí go réidh agus caithim go leor ama i gcomhluadar an Gharraíodóra, ag ól caife agus ag machnamh ar chúrsaí an tsaoil.

Is minic a ritheann an smaoineamh liom, go mór mór ar na laethanta sin, nach mbeadh cuma ar bith ar an saol seo gan an fear uasal sin le mo thaobh, buíochas ó mo chroí ag dul go rialta ag an gCé sin a thug deis dom bualadh leis an nGarraíodóir, agus áthas orm gur phósamar. Bhí an bheirt againn iontach óg ag an am; eisean rud beag níos óige, gan é ach bliain is fiche, mise dhá bhliain is fiche.

Dhá bhliain ina dhiaidh sin, thosaíomar ag cur leis an teaghlach, go dtí go raibh cúigear againn ann, mé féin agus é féin fós inár bhfichidí. Tháinig tuismitheoireacht go nádúrtha chuig an mbeirt againn, agus bhí an streachailt chéanna againne agus a bhíonn ag teaghlach ar bith agus iad ag tógáil clainne.

An méid sin ráite, níl sé sin iomlán fíor. Cé go raibh deis againn ár ngrá a roinnt agus ár bpáistí a thógáil de réir reachta stáit agus eaglaise, bhí, agus tá, cúplaí ann agus ní raibh, agus níl fós, na cearta céanna acu agus a tugadh dúinne.

Má bhíonn deis agaibh, a léitheoirí, éistigí le ‘Miriam meets…’ na maidine seo. Éist le Colm O’Gorman agus a pháirtí, Paul, ag labhairt ar a ngrá, ag labhairt ar a dteaghlach, ag labhairt ar na constaicí a cuireadh ina mbealach, nár cuireadh riamh romhainn mar lánúin.

Níl reachtaíocht na tíre seo, stát ná eaglais, ag tabhairt na gcearta céanna dóibhsean agus a tugadh don Gharraíodóir agus dom féin thar na blianta, cé gur léir domsa nach bhfuil a dhath de dhifear eadrainn, mar chúplaí, ach gur beirt fhear iadsan.
.

Sunday, July 5, 2009

Féilire

Blianta fada ó shin, chuir deirfiúr liom ‘Birthday List’ teaghlach s’againne le chéile; leathanach amháin a thiocfadh tríd an bpost chugainn leis an gcárta Nollag chuile bhliain, go dtí go bhfuair na ríomhairí an ceann is fearr ar fhir an phoist. Tagann an liosta chuile bhliain i Mí Eanáir anois, trí ríomhphost, chuig gach duine den teaghlach.

Is iad na ceanntásca leathanaigh: dáta breithe, ainm, aois reatha, lá na breithe, bliain na breithe, agus sonraí teagmhála ina mbíonn an seoladh baile, seoladh ríomhphoist, agus uimhreacha gutháin san áireamh. Ar an liosta, tá máithreacha, aithreacha, iníonacha, agus mic. Dá bhrí sin tá a fhios agam, bliain i ndiaidh bliana, cén aois atá ag gach neacht agus nia liom, mar aon le haois gach fear agus bean atá pósta le mo dheirfiúracha agus deartháireacha, chomh maith le haois mo shiblíní agus mo mháthair. Tá an liosta curtha le chéile go croineolaíoch, is é sin le rá go dtosaíonn an liosta i Mí Eanáir, leis an gcéad lá breithe den bhliain, agus leanann sé ar aghaidh go dtí deireadh na bliana, mí i ndiaidh míosa.

Tá sé úsáideach ar go leor bealaí. Is féidir liom breathnú ar an liosta go rialta agus bíonn a fhios agam, ar an bpointe, cén breithlá atá ar an mbealach, agus cé leis an breithlá sin. Má bhíonn lá breithe mhór, fearacht 21, 30, 40 nó mar sin, ar an mbealach, bíonn cló trom ar an aois reatha sin. Ach, faraor, ní ar na haoiseanna sin amháin a bhíonn an cló trom, ach ar an uimhir a chuirtear in áit na haoise reatha don té atá anois imithe ar shlí na fírinne. Ní aois a bhíonn scríofa faoi ‘aois reatha’ sa chás sin, ach an méid blianta atá ann ó d’fhág an ball sin den teaghlach an saol seo. Fágtar an aois a bhí acu nuair a d’imigh siad uainn idir lúibíní taobh lena n-ainm, agus taobh leis sin, idir lúibíní eile, bíonn an dáta ar fhág siad muid.

Timpeall naoi mbliana ó shin, nó mar sin, thosaigh deartháir liom i Meiriceá ag cur féilire teaghlaigh le chéile. Is féilire é atá an-chosúil leis na féilirí sin a gheofá ón mbanc, pictiúir ar an leath uachtarach, boscaí cearnógacha folmha ar an leath íochtarach le go mbeadh duine in ann nótaí beaga a scríobh iontu, dá mba mhian leo. Ar an leath uachtarach d'fhéilire s’againne, cuireann sé pictiúir éagsúla den teaghlach, pictiúir a roghnaíonn muid féin i rith na bliana agus a chuireann muid chuige ag tús Mhí na Nollag, le go mbeidh an féilire réidh aige dúinn roimh thús Mhí Eanáir. Roinneann mo dheartháir na pictiúir amach ar na leathanaigh mhíosúla, agus bíonn colláis de phictiúir dhifriúla le feiceáil againn chuile mhí. Bíonn na boscaí cearnógacha folamh, ach amháin go mbíonn ainm curtha sa bhosca cuí nuair atá breithlá, nó cothrom lae báis, duine den teaghlach ann ar an dáta sin.

An mhí seo, ar an bhféilire, tá pictiúir d’aon dhuine dhéag de na nianna agus neachtanna, cuid acu ag cóisirí, cuid acu ar chamchuairt timpeall ar Washington nuair a bhíomar thall le haghaidh adhlacadh luaithreach le mo dheirféar, Ciara, in Arlington; pictiúir de mo shiblíní uile (cé nach bhfuil mise ann ar chor ar bith an mhí seo!), mo mháthair, agus aintín liom. Tá pictiúr de Chiara ann, a haghaidh chineálta ag breathnú amach orm anois, ag tarraingt ar théada mo chroí mar a rinne sí ar feadh a saoil.

Tá an féilire ar an mballa taobh liom i mo sheomra scríbhneoireachta i gCeann Scríbe anois, agus tá an ‘Birthday List’ taobh leis. Ar an liosta sin tá ainm Chiara luaite le dáta an lae amáraigh. Taobh lena hainm tá ‘30’ scríofa idir lúibíní, a haois nuair a bhásaigh sí, agus taobh leis sin, tá an dáta a bhásaigh sí san Afganastáin. I gcló trom in aice leis sin, san áit b’iondúil dá haois a bheith san am a caitheadh, tá ‘2nd’ scríofa. Ar ndóigh, níl baint ar bith ag an ‘2nd’ sin le haois, faraor, ach cuireann sé i gcuimhne dom, cé nach gá cuimhne a chur san áit a mbíonn an síor-chuimhne beo, nach bhfuil sí linn a thuilleadh, ach go bhfuil sí imithe uainn dhá bhliain i mbliana. Ní bheidh aois leanúnach aici arís go brách.

An smaoineamh a ritheann liom inniu, agus mé ag breathnú trí mo dheora ar an bhféilire agus ar an liosta sin ar mo bhalla, ná go mbeidh Ciara s’againne riamh óg. Ní thiocfaidh aois uirthi arís go brách, agus beidh sí óg i gcónaí sa cholláis teaghlaigh ar an bhféilire. An gcuidíonn sé sin le mo bhrón a mhaolú? Ní chuidíonn, ach is deas an smaoineamh é mar sin féin.

Dá mbeadh sí beo, bheadh Ciara na Gruaige Rua 32 bliana d’aois amárach. Cuirfidh mé barróg chuici, cibé áit ina bhfuil sí, mar a dhéanaim chuile mhaidin ó d’imigh sí uainn. Ba bhean mhór barróga í.

http://www.ciaraweerabrat.com/
.

Saturday, June 27, 2009

Teorainneacha

Tá cara linn an-tinn i láthair na huaire; an galar sin, ailse, ag réabadh léi trína cholainn, é ag fulaingt go huafásach, pian nach bhfuil tuillte aige ná ag a bhean, atá go mór i ngrá leis. Tá an t-am seo iontach deacair orthu mar lánúin. Tá os cionn tríocha bliain caite acu le chéile agus is gearr uatha an t-am nuair a fhágfaidh an bás deighilt eatarthu, scaradh nach mbeadh riamh ann, sílim, a fhad agus a bheadh an bheirt acu beo. Ní leo an rogha, faraor. Ná labhair liom ar mhíorúiltí, le bhur dtoil. Níl fonn orm a leithéid a chloisteáil i láthair na huaire dothuigthe seo. Aiféala orm faoi sin.

Ar ndóigh, níl a fhios ag aon duine againn cén méid ama atá againn anseo. D’fhéadfadh sé tarlú go dtiocfadh an bás chugainn gan muid ag súil leis, gan an chinnteacht chéanna ann agus atá maidir leis an bhfear bocht luaite thuas; d’fhéadfadh go n-imeodh duine nó dhó againn roimhe fiú. Sin mar atá an saol, agus níl a dhath de dhifear eadrainn agus an fear tinn sin ach go bhfuil a fhios againn, gar go maith, cén teorainn ama atá aigesean. Tá a sheal linn ag teacht chun críche, agus is maith atá a fhios agam é.

Níl mé iomlán cinnte an bhfuil an inghlacthacht chéanna ag a bhean bhocht. Tá sí ag streachailt léi, mar a bheadh sí ag séanadh na fírinne nó ag iarraidh neamhaird a dhéanamh den fhírinne. “That is probably her way of coping.” a dúirt an Garraíodóir liom ar maidin, mé féin agus é féin inár suí cois na habhann, an ghrian ár mbeannú lena gathanna, an nádúr go socair ag éisteacht lenár gcomhrá ciúin. “It just seems so unfair.” a dúirt mé féin.

Cuireann rudaí mar seo mearbhall orm, agus cuireann sé fonn orm éirí agus cic sa tóin a thabhairt do Cibé Cé atá i gceannas ar na cinntí seo. Agus sin ceist eile! Cé hé, nó Cé hí, Cé? An bhfuil a leithéid ann ar chor ar bith? Cén sórt duine an Cé seo a thógfadh fear cineálta lách ón saol seo agus a d’fhágfadh dúnmharfóirí, éigneoirí agus fuathaitheoirí ban saor ó phionós agus ó pháis?

Agus, ó tharla an t-ábhar faoi chaibidil agam, an bhfuil a dhath ann tar éis an bháis? An é nach bhfeicfimid arís, go brách na breithe, iad siúd atá imithe romhainn, ar 'shlí na fírinne' mar a thugtar air? Céard í an 'fhírinne' sin, agus cá bhfuil 'an tslí'?

Bíodh a fhios agaibh, a léitheoirí, nach ag iarraidh freagraí uaibh atáim. Tá a fhios agam go rómhaith go bhfuil a fhreagra féin ag gach duine, go bhfuil a fhreagra féin ag gach reiligiún, go bhfuil bhur ndearcadh féin agaibh uile maidir leis an mbás, agus maidir le céard atá i ndán dúinn nuair a sciobann sé leis muid ón saol seo. Tá an ceart sin agaibh, agus tá an ceart ag gach duine eile bhur ndearcadh a dhiúltú, más mian leo.

Ar ndóigh, sin mo thuairim. Tá daoine ann a déarfadh nach bhfuil an ceart sin agaibh, ná agamsa, nach bhfuil ann ach an Cé amháin, cibé Cé sin. Agus cá bhfios dúinn nach aonarachtfor-eagna de shaghas éigin atá i gceannas ar an mbeatha agus ar an mbás? Agus, más ea, cén modh oibre atá i bhfeidhm aige/aici a phiocfadh an fear maith thar an drochfhear?

Ná tugaigí aird ar bith orm, a léitheoirí. Rámhaille an mhachnaimh sheachránaigh atá ag treorú mo mhéara inniu. Ach, Cé nó Céard atá ag treorú mo smaointe….
.

Sunday, June 21, 2009

Lá na nAithreacha

Is é inniu an 21 Meitheamh, an Lá is Faide den Bhliain, nó Grianstad an tSamhraidh mar a thugtar air go minic. Is é inniu Lá na nAithreacha, sa tír seo ar aon nós.

Happy Father’s Day” a dúirt an Garraíodóir liom ar maidin, fios maith aige go raibh dearmad iomlán glan déanta agamsa den ócáid mhór seo. Ach, ní ormsa atá an locht, an dtuigeann sibh, ach ar mo pháistí. Is orthusan atá an locht mar nach bhfuil siad ina gcónaí linn níos mó. Níl siad anseo, mar a bhíodh chuile bhliain eile go dtí seo ó rugadh iad, le mise a thabhairt ar m’aire faoin lá mór seo.

Agus, níl m’athair féin beo, faraor. D’fhág sé an saol seo, gan súil agam lena imeacht, cuireadh faighte aige ó áit éigin eile i bhfad ón saol seo, agus i bhfad ó mo thuiscint. Bhí mé fós ró-óg, ag 28 bliana d’aois, le hathair a chailleadh chomh tobann sin, agus gan choinne. Is dócha nach mbíonn aois ar bith feiliúnach do chaillteanas chomh mór sin, ach nuair a fheicim mo pháistí féin, An Bhean Neamhspleách beagnach ar chomhaois liom féin nuair a chaill mé m’athair, tuigim go rómhaith arís an tábhacht a bhaineann le hathair i saol clainne, is cuma cén aois iad na páistí, is cuma cén aois an t-athair.

I wish I had childhood memories of my father.” a dúirt bean liom an tseachtain seo. Anois, tá athair na mná seo fós beo agus tá sí iontach mór leis, agus chuir an ráiteas sin uaithi iontas orm. “What do you mean?” a d’iarr mé féin. Chuir a freagra brón orm. “He’s such a lovely man, but he was never there when we were younger, always working or playing golf or some such. When he was around, he was lovely, but I’d love to have memories of him bringing us to the beach, or for walks, or having long chats with us, like he does now.” a dúirt sí.

Tá cuimhní cinn iontacha agam ó m’athair, agus faoi m’athair. Chaith sé go leor ama inár gcuideachta agus muid óg, ag comhrá linn, ag spraoi linn, ár dteagasc, ár dtreorú. Chuir sé smacht orainn, mar ba ghá go minic, ach thug sé barróga go fial dúinn; an bharróg dheireanach uaidh fós úr i mo chuimhne, mar nach bhfaighidh mé aon cheann eile uaidh go brách, ar an saol seo ar aon nós. Nílim iomlán cinnte faoin todhchaí, an dtuigeann sibh.

Cibé scéal é, tabharfaidh mé an Garraíodóir liom amach le haghaidh greim le hithe ar ball; bronntanas beag uaim, an smaoineamh mall ag teacht chugamsa, an cuireadh mall ag teacht chuigesean, ach mo bhuíochas dá thacaíocht thar na blianta iomlán dáiríre buan mar sin féin. Ní bhíonn gá le cártaí eadrainn, go minic. Is maith atá a fhios aige gur ar scáth a chéile a mhair muid an tuismitheoireacht a rinneamar, agus atá fós á dhéanamh, bíodh is go bhfuil ár bpáistí tógtha anois, agus is maith atá a fhios aige go mbeidh siad anseo ar ball, iad á mhilleadh le bronntanais agus barróga, freisin.

Ach, seo mo chomhairle agus mo bheannacht chuig na haithreacha uile atá á léamh seo inniu – am a chaitheamh, ní inniu amháin ach go rialta, i gcomhluadar bhur bpáistí. Agus, roinnigí barróga go minic leo. Bíodh na barróga sin láidir, agus lán le grá, meas, agus sonas. Tá na barróga sin iontach tábhachtach ar fad, mar nach bhfuil a fhios ag aon duine againn cén bharróg í an bharróg dheireanach.

Bainigí sult as an lá, a fheara.
.

Friday, June 19, 2009

An Lá is Sona

An raibh a fhios agaibh, a léitheoirí, gurb é inniu an Lá is Sona den bhliain? Sea. Inniu. An 19ú Meitheamh. Ach ní mise atá á mhaíomh seo, ach an Dr. Cliff Arnall, síceolaí, agus léachtóir in Ollscoil Caerdydd, in alt leis atá sna páipéir éagsúla inniu.

Dar leis an Dr. Arnall, bá chóir dúinn neamhaird a thabhairt ar an ngéarchor creidmheasa mar go bhfuil an sonas le fáil sna rudaí sin atá saor in aisce. Agus an fhoirmle atá aige dúinn, le go mbeimid in ann a theacht ar an sonas seo? Iontach simplí ar fad:

O + (N x S) + Cpm/T + He

Anois, céard a déarfá le Gaillimh! Ar fhaitíos nach bhfuil sé inscríofa ar bhur n-inchinní cheana, nó nach bhfuil sé ar eolas go nádúrtha agaibh, mar a bheadh ag léitheoirí rialta an bhlag seo, táim cinnte, seo chugaibh luachanna na litreacha éagsúla sin:

O = being outdoors and outdoor activity
N = nature
S = social interaction
Cpm = memories of childhood summers and other positive thoughts
T = temperature
He = excitement about holidays

Agus tá ciall sa mhéid atá le rá aige, dá mbeadh daoine ciallmhara ag éisteacht leis. Dar leis, is féidir leat siúl amuigh faoin tuath, mar shampla, saor in aisce, i gcomhluadar do ghrá geal nó i gcomhluadar daoine atá mór leat, agus ní ag caint ar airde atáim, a léitheoirí. Is cuma cén airde iad, ceapaim, a fhad is gur maith leatsa iad, agus gur maith leosan tusa, is dócha. Chuideodh sé dá mbeadh sibh mór lena chéile, creidim.

Ach, táim ag imeacht den chosán rud beag. Ar ais linn ag an bhfoirmle sin. Sea. Is amhlaidh is fearr é, agus tú amuigh ag siúl, an aimsir a bheith go maith. Ní haon rud sona é má bhíonn sé ag stealladh báistí, toirneach agus tintreach ag teacht sa mhullach ort féin agus ar do ghrá geal, nó ar cibé duine atá in éineacht leat. Ní bheidís pioc sásta, cheapainn féin, agus ní chuirfeadh sé leis an atmaisféar, ná leis an bhfoirmle, ar chor ar bith. Ní chuirfeadh. Go deimhin, chreidfinn féin go mbeadh sé ina raic eadraibh. Diabhal maitheas a bheadh san ‘social interaction’ ansin, agus an nádúr bhur mbualadh lena slat fhíochmhar. Bheadh deireadh leis an ‘outdoor activity’ idir tú féin agus do ghrá geal, ar aon nós. Bí cinnte de sin.

Ach, d’fhéadfadh sibh labhairt faoi bhur gcuimhní cinn, agus sibh ag siúl libh, aghaidh á thabhairt agaibh ar an deireadh seachtaine mar go bhfuil bhur bpá in bhur bpócaí, nó in bhur málaí más mná sibh, nó fir ar fearr leo málaí, agus sibh ag roinnt pleananna bhur laethanta saoire lena chéile.

Céard? Níl aon jab agat! Ní bhfuair tú pá ar bith ó thosaigh an géarchor creidmheasa! Agus ní féidir leat jab a fháil in aon áit! Agus ní hiad do laethanta saoire an chloch is mó ar do phaidrín, ach d’fhiacha! Oh, gabh mo leithscéal. Níor thuig mé é sin. Ní síceolaí mé, an dtuigeann tú.
.

Monday, May 25, 2009

An Bhean Neamhspleách

Is í An Bhean Neamhspleách an duine is sine den triúr a saolaíodh ó mo bhroinn. Ar ndóigh, bhí baint nach beag ar an nGarraíodóir leis an scéal freisin, agus tá a ghéinte le feiceáil go soiléir ar a haghaidh i bhfianaise air sin.

D’fhág sí an teaghlach, le freastal ar an ollscoil, nuair nach raibh sí ach seacht mbliana déag d’aois, agus ní sách minic ann í ó shin. Sa bhaile, chan san ollscoil. Le céim faoina hascaill aici, chuaigh sí ag obair i gCill Mhantáin ar feadh cúpla bliain ach tá sí ag obair i mBaile Átha Cliath le roinnt blianta anuas.

Is bean mhór rugbaí í; sé sin le rá, is maith léi rugbaí go mór, ach ní hé sin le rá gur bean mhór í. Bhí sí i nDún Éideann don deireadh seachtaine, í féin agus cúigear cairde léi, agus nach aoibhinn dóibh – comhghairdeas leis na Laighnigh! Nach iontach an rud deá-scéala a fháil in am seo an chiorraithe!

Bím i dteagmháil léi go rialta, beagnach chuile lá, mar a dhéanann an Garraíodóir, agus mar a dhéanann gach aon tuismitheoir, ceapaim, nuair a bhíonn iníon nó mac as baile. An tseachtain seo caite, chuir mé ríomhphost chun bealaigh ag mo mhuintir, ag mo chlann agus ag mo dhlúthchairde, ag insint dóibh go raibh Ceann Scríbe bainte amach agam, ach go raibh mé iontach buartha nach mbeadh Ciara liom sa teach seo go brách. Seo thíos na focail ón gcárta a tháinig chugam, cúpla lá ina dhiaidh sin, ón gcailín álainn sin ar a dtugaim ‘m’iníon’, le bród agus grá nach beag:

“Mum,

With reference to what you said in the email about how sad you are that Ciara will never walk through the doors of ‘Ceann Scríbe’, I beg to differ. You see, Mum, I believe she was there from the start; she put pen to paper and helped with the design, she levelled the foundations, she decided on designs/colours/fittings with you; she lay the first brick, she walked with you when you carried the candle for her, she entered the house with you on your first day – and she never left you. She’s as much at home as you are. Welcome home.”

Dán beag daoibh; ceann a scríobh mé ar an lá ar fhág An Bhean Neamhspleách an teaghlach; téada á ngearradh, croíthe tuismitheoirí ag briseadh:


Imeacht

Pian an scartha i súile fliuch
Focla gan labhairt ó bhéal ina thost
Tocht á thachtadh i scornach docht
Croí ag briseadh le mothúchán nocht

Fulaingt i gcroitheadh lámh chineálta lách
Fáisceadh saoil i mbarróga chách
Máthair ‘s athair ag seasamh le slacht
Ag fágáil slán ag iníon nó mac
.
 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.