Showing posts with label blag. Show all posts
Showing posts with label blag. Show all posts

Wednesday, July 25, 2012

Rámhaille

Mar a scríobh mé cheana, táim ag scríobh liom ar an mblag Rámhaille, anois.

Má tá aon cheo le roinnt agam, is ann a bheas mé ag scríobh as seo amach, a léitheoirí.

Beidh fáilte romhaibh isteach ann, a chairde.



Tuesday, January 11, 2011

Bogtha!

Daoibhse a thug faoi deara go raibh mé ar iarraidh le trí lá anuas, agus nach raibh ar an eolas faoin gcraic seo, tá aiféala orm nach raibh fáil agaibh ar mo bhlag, cé nach orm féin a bhí an locht, chomh fada agus is eol dom.

Pé scéal é, ó tharla nach raibh mise mé féin, fiú, in ann theacht ar an mblag seo, chruthaigh mé blag nua. Is ann a bhí mé ag scríobh le lá nó dhó, agus is ann a bheas mé ag scríobh as seo amach.

Tuilleadh eolais ar an ábhar le léamh anseo, ar mo bhlag nua, Rámhaille.

Bígí liom, a chairde, agus crochaigí bhur hataí ar mo chrochadán Comhluadar ann, más mian libh.

Ba mhór liom bhur gcuideachta!
.

Monday, January 10, 2011

Mise Áine Caillte?

Nílim cinnte céard a tharla, leis an fhírinne a rá, a léitheoirí. Tá mise, Áine, beo beathach, ach diabhal a fhios agam cá bhfuil mo bhlag, Mise Áine. Tá sé caillte agam, feictear dom.

Bhuel, mura bhfuil sé caillte, tá sé faoi mhíchumas, ar aon nós. Tá sé 'disabled' ag Google faoi láthair, ó tharla, dar leo, 'unusual activity' de shaghas éigin tugtha faoi deara acu ar mo bhlag.

Hmmm...suimiúil. Céard is 'unusual activity' ann, meas tú? Táthar ann a cheapann gur, ahem, iondúil an rud é an rud 'unusual' ar mo bhlag, ach sin scéal eile. 

Fan go bhfeice mé anois. Is fearr breathnú ar na nithe sin a rinne mé le mo chuntas blagála oíche Dé Sathairn seo caite, díreach sular chuir Google mo bhlag bocht faoi mhíchumas; ar fhaitíos gur mé féin a bhí ciontach as an 'unusual activity' sin, i ngan fhios dom féin, an dtuigeann sibh.

Bhuel, bhí mé i mo shuí ag mo ríomhaire, agus phostáil mé an bhlagmhír thíos, Tá Sé Ar Ais, ar mo bhlag, Mise Áine. Fadhb ar bith leis sin, cheapfá. Ach, b'fhéidir gur cheap Google gur ag tagairt do Terminator éigin a bhí mé, agus gur le Arnold an lámhainn ar an gcrann?

Nó, b'fhéidir go raibh faitíos orthu go raibh Arnold ar tí 'unusual activity' de shaghas éigin a dhéanamh, agus go raibh siad ag iarraidh stop a chur leis in am? Deacair a rá.

Ansin, léigh mé na blaganna eile, go bhfeicfinn an raibh a dhath suimiúil á rá acu, agus d'fhág mé trácht nó dhó, ar bhlag nó dhó, más buan mo chuimhne, agus mar is iondúil liom. Táim fiosrach, agus barúlach, mar is eol daoibh, a léitheoirí rialta - más ann daoibh a thuilleadh, mar léitheoirí!

An é nár thaitin mo thrácht le Google, agus mé ar mo thuras fiosrach barúlach timpeall na mblagsféar? Nó, an raibh rud éigin neamhghnách ag tarlú ar mo bhlag, i ngan fhios dom? Cé aige a bhfuil a fhios? Níl a fhios agamsa, ach tá a fhios agam nach bhfuil fáil agam ar Mise Áine faoi láthair, faraor.

Mo chuimhne, táim ag brath ar mo chomhbhlagálaithe, agus oraibhse ar Facebook agus ar Twitter, a leanann mo rámhaillí rialta, an scéal a scaipeadh faoi mo bhlag nua, Rámhaille, mura miste libh. Diabhal a fhios agam an bhfaighidh mé mo sheanbhlag, Mise Áine, ar ais, ar chor ar bith, agus ní féidir liom bheith gan bhlag, ó tharla faitíos orm go mbeadh sibh uaigneach i m'uireasa, mura mbeinn ag rámhaillíocht liom. Sea.

Pé scéal é, chuir mé blagmhíreanna na bliana seo ar an mblag nua seo inniu, ó tharla fáil agam orthu ó shuíomh "Gaeilge" via Aonghus, bail óna Ché air! Déanfaidh mé iarracht na seanmhíreanna uilig a fháil ar ais, má fhéadaim, dé réir a chéile. Tá siad uilig le fáil ar an suíomh sin le hAonghus, ach ní féidir iad a aimsiú in aon áit eile, ag an am seo.

Moladh agam daoibh, a chomhbhlagálaithe - sábháil bhur mblagmhíreanna uilig anois, más mian libh gan iad a chailleadh! Tuilleadh uaim ar an ábhar seo amach anseo.

Beidh mé ag obair ar an mblag seo go rialta, agus tá súil agam na naisc uilig a chur ar fáil air go luath, idir naisc nuachta, naisc don fhoghlaimeoir, agus naisc úsáideacha eile; mar a bhíodh agam ar Mise Áine.

As seo amach, is anseo a bheas mé, a léitheoirí. Tá fearadh na fáilte romhaibh teacht isteach i mo Chomhluadar, ar thaobh na láimhe deise ansin, agus bhur hataí a chrochadh ann, más mian libh. Nó, buail isteach chugam anseo, ó am go chéile.

Ba mhór liom bhur gcuideachta ar mo bhlag nua.

Friday, December 24, 2010

Uaimse Chugaibhse

Airím uaim mo bhlagáil rialta na laethanta seo, a chairde. Táim gnóthach i gCeann Scríbe, clann agus comhluadar liom anseo chuile lá, gan deis agam suí ag mo ríomhaire, mar is iondúil liom. Go deimhin, is mar sin a bheas an scéal, go ceann seachtaine, nó mar sin. An Nollaig, an dtuigeann sibh. Am ar leith den bhliain, mar is eol daoibh.

Beannachtaí an tséasúir uaim chugaibhse, a léitheoirí dile; go dtuga bhur gCé slán abhaile sibh, go raibh sibh i gcuideachta mhuintir ghrámhar bhur mbeatha, go lige sibh i ndearmad buarthaí an tsaoil, go roinne sibh cuimhní cinn agus craic, go dtaga chugaibh smaointe dearfacha, go n-imí uaibh nithe diúltacha, póiteanna san áireamh.

Bainigí sult as an laethanta saoire, a chairde. Beidh mé ar ais go luath.
.

Monday, December 6, 2010

Cloch Le Carn


Anocht, ar RTÉ 1, ag 7.30 i.n., beidh clár teilifíse, Cloch le Carn, le feiceáil, clár is ómós do Eugene Lambert, an puipéadóir a bhásaigh ag tús na bliana. B’fhear é a bhunaigh an Lambert Puppet Theatre; fear díograiseach, fear le fís, fear le grá nach beag aige dá phuipéid.

Agus, b’fhear é a chuir go mór le mo shaol féin, agus mé i mo pháiste, am a bhínn ag breathnú ar na carachtair Rory, O’Brien, Godmother, Judge, Foxy, Fortycoats, Mr. Crow, Sneaky the Snake, Doctor Astro agus Maeve the Witch, ar Wanderly Wagon.

Ó tharla gur scríobh mé an giota seo ar mo bhlag faoi, iarradh orm cúpla focal a rá don chlár, rud a rinne mé, mar go bhfuil meas nach beag agam ar obair an fhir uasail sin agus, go deimhin, ar obair a theaghlaigh. Chomh fada agus is eol dom, tá, nó bhíodh, siad uilig páirteach sa ghnó, ar dhóigh amháin nó ar dhóigh eile, tráth den saol.

B’fhéidir go gcloisfidh sibh abairt nó dhó uaim ar an gclár. Braitheann an méid sin ar eagarthóireacht, is dócha. Pé scéal é, thug mo choinne le RTÉ chuig an amharclann cháiliúil mé, áit ar thóg mé na pictiúir sa bhlagmhír seo daoibh, a léitheoirí.

Bhí Judge ag tógáil sosa, idir radhairc, agus dheasaigh sé é féin dom, le go mbeadh deis agam an pictiúr seo a thógáil. Nach é atá gealgháireach ag breathnú, cé gur dóigh liom go bhfuil sé iontach brónach ó cailleadh a chara dhil, O’Brien.

An cuimhin libh cé a bhíodh ina chónaí sa teachín beag sin thuas?

Agus an n-aithníonn sibh an féan fánaíochta seo? Ar ndóigh, beidh sibh ann nach bhfaca Wanderly Wagon riamh, ó tharla sibh ró-óg, nó in bhur gcónaí i bhfad ó cheantar aon chainéalach tuaithe, fearacht Chonamara, áit nach raibh againn ach cainéal amháin teilifíse ar feadh na mblianta, sin RTÉ. Chuir Eugene Lambert 'draíocht' os ár gcomhair. Chuir sé le sonas ár nóige.

Bhí teaghlach mór ag Eugene, agus bhí cairde go leor aige, idir pháistí agus phuipéid. Casadh sibh le cuid acu anocht, an Luan, ar RTÉ 1, Cloch le Carn, ag 7.30 i.n.
.

Thursday, November 25, 2010

Lá an Altaithe

Daoibhse thall i Meiriceá, sibhse a thugann cuairt rialta ar mo bhlag, tá súil agam go bhfuil a fhios agaibh go mbíonn fearadh na fáilte romhaibh i gcónaí, agus buíochas uaim as bhur gcuideachta.

Tá súil agam go mbeidh Lá an Altaithe faoi shéan agus faoi mhaise agaibh, go mbeidh sibh uile i gcuideachta bhur muintire, agus i gcuideachta bhur gcairde, agus go mbainfidh sibh sult as an lá mór seo a bhíonn agaibh thall.

Síocháin libh, agus sonas oraibh, a chairde!
.

Wednesday, November 24, 2010

Réalta na Maidine

Má tá am le spáráil agat, a léitheoir, b’fhiú duit súil a chaitheamh ar an mblag seo, rud a rinne mise, nuair a tháinig mé air, den chéad uair, ar maidin.

Léigh an méid atá le rá ag an scríbhneoir cumasach seo, faoin lá a chaith sí nuair a d’fhreastail sí ‘ar chlinic limféidéime i mBaile Átha Cliath’, agus léigh leat ansin, freisin, faoin ospidéal ar ‘centre of excellence’ é d’ailse chíche.

Ansin, b’fhiú duit súil a chaitheamh ar an scéilín seo uaithi, Cnag, scéal a chuir an scríbhneoir seo ag gáire ar maidin, go háirithe an líne sin, ‘Ach, ní raibh d’ábhar cóisir agam ach Temazepam…’

Fáiltím roimh Réaltán Ní Leannáin chuig earnáil na blagála. Fiú más mall féin atáim le m’fháilte roimpi, tá sí feartha le meas, agus le buíochas, ar lá nach bhfuil le cloisteáil ó na meáin ach drochscéalta diúltacha.

Nár laga do Ché d’fhuinneamh, ná do ghreann, ná do dhearfacht, a Réaltán!
.

Thursday, September 30, 2010

Na 'Feckers' Sin

Ní gá a dhéanamh ach na ceannlínte a léamh, go bhfeice sibh na dúradáin ag titim.

An é go bhfuil Gortghlanadh III faoi lán seoil, nó an é nach bhfuil ann ach giota spraoi dóibh uilig?

Mo chuimhne, ó tharla go mbím de shíor ag aibhsiú nasc chuig na nuachtáin laethúla, mar atá déanta agam thuas, ba mhaith liom mo bhuíochas a thabhairt do na hiriseoirí uilig as a gcuid oibre ar na míreanna a scríobhann siad, míreanna a roinnimse libhse, a léitheoirí, trí nasc a aibhsiú chucu ar mo bhlag.

Gabhaim mo bhuíochas leo, ó tharla an méid seo thíos léite agam, faoin gcaibidil 'Paddy O'Blog', ag uimhir 39 i leabhar John Waters, ‘Feckers; 50 People Who Fecked Up Ireland’,

‘He considers himself on the same level as journalists who must go out into the world every day, gather information, collect facts, submit themselves to editorial and legal processes, and ultimately take responsibility for every word they write. In fact, a regular theme of his contributions is the idea that he is in the process of supplanting conventional media and making journalists redundant.’

Ouch! An focal sin uaimse, a chairde. An focal é ‘Ouch’ meas tú? Más ea, an focal Béarla nó Gaeilge atá ann, meas tú?

Pé scéal é, i réamhrá an leabhair, tá an méid seo thíos le rá aige faoin bhfocal sin ‘fecker’, agus maith dom úsáid an fhocail mhóir eile sin, ach tá sé san alt aige féin, an dtuigeann sibh,

‘A ‘fucker’ is someone for whom the speaker retains a degree of respect, whereas ‘fecker’ has a hint of dismissiveness about it.

But the word ‘fecker’ retains about its person some element of regard. There is a sense that the accused is, if not exactly admired, at least held in a somewhat exasperated tolerance. A ‘fecker’ is someone who may exhaust the patience but not entirely the affections.
’

Is le gean agam oraibh a roinnim an t-eolas sin libh, a chairde. Bígí, ahem, foighneach liom, le bhur dtoil…
.

Ar an A29

An bhfuil a fhios agaibh céard é féin, a chairde, ach ní raibh deis agam, go dtí anois, cúpla focal a scríobh chugaibh le bhur mbeannachtaí a fhreagairt mar is ceart.

Ar fhaitíos aon mhíthuiscint, ní hé go bhfuilim, ahem, gafa le sluaite ag iarraidh mo shíniúcháin, ná gafa le meáin ar thóir m’fhocal, ó bronnadh an gradam úd orm i bPáirc an Chrócaigh, ach táim fós i mBaile Átha Cliath, le seic i mo phóca nach raibh ann inné, agus tá siopaí i ngach áit. Tuigeann sibh féin an chraic, nach dtuigeann? Céard eile a dhéanfadh bean ach tacaíocht a thabhairt don gheilleagar…

Mo chuimhne, mo bhuíochas leis na hurraitheoirí, agus le chuile dhuine a d’eagraigh an ócáid, bronnadh na nduaiseanna do Chomórtais Liteartha an Oireachtais. Bhí ainmneacha na mbuaiteoirí scríofa ar na suíocháin ina rabhamar le suí, agus bronnadh na duaiseanna, ceann i ndiaidh a chéile, go proifisiúnta agus go feidhmiúil. Éibhlín Ní Chonghaile a bhí ina Bean Tí, agus rinne sí jab ar dóigh, bail óna Ché uirthi. Agus tá sí iontach doighiúil, a chairde, rud nach feictear ar an raidió, faraor.

Mo chomhghairdeachas, ó chroí, le SeánO (A8), agus le Proinsias (A3). Maith sibh, mo chomhbhlagálaithe!

Ar ndóigh, bhí sólaistí, agus atmaisféar iontach, ann ina dhiaidh sin. Rug Cearbhall Ó Síocháin, as Raidió na Gaeltachta, greim orm féin le hagallamh a dhéanamh liom don chlár Ghlór Anoir, agallamh a craoladh inné, Dé Céadaoin.

Bíodh a fhios agaibh an méid seo, a léitheoirí, nuair is amaitéarach atá ionat mar atá ionamsa, agus nuair a chuirtear maidhc faoi do shrón gan súil ar bith agat leis roimh ré, is cuma cé chomh deas cineálta agus atá an t-agallóir, agus chaith Cearbhall go deas cineálta liom, tosóidh tú ag rámhaille, mar a rinne mise. Sea.

Agus sin an rud faoin mblagáil, a chairde. Fuair mé duais, b’fhéidir, mar go bhfuilim in ann srian, de shaghas, a chur ar mo rámhaillí anseo. Táim in ann slacht, de shaghas, a chur ar an ngramadach. Táim in ann mo smaointe a scagadh le, ahem, staidéar agus stuaim. Ansin, táim in ann mo phointe a roinnt libh le, ahem, ciall agus struchtúr. Sea.

Ach, cuir maidhc os mo chomhair, agus cuir ceist chiallmhar orm, is ansin a nochtar an té atá taobh thiar den bhlag seo. Go sábhála bhur gCé sibh ó m’anachain, a léitheoirí…

Go raibh céad míle maith agaibh as bhur mbeannachtaí, agus as bhur dtacaíocht. Beidh mé i dteagmháil rialta libh. Aiféala orm faoi sin.
.

Thursday, September 16, 2010

Phyllis Green

Tá Phyllis Green faoi chúram ospíse. Is foirfeach í, le 90 bliain caite aici ar an saol. Agus, is ‘blogger’ í.

Tá sí an-tinn i láthair na huaire, agus ní féidir léi mórán a dhéanamh, ach, dar léi, ‘‘If I can think, and if I can write, I can really fill a lot of time.’

Thosaigh sí ag blagáil anuraidh. ‘It’s a great way to communicate.’, arsa an bhean chumasach seo.

Nach iontach an rud é go bhfuil an bhlagáil ann dá leithéid, agus dúinne, a chairde, scríbhneoirí agus léitheoirí na mblaganna?

‘When wonderful things happen, you should stop and acknowledge them to yourself, and share them with anyone who will read them.’ a dúirt sí.

Tháinig mé ar scéal Phyllis de thimpiste inniu, agus áthas orm gur tháinig. Éist lena focail dhearfacha ar an bhfíseán anseo, a chairde. Is fiú na ceithre nóiméad a chaitheamh ina cuideachta.

Agus, is féidir a blag a léamh anseo. Maidir lena léitheoirí, bhí an méid seo le rá aici,

‘I just hope that I’ve made enough of an impact that they think of me fondly when I’m gone, and I think they will.’

I will, Phyllis. I definitely will.
.

Saturday, August 14, 2010

Teanga Choiteann na Gaeltachta?

‘Bhfuil a fhios agaibh, a léitheoirí, ach táim amhrasach anocht faoi thodhchaí na Gaeilge sa tír seo’

Bhí mé tuirseach aréir nuair a scríobh mé na focail thuas i mo bhlagmhír thíos. Cheap mé go m’fhéidir go mbeadh an t-amhras sin laghdaithe ar maidin. Ní raibh, agus níl fós.

Scríobhaim mo bhlag as Gaeilge, cé go mbeadh sé i bhfad níos fusa agam Béarla a úsáid. Béarla a labhair mé, formhór an ama, ar feadh mo shaoil. Tá leabhair ghramadaí Gaeilge, agus foclóirí, taobh le mo ríomhaire. Bainim úsáid astu go minic. Táim fós ag foghlaim, agus déanaim botúin, go rialta. Mar sin féin, leanaim orm.

Fáth m’amhrais? Tá sé tugtha faoi deara agam, le bliain nó dhó, go bhfuil ár dteanga dhúchais á cur go leataobh, anois is arís, sna Gaeltachtaí. Bhí mé i gcúpla áit sa Ghaeltacht, agus ní raibh Gaeilge ag duine nó dhó, daoine a bhí ag freastal orm, anseo agus ansiúd.

Chuir mé an cheist ‘Are you going to learn Irish?’

Is ceist í a chuirim go rialta nuair a bhíonn duine gan Gaeilge ag freastal orm i gceantar Gaeltachta. Níl ann ach gur suim liom meon an eachtrannaigh i dtreo na teanga seo againne, an dtuigeann sibh.

‘I try to learn, but it is so difficult.’ a d’fhreagair bean amháin.

Mhothaigh mé go raibh sí aiféalach faoi sin. Dar léi, Béarla a labhraíonn a comhghleacaithe léi. Suimiúil. Is cainteoirí dúchasacha iad uilig.

‘Are you going to learn Irish?’ a d’fhiafraigh mé d’fhreastalaí eile, in áit eile sa Ghaeltacht. Ní aiféalach ach mustrach a freagra,

‘There is also English, so I don’t have to!’

Agus sin agaibh fáth m’amhrais, a léitheoirí.
.

Sunday, April 11, 2010

Ag Blagáil nó Ag Stocaireacht?

‘Bhfuil Gaeilge agat ar ‘blowing your own trumpet?’ a d’fhiafraigh sí.
‘M’anam, is dóigh go bhfuil!’ arsa mé féin, ‘Cá bhfaca tú é?’
‘Ar do bhlag.’ a dúirt sí.
‘Ar mo bhlag!’ arsa mé féin. ‘Cail sé sin scríofa agam?
‘Níl sé scríofa, ach shílfeá gur ag ‘blowing your own trumpet’ a bhí tú ar do bhlag inné!’ arsa mo chara, agus í ag magadh fúm.

Bhuel, bhfuil a fhios agaibh, a léitheoirí, ach baineadh geit asam, mar sin féin. Isteach liom ar mo bhlag ar an bpointe boise, agus léigh mé mo phostáil ‘BLAG’ arís. Go sábhála Cé sinn, arsa mé féin liom féin, ach is dóigh go bhféadfadh duine an míniú sin a bhaint as, ceart go leor.

Mar sin féin, ní hí sin an teachtaireacht a bhí uaim a thabhairt, agus is maith a thuig mo chara é sin, agus í ag spochadh asam. Tá aithne aici orm, an dtuigeann sibh, agus tuigeann sí na deacrachtaí a bhí agam agus mé ag tabhairt faoin mblagáil seo ar dtús; an eagla, an easpa muiníne - na nithe sin nach dtuigfeadh an té nach dtuigeann na nithe sin.

Ni raibh uaim, agus BLAG á scríobh agam, ach léitheoirí a mhisniú chun pinn in earnáil na blagála Gaeilge; go dtuigfeadh siad nach gá bheith buartha faoi fhoirfeacht na teanga ná faoi éagsúlacht tuairimí; go bhfuil áit ann dúinn uile in earnáil na Gaeilge, fiú do lucht an chantail.

Agus sin an rud faoin mblagáil, a léitheoir. Mura bhfuil aithne phearsanta agat ar an scríbhneoir, níl agat ach na focail atá os do chomhair ar an mblag, agus is sna focail sin atá tuairim an scríbhneora, agus tuiscint an léitheora, le fáil. An fhadhb atá ann, ar ndóigh, is minic nach mar a shíltear a bhítear. Is iontach an chraic í!
.

Wednesday, March 10, 2010

Guth na Galltachta?

An bhfuil a fhios agaibh, a léitheoirí, ach gur beag nár thit mé as mo sheasamh nuair a chuala mé an nuacht tráthnóna inniu – Éamon Ó Cuív, agus athbhreithniú ar an gCaighdeán Oifigiúil beartaithe aige!

Tá an scéal uilig le léamh anseo, a chairde na Gaeilge, ach is maith liom an méid seo ón Aire, ach go háirithe:

“Beidh ar an athbhreithniú riachtanais an fhoghlaimeora a chur san áireamh agus na rialacha a dhéanamh chomh soiléir agus is féidir. Beidh air chomh maith riachtanais an chainteora oilte a chur san áireamh agus é ag plé le teanga atá uasal agus ealaíonta, teanga a gcuireann a struchtúr saibhir gramadaí ar a cumas raon leathan nathanna is mianta a léiriú. Ní liosta focal amháin é teanga.”

Ar ndóigh, is léir ón méid sin, ahem, go léann an tAire na blaganna seo uainn, ahem, agus gur spreag an méid a scríobh mé féin agus SeánO le seachtain anuas, gur spreag ár moltaí, ahem, gur spreag siad an tAire chun pinn agus chun gníomhaíochta, agus go mbeidh toradh againn gan mhoill. Sin é anois. Sea.

Níl gá le buíochas a sheoladh chugam ar chor ar bith, a chairde. Tá a fhios agam go n-aithníonn sibh an fhírinne chomh luath in Éirinn agus a fheiceann sibh í - a léitheoirí cliste!
.

Saturday, January 30, 2010

Ainmniúcháin - Irish Blog Awards 2010

Luaigh Conchubhair linn go bhfuil na Irish Blog Awards ar bun arís, agus go bhfuil siad ag lorg ainmniúchán anois le haghaidh gradaim na bliana seo.

Dar leis ‘Is féidir ainmniúchán a thabhairt don bhlag is fearr a bhain úsáid as an nGaeilge le bliain anuas...’, agus tá an ceart aige, ach rith an smaoineamh liom go bhfuil níos mó ná gradam amháin i gceist, agus gur bhfiú súil a chaitheamh ar na gradam eile, le go bhfeicfear an bhfuil aon cheann eile ann a d’fheilfeadh d’ainmniúchán uainne, léitheoirí na Gaeilge, taobh amuigh den 'Best Use of the Irish Language in a Blog'.

Agus, go deimhin, tá. Caith súil ar liosta na mblagálaithe agus ar liosta 'Naisc Úsáideacha - Gaeilge' ar dheis ar an mblag seo, a chairde na Gaeilge, agus táim cinnte go bhfaighidh sibh suíomh ansin a mbeadh ainmniúchán tuillte aige do cheann de na gradam eile atá liostaithe anseo.

Dar leo ‘A blog can be nominated in any category by anyone, but the blog owner can only accept nominations in one category (with the exception of Best Blog Post) to move the blog forward into the judging rounds. To be nominated the blog has to have been actively blogging between May and December 2009.’, agus feictear domsa go bhfuil neart blaganna Gaeilge ann a d’fheilfeadh sna catagóirí éagsúla, agus nach gá dúinn cloí le ‘Best Use of the Irish Language in a Blog’ amháin.

Tá agaibh go dtí an 5 Feabhra, a léitheoirí, más mian libh ainmniúcháin a thabhairt. Go n-éirí go geal leis na hainmnithe uile!
.

Sunday, January 17, 2010

Ag Blagáil...

Ó am go chéile, tugaim faoi deara go bhfuil blagálaí eile amuigh ansin atá ag scríobh i nGaeilge, blagálaí nár thug mé faoi deara roimhe seo, agus cuirim é/í ar liosta na mblagálaithe ar dheis ansin, a léitheoir, faoi ‘Blagálaithe Eile’.

Fáiltím anois roimh Uathachas in Éirinn, Santa Cruz na Gréine, agus Trí Scáthán go Doiléir. Tá sibh liostaithe, a chairde!
.

Tuesday, December 29, 2009

Samhlaigh...

Ó tharla nach mbeidh fáil agam scríobh anseo arís go ceann seachtaine, nó mar sin, chinn mé mo bheannachtaí a roinnt libh inniu, a chairde.

Bliain nua faoi shláinte, a léitheoirí, agus chuile ní dá fheabhas.

Tháinig an físeán seo chugam i ríomhphost ar maidin. Is ón gclár teilifíse 'Glee' dó, creidim.

.

Wednesday, December 2, 2009

Deartháir Mór

Mar a scríobh mé cheana ar an mblag seo ‘Ní dochar an t-aineolaí a chur ar an eolas faoin eolaí.’

Mar aineolach, táim ag foghlaim faoin modh blagála ó lár na bliana seo, nuair a thosaigh mé ar an mblag seo. Mar chuid den fhoghlaim sin, chuir mé StatCounter ar an mblag freisin. Tá sé le feiceáil ag bun an leathanaigh seo, agus thug mé faoi deara inné go ndeachaigh an comhaireamh thar an 10,000.

Anois, ní hé sin le rá go bhfuil 10,000 duine ag teacht agus ag imeacht ón mblag seo, ná baol orthu, ach sin an méid leathanaigh atá léite ar mo bhlag ó thosaigh mé ag rámhaille liom. Agus, tá súil agam gur bhain sibh sult as, cibé sibh féin, nár ghoin mé aon duine agaibh riamh le m’fhocail, ach gur chuidigh m’fhocail libh, ar dhóigh amháin nó ar dhóigh eile. Is mór liom bhur gcuideachta. Go raibh maith agaibh as bheith liom ar mo thuras foghlama.

Níor chuir mé mo Dheartháir Mór, mar a thugaim féin air, i bhfolach, mar is fearr liom a bheith oscailte faoin rud, le go mbeidh na léitheoirí ar an eolas go bhfuil súil á choinneáil ar thrácht an bhlag. Agus, tá sé suimiúil an chaoi a n-oibríonn sé, cé gur dóigh liom nach dtuigeann go leor daoine an easpa príobháide a bhaineann lena leithéid, is cuma cén suíomh idirlín ar a bhfuil a leithéid de ‘invisible web tracker’. Tá neart acu ann.

Agus mé ag teacht i dtaithí ar na ‘trackers’ seo, thug mé cúpla rud faoi deara, agus is fiú sibh a chur ar an eolas fúthu, mar nach ar an suíomh seo amháin atá siad ach, is dóigh liom, ar chuile shuíomh gnó, seans, agus ar chuid mhór suíomhanna pearsanta, fiú mura bhfuil siad le feiceáil. Ar ndóigh, níl ansin ach mo thuairim, agus nílim ach ag foghlaim. Ach seo chugaibh na rudaí a thug mé faoi deara, bíodh mé ceart nó mícheart, agus mé i mbun taighde ar mo Dheartháir Mór féin.

Tá mo chúntóir féin socraithe agam ar ‘pageloads’, sé sin comhairtear na leathanaigh a léitear, sé sin le rá, is féidir le léitheoir amháin theacht ar cuairt chuig mo bhlag agus gan ach leathanach amháin a léamh, ach d’fhéadfadh sé 20 leathanach a léamh i rith na cuairte amháin sin, dá mba mhian leis. Ar an dóigh sin, níl ach duine amháin i gceist leis an gcuairt sin, ach 20 leathanach comhairthe ag mo DM.

Agus insíonn DM dom cé na leathanaigh a léadh, agus cé as ar tháinig an léitheoir, abair, mar shampla, ó shuíomh duine de mo chomhblagálaithe, nó ón Astráil, An Spidéal, an Ghearmáin, Maigh Eo, Talamh an Éisc, Foras na Gaeilge, ranna stáit, Corcaigh, Meiriceá, Irish Times, Baile Átha Cliath, tíortha éagsúla ar fud na hEorpa. contaetha éagsúla ar fud na tíre, agus mar sin de. Ní insíonn sé dom cé hiad na daoine, ach dá mbeadh trácht an léitheora rialta ar an suíomh, tar éis ama, bheadh a fhios agat, b’fhéidir, cén bhlag as ar tháinig sé, agus más leis nó léi an blag sin go pearsanta.

Agus is ansin ba chóir an fhainic a bheith, a léitheoirí, mar is eol don aineolach seo anois, ó tharla mé ag foghlaim liom. Más rud go bhfuilimse in ann an méid sin eolais a fháil mar aineolach, bheadh an duine eolach in ann i bhfad níos mó eolais a fháil, cheapfá?

Mar shampla, más rud go bhfuil tú ag caitheamh vóta ar shuíomh, abair, nó ag fágáil teachtaireacht ar an suíomh sin, agus más rud gur léitheoir rialta tú, seans go bhféadfadh fios a bheith ag úinéir an tsuímh sin cé tú féin, nó, ar a laghad, cé as ar tháinig tú.

Bíonn a fhios agamsa go hiondúil, mar shampla, cé atá ann nuair a fhágann duine de mo chomhbhlagálaithe teachtaireacht ar mo bhlag, cé nach mbeadh le feiceáil ach an t-ainm a úsáideann siad, bíodh sé cumtha nó fíor, mar is iadsan amháin a bheadh in ann a ‘comment –iframe’ féin a oscailt ar a mblagsan. Is dóigh liom go bhféadfaí theacht ar eolas faoin vótálaí ar an gcaoi chéanna, ach nílim cinnte. Is fearr a bheith faireach, mar sin féin, más rud go bhfuil vóta á chaitheamh agat ar aon suíomh, ar fhaitíos.

Ní chomhaireann DM mo chuairteanna féin ar an suíomh, mar go bhfuil sé socraithe agam nach ndéanfaidh sé é sin, le ‘Blocking Cookie’ cliceáilte agam, san áit a deir ‘Don’t log my visits’. Níl a fhios agam an bhfuil sé sin amhlaidh ar aon suíomh eile, ach dá mbeinn ag logáil mo chuairteanna féin, bheadh an figiúr i bhfad níos airde ná 10,000, ó tharla mé ag dul isteach is amach ar an mblag go rialta, ag léamh nó ag scríobh, ag brath ar mo ghiúmar, an dtuigeann sibh.

Is dóigh liom go bhfuil suíomhanna ann nach gcuireann ‘blocking cookie’ mar sin i bhfeidhm, le go gceapfar go bhfuil trácht sa bhreis acu, ach is dóigh liom go mbaineann sé sin le cúrsaí tráchtála, b’fhéidir, le go bhfaighidh siad níos mó comhlachtaí ag fógairt leo, agus ag fáil íocaíocht as dá bharr sin. Níl ansin ach barúil. Más rud nach bhfuil íocaíocht le fáil as, b’fhéidir go bhfuil fáth eile leis. Ní bhaineann sé liom, mar ní dhéanaim é.

Ach, a léitheoirí, is fearr go mbeadh a fhios agaibh céard a dhéantar, nó, ar a laghad, go bhfuil féidearthachtaí ann ar fiú bheith aireach orthu, agus cúramach fúthu, ar mhaithe le do phríobháid féin. Agus níl mise ach ag foghlaim, fós.
.

Thursday, November 26, 2009

Lá An Altaithe

Mo bhuíochas do Róislín as an lá seo a chur i gcuimhne dom an tseachtain seo.

Tá a fhios agam go bhfuil sibh ann, i Meiriceá, a thugann cuairt ar mo bhlag go rialta, agus is mór liom bhur gcuideachta.

Tá súil agam go mbeidh Lá an Altaithe faoi shéan agus faoi mhaise agaibh, go mbeidh sibh uile i gcuideachta bhur muintire, agus i gcuideachta bhur gcairde, agus go mbainfidh sibh sult as an lá mór seo a bhíonn agaibh thall.
.

Friday, October 30, 2009

Comhbhlagálaithe

Táim scriosta! Bhí mé ag an Oireachtas ó mhaidin, agus nílim ach sa bhaile anois.

Buaicphointe an lae dom? Bualadh le Proinsias agus Tadhg – faoi dheireadh! Tá siad cosúil lena gcosúlacht, a léitheoirí, agus d'aithin mé iad ar an bpointe, cé gur dóigh liom nár aithin siadsan mise, go dtí gur chuir mé mé féin in aithne dóibh.

Lá eile romham amárach, lán le Gaeilge, gleo, gliondar agus gáire. Diabhal locht agam ar an saol anocht, a léitheoirí, mar casadh go leor daoine orm inniu nach bhfaca mé le fada, agus cuireadh daoine nua ar m’aithne.

Agus, den chéad uair riamh, tháinig duine i mo threo agus dúirt ‘Nach tú Áine … léim do bhlag.’ Anois, nach deas sin? Agus, dar leis, baineann sé sult as. Go raibh maith agat, a Phádraic!

Tá sé in am dom sos a ghlacadh anois, agus mé féin a chur in aithne do mo leaba arís. Beidh mé ar ais, go luath.
.

Thursday, September 3, 2009

Cara de dhíth!

Mar is eol daoibh, táim ag foghlaim liom. Chuile lá, agus mé ag plé leis an idirlíon ar bhealach amháin nó ar bhealach eile, táim ag dul i dtaithí ar shuíomhanna úra an idirlín, rudaí nach raibh trácht ar chor ar bith orthu agus mise ag tógáil mo pháistí, cosúil le Twitter, Bebo, Facebook agus a leithéidí.

Nuair a thosaigh mé ar an mblagáil seo, bhí orm eolas a fháil ó Leabhar na nAmadán agus na nÓinseach le tuiscint a fháil ar an gcraic seo. D’éirigh liom tús a chur le mo bhlag, mar is léir ón bhfianaise os do chomhair, a léitheoir, agus bainim sult as, caithfidh mé a rá. Gurab amhlaidh duit!

Maidir le Bebo agus Twitter, chuaigh mé ag plé leo sin freisin, ar mhaithe le taithí a fháil orthu. Ní féidir liom gan a bheith ag útamáil, an dtuigeann sibh. Cibé scéal é, ní raibh a dhath iontu a choinnigh mo chuid spéise seachránaí ag dul, agus ní bhacaim leo, cé go bhfuil mé cláraithe, creid é nó ná creid. Fuair mé amach, i ndiaidh gach ní, nach gá bheith eolach ar rocket science le do bhealach a dhéanamh timpeall ar na suíomhanna sin. An méid sin foghlamtha agam, d’fhág mé slán acu arís.

Cé go bhfuil go leor daoine ar m’aithne ag plé le Facebook, níor bhac mé leis riamh, go dtí inniu. Sí An Bhean Neamhspleách atá ciontach. Chuir sí an nasc seo chugam, nasc a bhaineann leis na Oilimpeacha Speisialta in Éirinn, agus d’iarr sí orm clárú leo mar ‘cara’ ar an suíomh atá acu ar Facebook anois. "Fadhb ar bith" arsa Áine léi féin. Isteach liom ar Facebook agus táim cláraithe anois, agus Special Olympics Ireland mar chara agam ann.

Isteach leat anseo anois, a léitheoir, agus cláraigh mar chara leis na Oilimpeacha Speisialta, mura miste leat. Ba mhaith leo cairde a fháil, agus ba dheas an rud dá bhfaigheadh.

Tá físeán ann, próifíl an lúthchleasaí, Oliver Doherty, as Inis Eoghain, agus táim chun iarracht a dhéanamh é a íoslódáil anseo daoibh. Má éiríonn le mo chuid útamála, beidh sibh in ann é a fheiceáil ag bun an ailt seo. Mura n-éiríonn, tá sé le fáil ar an suíomh. B’fhiú duit éisteacht leis, má bhíonn deis agat. Scéal álainn.

Tá obair iontach ar bun ag na daoine uile atá ag obair leis na Oilimpeacha Speisialta. Nár dheas do thacaíocht a thaispeáint dóibh inniu, agus an nuacht uatha a scaipeadh, trí chlárú leo mar chara. Maith thú, a chara!
.

 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.