Ní Catch-22 a bhí ann ar chor ar bith, ach Sábháilte-33, agus nach mé a bhí breá sásta ar maidin, nuair a chas mé air an teilifís, go bhfaca mé go raibh mianadóirí na Sile uilig slán sábháilte, a gcosa ar terra firma, iad uilig os cionn talaimh, faoi dheireadh. Misíon cumplida Chile! Wúhúúú!
Nár laga a gCé chuile dhuine beo a chuidigh leis an iarracht, go háirithe iad siúd a chuir a mbeatha féin i mbaol le go dtabharfaí na fir a bhí fothalamh slán abhaile; daoine cróga fearacht Manuel Gonzalez, laoch ár linne, gan dabht.
Is ón 4 Lúnasa go dtí inniu, 14 Deireadh Fómhair, an t-achar ama a chaith na mianadóirí i ngéibheann i bhfotholl, ach, ar feadh an ama sin, chruinnigh laoch eile, Luis Urzua, a lucht aon cheirde le chéile. D’eagraigh sé iad, agus, seans, dhlúthaigh a gcairdeas dá réir sin; nó, ar a laghad, chinntigh sé nach dtarlódh aon ródhochar dóibh, a fhad is a bhí siad i gcruachás.
Is é Luis Urzua an laoch ‘who held the group together when they were feared lost’, agus, mar a dúirt Uachtarán na Sile, Sebastian Pinera, leis: "You are not the same, and the country is not the same after this. You were an inspiration.’
An smaoineamh a rith liom féin ar maidin, a léitheoirí, ná an bhfuil daoine fearacht Manuel Gonzalez agus Luis Urzua againn féin, i rialtas na tíre seo, abair?
An bhfuil mianach na bhfear sin, Manuel agus Luis, in aon pholaiteoir i rialtas s’againne? An bhfuil ceannaire nó comhalta sa rialtas a d’fhéadfadh muidne a thabhairt slán sábháilte ón ngátar ina bhfuil ár ngeilleagar i láthair na huaire? Cá bhfuil ár ‘inspiration’? Cá bhfuil an duine a chuirfidh ár gcosa ar ais ar terra firma? Cá bhfuil ár laoch?
.
An chomhdháil TeicnEOLAS i mBéal Feirste
6 days ago
