Showing posts with label foirfeach. Show all posts
Showing posts with label foirfeach. Show all posts

Wednesday, October 6, 2010

In Ainm an Athar

Bhí mé ag éisteacht le clár ar an raidió an tseachtain seo caite, agus chuala mé an láithreoir ag labhairt le mná a tógadh sa chéad leath den fhichiú haois. Bhí grá agus pósadh faoi chaibidil acu ar feadh scaithimh.

Níl a fhios agam an raibh grá ar bith ann an uair sin…’ arsa foirfeach amháin acu, ‘…bhí tú ag iarraidh bheith pósta agus saol maith a bheith agat….’

Luaigh sí go raibh baint nach beag ag an sagart leis an scéal, go raibh faitíos orthu roimh an sagart; ‘peaca marfach’ a bheadh sa phóg féin, ba dhóigh léi, mura mbeadh tú pósta agus tú páirteach ina leithéid de ghníomh, abair.

Ní ba dheireanaí sa tseachtain, chuala mé scéal faoi bhean, ón aois chéanna, a náiríodh go poiblí ón phuilpid, nuair a saolaíodh páiste di, gan í pósta ar chor ar bith. Cé gur mhian léi, agus lena muintir, an leanbh a choinneáil, níor thug an sagart cead di é sin a dhéanamh.

Arís eile, an tseachtain seo, chuala mé sagart ag tagairt den chúigear a baisteadh ina pharóiste le deireanaí, gan fáinne le feiceáil in aon áit, ‘sadly’, mar a dúirt sé féin.

Cé go raibh sagart lárnach, ar bhealach amháin nó ar bhealach eile, sna scéalta a chuala mé le seachtain anuas, níor chuala mé ainm athar luaite i gceann ar bith acu.

Meas tú, a léitheoir, an bhfuil sochaí na linne seo fós ag íoc go daor as an neamhaird sin?
.

Thursday, September 16, 2010

Phyllis Green

Phyllis Green faoi chúram ospíse. Is foirfeach í, le 90 bliain caite aici ar an saol. Agus, is ‘blogger’ í.

Tá sí an-tinn i láthair na huaire, agus ní féidir léi mórán a dhéanamh, ach, dar léi, ‘‘If I can think, and if I can write, I can really fill a lot of time.’

Thosaigh sí ag blagáil anuraidh. ‘It’s a great way to communicate.’, arsa an bhean chumasach seo.

Nach iontach an rud é go bhfuil an bhlagáil ann dá leithéid, agus dúinne, a chairde, scríbhneoirí agus léitheoirí na mblaganna?

‘When wonderful things happen, you should stop and acknowledge them to yourself, and share them with anyone who will read them.’ a dúirt sí.

Tháinig mé ar scéal Phyllis de thimpiste inniu, agus áthas orm gur tháinig. Éist lena focail dhearfacha ar an bhfíseán anseo, a chairde. Is fiú na ceithre nóiméad a chaitheamh ina cuideachta.

Agus, is féidir a blag a léamh anseo. Maidir lena léitheoirí, bhí an méid seo le rá aici,

‘I just hope that I’ve made enough of an impact that they think of me fondly when I’m gone, and I think they will.’

I will, Phyllis. I definitely will.
.
 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.