Showing posts with label gaga. Show all posts
Showing posts with label gaga. Show all posts

Friday, November 26, 2010

Óglachas Geilleagrach

Táim buíoch díot, a Dhubhaltaigh, as m’aird a tharraingt ar an dá fhíseán a luaigh tú i do bhlagmhír inné, an dá ‘bhlast ón phast’ sin, atá le fáil ar an suíomh seo.

Más mian libh an rud sin ‘economic manhood’ a thuiscint, a léitheoirí, éist leis an bhfíseán seo ón mbliain 2000, faoin teideal ‘Ireland's Taoiseach Bertie Ahern rejects ESRI Economic Advice, March 2000’, agus cloisfidh sibh céard a bhí le rá ag Bertie, Charlie McCreevy, agus Mary Harney, ag an am.

Ach, go háirithe, éist leis an méid a bhí le rá ag John Fitzgerald ón Economic Social and Research Institute ar an bhfíseán sin. Bunaíodh an ESRI caoga bliain ó shin agus, dar leo, ‘Our main focus is research on economic and social change in Ireland in the new global context.’

Ar éist aon duine leis an gcomhairle a thug an ESRI don rialtas i 2000? Tá freagra na ceiste sin le fáil ón bhfíseán thuasluaite, a chairde.

Ó, agus féach, freisin, ar mo dhuine atá le feiceáil ag siúl taobh le Bertie san fhíseán. Tá an chuma ar Bhertie agus ar Bhrian nach raibh imní dá laghad ar an mbeirt acu, shilfeá.

Ansin, más mian libh, caithigí súil ar an bhfíseán eile seo ó 1998, ‘blast’ eile ‘ón phast’. Sórt tuar tubaiste, meas tú?

Pé scéal é, b'fhéidir go míneoidh láithreoir an fhíseáin cúpla rud daoibh faoinár ‘óglachas geilleagrach’, a léitheoirí. Sea.
.

Thursday, October 21, 2010

Giota Craic?

Ó am go chéile, cloisim/léim/feicim stuif a chuireann iontas orm.

Ní hé go mbíonn ionadh orm go ndéantar an stuif sin, mar is beag rud a chuireann iontas orm na laethanta seo, ach bíonn deacracht agam meon an té a dhéanann cuid de na rudaí a dhéantar a thuiscint.

Luaigh Néidí scéal sin an valbaí cheana, mar shampla, agus chonaiceamar céard a rinne an bhean seo leis an gcat, agus cén chaoi ar chaith na daoine seo leis an bhfia. Is léir gur bhain na daoine sin sásamh de shaghas éigin as an rud a rinne siad. Ní thuigim a meon. Sin mise.

Inné, chuala mé Ryan Tubridy ag léamh, ar a chlár, píosa as páipéar nuachtáin, mír a bhain le ‘ugly' daoine ón tír seo, daoine cáiliúla, is dóigh liom. Ní raibh mé in ann theacht ar an mír ar an idirlíon, ach dar le Ryan, bhí an píosa sa ‘Sun’, más buan mo chuimhne.

Sórt baraiméadair a bhí cumtha/faighte ag an iriseoir, agus bhí aghaidheanna daoine ar leith ón tír seo curtha ar an mbaraiméadar, marcanna faighte acu, ag brath ar 'ugly or not' iad, mar a déarfá.

Bhí Rosanna Davidson agus Gráinne Seoige, mar shampla, ag leibhéal amháin den bharaiméadar, agus daoine fearacht Ryan é féin, agus Brian Cowen ag leibhéal eile, leibhéal a bhí ar an taobh eile den scála, an dtuigeann sibh. Samhlaígí féin cá raibh siad, a léitheoirí, ach ní dóigh liom go dtaitneodh na torthaí le, abair, le páistí na bhfear sin.

An smaoineamh a rith liom féin maidin inné, an bhfuil daoine chomh neamh-mhothálach sin sa lá atá inniu ann, nach dtuigeann siad gur féidir leo daoine, agus ainmhithe, a ghoineadh lena ngníomhaíocht mhístaidéarach mhístuama? Nó, an é gur cuma leo?
.

Tuesday, September 28, 2010

Cás Éigeandála?

Dá bhfeicfeá comhartha mar ‘Ná hÚsáid Ach i gCás Éigeandála’ scríofa áit éigin, thuigfeá nár chóir duit an rud a úsáid ach amháin i gcás éigeandála, nach dtuigfeá?

Agus, ní bhainfeá úsáid as 999, ná a leithéid, ach amháin dá mbeadh géarghá leis, an mbainfeá?

Ach, céard is géarghá ann, meas tú? Tine? Timpiste? Tinneas tobann? Sea, sin mar a cheapfá, a léitheoir, ach tá daoine ann, creid é nó ná creid, agus tá a dtuiscint féin acu ar an rud is ‘cás éigeandála’ ann.

I mbliana, fuair an Gloucestershire Police Force, is cosúil, ‘4,500 inappropriate or hoax emergency calls’, rud a chuireann moill ar obair na bpéas, cé go mbíonn cuid acu ‘comical’, dar leo. Na glaonna, a léitheoir, chan na péas!

Pé scéal é, más mian leat samplaí den chineál glaoigh a fhaigheann siad a fheiceáil, tá tuilleadh eolais le léamh anseo. Éist leis an téipthaifeadadh atá ar an leathanach sin, a léitheoir, go gcloise tú an glaoch ón bhfear a chuir scairt ar 999 mar gur shiúil cat strainséartha isteach ina chistin.

Dochreidthe!
.

Monday, August 2, 2010

Leaideanna Luais

Táim ar ais i gConamara, i mo shuí anseo ag breathnú amach tríd an bhfuinneog ar áilleacht na háite, mar is minic liom.

Tá sé ag stealladh báistí i láthair na huaire. Tá carr imithe siar an bóthar anois díreach, agus é faoi shodar, shílfeá.

Bhí an carr ag dul chomh sciobtha sin, i bhfad thar an teorainn luais de 50 ciliméadar atá leagtha síos don bhóthar anseo i gCeantar na nOileán, gur dóigh liom nach mbeadh sé in ann stopadh ar an mbóthar fliuch, ná fiú ar bhóthar tirim, dá mbeadh air stop tobann a dhéanamh, mar shampla.

Go deimhin, ní hé sin an chéad uair a thug mé faoi deara luas contúirteach charranna éagsúla ar na bóithre anseo agus, chomh minic lena mhalairt, is leaid óg a bhíonn ag tiomáint. Is léir go bhfuiltear fós ann atá iomlán gaga agus roth stiúrtha ina nglac acu.

Níl a fhios agam an bhfuil aon leigheas ann ar fhadhb na leaideanna luais, ach tá a fhios agam an méid seo, níl luibh ná leigheas in aghaidh an bháis.
.

Monday, July 26, 2010

Gan Aird Gan Aire

Ó tharla mé as baile le seachtain anuas, níor éirigh liom freastal ar fheis cheoil Bhun Cranncha, ach tá súil agam go raibh time breá acu siúd a d’fhreastail uirthi.

Mar is eol daoibh, bhí Inis Eoghain faoi bhrón millteanach le déanaí. Níl a fhios agam ar chuidigh an fheis cheoil le hardú meanman de shaghas a thabhairt do phobail na háite ach, cibé scéal é, bhí trácht go leor timpeall an bhaile, dar le fear an tí seo.

Tharla sé go raibh an fear céanna i dtranglam tráchta i mBun Cranncha an tseachtain seo, ceann de laethanta na féile. Sa lána taobh leis, bhí carr le cúigear leaids óga ann. Ní raibh crios sábhála ar an oiread is duine amháin acu.

Tell me, lads…’ arsa an Garraíodóir leo, ‘...why aren’t any of you wearing a seat belt?’

Tháinig freagra ó dhuine acu, rud éigin fearacht ‘what’s it to you’, abair, agus thiomáin siad leo.

Mar a tharla sé, bhí an Garraíodóir i gcarrchlós ní ba dhéanaí sa lá, agus chonaic sé ceathrar den chúigear i gcarr eile. Bhí crios sábhála ar an tiománaí an geábh seo, cé nach raibh ar an triúr eile.

I took your advice.’ a scairt an tiománaí ar an nGarraíodóir.

Good man…’ arsa an Garraíodóir, ‘…and what about the rest of you?’ a d’fhiafraigh sé den triúr eile, é ag meabhrú dóibh gur bhásaigh seachtar ógánach le déanaí i ndrochthimpiste.

The way I see it…’ a d’fhreagair duine de na hógánaigh, ‘…they’re up there, and we’re down here, so who’s better off?’

Sea, a léitheoirí. GAGA.
.
 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.