Showing posts with label cluasáin. Show all posts
Showing posts with label cluasáin. Show all posts

Monday, September 27, 2010

BabógBaby II

An cuimhin libh an scéal a roinn mé libh, i Mí Aibreáin, faoi BhabógBaby, nó BB, mar a thugtar anois ar bhéirín na mbriathra Gaeilge?

Bhuel, chuala mé an dea-scéal seo trí mo chluasáin ar maidin, an t-órchaighdeán fáighte ag an mbéirín BB ag na British Pre-school Awards.

Dar le hAdrian Devane, an fear ar leis an comlacht babogbaby.com, fear ar léiritheoir scannán é de ghnáth,

'This year was a quiet one for making films so I thought I would start a new business and give it a go...'

Maidir leis an órchaighdeán a fuair an béirín, dúirt sé.

'It’s like a movie getting five stars or a student getting an A-plus...'

Comhghairdeas ó chroí le hAdrian agus leis an gcomhlacht babogbaby.com - ná lagtar go brách lucht an 'Is féidir linn!'

Beidh an béirín ar fáil ón gcomhlacht, ar luach €29.99, i Mí na Samhna, a léitheoirí, díreach in am don Nollaig.

Roinnigí an scéal le fear na féasóige báine leis an gcóta dearg, a chairde, mura miste libh.
.

Friday, September 24, 2010

Gortghlanadh

Bhí tinneas cinn orm nuair a dhúisigh mé ar maidin, frídíní fhliú an Gharraíodóra ag troid liom féin anois, ceapaim. Pé scéal é, chinn mé beagán garraíodóireachta éadroime a dhéanamh, agus amach liom ag baint bláthanna feoite.

‘Decapitating’ a thugann sé féin air, cé go bhfuil a fhios aige go rómhaith gur ‘dead heading’ atá ann. ‘I see you’re decapitating again,’ a dúradh liom ar maidin, nuair a chonaic sé mo chloigeann tinn cromtha i mbun dícheannta.

Bhuel, sé an smaoineamh a rith liom féin agus na bláthanna feoite á gcaitheamh agam, ceann i ndiaidh a chéile, isteach sa chiseán le mo thaobh, nach mbeadh sé iontach dá mbeadh muid in ann rud éigin mar seo a dhéanamh lenár bpolaiteoirí feoite.

Chan iad a dícheannadh, an dtuigeann sibh, ach fáil réidh leo siúd atá feoite, nach bhfuil faoi luisne a gcumas a thuilleadh, le deis bláthaithe a thabhairt do na millíní theacht ar an ngeilleagar, mar a déarfá.

Agus an smaoineamh sin ag rith liom, céard a chuala mé ar an raidió, trí mo chluasáin, ach go bhfuil Noel Grealish ag cur cos amháin uaidh, agus ag cur an chos eile i dtaca, i ngort glas Féilim Fáil.

Hmmm…, arsa mé féin liom féin, nach suimiúil go bhfuil sé sin ag tarlú anois, díreach ar shála na pobalbhreithe sin a cuireadh faoi bhráid an phobail inné.

Fan go bhfeice sibh, a léitheoirí, ach beidh le feiceáil nach mise amháin a chuir tús leis an ngortghlanadh ar maidin…
.

Wednesday, September 1, 2010

Racht agus Rath an Rachmais

Creid é nó ná creid, tá an clár Winning Streak ag ceiliúradh fiche bliain ar an bhfód, an mhí seo.

Ar fhaitíos go gceapfadh sibh go bhfuil ‘gaċ uile údar’* agamsa, nó gur mé atá ‘údruiġṫe’*, nó ar fhaitíos go gceapfadh sibh go bhfuil ‘eolas an domhain’** agam, níl, ná baol orm. Mo chluasáin, a léitheoirí, a d’inis an scéal dom, ar maidin, faoi Winning Streak.

Thar na blianta, is dóigh gur chuir an clár sin le saibhreas saoil go leor daoine, ach go háirithe le saol na rannpháirtithe, na gnáthdhaoine ar éirigh leo na ‘three stars’ sonasacha sin a fháil.

Cé nach raibh páirt agam féin sa chlár riamh, is minic a bhreathnaím air, más rud go bhfuilim sa seomra, os comhair na teilifíse ag am a chraolta, an dtuigeann sibh.

Is cuimhin liom clár amháin, feirmeoir ‘páirtaimseartha’, dar leis féin, a bhí mar dhuine den chúigear a bhí ar tí tabhairt faoi pháirt a ghlacadh sa chomórtas ar an gclár, agus bhí sé á chur faoi agallamh ag an láithreoir. Ar mhaithe leis an scéal seo a insint, agus le nach gcuirfear aon duine ná áit in aithne, déarfaimid gur as Baile na mBocht don fheirmeoir. Sea.

Más buan mo chuimhne, agus tá sé blianta ó chonaic mé an clár ar leith seo, sé Derek Mooney, nó b’fhéidir Marty Whelan a bhí ag cur na gceisteanna, é ag iarraidh na hiomaitheoirí ar an gclár a chur in aithne don lucht éisteachta, an dtuigeann sibh.

Mar is eol do chách, ní bhíonn sé, b’fhéidir, ahem… b’fhéidir nach mbíonn sé ró-éasca eolas a ghnóthaí a fháil ón té a bhíonn ag feirmeoireacht, go háirithe más rud go bhfuil an feirmeoir sin ag obair mar fheirmeoir ‘páirtaimseartha’, mar a déarfá, le jab beag eile aige, b’fhéidir, áit éigin eile.

Anois, b’fhéidir go raibh jab beag eile ag an bhfeirmeoir áirithe seo, agus b’fhéidir nach raibh. Nílim cinnte. Bhí sé deacair a rá ón méid eolais nár tugadh.

Cibé scéal é, ní raibh ag éirí rómhaith leis an láithreoir bocht mórán cainte a bhaint as an bhfeirmeoir páirtaimseartha, cheap mé féin, agus, is dóigh liom, le deireadh deas cineálta a chur leis an agallamh strusúil, thosaigh sé ag bogadh ar aghaidh go dtí an chéad iomaitheoir eile, é a rá aige leis an bhfeirmeoir, ‘So, anyway, you’re happy, just working away...’

‘I’m not working away...!’ arsa an bhfeirmeoir, go cosantach, ‘…I’m only working i mBaile na mBocht!’

*********************

* McCionnaith, lch. 671 – 'knows all about everything'
** DeBhladraithe, lch. 450 – 'mine of information'
.
 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.