Showing posts with label rialtas. Show all posts
Showing posts with label rialtas. Show all posts

Wednesday, November 24, 2010

Srianadh

Chomh luath agus a dúirt Brian Cowen, ‘try and rein her in now and again’ le hEamon Gilmore, bhí a fhios agam go mbeadh an ráiteas sin le feiceáil agam sna meáin, arís, agus arís eile.

Ar dhírigh Brian Cowen a ghearrchaint i dtreo Joan Burton cionn is gur bean í? Níl a fhios agam. Ní hé sin an smaoineamh a rith liom féin, caithfidh mé a admháil. Ach, tharraing an focal sin ‘rein’ m’aird, chomh luath agus a chuala mé é ag teacht as béal Bhrian Cowen.

An bhfuil a fhios agaibh céard é féin, a léitheoirí, ach is dóigh liom go bhfuil baint nach beag ag an bhfocal sin le fadhbanna na tíre seo. Thar na blianta, tá sé cloiste againn go raibh a fhios aige seo, nó aige siúd, go raibh seo nó siúd ag tarlú, ach ní dúirt aon duine a dhath. Ní dúirt aon duine ‘Stop! Níl sé seo ceart!’

Bhí srian curtha orthu ag eaglais, nó ag stát, nó ag páirtí, nó ag comhlachtaí, nó ag comhghleacaithe; srian curtha orthu le rialacha neamhscríofa dothuigthe, shilfeá.

Tá sé fós ag tarlú, mar is léir ó fhocail Bhrian Cowen. Tá an fhuip ag fuipeáil. Tá an srian ag srianadh. Sin ár bhfadhb sa tír seo.

Cá bhfaighidh muid rialtas nua nach mbeidh srian curtha ar an bhfírinne, ná fuip ag fuipeáil?
.

Wednesday, October 27, 2010

Éalú agus Éilliú

Is gearr uaim an bóthar go Gaillimh, a léitheoirí, agus as sin uaim, amárach, go Cill Airne agus An tOireachtas.

Táim gnóthach le lá nó dhó, cuairteoir as Meiriceá anseo liom, camchuairt á tabhairt againn timpeall ar Inis Eoghain. Beidh cúpla grianghraf le roinnt agam libh amach anseo. Tá radharcra na tíre seo go hálainn, agus níl Inis Eoghain easnamhach, geallaim daoibh.

Sula n-éalaím liom go Gaillimh, cheap mé gur mhaith libh na torthaí ón Corruption Perceptions Index 2010 a léamh. Mar a fheicfidh sibh, tá tírín s’againne ag uimhir 14, áit a bhfuair sí scór 8 as 10. Tá 10 ‘highly clean’ agus 0 ‘highly corrupt’. Tá 178 tír san áireamh ar an liosta. Dar le Transparency International,

‘Notable among decliners over the past year are some of the countries most affected by a financial crisis precipitated by transparency and integrity deficits. Among those improving in the past year, the general absence of OECD states underlines the fact that all nations need to bolster their good governance mechanisms. The message is clear: across the globe, transparency and accountability are critical to restoring trust and turning back the tide of corruption.’

Mo chuimhne, agus níl anseo ach rámhaille uaim, ar thug sibh faoi deara gur féidir an chiall a bhaint as Consensus Talks, agus ní bheidh fágtha ansin ach Con us Talks...
.

Thursday, October 14, 2010

Laochra Ár Linne

Ní Catch-22 a bhí ann ar chor ar bith, ach Sábháilte-33, agus nach mé a bhí breá sásta ar maidin, nuair a chas mé air an teilifís, go bhfaca mé go raibh mianadóirí na Sile uilig slán sábháilte, a gcosa ar terra firma, iad uilig os cionn talaimh, faoi dheireadh. Misíon cumplida Chile! Wúhúúú!

Nár laga a gCé chuile dhuine beo a chuidigh leis an iarracht, go háirithe iad siúd a chuir a mbeatha féin i mbaol le go dtabharfaí na fir a bhí fothalamh slán abhaile; daoine cróga fearacht Manuel Gonzalez, laoch ár linne, gan dabht.

Is ón 4 Lúnasa go dtí inniu, 14 Deireadh Fómhair, an t-achar ama a chaith na mianadóirí i ngéibheann i bhfotholl, ach, ar feadh an ama sin, chruinnigh laoch eile, Luis Urzua, a lucht aon cheirde le chéile. D’eagraigh sé iad, agus, seans, dhlúthaigh a gcairdeas dá réir sin; nó, ar a laghad, chinntigh sé nach dtarlódh aon ródhochar dóibh, a fhad is a bhí siad i gcruachás.

Is é Luis Urzua an laoch ‘who held the group together when they were feared lost’, agus, mar a dúirt Uachtarán na Sile, Sebastian Pinera, leis: "You are not the same, and the country is not the same after this. You were an inspiration.’

An smaoineamh a rith liom féin ar maidin, a léitheoirí, ná an bhfuil daoine fearacht Manuel Gonzalez agus Luis Urzua againn féin, i rialtas na tíre seo, abair?

An bhfuil mianach na bhfear sin, Manuel agus Luis, in aon pholaiteoir i rialtas s’againne? An bhfuil ceannaire nó comhalta sa rialtas a d’fhéadfadh muidne a thabhairt slán sábháilte ón ngátar ina bhfuil ár ngeilleagar i láthair na huaire? Cá bhfuil ár ‘inspiration’? Cá bhfuil an duine a chuirfidh ár gcosa ar ais ar terra firma? Cá bhfuil ár laoch?
.

Thursday, October 7, 2010

Anita

Má tá cúig nóiméad le spáráil agat, a léitheoir, go háirithe más rud go gceapann tú go bhfuil fadhbanna ollmhóra agat féin inniu, b’fhiú duit dul chuig suíomh Joe Duffy ar RTÉ anseo.

Téigh go dtí ‘Listen to the latest Liveline Podcasts’, agus ansin téigh chuig an gceann ‘Liveline Podcast - describing life with Cystic Fibrosis’, áit ina gcloisfidh tú an ríomhphost a scríobh Anita chuig Joe, ríomhphost ina bhfuil sí ag ‘describing her life as a 23 year old struggling with CF’.

Níl ann ach cúig nóiméad, a léitheoir. Éist leis go gcloise tú an chaoi a gcaitheann Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte le daoine le fiobróis chisteach sa tír seo, agus éist, go háirithe, le céard a tharla nuair a bhásaigh an bhean a bhí sa leaba taobh le leaba Anita san ospidéal.

Baineadh an anáil díom féin nuair a chuala mé a scéal.
.

Wednesday, October 6, 2010

In Ainm an Athar

Bhí mé ag éisteacht le clár ar an raidió an tseachtain seo caite, agus chuala mé an láithreoir ag labhairt le mná a tógadh sa chéad leath den fhichiú haois. Bhí grá agus pósadh faoi chaibidil acu ar feadh scaithimh.

‘Níl a fhios agam an raibh grá ar bith ann an uair sin…’ arsa foirfeach amháin acu, ‘…bhí tú ag iarraidh bheith pósta agus saol maith a bheith agat….’

Luaigh sí go raibh baint nach beag ag an sagart leis an scéal, go raibh faitíos orthu roimh an sagart; ‘peaca marfach’ a bheadh sa phóg féin, ba dhóigh léi, mura mbeadh tú pósta agus tú páirteach ina leithéid de ghníomh, abair.

Ní ba dheireanaí sa tseachtain, chuala mé scéal faoi bhean, ón aois chéanna, a náiríodh go poiblí ón phuilpid, nuair a saolaíodh páiste di, gan í pósta ar chor ar bith. Cé gur mhian léi, agus lena muintir, an leanbh a choinneáil, níor thug an sagart cead di é sin a dhéanamh.

Arís eile, an tseachtain seo, chuala mé sagart ag tagairt den chúigear a baisteadh ina pharóiste le deireanaí, gan fáinne le feiceáil in aon áit, ‘sadly’, mar a dúirt sé féin.

Cé go raibh sagart lárnach, ar bhealach amháin nó ar bhealach eile, sna scéalta a chuala mé le seachtain anuas, níor chuala mé ainm athar luaite i gceann ar bith acu.

Meas tú, a léitheoir, an bhfuil sochaí na linne seo fós ag íoc go daor as an neamhaird sin?
.

Friday, September 24, 2010

Gortghlanadh

Bhí tinneas cinn orm nuair a dhúisigh mé ar maidin, frídíní fhliú an Gharraíodóra ag troid liom féin anois, ceapaim. Pé scéal é, chinn mé beagán garraíodóireachta éadroime a dhéanamh, agus amach liom ag baint bláthanna feoite.

‘Decapitating’ a thugann sé féin air, cé go bhfuil a fhios aige go rómhaith gur ‘dead heading’ atá ann. ‘I see you’re decapitating again,’ a dúradh liom ar maidin, nuair a chonaic sé mo chloigeann tinn cromtha i mbun dícheannta.

Bhuel, sé an smaoineamh a rith liom féin agus na bláthanna feoite á gcaitheamh agam, ceann i ndiaidh a chéile, isteach sa chiseán le mo thaobh, nach mbeadh sé iontach dá mbeadh muid in ann rud éigin mar seo a dhéanamh lenár bpolaiteoirí feoite.

Chan iad a dícheannadh, an dtuigeann sibh, ach fáil réidh leo siúd atá feoite, nach bhfuil faoi luisne a gcumas a thuilleadh, le deis bláthaithe a thabhairt do na millíní theacht ar an ngeilleagar, mar a déarfá.

Agus an smaoineamh sin ag rith liom, céard a chuala mé ar an raidió, trí mo chluasáin, ach go bhfuil Noel Grealish ag cur cos amháin uaidh, agus ag cur an chos eile i dtaca, i ngort glas Féilim Fáil.

Hmmm…, arsa mé féin liom féin, nach suimiúil go bhfuil sé sin ag tarlú anois, díreach ar shála na pobalbhreithe sin a cuireadh faoi bhráid an phobail inné.

Fan go bhfeice sibh, a léitheoirí, ach beidh le feiceáil nach mise amháin a chuir tús leis an ngortghlanadh ar maidin…
.

Wednesday, August 4, 2010

Stát na bhFataí Goirte

Is maith liom fataí. Is maith liom iad, is cuma iad bruite nó friochta. Ach is fearr liom iad bruite brúite.

Ní maith liom salann. Ní maith liom é, is cuma é mín nó garbh. Agus is fearr liom m’fhataí bruite brúite gan salann.

Mar sin féin, thar na blianta, thug mé faoi deara nach féidir liom fataí bruite brúite a ithe in aon bhialann, ná i go leor tithe eile seachas i mo theach féin, mar go bhfuil sé de nós ag daoine salann a chur, de dheoin nó d’ainneoin, isteach sna fataí bruite, sula mbrúnn siad iad.

An bhfeiceann sibh an fhadhb atá agam leis sin, a léitheoirí?

Sea. Tá an ceart agat, a chara na bhfataí goirte. Tá sé de cheart ag an duine atá ina theach féin a rogha rud a dhéanamh leis na fataí. Mura dtaitníonn an modh cócarála liom, ní gá dom dinnéar a ithe sa teach sin.

Ach, céard faoi na bialanna sin?

Abair, mar shampla, nach bhfuil ann ach bialann amháin i mo bhaile, agus é mar thraidisiún sa bhialann sin salann a chur sna fataí bruite brúite; níl aon rogha eile agam, de réir dlíthe na tíre, abair, ach freastal ar an mbialann sin chuile lá.

Nó, b’fhéidir nach féidir liom dhul in aon áit eile ach chuig an mbialann sin, abair, má bhuaileann ocras tobann mé, agus gan fáil agam ar fhataí i mo theach féin.

Cá bhfágann sé sin mo leithéidse, nach bhfuil tugtha don salann ar chor ar bith, ach duine lena dtaitníonn an fata álainn nádúrtha?
.

Friday, July 9, 2010

Sclábhaí nó Saorthoil?


Ní raibh mé ar an eolas faoin bhfeachtas seo sa Fhrainc, feachtas as ar tháinig na ‘oral sex anti-smoking posters’ - ceann acu ansin thuas, a léitheoirí, le ceannteideal ‘"Smoking is to be a slave to tobacco." - go dtí gur léigh mé alt suimiúil le Patrick Hayes ar Spiked ar maidin.

Luann sé, freisin, an feachtas ‘Get Unhooked’, feachtas in aghaidh tobac sa Ríocht Aontaithe as ar tháinig ‘the highest numbers of complaints the advertising standards watchdog has ever received.’, ach mhaígh an roinn sláinte ann go raibh gá leis na fógraí le go dtuigfeadh an pobal an ‘‘controlling nature of addiction to nicotine experienced by smokers every day’.

Tharraing feachtas in aghaidh tobac na Fraince aird, agus gearáin, nach beag, freisin, ach, dar le Marco de la Fuente, an fear a bhí i gceannas ar an bhfeachtas fógraíochta sa ghníomhaireacht fógraíochta BDDP et Fils, "The old arguments – tobacco is bad for you – don't work any more. The message here is that tobacco is a form of submission. In the popular imagination, oral sex is the perfect symbol of submission."

Tharraing Patrick Hayes m’aird i dtreo na dtreoirlínte atá ag an National Institute for Health and Clinical Excellence (NICE) thall, a mholann, dar leis, ‘that all pregnant women should be required to take regular breath tests that monitor carbon monoxide (CO) levels so that health officials can tell if they’re harming their babies by continuing to have a crafty fag or two. And just to be on the safe side, NICE also recommends pregnant women take regular urine and saliva tests.’

Meas tú, a léitheoirí, an bhfuil na feachtais in aghaidh tobac ag dul thar fóir ar fad ar fud an domhain, nó, mar a scríobh Patrick Hayes, ‘The pros and cons of smoking and quitting are best left to people to weigh up for themselves… To buy into the claim that we cannot control ourselves is to shun responsibility for our own personal choices.’?

An bhfuil gá ar chor ar bith le leithéidí na bpóstaer agus na bhfeachtas luaite aige ina alt, nó an fúinn féin é an andúil, is cuma cén andúil í, a sheachaint, agus a thabhairt suas, as ár stuaim féin?
.

Monday, June 28, 2010

Scoilt Uirbeach/Tuaithe?

Thar na blianta, agus ó am go chéile, cloisim clamhsán faoin rud atá in ainm is a bheith frith-thuaithe, agus nílim iomlán cinnte nach seangheanmchnó a leithéid sa lá atá inniu ann. Cheapfá.

Chualamar na focail ‘urban/rural’ in úsáid faoin scoilt sin i bhFine Gael. Seans gur chuidigh bladhradh ‘Up Mayo’ Joe Mellett le bladhm a chur le tine na hargóinte sin. Mar sin féin, táthar ann a chreideann go bhfuil an scoilt ann, taobh istigh agus taobh amuigh de na páirtithe éagsúla.

Tá an Bille Um Fhiadhúlra (Leasú) 2010 go mór sa nuacht i láthair na huaire. Tá díospóireacht sa Dáil ar an ábhar le léamh anseo, agus is fiú é a léamh, le meon na bpáirtithe éagsúla ar an mbille a thuiscint. Ceapaim.

An rud a rith liom féin, agus mé á léamh, go bhfuil fianaise ann a thacódh leis an smaoineamh go bhfuil scoilt uirbeach/tuaithe ann, shílfeá:

Shane McEntee (Fine Gael) ‘It is an attack on people in County Meath’

John Gormley (Comhaontas Glas): ‘I have stated on a number of occasions that the passage of this legislation will not have an impact on other country practices such as fox-hunting, hare-hunting, hare coursing and deer stalking.’

Phil Hogan (Fine Gael): ‘Fine Gael believes the hunt plays an important cultural and economic role in rural Ireland, something I would not expect the Green Party to appreciate or understand…Six Members out of a total of 166 have decided that 154 years of countryside tradition in terms of the Ward Union Hunt should be put aside.’

Joanna Tuffy (Lucht Oibre): ‘The Minister has done what no one else has managed by creating a divide between rural and urban communities. People in rural communities feel under threat from this legislation and are concerned it is the thin end of the wedge.’

John Gormley
arís: ‘It appears that for the Labour Party Members, no principle is too cherished to be abandoned if they believe there are votes in it for them.’

Is dóigh liom féin, bíodh mé ceart nó mícheart, gur sa ráiteas deireanach sin ó John Gormley atá an fhírinne, d’fhormhór. Nuair a bhíonn polaiteoirí ag achrann is ag bruíon, is cuma cén páirtí ar leis iad, is cuma cén t-ábhar a bhíonn faoi chaibidil acu, is iad na vótaí a bhíonn dá stiúradh.

Idir an dá linn, tá ainmhithe, agus daoine, ag fulaingt.
.

Wednesday, June 23, 2010

Muirtheiripe

Tá comhlacht Kevin Costner, Ocean Therapy Solutions, ag obair ar fhorbairt teicneolaíochta le cúig bliana déag anuas, é mar aidhm ag an gcomhlacht theacht ar inneall a bheadh in ann ola agus uisce a scaradh óna chéile, rud, a deirtear, atá an V20 in ann a dhéanamh.

Tá dhá cheann déag is fiche de na hinnill seo díolta ag comhlacht Chostner le BP anois, agus tá súil agam go n-éireoidh leo, agus go dtiocfaidh siad ar réiteach na faidhbe uafásaí seo.

Más fíor an méid a dúirt Costner, go raibh sé ‘trying to employ the technology designed by his company for the past 17 years, but said he had been blocked by red tape.’, nach mór an feall ar an gcomhshaol an rómhaorlathas.

Cibé an bhfillfidh an feall ar an bhfeallaire sa chás seo, tá damáiste nach beag déanta acu, faraor.
.

Tuesday, June 22, 2010

LGBT agus Cearta Daonna

Bhí áthas orm inné nuair a chuala mé gur éirigh, faoi dheireadh, le Lydia Foy aitheantas dlíthiúil mar bhean a fháil sa tír seo. Bhí sé thar am. Tá sí ag fanacht leis an gcinneadh sin le trí bliana déag, an bhean bhocht.

Is iomaí uair a bhí fonn uirthi éirigh as a dianiarrachtaí ach, dar léi, ‘the prize of legal recognition and the responsibility of fighting for rights of the transgender community kept her focused.’ Nár laga a Cé í, agus go gcuire rialtas na tíre seo reachtaíocht i bhfeidhm, go luath, a thabharfaidh deis dí a cearta daonna a chomhlíonadh, agus a hainm a fheiceáil, mar bhean, ar a teastas breithe, mar is cóir.

Is fearr go mall ná go brách, a deirtear, agus feicim go bhfuil An Bille Um Páirtnéireacht Shibhialta ag bogadh céim eile ar aghaidh, mar is cóir. Mar sin féin, tá lucht na heaglaise sa tír seo fós ag labhairt amach ina choinne.

Tá siad breá sásta, shílfeá, a ladar a chur in obair an rialtais, mar a rinne siad go minic cheana, iad ag impí anois ar bhaill an Oireachtais ‘to allow for greater recognition of the proper autonomy of churches and the right to social and civil freedom in religious matters.’ An bhfuil cearta daonna baill an LGB sa tír seo luaite acu sa méid sin, meas tú?

Labhraíonn siad ar ‘social order’ agus ar ‘the right of individuals to the free exercise of conscience’ amhail is dá mba i bhfocail an ‘Gospel’ amháin atá an ‘moral order’ le fáil. Tá sé feicthe againn, thar na blianta, cén toradh a bhíonn le focail na leabhair éagsúla sin, agus ní dóigh liom go raibh ‘free exercise of conscience’ ceadaithe do chuile dhuine, a léitheoirí. Agus an gá trácht a dhéanamh ar ‘moral order’ na tíre seo thar na blianta, am a mbíodh ár ‘morals’ faoi chúram agus greim docht na heaglaise?

Tá cearta lucht an LGBT i mBostún á gcosaint le 40 bliain anuas, ach fós, dar le Arline Isaacson, ceannaire an Massachusetts Gay and Lesbian Political Caucus, ‘we are not quite there yet.’ Má éisteann tú leis an mbean a ghlaoigh isteach ag deireadh an chláir seo ar Radio Boston an tseachtain seo caite, cheapfá nach leor fiú 40 bliain le cearta daonna baill an LGBT a mhúnlú in aigne daoine le ‘morals’ dá gcuid féin acu.

Ar an gclár céanna sin, labhair mo dheartháir, Pierce, fear atá ag obair ar mhaithe le cearta an LGBT i mBostún ó 2003, agus atá ina bhall de bhord stiúrtha an Boston Pride. Dar leis, ‘there is so much to do…there is so much going on around the world…we have to keep working on it…’. Is léir, ón méid atá fós á rá ag an eaglais anseo, gur ionann an scéal sa tír seo.

Go n-éirí linn cearta phobal an LGBT a chosaint agus a thabhairt chun cinn, thall agus abhus.
.

Thursday, June 3, 2010

Creatlach an Scéil?

Arís is arís eile, tá creatlacha á gcroitheadh, agus tá scéalta á nochtadh.

An bhfuil mórán eile le cloisteáil againn, nó le léamh againn, faoin gcaoi inar caitheadh, agus faoin gcaoi ina gcaitear fós, shílfeá, airgead na tíre seo?

Ár n-airgead, a léitheoirí. Go sábháiltear sinn...
.

Tuesday, June 1, 2010

Teorainneacha Saoirse

Bhí mé ag éisteacht le Ryan Tubridy ar maidin, é i gcomhrá le Diarmaid Ferriter faoin gclár nua The Limits of Liberty.

‘The Limits of Liberty is the story of Irish Independence. How governments of the early decades of independence were preoccupied with one overriding issue, power … This is the first television history of Ireland since the early 1980s and sets out to re-examine the received opinion of the foundation of the State.’

Beidh an chéad sraith den chlár ag tosú anocht, ar RTÉ 1, ag 9.30 i.n., agus is dóigh liom gurbh fhiú súil a chaitheamh air le tuiscint de shaghas a fháil, b’fhéidir, ar nithe sin na staire a mhúnlaigh tubaistí thodhchaí na tíre seo. Seans gurb é an focal sin ‘power’ an focal cuí san ráiteas thuas.

Tá scéal amháin go mór sna meáin le lá nó dhó. Táim ag éisteacht le, agus ag léamh faoi, na tuairimí éagsúla, lucht an lochta ón dá thaobh ag labhairt agus ag scríobh, formhór na ndaoine ag iarraidh ciall a dhéanamh den tubaiste uafásach seo, mé féin san áireamh.

Tá eagraíochtaí ann, agus tá súil agam go n-éireoidh leosan an brú, mar is ceart, a chur ar na daoine atá freagrach as an tubaiste mhillteanach seo, le go bhfaighidh na daoine bochta atá ag fulaingt ar Stráice Gaza an cuidiú atá de dhíth orthu.

‘The blockade is collective punishment, illegal under international law. It must be lifted immediately.” Israel has a duty under international law to ensure the welfare of Gaza’s inhabitants, including their rights to health, education, food and adequate housing.’
.

Friday, May 28, 2010

Dílárú

Más rud go bhfuil na daoine seo sásta bogadh, cén fáth an raic faoi dílárú sa tír seo?
.

Thursday, May 27, 2010

Bans na mBan

Dar leis an alt a léigh mé san Irish Times inné, seo mar a chaith dlíthe na tíre seo le Mná na hÉireann i 1970:

1. Ar phósadh dí, dá mba rud é go raibh post aici sa tseirbhís phoiblí, nó le banc, bhí uirthi an post sin a fhágáil.

2. Ní fhéadfadh sí bheith ina ball de choiste cúirte, mar ghiúróir.

3. Ní raibh cead aici ábhair fhrithghiniúna a cheannach.

4. Bhí go leor tithe tábhairne nach dtabharfadh cead isteach di, cé go raibh tithe tábhairne ann a ligfeadh isteach í, ach fear a bheith léi.

5. Ba le fear an tí amháin a d’íoctaí an sochar linbh.

6. Ní raibh sí in ann ordú urchoisc a fháil le toirmeasc a chur ar a fear céile faoi ionsaí a dhéanamh uirthi, is cuma cén drochíde a thabharfadh sé di.

7. Ní raibh seilbh dhleathach ag an mbean phósta ar áras an teaghlaigh, agus d’fhéadfadh a fear céile an teach a dhíol gan a cead.

8. Glacadh leis go raibh caidreamh collaí mar cheart ar an bhfear pósta, fiú murab é toil a chéile mná é.

9. Bhí a sainchónaí cibé áit ina raibh sainchónaí a fear céile, fiú mura raibh sí féin ina cónaí sa tír sin leis.

10. Ní bhfuair sí pá comhionann ar obair chomhionann, Fuair fir pá i bhfad níos airde ná í.

Bhí mé i mo dhéagóir ag an am.
.

Tuesday, May 4, 2010

Polaiteoir Neamhspleách

Tá sé ráite go bhfuil seans ann go gcuirfear ainm David Norris ar aghaidh d’uachtaránacht na hÉireann, agus bhí an t-ábhar sin, an pósadh aerach, staid na mbanc sa tír srl., á bplé aige féin agus ag an láithreoir, Ryan Tubridy, ar an Late Late Show, Dé Sathairn seo caite.

Chuir Ryan ceist ar David Norris, fear atá aerach,

‘Do you think gay people should be equally as entitled to the same marriage as a man and woman getting married…?

‘Yes, I do’, arsa David Norris, ach bhí tuilleadh le rá aige ar an ábhar,

‘…I’ve always believed in the separation of church and state. I don’t believe that the church should be allowed to dictate to the state. Equally, I don’t think that the state should dictate to the church, so, I don’t believe it is right that the state should try to force churches, against their conscience, to marry people in the church, although, I have to say, some churches do…and I think they should be allowed to continue, because if they are not allowed to continue, if the law outlaws that, then that is a kind of religious discrimination.’

Is duine é David Norris a fheiceann an dá thaobh den scéal, feictear dom, duine a thuigeann fadhbanna na tíre seo, freisin, an méid seo le rá aige faoin rialtas agus faoi na bainc,

‘… all the money shouldn’t be just shovelled into the banks, it should be directed to ease the pain of ordinary decent Irish citizens…the banks did not want to know them when they were on the crest of a wave…they didn’t care a damn about us, and now we, the ordinary people are expected to bail them out…the least we can do is to look after our own ordinary decent people.’

Fuair sé bualadh bos iontach ón lucht féachana sa stiúideo, agus ní haon ionadh é, i mo thuairim. Is polaiteoir neamhspleách é, le tuairimí neamhspleácha nach miste leis a roinnt go poiblí. Agus é ag labhairt ar an bpósadh aerach, bhí an méid seo le rá aige,

‘It amazes me too...in the newspapers for the last year or so, I’ve seen priests of various denominations blessing tractors, toys, and domestic pets…I mean, I don’t think it would kill them to bless two human beings, while they are at it, who love each other!’

Ní dóigh liom go maródh, a David. Bhí do bhualadh bos tuillte agat. I mo thuairim.
.

Wednesday, April 28, 2010

Croch Suas na Hang Ups

Léigh mé ar maidin go bhfuil Mae Sexton ag bogadh ó dheis go clé, í ag fágáil slán ag na PD’s agus ag crochadh a cóta anois ar chrochán Pháirtí an Lucht Oibre.

Níl a fhios agam an bhfuil an ceart ag Mae Sexton nó nach bhfuil, ach is maith liom an méid seo uaithi, líne a léigh mé ar shuíomh an Indo ar maidin:

“I really never held dear to any particular philosophical ideology. I believe the wastage, the recklessness, the greed that occurred, has everybody re-thinking what they believe in,"

Bhí mé ag éisteacht leis an ‘same old, same old’ ag teacht ó bhéal Martin Mansergh agus Pat Rabbitte ar Tonight with Vincent Browne aréir, an mantra céanna acusan agus atá, feictear dom, ag na polaiteoirí uilig, an ‘party line’ á shiúl acu an uile, gan stad gan staonadh; an ‘party line’ á athbhualadh acu inár dtreo, arís is arís eile, shílfeá, gan athrú suntasach meoin le tabhairt faoi deara agam ó fhormhór na bpolaiteoirí, cé go bhfuil athrú ollmhór tagtha ar staid na tíre.

Is é an smaoineamh a rith liom ar maidin, agus focail Mae Sexton á léamh agam, gurb é an trua nach ndéanann gach polaiteoir sa tír seo an rud ceannann céanna, beagán ‘re-thinking’ of ‘what they believe in’ a dhéanamh, ar mhaithe leis an tír, seachas bheith de shíor ag mantráil go mantach ar mhaithe le páirtí.

Maidir leis na pinsin sin atá á gcur go leataobh le lá nó dhó, ritheann na focail ‘push’, ‘shove’ agus ‘domino effect’ liom.

Ach sin mise, mé beagán tinn tuirseach den lot acu ar maidin, a léitheoirí, rud nach bhfuil féaráilte, i ndáiríre, mar go bhfuil polaiteoirí maithe ina measc, is dóigh liom.

Sin mo rámhaille curtha díom agam anois. Aiféala orm faoi sin. Bainigí sult as an lá.
.

Tuesday, April 27, 2010

Frídíní Fánacha

Bhí frídín fánach do m’ionsaí le seachtain anuas, frídín a fuair an ceann is fearr orm ag an deireadh seachtaine. Ón Aoine seo caite, bhí gach rud a d’ith mé ag imeacht le sruth, d'fhéadfá a rá, rud beag cosúil leis an airgead atá ag dul isteach i NAMA, shílfeá.

Ní raibh fonn orm a dhath a léamh, ná a dhath a scríobh. Bhí mé tinn, an dtuigeann sibh. Mar sin féin, a fhad is a bhí mise i mo luí ar mo leaba, ag troid le mo fhrídín, bhí scéalta ag titim ar mo chluasa, ón raidió agus ón teilifís.

Is léir go bhfuil na frídíní fánacha chuile áit. Chaithfeadh sé gur ionsaigh siad Máire Geoghegan Quinn bhocht ag an deireadh seachtaine, freisin, mar bhuail laige de shaghas éigin í idir an Aoine agus an Luan, agus chaill sí pinsean nó dhó.

Ar an Aoine, ní raibh Máire ná mé féin ag súil le punt ar bith a chailleadh, ach, mar a deir an seanfhocal, is lú na fríd máthair an oilc.
.

Wednesday, April 21, 2010

Dearmad

An bhfuil a fhios agaibh céard é féin, a léitheoirí, ach bhí dearmad glan déanta agam orthu, ach tá a leithéid d’áit ann agus an tIonad Náisiúnta Comhordaithe Éigeandálaí.

Sea, tá siad ann. ‘Should there be a major national emergency, the 'National Emergency Co-ordinating Centre' will depend on hundreds of small but vital cogs throughout the nation’, le muid a choinneáil ar an eolas agus up-to-date, is dócha. Beimid in ann brath orthu siúd le haire mhaith a thabhairt dúinn, agus stuif mar iodine tablets a dháileadh orainn, seans.

Ní gá dúinn imní ar bith a bheith orainn, a léitheoirí, beidh siadsan ansin ar a gcapaill bhána, ár dtabhairt slán ón anachain, má tharlaíonn ‘A terrorist strike, Sellafield, a flu pandemic…’ ná a dhath mar sin.

Bhuel, beidh formhór na ndaoine sa tír slán sábháilte faoina gcúram, más fíor. Tá tú i bponc más rud go bhfuil tú i do chónaí i nDún na nGall, a léitheoir, mar is cosúil go bhfuil dearmad glan déanta acu orainn. Ní haon ionadh go ndearna mé féin dearmad orthu. Tá mé i mo chónaí sa Forgotten County.
.

Monday, April 19, 2010

Bunúdar agus Bunreacht

A bhuí le Dennis, léigh mé na scéalta seo sa National Catholic Reporter aréir. Tá codladh na hoíche ar shiúl uaim le lá nó dhó, agus bím ag rútáil thart ar fud an idirlín, mé go fánach ar thóir eolais fhánaigh, ar fhaitíos go dtarlódh a dhath i ngan fhios dom, an dtuigeann sibh.

Cibé scéal é, sílim go bhfuil am seo na scéalta scaoilteacha scoilteacha crua go leor ar dhaoine cráifeacha; sa chás seo, na daoine sin atá dílis don eaglais Chaitliceach. Fiú mura n-aontaíonn tú leis an reiligiún ar leith sin, agus fiú más fuath leat na scéalta uafásacha sin atá de shíor ag teacht chun solais na laethanta seo, tá daoine uaisle ann a chreideann sa reiligiún sin, agus is trua liom a gcurtrí chéile.

Tá aithne agam ar go leor daoine, cairde liom san áireamh, atá dílis don eaglais Chaitliceach, agus atá buartha faoin méid atá ag teacht ó na meáin éagsúla, agus atá buartha, freisin, faoin méid nach bhfuil ag teacht ón eaglais, ceapaim.

Cé go mbíonn creideamh cuid de mo chairde, in amanna, rud beag, sórt ‘a-la-carte’, mar a déarfá, is daoine maithe iad, daoine nach ndéanfadh dochar d’fhear, do bhean ná d’ainmhí, creidim. Glacann siadsan liomsa mar a ghlacaimse leo, sé sin le rá, glacann muid, le meas, leis na nithe sin atá éagsúil eadrainn. Tagann ár gcairdeas slán as an meas sin, agus maireann sé ar na nithe sin nach bhfuil éagsúil eadrainn, má thuigeann sibh libh mé.

Le déanaí, agus mise á gceistiú faoi nósanna na heaglaise Caitlicí, an nós sin nach ligean do mhná bheith ina sagairt, mar shampla, feictear dom go nglacann a bhformhór acu leis na nósanna sin, mar, dar leo, ‘it is what we were brought up with.’

Ar ndóigh, tá a fhios agam go bhfuil go leor rudaí ‘we were brought up with’ ann, cuid mhór acu a d’athraigh thar na blianta. Ní dochar gur tharla cuid de na hathruithe, cé go ndearna cuid eile acu dochar, b’fhéidir, ag brath ar do dhearcadh. Mar sin féin, is léir go bhfuil daoine fós ag maireachtáil leis na nithe sin ‘we were brought up with’, le nósanna eaglaise, agus le nósanna sochaí ina bhfuil/ina raibh ionchur nach beag ag na heaglaisí sa tír seo, agus i go leor tíortha eile, seans.

Bhuel, ó tharla go dtarraingíonn scéal amháin scéal eile, agus ó tharla mé ag rútáil liom ar shuíomh idirlín an Irish Times aréir, chonaic mé na focail seo ó Eamon Gilmore, focail a tháinig uaidh ag Comhdháil a pháirtí, an Lucht Oibre, ag an deireadh seachtaine:

“It is time, in my view, for a fundamental review of our Constitution. There is much about the Constitution that has served us well, but it is a document written in the 1930s for the 1930s,” he said. “A time when one church was considered to have a special position, and women were considered to be second-class citizens.”

Anois, sin smaoineamh suimiúil, arsa mise liom féin. Tá an saol ag athrú, agus seans, dá réir sin, gur féidir a rá go bhfuil meon na ndaoine ag athrú leis.

B’fhéidir gurbh fhearr bunreacht na tíre a athrú, freisin, le go dtitfeadh sé isteach leis na hathruithe i sochaí na tíre; ach na hathruithe sin a dhéanamh, más féidir é ar chor ar bith, le meas againn ar na nithe sin atá éagsúil eadrainn, agus iad a chur i bhfeidhm ar dhóigh ina mbeimid uile in ann maireachtáil taobh istigh de chóras a aithníonn ár n-éagsúlachtaí, ach a thaispeánann meas dúinn uile.
.
 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.