Showing posts with label blagálaí. Show all posts
Showing posts with label blagálaí. Show all posts

Monday, January 10, 2011

Mise Áine Caillte?

Nílim cinnte céard a tharla, leis an fhírinne a rá, a léitheoirí. Tá mise, Áine, beo beathach, ach diabhal a fhios agam cá bhfuil mo bhlag, Mise Áine. Tá sé caillte agam, feictear dom.

Bhuel, mura bhfuil sé caillte, tá sé faoi mhíchumas, ar aon nós. Tá sé 'disabled' ag Google faoi láthair, ó tharla, dar leo, 'unusual activity' de shaghas éigin tugtha faoi deara acu ar mo bhlag.

Hmmm...suimiúil. Céard is 'unusual activity' ann, meas tú? Táthar ann a cheapann gur, ahem, iondúil an rud é an rud 'unusual' ar mo bhlag, ach sin scéal eile. 

Fan go bhfeice mé anois. Is fearr breathnú ar na nithe sin a rinne mé le mo chuntas blagála oíche Dé Sathairn seo caite, díreach sular chuir Google mo bhlag bocht faoi mhíchumas; ar fhaitíos gur mé féin a bhí ciontach as an 'unusual activity' sin, i ngan fhios dom féin, an dtuigeann sibh.

Bhuel, bhí mé i mo shuí ag mo ríomhaire, agus phostáil mé an bhlagmhír thíos, Tá Sé Ar Ais, ar mo bhlag, Mise Áine. Fadhb ar bith leis sin, cheapfá. Ach, b'fhéidir gur cheap Google gur ag tagairt do Terminator éigin a bhí mé, agus gur le Arnold an lámhainn ar an gcrann?

Nó, b'fhéidir go raibh faitíos orthu go raibh Arnold ar tí 'unusual activity' de shaghas éigin a dhéanamh, agus go raibh siad ag iarraidh stop a chur leis in am? Deacair a rá.

Ansin, léigh mé na blaganna eile, go bhfeicfinn an raibh a dhath suimiúil á rá acu, agus d'fhág mé trácht nó dhó, ar bhlag nó dhó, más buan mo chuimhne, agus mar is iondúil liom. Táim fiosrach, agus barúlach, mar is eol daoibh, a léitheoirí rialta - más ann daoibh a thuilleadh, mar léitheoirí!

An é nár thaitin mo thrácht le Google, agus mé ar mo thuras fiosrach barúlach timpeall na mblagsféar? Nó, an raibh rud éigin neamhghnách ag tarlú ar mo bhlag, i ngan fhios dom? Cé aige a bhfuil a fhios? Níl a fhios agamsa, ach tá a fhios agam nach bhfuil fáil agam ar Mise Áine faoi láthair, faraor.

Mo chuimhne, táim ag brath ar mo chomhbhlagálaithe, agus oraibhse ar Facebook agus ar Twitter, a leanann mo rámhaillí rialta, an scéal a scaipeadh faoi mo bhlag nua, Rámhaille, mura miste libh. Diabhal a fhios agam an bhfaighidh mé mo sheanbhlag, Mise Áine, ar ais, ar chor ar bith, agus ní féidir liom bheith gan bhlag, ó tharla faitíos orm go mbeadh sibh uaigneach i m'uireasa, mura mbeinn ag rámhaillíocht liom. Sea.

Pé scéal é, chuir mé blagmhíreanna na bliana seo ar an mblag nua seo inniu, ó tharla fáil agam orthu ó shuíomh "Gaeilge" via Aonghus, bail óna Ché air! Déanfaidh mé iarracht na seanmhíreanna uilig a fháil ar ais, má fhéadaim, dé réir a chéile. Tá siad uilig le fáil ar an suíomh sin le hAonghus, ach ní féidir iad a aimsiú in aon áit eile, ag an am seo.

Moladh agam daoibh, a chomhbhlagálaithe - sábháil bhur mblagmhíreanna uilig anois, más mian libh gan iad a chailleadh! Tuilleadh uaim ar an ábhar seo amach anseo.

Beidh mé ag obair ar an mblag seo go rialta, agus tá súil agam na naisc uilig a chur ar fáil air go luath, idir naisc nuachta, naisc don fhoghlaimeoir, agus naisc úsáideacha eile; mar a bhíodh agam ar Mise Áine.

As seo amach, is anseo a bheas mé, a léitheoirí. Tá fearadh na fáilte romhaibh teacht isteach i mo Chomhluadar, ar thaobh na láimhe deise ansin, agus bhur hataí a chrochadh ann, más mian libh. Nó, buail isteach chugam anseo, ó am go chéile.

Ba mhór liom bhur gcuideachta ar mo bhlag nua.

Thursday, December 2, 2010

Ag Tiomáint Sa Sneachta

Daoibhse nach bhfuil ceaptha ag an sneachta, ach atá ag tiomáint sa sneachta, b'fhéidir go mba mhaith libh súil a chaitheamh ar an méid atá le rá ag Noel Sweeney ó Swilly Drive anseo, 'a few tips on driving in the snow', dar leis.

Ní dochar bheith ar an eolas, a léitheoirí, mura bhfuil an t-eolas agaibh cheana, ar ndóigh.

Mo chuimhne, níor thug mé faoi deara, go dtí inniu, nach raibh na naisc ag bun mo bhlagmhíreanna ag obair, agus tá aiféala orm faoi sin. Mar is eol daoibh, táim fós ag foghlaim.

Pé scéal é, tá caoi curtha agam ar an bhfadhb anois, agus is féidir, más mian libh, mo bhlagmhíreanna a roinnt ar Facebook, Twitter srl, ach brú ar an gcnaipe ‘Roinn’, nó brú ar cheann de na cnaipí eile sin in íochtar.
.

Friday, November 26, 2010

Óglachas Geilleagrach

Táim buíoch díot, a Dhubhaltaigh, as m’aird a tharraingt ar an dá fhíseán a luaigh tú i do bhlagmhír inné, an dá ‘bhlast ón phast’ sin, atá le fáil ar an suíomh seo.

Más mian libh an rud sin ‘economic manhood’ a thuiscint, a léitheoirí, éist leis an bhfíseán seo ón mbliain 2000, faoin teideal ‘Ireland's Taoiseach Bertie Ahern rejects ESRI Economic Advice, March 2000’, agus cloisfidh sibh céard a bhí le rá ag Bertie, Charlie McCreevy, agus Mary Harney, ag an am.

Ach, go háirithe, éist leis an méid a bhí le rá ag John Fitzgerald ón Economic Social and Research Institute ar an bhfíseán sin. Bunaíodh an ESRI caoga bliain ó shin agus, dar leo, ‘Our main focus is research on economic and social change in Ireland in the new global context.’

Ar éist aon duine leis an gcomhairle a thug an ESRI don rialtas i 2000? Tá freagra na ceiste sin le fáil ón bhfíseán thuasluaite, a chairde.

Ó, agus féach, freisin, ar mo dhuine atá le feiceáil ag siúl taobh le Bertie san fhíseán. Tá an chuma ar Bhertie agus ar Bhrian nach raibh imní dá laghad ar an mbeirt acu, shilfeá.

Ansin, más mian libh, caithigí súil ar an bhfíseán eile seo ó 1998, ‘blast’ eile ‘ón phast’. Sórt tuar tubaiste, meas tú?

Pé scéal é, b'fhéidir go míneoidh láithreoir an fhíseáin cúpla rud daoibh faoinár ‘óglachas geilleagrach’, a léitheoirí. Sea.
.

Monday, November 8, 2010

Neamhláithreacht

sílim gur fearr scríobh nuair a bhuaileann an tinfeadh tú, seachas mothú go bhfuil dualgas ort a bheith ag blagadóireacht.’

Focail chiallmhara ó Aonghus, focail a roinn sé le Scott, ar fhilleadh dó inné.

Bhfuil tú alright?’ a d’fhiafraigh mo chara díom ar an bhfón inné, ó tharla gan focal léite aici uaim, ar mo bhlag, le beagnach seachtain anuas. M’fhreagra, ó tholg na tuirse, áit a mbím ó am go chéile, le bliain anuas, ‘Níl a dhath cearr liom, ach easpa fuinnimh, a chara!

Agus, sin mar a bhíonn an saol liom, a léitheoirí. Bíonn praghas le híoc ar ragaireacht, go háirithe don té atá, fós faraor, ar bhóthar an bhisigh, agus d’fhág mise cuid mhór de m’fhuinneamh i gCill Airne!

Dá thoradh sin, fiú agus an tinfeadh úd, a luaigh Aonghus, do mo bhualadh, arís is arís eile, leis an mbata seo, agus leis an gceann seo agus seo, agus fiú leis an gceann seo, mar shampla, bíonn orm tús áite a thabhairt do dhualgais eile an lae, agus m’fhuinneamh luachmhar a roinnt go cúramach, rud a fhágann an blag bocht díomhaoin, cé nach bhfuilim féin díomhaoin, ná tinn, an dtuigeann sibh.

Agus sin an rud a thaitníonn liomsa faoin mblagáil. Ní dualgas atá ann domsa, ach pléisiúr. Go mba hamhlaidh do mo chomhbhlagálaithe, agus do na léitheoirí a roinneann a gcuid ama luachmhair linn.

Agus, nach deas an rud an cara a thugann neamhláithreacht faoi deara? Nár laga a gCé a gcairdeas.
.

Thursday, September 30, 2010

Ar an A29

An bhfuil a fhios agaibh céard é féin, a chairde, ach ní raibh deis agam, go dtí anois, cúpla focal a scríobh chugaibh le bhur mbeannachtaí a fhreagairt mar is ceart.

Ar fhaitíos aon mhíthuiscint, ní hé go bhfuilim, ahem, gafa le sluaite ag iarraidh mo shíniúcháin, ná gafa le meáin ar thóir m’fhocal, ó bronnadh an gradam úd orm i bPáirc an Chrócaigh, ach táim fós i mBaile Átha Cliath, le seic i mo phóca nach raibh ann inné, agus tá siopaí i ngach áit. Tuigeann sibh féin an chraic, nach dtuigeann? Céard eile a dhéanfadh bean ach tacaíocht a thabhairt don gheilleagar…

Mo chuimhne, mo bhuíochas leis na hurraitheoirí, agus le chuile dhuine a d’eagraigh an ócáid, bronnadh na nduaiseanna do Chomórtais Liteartha an Oireachtais. Bhí ainmneacha na mbuaiteoirí scríofa ar na suíocháin ina rabhamar le suí, agus bronnadh na duaiseanna, ceann i ndiaidh a chéile, go proifisiúnta agus go feidhmiúil. Éibhlín Ní Chonghaile a bhí ina Bean Tí, agus rinne sí jab ar dóigh, bail óna Ché uirthi. Agus tá sí iontach doighiúil, a chairde, rud nach feictear ar an raidió, faraor.

Mo chomhghairdeachas, ó chroí, le SeánO (A8), agus le Proinsias (A3). Maith sibh, mo chomhbhlagálaithe!

Ar ndóigh, bhí sólaistí, agus atmaisféar iontach, ann ina dhiaidh sin. Rug Cearbhall Ó Síocháin, as Raidió na Gaeltachta, greim orm féin le hagallamh a dhéanamh liom don chlár Ghlór Anoir, agallamh a craoladh inné, Dé Céadaoin.

Bíodh a fhios agaibh an méid seo, a léitheoirí, nuair is amaitéarach atá ionat mar atá ionamsa, agus nuair a chuirtear maidhc faoi do shrón gan súil ar bith agat leis roimh ré, is cuma cé chomh deas cineálta agus atá an t-agallóir, agus chaith Cearbhall go deas cineálta liom, tosóidh tú ag rámhaille, mar a rinne mise. Sea.

Agus sin an rud faoin mblagáil, a chairde. Fuair mé duais, b’fhéidir, mar go bhfuilim in ann srian, de shaghas, a chur ar mo rámhaillí anseo. Táim in ann slacht, de shaghas, a chur ar an ngramadach. Táim in ann mo smaointe a scagadh le, ahem, staidéar agus stuaim. Ansin, táim in ann mo phointe a roinnt libh le, ahem, ciall agus struchtúr. Sea.

Ach, cuir maidhc os mo chomhair, agus cuir ceist chiallmhar orm, is ansin a nochtar an té atá taobh thiar den bhlag seo. Go sábhála bhur gCé sibh ó m’anachain, a léitheoirí…

Go raibh céad míle maith agaibh as bhur mbeannachtaí, agus as bhur dtacaíocht. Beidh mé i dteagmháil rialta libh. Aiféala orm faoi sin.
.

Thursday, September 16, 2010

Phyllis Green

Phyllis Green faoi chúram ospíse. Is foirfeach í, le 90 bliain caite aici ar an saol. Agus, is ‘blogger’ í.

Tá sí an-tinn i láthair na huaire, agus ní féidir léi mórán a dhéanamh, ach, dar léi, ‘‘If I can think, and if I can write, I can really fill a lot of time.’

Thosaigh sí ag blagáil anuraidh. ‘It’s a great way to communicate.’, arsa an bhean chumasach seo.

Nach iontach an rud é go bhfuil an bhlagáil ann dá leithéid, agus dúinne, a chairde, scríbhneoirí agus léitheoirí na mblaganna?

‘When wonderful things happen, you should stop and acknowledge them to yourself, and share them with anyone who will read them.’ a dúirt sí.

Tháinig mé ar scéal Phyllis de thimpiste inniu, agus áthas orm gur tháinig. Éist lena focail dhearfacha ar an bhfíseán anseo, a chairde. Is fiú na ceithre nóiméad a chaitheamh ina cuideachta.

Agus, is féidir a blag a léamh anseo. Maidir lena léitheoirí, bhí an méid seo le rá aici,

‘I just hope that I’ve made enough of an impact that they think of me fondly when I’m gone, and I think they will.’

I will, Phyllis. I definitely will.
.

Thursday, April 22, 2010

Lá An Domhain - Aguisín

Agus, ó tharla m’aird dírithe ina threo ag trácht a d’fhág Dubhaltach maidir leis an bpostáil dheireanach sin uaim, seo chugaibh físeán eile, ó GreenpeaceUK. Is físeán é ar fiú é a fheiceáil, a léitheoirí, le go mbeidh taobh eile den scéal againn.

Cá bhfuil an fhírinne? Níl a fhios agam. Támid ag brath ar pholaiteoirí na cinntí is fearr a dhéanamh ar ár son agus, go bhfóire cé ná céard orainn, an féidir linn brath orthu siúd ar chor ar bith, meas tú?

Idir an dá linn, is fiú dúinn ár n-iarrachtaí féin a dhéanamh. Más mian libh.
.

Blagálaí Eile LInn

Tá fearadh na fáilte romhat, a John!

Tá blagálaí nua ar an bhfód, a chairde, fear a bheas ag feidhmiú 'Faoi Cheilt', ach nach mbeidh mar sin féin, an dtuigeann sibh, mar go mbeidh a smaointe faoi Chaerdydd á roinnt aige linn trí 'spás a chruthú' ar a bhlag 'chun cur sios a dheanamh ar an tir fior-Cheilteach seo agus an mead ata le foghlaim ann.'

Go n-éirí go geal leis!

.

Sunday, April 11, 2010

Ag Blagáil nó Ag Stocaireacht?

‘Bhfuil Gaeilge agat ar ‘blowing your own trumpet?’ a d’fhiafraigh sí.
‘M’anam, is dóigh go bhfuil!’ arsa mé féin, ‘Cá bhfaca tú é?’
‘Ar do bhlag.’ a dúirt sí.
‘Ar mo bhlag!’ arsa mé féin. ‘Cail sé sin scríofa agam?
‘Níl sé scríofa, ach shílfeá gur ag ‘blowing your own trumpet’ a bhí tú ar do bhlag inné!’ arsa mo chara, agus í ag magadh fúm.

Bhuel, bhfuil a fhios agaibh, a léitheoirí, ach baineadh geit asam, mar sin féin. Isteach liom ar mo bhlag ar an bpointe boise, agus léigh mé mo phostáil ‘BLAG’ arís. Go sábhála Cé sinn, arsa mé féin liom féin, ach is dóigh go bhféadfadh duine an míniú sin a bhaint as, ceart go leor.

Mar sin féin, ní hí sin an teachtaireacht a bhí uaim a thabhairt, agus is maith a thuig mo chara é sin, agus í ag spochadh asam. Tá aithne aici orm, an dtuigeann sibh, agus tuigeann sí na deacrachtaí a bhí agam agus mé ag tabhairt faoin mblagáil seo ar dtús; an eagla, an easpa muiníne - na nithe sin nach dtuigfeadh an té nach dtuigeann na nithe sin.

Ni raibh uaim, agus BLAG á scríobh agam, ach léitheoirí a mhisniú chun pinn in earnáil na blagála Gaeilge; go dtuigfeadh siad nach gá bheith buartha faoi fhoirfeacht na teanga ná faoi éagsúlacht tuairimí; go bhfuil áit ann dúinn uile in earnáil na Gaeilge, fiú do lucht an chantail.

Agus sin an rud faoin mblagáil, a léitheoir. Mura bhfuil aithne phearsanta agat ar an scríbhneoir, níl agat ach na focail atá os do chomhair ar an mblag, agus is sna focail sin atá tuairim an scríbhneora, agus tuiscint an léitheora, le fáil. An fhadhb atá ann, ar ndóigh, is minic nach mar a shíltear a bhítear. Is iontach an chraic í!
.

Friday, April 9, 2010

BLAG

Sea, a léitheoirí, caithfidh mé é a admháil - táim anois i mo bhall den chumann Blagálaithe Le hAinmneacha Géarchúiseacha (BLAG).

Ní raibh mé ag dul á admháil, ach tá mé ainmnithe ag Gaelscéal anois, mar sin ní feidir liom fanacht sa chlóiséid a thuilleadh. Fanaigí nóiméad, le bhur dtoil, agus seasfaidh mé suas…i mo sheasamh anois, a léitheoirí…fanaigí leis…soicind amháin eile...seo chugaibh é…is Mise Áine, agus is blagálaí mé! Ceapaim.

Sin agaibh é anois, a léitheoirí. Creid é nó ná creid, ach thosaigh mé ag blagáil ar an suíomh anseo cothrom an lae seo, bliain ó shin. Cá ndeachaigh an t-am!

Ó thosaigh mé, ahem, ag rámhaille liom, tá sé mhíle dhéag cuairt tugtha agaibh ar na postálacha uaim anseo. Ní hé sin le rá gur tháinig sé mhíle dhéag duine ar cuairt chuig mo bhlag, an dtuigeann sibh, ach sin an méid leathanach a léadh, agus daoine éagsúla ar cuairt anseo; iad ag rútáil thart, mar a déarfá, ar thóir rud éigin, b'fhéidir.

Cibé acu ar tháinig siad ar an 'rud éigin' sin, nó nár tháinig, tá súil agam gur bhain na léitheoirí uile sult as an méid a léigh siad nó, ar a laghad, nár ghoin aon fhocal uaim aon duine. Táim buíoch díbh uile as bhur gcomhluadar le bliain anuas. Go raibh maith agaibh as buaileadh isteach chugam, a chairde.

Ach, céard a thug anseo thú, a Áine? Cén fáth ar thosaigh tú ag bleadracht leat ar an mblag seo? Sin iad na ceisteanna a d’fhiafraigh mé díom féin ar maidin, agus mé amuigh ag siúl. Ní dóigh liom gur chuala aon duine mé ag labhairt liom féin, a léitheoirí, mar sin ná bí buartha. Ní bheidh lucht na gcótaí bána ag teacht faoi mo choinne. Fós, ar aon nós. Sea.

Cibé scéal é, ar ais linn, mura miste libh, chuig na ceisteanna sin a chuir mé orm féin ar maidin. Is dóigh liom gur bealach atá sa bhlagáil do mo leithéid, bean atá ina cónaí i gceantar Galltachta, gur bealach atá sa bhlagáil as Gaeilge gan ligean do shochaí an Bhéarla meirg a chur ar mo theanga dhúchais.

Tá a fhios agam, go maith, go bhfuiltear ann a déarfadh go bhfuil meirg ar mo Ghaeilge cheana, agus seans go bhfuil an ceart acu. Bíonn botúin ghramadaí ar mo bhlag, is dóigh liom, agus bíonn béarlachas ann chomh maith céanna, ach, an bhfuil a fhios agaibh, a léitheoirí, ní miste liom! Agus tá súil agam nach miste libh. Táim fós ag foghlaim. Bhí am ann agus ghoillfeadh a leithéidí orm, m'fhaitíos roimh na cantalóirí mo choinneáil ciúin, ag múchadh m'fhocal, ach ní bhacaim leo a thuilleadh.

A fhad is go bhfuilimse anseo in bhur gcuideachta, ag roinnt mo smaointe, ag roinnt mo thuairimí, ag roinnt eolais ar theanga agus ar chúrsaí an tsaoil, mar a thuigim féin iad, agus mé á dhéanamh sin i nGaeilge, ní bheidh meirg ag teacht ar mo theanga, ná ormsa.

Agus, a fhad is a bheas sibhse ag léamh anseo, a chairde, mar leantóirí nó mar lurkers, sibhse a bheas ag bealú agus ag beathú na bhfocal ón mblagálaí seo.
.

Wednesday, March 17, 2010

#lnag10

Beannachtaí na Féile oraibh, a chairde!

Blúire eolais faoi Lá Fhéile Pádraig ó Róislín anseo, agus giotaí faoi Lá na Gaeilge anseo agus anseo.

Agus, ó tharla gur Gaillmheach mé ó dhúchas, níor mhaith liom gan rud beag ón áit sin a roinnt libh inniu. Bainigí sult as an bhféile, a léitheoirí.

Seas suas anois, agus bígí ag damhsa...


.

Sunday, January 17, 2010

Ag Blagáil...

Ó am go chéile, tugaim faoi deara go bhfuil blagálaí eile amuigh ansin atá ag scríobh i nGaeilge, blagálaí nár thug mé faoi deara roimhe seo, agus cuirim é/í ar liosta na mblagálaithe ar dheis ansin, a léitheoir, faoi ‘Blagálaithe Eile’.

Fáiltím anois roimh Uathachas in Éirinn, Santa Cruz na Gréine, agus Trí Scáthán go Doiléir. Tá sibh liostaithe, a chairde!
.

Tuesday, December 29, 2009

Samhlaigh...

Ó tharla nach mbeidh fáil agam scríobh anseo arís go ceann seachtaine, nó mar sin, chinn mé mo bheannachtaí a roinnt libh inniu, a chairde.

Bliain nua faoi shláinte, a léitheoirí, agus chuile ní dá fheabhas.

Tháinig an físeán seo chugam i ríomhphost ar maidin. Is ón gclár teilifíse 'Glee' dó, creidim.

.

Wednesday, December 2, 2009

Deartháir Mór

Mar a scríobh mé cheana ar an mblag seo ‘Ní dochar an t-aineolaí a chur ar an eolas faoin eolaí.’

Mar aineolach, táim ag foghlaim faoin modh blagála ó lár na bliana seo, nuair a thosaigh mé ar an mblag seo. Mar chuid den fhoghlaim sin, chuir mé StatCounter ar an mblag freisin. Tá sé le feiceáil ag bun an leathanaigh seo, agus thug mé faoi deara inné go ndeachaigh an comhaireamh thar an 10,000.

Anois, ní hé sin le rá go bhfuil 10,000 duine ag teacht agus ag imeacht ón mblag seo, ná baol orthu, ach sin an méid leathanaigh atá léite ar mo bhlag ó thosaigh mé ag rámhaille liom. Agus, tá súil agam gur bhain sibh sult as, cibé sibh féin, nár ghoin mé aon duine agaibh riamh le m’fhocail, ach gur chuidigh m’fhocail libh, ar dhóigh amháin nó ar dhóigh eile. Is mór liom bhur gcuideachta. Go raibh maith agaibh as bheith liom ar mo thuras foghlama.

Níor chuir mé mo Dheartháir Mór, mar a thugaim féin air, i bhfolach, mar is fearr liom a bheith oscailte faoin rud, le go mbeidh na léitheoirí ar an eolas go bhfuil súil á choinneáil ar thrácht an bhlag. Agus, tá sé suimiúil an chaoi a n-oibríonn sé, cé gur dóigh liom nach dtuigeann go leor daoine an easpa príobháide a bhaineann lena leithéid, is cuma cén suíomh idirlín ar a bhfuil a leithéid de ‘invisible web tracker’. Tá neart acu ann.

Agus mé ag teacht i dtaithí ar na ‘trackers’ seo, thug mé cúpla rud faoi deara, agus is fiú sibh a chur ar an eolas fúthu, mar nach ar an suíomh seo amháin atá siad ach, is dóigh liom, ar chuile shuíomh gnó, seans, agus ar chuid mhór suíomhanna pearsanta, fiú mura bhfuil siad le feiceáil. Ar ndóigh, níl ansin ach mo thuairim, agus nílim ach ag foghlaim. Ach seo chugaibh na rudaí a thug mé faoi deara, bíodh mé ceart nó mícheart, agus mé i mbun taighde ar mo Dheartháir Mór féin.

Tá mo chúntóir féin socraithe agam ar ‘pageloads’, sé sin comhairtear na leathanaigh a léitear, sé sin le rá, is féidir le léitheoir amháin theacht ar cuairt chuig mo bhlag agus gan ach leathanach amháin a léamh, ach d’fhéadfadh sé 20 leathanach a léamh i rith na cuairte amháin sin, dá mba mhian leis. Ar an dóigh sin, níl ach duine amháin i gceist leis an gcuairt sin, ach 20 leathanach comhairthe ag mo DM.

Agus insíonn DM dom cé na leathanaigh a léadh, agus cé as ar tháinig an léitheoir, abair, mar shampla, ó shuíomh duine de mo chomhblagálaithe, nó ón Astráil, An Spidéal, an Ghearmáin, Maigh Eo, Talamh an Éisc, Foras na Gaeilge, ranna stáit, Corcaigh, Meiriceá, Irish Times, Baile Átha Cliath, tíortha éagsúla ar fud na hEorpa. contaetha éagsúla ar fud na tíre, agus mar sin de. Ní insíonn sé dom cé hiad na daoine, ach dá mbeadh trácht an léitheora rialta ar an suíomh, tar éis ama, bheadh a fhios agat, b’fhéidir, cén bhlag as ar tháinig sé, agus más leis nó léi an blag sin go pearsanta.

Agus is ansin ba chóir an fhainic a bheith, a léitheoirí, mar is eol don aineolach seo anois, ó tharla mé ag foghlaim liom. Más rud go bhfuilimse in ann an méid sin eolais a fháil mar aineolach, bheadh an duine eolach in ann i bhfad níos mó eolais a fháil, cheapfá?

Mar shampla, más rud go bhfuil tú ag caitheamh vóta ar shuíomh, abair, nó ag fágáil teachtaireacht ar an suíomh sin, agus más rud gur léitheoir rialta tú, seans go bhféadfadh fios a bheith ag úinéir an tsuímh sin cé tú féin, nó, ar a laghad, cé as ar tháinig tú.

Bíonn a fhios agamsa go hiondúil, mar shampla, cé atá ann nuair a fhágann duine de mo chomhbhlagálaithe teachtaireacht ar mo bhlag, cé nach mbeadh le feiceáil ach an t-ainm a úsáideann siad, bíodh sé cumtha nó fíor, mar is iadsan amháin a bheadh in ann a ‘comment –iframe’ féin a oscailt ar a mblagsan. Is dóigh liom go bhféadfaí theacht ar eolas faoin vótálaí ar an gcaoi chéanna, ach nílim cinnte. Is fearr a bheith faireach, mar sin féin, más rud go bhfuil vóta á chaitheamh agat ar aon suíomh, ar fhaitíos.

Ní chomhaireann DM mo chuairteanna féin ar an suíomh, mar go bhfuil sé socraithe agam nach ndéanfaidh sé é sin, le ‘Blocking Cookie’ cliceáilte agam, san áit a deir ‘Don’t log my visits’. Níl a fhios agam an bhfuil sé sin amhlaidh ar aon suíomh eile, ach dá mbeinn ag logáil mo chuairteanna féin, bheadh an figiúr i bhfad níos airde ná 10,000, ó tharla mé ag dul isteach is amach ar an mblag go rialta, ag léamh nó ag scríobh, ag brath ar mo ghiúmar, an dtuigeann sibh.

Is dóigh liom go bhfuil suíomhanna ann nach gcuireann ‘blocking cookie’ mar sin i bhfeidhm, le go gceapfar go bhfuil trácht sa bhreis acu, ach is dóigh liom go mbaineann sé sin le cúrsaí tráchtála, b’fhéidir, le go bhfaighidh siad níos mó comhlachtaí ag fógairt leo, agus ag fáil íocaíocht as dá bharr sin. Níl ansin ach barúil. Más rud nach bhfuil íocaíocht le fáil as, b’fhéidir go bhfuil fáth eile leis. Ní bhaineann sé liom, mar ní dhéanaim é.

Ach, a léitheoirí, is fearr go mbeadh a fhios agaibh céard a dhéantar, nó, ar a laghad, go bhfuil féidearthachtaí ann ar fiú bheith aireach orthu, agus cúramach fúthu, ar mhaithe le do phríobháid féin. Agus níl mise ach ag foghlaim, fós.
.

Wednesday, October 28, 2009

Ag Teacht agus ag Imeacht

Ná fiafraigh díom céard a choinnigh ón mblag mé ón Aoine, ach níor éirigh liom deis a fháil bualadh isteach chugaibh arís go dtí inniu, cé gur éirigh liom na blaganna eile a léamh, ó am go chéile.

Deas an rud Míshásta a fheiceáil ag scríobh arís. D’airigh mé uaim a mhíshástacht, ach is léir, ar chuma ar bith, nár chaill sé í.

clár an Oireachtais íoslódáilte agam. Beidh mé, má fhágtar mo shláinte agam, ag freastal ar sheoladh leabhair Phroinsias ar an Aoine, agus mé ag súil go mór le casadh le mo chomhbhlagálaí don chéad uair, agus le haon chomhbhlagálaí eile a bheas ann. Cuirigí sibh féin in aithne dom, má aithníonn sibh ann mé.

Ó tharla é molta go hard na spéire ag Aonghus, beidh mé ag breathnú ar Chompántas Drámaíochta Salamandar, le Darach Mac Con Iomaire mar stiúrthóir acu, ag cur an dráma nua le Darach Ó Scolaí, An tSeanbhróg, i láthair san Ionad Cultúir Réigiúnach i Leitir Ceanainn, ar an Aoine freisin.

Beidh mé ag friotáil thart ar Leitir Ceanainn amárach, Déardaoin, chomh maith céanna, mar go bhfuil cúpla rud eile ar chlár an Oireachtais atá mo mhealladh.

Ag caint ar mhealladh, seans go mbeidh mé ann ar an Satharn freisin, mar chuala mé go mbeidh Seáinín Smaoiseach ann an lá sin, agus níor mhaith liom gan bualadh leis. Tá sé iontach dathúil, an dtuigeann sibh, agus is dóigh liom go mbeidh orm na mná eile a bhrú as mo bhealach chuige.

Ah bhuel, tá smideadh ann a dhéanann bean óg den tseanbhean, deirtear…
.

Thursday, June 4, 2009

Blagálaí Eile

Glór nua eile ag blagáil linn: Thall is Abhus, agus fearadh na fáilte roimhe! Mo bhuíochas do Dennis, as mé a chur ar an eolas faoin mblagálaí nua seo.

Tabharfaidh sibh faoi deara, a léitheoirí, go bhfuil rud nua eile foghlamtha agam ó Leabhar na nAmadán agus na nÓinseach - táim anois ag 'Adding links to blog posts'.

Mar a fheiceann sibh ó na nascanna aibhsithe thuas, táim ag cleachtadh liom. Bean le bréagán nua, an dtuigeann sibh...
.

Saturday, May 30, 2009

An Nasc Sin Eadrainn

Déanaim iarracht rud beag a scríobh gach lá, go hiondúil ar maidin, sé sin le rá nuair a thugann Sióg cead dom. Is minic é, mar a bhí ar maidin, ina shuí ar an ríomhaire glúine mar a bheadh sé ag rá “Is ormsa ba chóir d’aird a bheith dírithe”. Nuair nach dtugaim aird air, déanann sé iarracht mo mhéara a bhaint de na heochracha. Éiríonn leis sin a dhéanamh go minic. Mar is eol daoibh, a léitheoirí cliste, is láidre i bhfad cúig chrúb bhioracha ag scríobadh ná deich méar ag clóscríobh.

Ní bhím díomhaoin, mar sin féin, mar tosaím ag léamh Leabhar na nAmadán agus na nÓinseach, nó léim, mar a rinne mé ar maidin, an t-eolas sin a fhaighim ón nasc sin eadrainn, Deartháir Mór. Táim fós ag foghlaim, an dtuigeann tú. Ón leabhar, agus ón nasc sin. Ar aon nós, táim ag teacht i dtaithí orthu. Ar maidin, ó tharla go raibh na crúba ag troid le mo mhéara arís, chuaigh mé ag útamáil le Deartháir Mór.

Is suimiúil an t-eolas atá le fáil ann. Insítear dom, sa Summary, go dtagann, ar an meán gach lá, ochtar go rialta ar cuairt ar mo bhlag, agus deichniúr eile, as an nua, ar a sála. De thimpiste a thagann cuid acu, na daoine nua sin. Ní hé go n-insíonn D.M. dom gur de thimpiste a thagann siad, ach is léir ón eolas atá le fáil in Recent Keyword Activity gur mar sin a bhíonn.

Mar shampla, déanann líon mór daoine googláil ar na focail ‘Córas Creidiúnaithe D’Aistritheoirí’ agus, cé nach mise a bhíonn siad a chuardach, tá alt den teideal sin agam ar mo bhlag agus téann daoine isteach ann ag ceapadh go bhfuil baint éigin aige le treoracha do scrúdú Fhoras na Gaeilge, is dócha. Ní fhanann siad i bhfad. Aiféala orm faoi sin, a Fhorais.

Léitear, ar an meán, 57 leathanach ar an mblag gach lá, ach ní mar an gcéanna an scéal aon lá. Dé Luain seo caite, tháinig 22 duine ar cuairt chugam, an t-ochtar rialta sin agus 14 léitheoir nua ina gcuideachta, agus léigh siad 88 leathanach eatarthu. Ná fiafraigh díom cén chaoi ar féidir le D.M. na leathanaigh sin a chomhaireamh ach tá bealaí aige nach bhfuilimse ar an eolas fúthu. Ní bleachtaire mé, a deirim. Ach táim fiosrach, a deir tú.

Má bhreathnaím ar an Recent Visitor Map, tá na balúin dhearga le feiceáil ar fud na cruinne, an chuid is mó acu in Éirinn. Fáilte romhaibh uile!

Ó thosaigh mé ag bladaireacht ar an mblag, nó ag bleachtaireacht más fearr leat an téarma sin, tá 2,065 de mo leathanaigh léite agaibh. Go raibh maith agaibh! Insíonn Popular Pages dom gur fearr libh ‘Cailleach na Comhairle’ agus ‘Sióg sa Teach’ seachas aon scéal eile go dtí seo. Insíonn Came From dom go dtagann go leor agaibh ó bhlaganna eile chugam, mo bhuíochas ag dul chuig na blagálaithe sin a choinníonn m’ainm ar a mblaganna, agus a chuireann daoine eile ar an eolas fúm. Maith sibh, a chomhbhlagálaithe!

De réir an eolais atá le fáil in Exit Link, fágann formhór agaibh mo bhlag tar éis mo phróifíl a léamh, nó téann sibh anonn go dtí Con in iGaeilge, ach tá go leor agaibh ag fágáil tar éis ábhar i ‘Cuidiú nó Cruinneas uait’ a léamh, na naisc eolais sin atá ar an imeall agam ar mo bhlag. Is maith liom go dtarlaíonn sé sin. Is foghlaimeoirí muid uile, agus is maith an rud an t-eolas a roinnt eadrainn.

Ach ní insíonn D.M dom cé sibh féin, cé go n-insíonn sé dom cé chomh minic agus a thagann sibh ar ais, nó insíonn sé dom más é an chéad uair é agat ar mo bhlag. Cén mhaitheas atá ann domsa? Táim ag foghlaim, agus ag roinnt eolais leo siúd atá chomh haineolach liom féin. Ní dochar an t-aineolaí a chur ar an eolas faoin eolaí.
.

Friday, May 22, 2009

Blagáil

Tá go leor rudaí a thaitníonn liom faoin mblagáil seo. Nuair a scríobhaim alt nó dhó, táim ag coinneáil na Gaeilge beo i mo chloigeann, agus cuireann sé iallach orm súil a choinneáil ar an ngramadach – bíonn sí de shíor ag éalú uaim!

Nuair a léim na hábhair atá scríofa ag blagálaithe eile, táim ag foghlaim liom uatha. Feicim focail nach raibh ar eolas agam cheana, agus téim isteach in WinGléacht, nó ar focal.ie á gcuardach, nó ag cuardach a mínithe is cirte a rá. Ansin, faighim greim ar na focail nua, agus bím á múnlú i mo chloigeann agus á gcur in abairtí nua a chumaim féin, le go bhfaighimid aithne ar a chéile. Ar ndóigh, is minic a dhéanaim dearmad orthu ina dhiaidh sin, ach nach ionann an scéal le daoine a thagann isteach inár saol go sealadach? Mar sin féin, aithneoidh mé iad arís, an chéad uair eile a chastar sinn ar a chéile.

Roinneann blagálaithe scéalta pearsanta. Is deas sin, go háirithe agus iad ag insint na scéalta greannmhara óna bpáistí; na ráitis shoineanta sin a thagann go nádúrtha as béal an duine óig, páistí nach bhfuil fós eolach ar chonstaicí, agus nach bhfeiceann rompu ach féidearthachtaí. Tugaim faoi deara go bhfuil fir ag scríobh go hionúineach faoina bpáistí, agus is deas sin a fheiceáil. Meas tú an raibh na mothúcháin sin ag fir riamh ach nach raibh deis acu iad a chur in iúl? Cibé scéal é, is maith ann an comhionannas, agus is maith ann na blaganna ina bhfeicim é ag bláthú.

Ar ndóigh, tá saol na polaitíochta faoi bhláth chomh maith céanna, nó chomh holc céanna, ag brath ar do thuairim. Agus roinntear na tuairimí go fial, agus go fiáin in amanna. Níl dochar san fhiántas sin, a fhad is nach bhfuil sé mí-ómósach agus nach ghointear aon duine le mí-úsáid focal. Ach, sin mo thuairim, agus tugann an bhlagáil deis dom mo thuairimse a roinnt freisin. Is maith ann iad. Na tuairimí agus na blaganna.
.

Sunday, April 19, 2009

Blagálaí Beagáinín Balbh

Tá go leor oibre le déanamh agam ar an mblag seo fós.

Ach ná bí buartha, a léitheoir. Tá leabhar nua ceannaithe agam ‘Google Blogger for Dummies’ le Susan Gunelius, (http://www.amazon.com/Google-Blogger-Dummies-Computer-Tech/dp/0470407425/ref=sr_1_1?ie=UTF8&s=books&qid=1240147179&sr=8-1) agus tá súil le hOllmháthair na Cruinne agam go mbeidh deis agam é a léamh go luath, agus go bhfoghlaimeoidh mé rud éigin as maidir leis an mblagáil seo.

Bígí foighneach. Tá go leor le foghlaim!
 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.