Showing posts with label Nollaig. Show all posts
Showing posts with label Nollaig. Show all posts

Monday, January 10, 2011

Ag Casadh Carúl

via Mise Áine by Mise Áine on 3/1/11

B'fhéidir go bhfuil an Nollaig thart, a léitheoirí, ach is fiú súil a chaitheamh ar an bhfíseán seo, agus ar an gceann seo, más rud go dtaitníonn ainmhithe, agus carúil na Nollag, leat.

Bainigí sult astu!

Ríluachmhar

via Mise Áine by Mise Áine on 1/3/11
Lá Nollag a tháinig an glaoch, um thráthnóna. Bhíomar inár suí sa chistin, bricfeasta deireanach ite againn, na bronntanais uilig oscailte.

D’aithin mé an guth ar an nguthán ar an bpointe. Cara m’iníne a bhí ann, cailín atá ag obair san India i láthair na huaire, cailín a shuigh go mion minic chun boird leis an gclann a bhí ina suí chun boird an mhaidin sin.

‘
Happy Christmas!’ arsa sí go gliondrach, cé gur airigh mé uaigneas an deoraí ina beannacht.

‘
It’s evening time here…’ a dúirt sí, '...and I was standing by the banks of the Ganges, thinking of you all, so I just lit a candle, and sent it floating down the river, for all of you today.’

Shamhlaigh mé an cailín álainn sin, í na mílte míle óna baile dúchais, í ina seasamh taobh leis an nGanges ag cuimhneamh orainne, í ag lasadh coinnle dúinn agus á cur, le cion, ag snámh ar abhainn i bhfad i gcéin.

Agus mé ag breathnú amach ar an abhainn a ritheann ar chúl tí s’againne, is é an smaoineamh a rith liom agus mé ag éisteacht léi ar an bhfón, ná gurbh álainn amach is amach, agus gur ríluachmhar, an bronntanas a thug sí dúinn an mhaidin úd.

Tuesday, January 4, 2011

Ríluachmhar

Lá Nollag a tháinig an glaoch, um thráthnóna. Bhíomar inár suí sa chistin, bricfeasta deireanach ite againn, na bronntanais uilig oscailte.

D’aithin mé an guth ar an nguthán ar an bpointe. Cara m’iníne a bhí ann, cailín atá ag obair san India i láthair na huaire, cailín a shuigh go mion minic chun boird leis an gclann a bhí ina suí chun boird an mhaidin sin.

‘Happy Christmas!’ arsa sí go gliondrach, cé gur airigh mé uaigneas an deoraí ina beannacht.

‘It’s evening time here…’ a dúirt sí, '...and I was standing by the banks of the Ganges, thinking of you all, so I just lit a candle, and sent it floating down the river, for all of you today.’

Shamhlaigh mé an cailín álainn sin, í na mílte míle óna baile dúchais, í ina seasamh taobh leis an nGanges ag cuimhneamh orainne, í ag lasadh coinnle dúinn agus á cur, le cion, ag snámh ar abhainn i bhfad i gcéin.

Agus mé ag breathnú amach ar an abhainn a ritheann ar chúl tí s’againne, is é an smaoineamh a rith liom agus mé ag éisteacht léi ar an bhfón, ná gurbh álainn amach is amach, agus gur ríluachmhar, an bronntanas a thug sí dúinn an mhaidin úd.
.

Ag Casadh Carúl

B'fhéidir go bhfuil an Nollaig thart, a léitheoirí, ach is fiú súil a chaitheamh ar an bhfíseán seo, agus ar an gceann seo, más rud go dtaitníonn ainmhithe, agus carúil na Nollag, leat.

Bainigí sult astu!
.

Friday, December 31, 2010

Beannacht

Nuair a phós mé, bhog mé as Gaillimh go Dún na nGall. Bhí mé iontach uaigneach, gan aithne agam ar aon duine anseo, ag an am. Bhí sé crua orm slán a fhágáil le mo bhaile, agus le mo mhuintir, fiú agus mé breá sásta tús nua a dhéanamh le m'fhear céile in Inis Eoghain.

Bhíodh An Garraíodóir ina shealoibrí, agus is minic a bhínn sa teach liom féin. B’iad na hoícheanta ba mheasa. Ní raibh fón againn, agus dá mbeadh féin, bheadh sé ródhaor glaoch a chur abhaile, an t-am sin.

D’airigh mé uaim glór agus comhairle m’athar, ach go háirithe. Is iomaí comhrá a bhíodh againn ar chuile ní beo, agus ar chuile ní marbh, d’fhéadfá a rá. Fear spioradálta a bhí ann, agus, thar blianta m'óige, d’éist sé le focail m’amhrais, le tuiscint agus le grá nach beag. Níor chuir sé iallach orm cloígh le haon chreideamh ach le mo chreideamh féin. Ní raibh uaidh ach go mbeinn suaimhneach le mo chuid. D’éirigh leis.

Phós mé i Mí Mheán an Fhómhair. Trí mhí ina dhiaidh sin, bhí sé ag teacht gar den Nollaig, agus bhí uaim mo mhuintir a fheiceáil arís. Bhí Nollaig gan iad romham, ó tharla An Garraíodóir ag obair, agus theastaigh uaim am a chaitheamh le mo dhream féin, roimh thús na féile.

Tar éis deireadh seachtaine a chaitheamh sa bhaile i nGaillimh leo, bhí sé in am dom an turas a dhéanamh ar ais go Dún na nGall.

‘Have you a crib?’ a d’fhiafraigh m’athair díom.

‘No.’ a d’fhreagair mé féin.

Suas leis san áiléar, agus thug sé anuas an mainséar atá le feiceáil sa ghrianghraf thuas. Ceann nua a bhí ann, é fós ina bhosca, ach an chuma air gur chaith sé bliain nó dhó díomhaoin san áiléar, gan aige ach comhluadar na ndamhán alla, a chlúdaigh an bosca lena maisiúcháin féin, facthas dom.

‘You have one now.’ a dúirt m’athair, agus thug sé an mainséar beag, agus barróg mhór, dom.

Tá sé tríocha bliain ó bronnadh an mainséar sin orm, agus tá m'athair álainn imithe ar shlí na fírinne le fada an lá, faraor. Chuile bhliain, ag an am seo den bhliain, téim suas i m’áiléar féin, tugaim anuas an mainséar sin a thug sé dom, agus airím arís a bharróg, agus a ghrá.

Go bhfaighe sibh barróga go leor sa bhliain nua, a léitheoirí, agus go raibh grá nach beag in bhur dtimpeall.
.

Thursday, December 30, 2010

Caillte!


Bronntanas, mirlíní, a thug mo pháistí dom maidin Lá Nollag.

Cén fáth?

'Because you lost yours!' a dúradh liom.

Hmmm...
.

Friday, December 24, 2010

Uaimse Chugaibhse

Airím uaim mo bhlagáil rialta na laethanta seo, a chairde. Táim gnóthach i gCeann Scríbe, clann agus comhluadar liom anseo chuile lá, gan deis agam suí ag mo ríomhaire, mar is iondúil liom. Go deimhin, is mar sin a bheas an scéal, go ceann seachtaine, nó mar sin. An Nollaig, an dtuigeann sibh. Am ar leith den bhliain, mar is eol daoibh.

Beannachtaí an tséasúir uaim chugaibhse, a léitheoirí dile; go dtuga bhur gCé slán abhaile sibh, go raibh sibh i gcuideachta mhuintir ghrámhar bhur mbeatha, go lige sibh i ndearmad buarthaí an tsaoil, go roinne sibh cuimhní cinn agus craic, go dtaga chugaibh smaointe dearfacha, go n-imí uaibh nithe diúltacha, póiteanna san áireamh.

Bainigí sult as an laethanta saoire, a chairde. Beidh mé ar ais go luath.
.

Monday, November 29, 2010

R-chártaí na Nollag

Tá a fhios agam nach bhfuil Mí na Nollag anseo fós, ach, mura miste libh a léitheoirí, ba mhaith liom bhur n-aird a tharraingt ar an mbealach suimiúil atá ag Barnardos le hairgead a bhailiú, airgead a chuideoidh leo a gcuid oibre tábhachtaí in Éirinn a dhéanamh.

An Nollaig seo, más rud go bhfuil daoine ar d’aithne ar mhaith leat cárta a chur chucu, agus más rud go bhfuil seoladh ríomhphoist acu, d’fhéadfá €5 a dheonú do Barnardos, agus beannachtaí na Nollag a roinnt le do chairde, nó le do mhuintir, trí r-chárta a sheoladh chucu. Dar leo, ag Barnardos,

‘All our e-cards are designed by the children we work with and allow you to write your own personal message inside. Our e-cards are €5 each to send and every donation we receive goes directly and immediately towards our work. The e-card is emailed directly to your recipient as soon as your purchase is complete.’

Is fiú súil a chaitheamh anseo, a chairde, agus triail a bhaint as cárta nó dhó a chumadh, do theachtaireacht phearsanta féin a scríobh taobh amuigh, agus taobh istigh, den chárta, ag baint úsáide as cibé teanga is mian leat!

Tá rogha agat idir 8 gcárta, dath agus méid an téacs, dath an chúlra, suíomh an téacs ar an gcárta; agus tá rogha agat idir 4 chló, gan trácht ar na straoiseoga atá ar fáil ann...:-)
.
 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.