Showing posts with label capall bán. Show all posts
Showing posts with label capall bán. Show all posts

Thursday, December 30, 2010

ah sure...

Níl aon aithne agam ar Lorraine, ach tháinig mé ar a blag, trí thimpiste, agus mé ar thóir oidis le haghaidh spionáiste.

Bhí sé i gceist agam giota a scríobh faoin staid ina bhfuil an tír seo faoi láthair, ach ní dóigh liom gur gá dom anois, ó tharla go bhfuilim den bharúil go bhfuil gach rud ráite ag Lorraine sa mhír seo uaithi.

Tosaíonn an mhír ‘a rant and a recipe’ leis an 'rant',

‘Times are very strange here in Ireland at the moment as you all well know…’,

agus críochnaíonn sí an 'rant' leis na focail,

I won’t be beaten by this crazy “ah sure” attitude and will continue to try to grow even in these crazy times…..

Nár laga do Ché tú, a Lorraine!

Dá mbeadh tusa i do pholaiteoir, is duitse a thabharfainn mo vóta, mar gur dóigh liom go bhfuil a fhios agam céard a dhéanfadh do leithéid le péint, agus ní ar dhaoine a bheadh tú á caitheamh.
.

Saturday, October 16, 2010

Fir Fichille

Níl a fhios agam céard sa diabhal atá ag tarlú, a léitheoirí, agus nílim cinnte an bhfuil a fhios ag na daoine atá i gceannas céard atá ag tarlú ach an oiread.

Ní raibh Brian cinnte an raibh sé ar chomhaigne le John. Dúirt Philip gur imigh sé féin, cé go ndúirt Mary gur chuidigh sí féin leis an doras a aimsiú. Agus, tháinig bualadh ón Drumm nach raibh Anglo ag súil leis, shílfeá.

Cluiche fichille a shamhlaím, a léitheoirí, le rí agus banríon i sáinn rialta ag na caisil chliste, na ceithearanaigh loma laga aonaracha ag bogadh anseo agus ansiúd ar fud na háite, gan easpag le feiceáil in aon áit na laethanta seo, ná fiú ridire ar chapall bán.

Marbhsháinn? I sáinn, pé scéal é.
.

Thursday, October 14, 2010

Laochra Ár Linne

Ní Catch-22 a bhí ann ar chor ar bith, ach Sábháilte-33, agus nach mé a bhí breá sásta ar maidin, nuair a chas mé air an teilifís, go bhfaca mé go raibh mianadóirí na Sile uilig slán sábháilte, a gcosa ar terra firma, iad uilig os cionn talaimh, faoi dheireadh. Misíon cumplida Chile! Wúhúúú!

Nár laga a gCé chuile dhuine beo a chuidigh leis an iarracht, go háirithe iad siúd a chuir a mbeatha féin i mbaol le go dtabharfaí na fir a bhí fothalamh slán abhaile; daoine cróga fearacht Manuel Gonzalez, laoch ár linne, gan dabht.

Is ón 4 Lúnasa go dtí inniu, 14 Deireadh Fómhair, an t-achar ama a chaith na mianadóirí i ngéibheann i bhfotholl, ach, ar feadh an ama sin, chruinnigh laoch eile, Luis Urzua, a lucht aon cheirde le chéile. D’eagraigh sé iad, agus, seans, dhlúthaigh a gcairdeas dá réir sin; nó, ar a laghad, chinntigh sé nach dtarlódh aon ródhochar dóibh, a fhad is a bhí siad i gcruachás.

Is é Luis Urzua an laoch ‘who held the group together when they were feared lost’, agus, mar a dúirt Uachtarán na Sile, Sebastian Pinera, leis: "You are not the same, and the country is not the same after this. You were an inspiration.’

An smaoineamh a rith liom féin ar maidin, a léitheoirí, ná an bhfuil daoine fearacht Manuel Gonzalez agus Luis Urzua againn féin, i rialtas na tíre seo, abair?

An bhfuil mianach na bhfear sin, Manuel agus Luis, in aon pholaiteoir i rialtas s’againne? An bhfuil ceannaire nó comhalta sa rialtas a d’fhéadfadh muidne a thabhairt slán sábháilte ón ngátar ina bhfuil ár ngeilleagar i láthair na huaire? Cá bhfuil ár ‘inspiration’? Cá bhfuil an duine a chuirfidh ár gcosa ar ais ar terra firma? Cá bhfuil ár laoch?
.

Friday, October 8, 2010

Maurice Neligan

Tharla sé go raibh mé ag éisteacht le Maurice Neligan ag labhairt ar an raidió inné, agus is beag a cheap aon duine againn, an uair sin, go mbeadh an fear uasal sin imithe ar shlí na fírinne inniu.

Tharla sé, freisin, go raibh mé ag éisteacht le Maurice agus Pat Neiligan ag labhairt ar chlár Miriam Meets tamall ó shin, agus sílim go mba dheas an rud é, dá mba mhian libh é, a léitheoirí, ba dheas an rud é éisteacht leis an gclár sin.

Cloisfidh sibh an dochtúir, an máinlia, an t-athair, an fear céile, an duine cineálta cneasta tuisceanach, Maurice Neligan, i gcomhrá le Miriam, agus lena bhean chéile, Pat, anseo.

Suaimhneas síoraí dá anam uasal.
.

Tuesday, September 28, 2010

Cás Éigeandála?

Dá bhfeicfeá comhartha mar ‘Ná hÚsáid Ach i gCás Éigeandála’ scríofa áit éigin, thuigfeá nár chóir duit an rud a úsáid ach amháin i gcás éigeandála, nach dtuigfeá?

Agus, ní bhainfeá úsáid as 999, ná a leithéid, ach amháin dá mbeadh géarghá leis, an mbainfeá?

Ach, céard is géarghá ann, meas tú? Tine? Timpiste? Tinneas tobann? Sea, sin mar a cheapfá, a léitheoir, ach tá daoine ann, creid é nó ná creid, agus tá a dtuiscint féin acu ar an rud is ‘cás éigeandála’ ann.

I mbliana, fuair an Gloucestershire Police Force, is cosúil, ‘4,500 inappropriate or hoax emergency calls’, rud a chuireann moill ar obair na bpéas, cé go mbíonn cuid acu ‘comical’, dar leo. Na glaonna, a léitheoir, chan na péas!

Pé scéal é, más mian leat samplaí den chineál glaoigh a fhaigheann siad a fheiceáil, tá tuilleadh eolais le léamh anseo. Éist leis an téipthaifeadadh atá ar an leathanach sin, a léitheoir, go gcloise tú an glaoch ón bhfear a chuir scairt ar 999 mar gur shiúil cat strainséartha isteach ina chistin.

Dochreidthe!
.

Saturday, May 1, 2010

Gerry Ryan

Ar maidin, agus mé ag breathnú ar na sléibhte ar chúl an tí anseo in Eanach Mheáin, tá m’athair go mór i mo smaointe. B’fhear é a thug grá nach beag dá chlann, agus airím uaim fós áilleacht a chomhluadair, cé gur imigh sé uainn os cionn scór bliain ó shin. Lá amháin, stop a chroí mór fial ag preabadh, rud a tharla go tobann, gan rabhadh faighte againn, gan súil ar bith againn leis an gcrá croí a bhí romhainn gan é.

Bhí m’athair beagnach ar chomhaois le Gerry Ryan nuair a bhásaigh sé. Ag an am sin, ní raibh mé féin mórán níos sine ná an duine is sine i gclann Gerry, agus bhí deirfiúr agus deartháir eile liom fós faoi dheich mbliana d’aois. Tá clann óg fágtha ina dhiaidh ag Gerry, agus is go rómhaith a thuigim na laethanta uaigneacha atá rompu anois.

Ba léir, ón méid a chuala mé, ó chomhghleacaithe agus ó chairde leis ar an raidió inné, agus ón méid a chuala mé féin uaidh ar an raidió thar na blianta, go raibh grá nach beag ag Gerry Ryan dá pháistí. Labhair sé fúthu go rialta, agus d’airigh a éisteoirí gur fear é Gerry a raibh tuiscint mhaith aige ar fhadhbanna teaghlaigh agus, dá bhrí sin, go raibh tuiscint nach beag aige ar fhadhbanna an tsaoil.

Cé nár thaitin sé liom ar an teilifís, agus níl a fhios agam cén fáth nár thaitin a chláir theilifíse liom, mar thaitin siad le go leor daoine eile, ach b’fhearr liom éisteacht le Gerry Ryan ar an raidió, agus is ar an meán sin a d’éist mé leis, chuile mhaidin i rith na seachtaine le blianta fada, mé ag bogadh, go hiondúil ag a naoi a chlog, ó chlár Raidió na Gaeltachta go 2fm.

Is ag an am sin a thosaíodh An Gerry Ryan Show, agus tar éis léamh na nuachta, thosódh Gerry ag léamh trí na bpáipéar, ag scagadh trí na scéalta iontu, ag roinnt na scéalta sin linn, ar bhealach nárbh fhéidir a shárú. Bhí an cheird aige lena aghaidh, bealach ar leith aige leis na scéalta is fearr a aimsiú, agus na scéalta sin a roinnt lena éisteoirí, amhail is dá mbeadh sé ina shuí sa seomra lenár dtaobh, ag comhrá linn, mar a déarfá.

Blianta ó shin, bhí mé ag labhairt le Gerry ar a chlár ar an raidió. Tharla sé gur ghlaoigh fear éigin ar an gclár an mhaidin seo, agus é ar thóir leagain Ghaeilge de ‘Wonder of You’, amhrán Elvis Presley. Bhí an fear, más buan mo chuimhne, le bheith ar chlár teilifíse ar TG4 am éigin, agus theastaigh uaidh amhrán as Gaeilge a chasadh ar an gclár.

Tharla sé go raibh mé ag éisteacht leis an gclár, agus chuala mé Gerry a rá gur cheap sé go mbeadh deacracht ann theacht ar a leithéid, ach go gcuirfeadh sé an t-iarratas amach chuig na héisteoirí. Bhuel, ní bheadh sé le rá ag an mbean seo nach bhféadfaí ‘theacht ar a leithéid’ as Gaeilge, agus suas liom ar mo chapall bán, chuir Gaeilge ar na focail Bhéarla, agus sheol é, agus ríomhphost gairid, chuig an gclár, ar an bpointe boise.

Ní raibh sé i bhfad ina dhiaidh sin go bhfuair mé féin glaoch ó thaighdeoir ar an gclár, agus d’iarr sí orm an t-amhrán a léamh, beo ar an aer, mar a déarfá, ó tharla go raibh fear an iarratais fós ar an ‘other line’, agus, dar léi, chuideodh sé leis na focail a chloisteáil, le go mbeadh sé in ann iad a thuiscint níos fearr.

Suas liom ar mo chapall bán arís, agus, sula raibh deis agam mo smaointe a chruinniú le chéile, chuala mé Gerry ag labhairt liom, iarracht á dhéanamh aige Gaeilge a labhairt liom, comhrá nár mhair i bhfad sa teanga sin, más buan mo chuimhne. Bhí rud beag ‘chit chat’ idir mé féin agus Gerry ansin agus, sula raibh a fhios agam féin céard a bhí á dhéanamh agam, bhí mé ag casadh ‘Wonder of You’, as Gaeilge, beo ar an aer.

Ar ndóigh, ba é Gerry ba chúis leis sin. Rinne mé dearmad glan air go raibh mé ar an raidió ar chor ar bith. Bhí an knack sin aige. Ba chuma cé leis a mbíodh sé ag labhairt, d’airigh a éisteoirí, agus seans, a rannpháirtithe ar an gclár chomh maith céanna, d’airigh siad gur leosan amháin a bhí sé ag labhairt, gur orthusan amháin a bhí a aird dírithe.

Agus, sin mar a labhraíodh ar Gerry inné, cairde agus comhghleacaithe leis ag roinnt cuimhní cinn linn; ‘fun’, ‘bold’, ‘a great friend’, ‘an adoring father’, cloiste againn, arís is arís eile, ar an raidió, ar an teilifís.

Agus táim ar ais anois ag cuimhní na maidine, ar ais ag tús an scéil seo. Tá clann óg fágtha ina dhiaidh aige ag Gerry Ryan, agus is leosan atá mo thrua ar maidin. Cinnte, aireoidh mise uaim a ghlór, rialtacht mo mhaidineacha féin athraithe go brách anois, ach, go sábhála Cé sinn, nach millteanach an caillteanas é beatha athar ghrámhar ó chlann lenar roinn sé a ghrá go fial.
.

Wednesday, April 21, 2010

Dearmad

An bhfuil a fhios agaibh céard é féin, a léitheoirí, ach bhí dearmad glan déanta agam orthu, ach tá a leithéid d’áit ann agus an tIonad Náisiúnta Comhordaithe Éigeandálaí.

Sea, tá siad ann. ‘Should there be a major national emergency, the 'National Emergency Co-ordinating Centre' will depend on hundreds of small but vital cogs throughout the nation’, le muid a choinneáil ar an eolas agus up-to-date, is dócha. Beimid in ann brath orthu siúd le haire mhaith a thabhairt dúinn, agus stuif mar iodine tablets a dháileadh orainn, seans.

Ní gá dúinn imní ar bith a bheith orainn, a léitheoirí, beidh siadsan ansin ar a gcapaill bhána, ár dtabhairt slán ón anachain, má tharlaíonn ‘A terrorist strike, Sellafield, a flu pandemic…’ ná a dhath mar sin.

Bhuel, beidh formhór na ndaoine sa tír slán sábháilte faoina gcúram, más fíor. Tá tú i bponc más rud go bhfuil tú i do chónaí i nDún na nGall, a léitheoir, mar is cosúil go bhfuil dearmad glan déanta acu orainn. Ní haon ionadh go ndearna mé féin dearmad orthu. Tá mé i mo chónaí sa Forgotten County.
.

Sunday, April 18, 2010

Baic an Bholcáin Bhacaigh

Thréig codladh na hoíche mé luath go leor ar maidin, a léitheoirí, agus chinn mé go mba chóir dom éirí agus cupán caife a bheith agam in bhur gcomhluadar.

Nach suimiúil an tseachtain a bhí ann? Tá cuairteoirí linn anseo, dream a bhí in ainm a bheith ar ais i Londain ó Dé hAoine, ach atá fós linn, de thoradh an bholcáin úd san Íoslainn, ashteach, ahem, go leor.

Fuair mé téacs inné ó chara liom thall in Providence, Rhode Island. Chuaigh sí anonn, an tseachtain seo caite, chuig tionól cuilteála, agus níl bealach abhaile aici go hÉirinn go dtí Dé Céadaoin seo chugainn, ar a thúisce. Níl eitleáin ar bith sásta í a thabhairt as Bostún abhaile, fós ar aon nós, agus thuigfeá sin.

Ar ndó, ahem, ní raibh súil aici go mbeadh uirthi fanacht thall, agus ní raibh áit le fanacht aici. Bhí sí i sáinn. Suas liom ar mo chapall bán, scairt mé ar an dream thall, agus tá sí anois i gcomhluadar daoine a thabharfaidh aire mhaith di, go dtí go bhfaighidh sí bealach abhaile, luaithreach, ahem, nó mall.

Is é an smaoineamh a rith liom féin ar maidin, a léitheoirí, gur féidir linn uile ár rogha rud a rá faoi dhia nó faoi dhiabhal, ach is é an nádúr atá i gceannas orainn uile, shílfeá.

Bainigí sult as an lá, a chairde.
.

Wednesday, January 27, 2010

WinGléacht agus Windows 7 - Cuid 3

A bhuí do mo Ridire, fear cumasach cuidiúil ag litríocht.com, an comhlacht ónar cheannaigh mé an dlúthdhiosca, WinGléacht, tá fáil agam ar an leagan leictreonach d’fhoclóir Gaeilge-Béarla Uí Dhónaill ar mo ríomhaire nua anois.

D’éirigh le Paul theacht thart ar m’fhadhb, agus tá bealach ann anois le WinGléacht 64 bit a chur ag obair le Windows 7 agus Vista, creidim.

Tá sé, chomh fada agus is eol dom, i dteagmháil anois leis an bhForas maidir leis an bhfadhb seo, agus maidir leis an mbealach thart air, is dóigh liom, ar mhaithe libhse, a chairde.

Is comhlacht ar leith iad litríocht.com, dream a bhuaigh an Best E-Business Website i 2008, comhlacht a dhéanann iarracht sa bhreis ar mhaithe lena gcustaiméirí, feictear dom, agus is féidir WinGléacht a cheannach uatha anseo, chomh maith le 'Gach leabhar Gaeilge i gCló', más féidir é ar chor ar bith, cheapfainn.

Tá mé iontach buíoch díbh, a dhaoine uaisle litríocht.com, as an am a chaith sibh ag plé leis an bhfadhb seo ar mo shon, agus chaith sibh lá nó dhó, nó trí, ag obair uirthi ar mhaithe leis an mbean seo, agus ar mhaithe le bhur gcustaiméirí uile, táim cinnte.

Tá m’áisín agam anois ar mo ríomhaire nua, agus tá mo bhuíochas le mo Ridire, Paul, agus lena chomhghleacaí, Caitlín, as a bhfoighne liom, agus as chomh maith agus a chaith siad liom.

Nár laga Cé an duine a déarfas ‘is féidir linn’, agus go gcuirtear ruathar faoi lucht an ‘ar an drochuair’.
.

Friday, January 22, 2010

WinGléacht agus Windows 7 - Cuid 2

Seo thíos mar a thuigim an chraic faoi WinGléacht agus Windows 7.

Tá an ghluais a théann le mo scéal, Cócaireán Áine, ag deireadh an scéil, ar fhaitíos go dteastódh sé, an dtuigeann sibh. Sea.

Cócaireán Áine

Caibidil 1

Cheannaigh Áine cócaireán nua.

Cheannaigh sí cócaireán le feanoigheann, mar cheap sí go mbeadh sé níos fearr ná cócaireán le gnáthoigheann. Bhí dhá chóras oibriúcháin a d’fhéadfadh sí a úsáid leis an gcócaireán nua, gás nó leictreach, ach níor thuig sí é sin ag an am, agus gás an córas oibriúcháin a tháinig leis an gcócaireán.

Bhí ocras ar Áine, mar is duine gnóthach í. Cheannaigh sí Cáca Milis amh, agus d’iarr sí ar an tSeanbhean, an bhean a bhí i gceannas ar an gcáca milis, an cáca a chur sa chócaireán. Ach, faraor, ní raibh an tSeanbhean in ann cnaipe an gháis a bhrú mar is ceart. Ní raibh sí sách láidir, an dtuigeann sibh. Bhí sí sean go leor, an créatúr, cé nach gceapfá é sin le breathnú uirthi.

Is cosúil nach bhfuil An tSeanbhean in ann feanoigheann a úsáid ar chor ar bith, cé go mbeadh sí breá ábalta gnáthoigheann a úsáid. Chuala Áine go mbeadh An Ghirseach breá ábalta an feanoigheann, agus an gnáthoigheann a úsáid; bíodh gás nó leictreach mar chóras oibriúcháin acu, bheadh An Ghirseach in ann acu.

Mar sin féin, ní hí An Ghirseach a bhí i gceannas ar an gCáca Milis, ach An tSeanbhean. Cheap Áine, ón méid a bhí cloiste aici ón gCruthaitheoir, nach raibh leigheas ar an scéal. Ach chuala sí faoin Ridire ar Chapall Bán, agus…

Ar leanúint…

Gluais

An Cócaireán – An Ríomhaire
Feanoigheann – CPU 64 bit
Gnáthoigheann – CPU 32 bit
Gás – Windows 7 64 bit
Leictreach – Windows 7 32 bit
Cáca Milis – WinGléacht
An Ghirseach – Suiteálaí 32 bit
An tSeanbhean – Suiteálaí 16 bit
An Cruthaitheoir – Foras na Gaeilge
An Ridire ar Chapall Bán - ?

Bíodh mé ceart nó mícheart maidir le hábhar an scéil sin, is scéal é atá fós ag fanacht le críoch; nó le ceartú, b’fhéidir. Níl cur amach iontach agam ar ríomhairí, an dtuigeann sibh, agus maith dom é mura bhfuil an scéal sách soiléir. Tuigim do chás, a chara.

Beidh an chuid eile den scéal agam daoibh Dé Máirt, le réiteach m’fhaidhbe, tá súil agam. Beidh le feiceáil…

Tuilleadh eolais ar an ábhar seo le fáil anseo agus anseo.

Bainigí sult as an deireadh seachtaine, a chairde.
.
 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.