Showing posts with label mná. Show all posts
Showing posts with label mná. Show all posts

Thursday, May 27, 2010

Bans na mBan

Dar leis an alt a léigh mé san Irish Times inné, seo mar a chaith dlíthe na tíre seo le Mná na hÉireann i 1970:

1. Ar phósadh dí, dá mba rud é go raibh post aici sa tseirbhís phoiblí, nó le banc, bhí uirthi an post sin a fhágáil.

2. Ní fhéadfadh sí bheith ina ball de choiste cúirte, mar ghiúróir.

3. Ní raibh cead aici ábhair fhrithghiniúna a cheannach.

4. Bhí go leor tithe tábhairne nach dtabharfadh cead isteach di, cé go raibh tithe tábhairne ann a ligfeadh isteach í, ach fear a bheith léi.

5. Ba le fear an tí amháin a d’íoctaí an sochar linbh.

6. Ní raibh sí in ann ordú urchoisc a fháil le toirmeasc a chur ar a fear céile faoi ionsaí a dhéanamh uirthi, is cuma cén drochíde a thabharfadh sé di.

7. Ní raibh seilbh dhleathach ag an mbean phósta ar áras an teaghlaigh, agus d’fhéadfadh a fear céile an teach a dhíol gan a cead.

8. Glacadh leis go raibh caidreamh collaí mar cheart ar an bhfear pósta, fiú murab é toil a chéile mná é.

9. Bhí a sainchónaí cibé áit ina raibh sainchónaí a fear céile, fiú mura raibh sí féin ina cónaí sa tír sin leis.

10. Ní bhfuair sí pá comhionann ar obair chomhionann, Fuair fir pá i bhfad níos airde ná í.

Bhí mé i mo dhéagóir ag an am.
.

Wednesday, April 28, 2010

Rogha 10 - Ireland's Greatest Figures

Mar a scríobh mé anseo cheana, bhí gearrliosta de Ireland’s Greatest Figures roghnaithe ó shuirbhé MRBI a rinneadh, agus bhí 40 san iomlán ar an ngearrliosta sin.

Bhí vóta le caitheamh ag an bpobal le teacht ar ghearrliosta de dheichniúr. Tá an vóta sin caite anois, agus seo chugaibh, in ord aibítre, an deichniúr a roghnaíodh ar an ngearrliosta nua:

Bono
Dr Noel Browne
Michael Collins
James Connolly
Stephen Gately
John Hume
Phil Lynott
Padraig Pearse
Mary Robinson
Adi Roche

Dé réir mar a léim anseo, tá a fhios ag RTÉ cé hiad an Rogha 5 ón liosta sin, agus is orthu siúd a dhéanfar cláir fhaisnéise anois, cúig chlár a chraolfar i Mí Mheán Fómhair na bliana seo.

Nuair a bheidh an cúig chlár sin craolta, beidh deis agaibh vótáil arís, a léitheoirí, an geábh seo le go dtiocfar ar Ireland’s Greatest Figure.

Beidh ainm an duine sin le cloisteáil againn ar an Late Late Show am éigin i Mí Dheireadh Fómhair, deirtear.
.

Tuesday, March 30, 2010

An Bosca Folamh

Ar fhaitíos go bhfuil aon léitheoir amuigh ansin nach dtuigeann na difríochtaí inchinne atá ann idir fir agus mná, is fiú go mór súil a chaitheamh ar an bhfíseán seo le Mark Gungor ó YouTube; más rud go bhfuil cúig nóiméad le spáráil agat, agus gan a dhath eile le déanamh agat, ar ndóigh.

Rólán atá na boscaí i mo chloigeannsa, caithfear a admháil…
.

Sunday, March 14, 2010

Bantiománaithe

Tharla sé go raibh mé i nDoire inniu le cara liom, ar bhean í. Ise a bhí ag tiomáint, agus is gníomh é a dhéanann sí le hábaltacht, gan strus, gan stró, mar a dhéanann formhór na mban ar m’aithne.

Ach, tá mná ann agus cuireann sé ionadh orm gur éirigh leo ceadúnas tiomána a fháil ar chor ar bith, agus chonaic mé beirt acu sin inniu, in action, mar a déarfá.

Bhí mé i gcarrchlós an Foyleside, i mo shuí ar ais i gcarr mo chara, carr a pháirceáil sí ann ní ba luaithe sa lá. Bhí an áit lán go doras an t-am sin, mar sin fein d'éirigh léi spás páirceála folamh a fháil, ach ar éigean. Caithfidh mé a rá, fiú agus é deacair orainn theacht ar spás folamh, go raibh áthas orm an áit a fheiceáil chomh gnóthach sin. B’fhéidir go bhfuil an cúlú ag going forward arís.

Ar aon nós, ar fhilleadh dúinn ar an gcarr, bhí dhá spás páirceála fholmha taobh le carr s’againne, rud nach raibh ann ní ba luaithe. Bhíomar ar tí tarraingt amach, nuair a thugamar faoi deara carr ag teacht inár dtreo, carr nach raibh ag tabhairt aird dá laghad ar threo na saighead, saigheada a bhí le feiceáil go soiléir, agus saigheada a thug le fios nach raibh ach treo amháin le tiomáint, agus ní sa treo sin a bhí an carr ag dul, go deimhin.

Mar a thuigfeá, ní raibh mo chara ag iarraidh go ndéanfaí damáiste dá carr, agus níor bhog sí, ach lig sí don charr fánach a bhealach a dhéanamh tharainn, rud a rinne an bhantiománaí neamhairdiúil, agus isteach léi sa dá spás fholmha taobh linn. Sea. Sa dá spás, a léitheoirí.

Chaith sí cúig nóiméad eile ag manoeuveráil a cairr, isteach ‘s amach, suas ‘s síos, anonn ‘s anall, ach fós ní dhearna sí aon mhaith. Bhí dhá roth an chairr i spás páirceála amháin, agus an dá roth eile sa spás páirceála eile. Ar deireadh, d’éirigh sí as an drochiarracht, agus d’imigh sí léi arís, ar thóir thrí spás fholmha, is dócha.

Bhí mo chara ar tí a carr a bhogadh amach arís, nuair a chonaiceamar bantiománaí eile ag teacht inár dtreo, neamhaird iomlán á dhéanamh aici ar na saigheada bochta, go dtí gur thug sí faoi deara go raibh carr eile ag teacht lom díreach ina treo.

Ba léir dúinne gur baineadh geit aisti, mar a bheadh iontas uirthi go raibh sí as bealach, nó b’fhéidir gur cheap sí gur lá ladies first a bhí ann, agus go raibh an fearthiománaí sa charr eile iontach drochbhéasach ar fad.

Céard a rinne sí? Isteach léi sa dá spás páirceála fholmha taobh linn. Sea. Sa dá spás páirceála, a léitheoirí. Chaith sí cúig nóiméad…
.

Thursday, September 3, 2009

Ní fliú trácht air...

Tá mé féin agus é féin rud beag tinn na laethanta seo, an bheirt againn ag troid le frídíní an fhliú le seachtain anuas.

Anois, ní gá domsa a dhath a scríobh anseo maidir leis an scéal mar atá sé sa teach seo i láthair na huaire, ó tharla é léirithe chomh soiléir sin san fhíseán seo ar youtube.
.

Wednesday, August 19, 2009

Ag Teacht Chun Solais

Tá mé féin agus an Garraíodóir ag dul i dtaithí ar Cheann Scríbe, de réir a chéile. Tá a fhios againn céard atá againn sa teach anois, agus tá a fhios againn cá bhfuil sé le fáil, an chuid is mó den am. Ceapaim.

Ach, tá mé rud beag trí chéile, fós, ag lasca shoilsí an tí. Ní raibh mé anseo nuair a roghnaíodh suíomh daoibh ar na ballaí éagsúla. Beirt fhear, nach n-ainmneofar anseo, a bhí i gceannas ar an jab sin, cé go séanann duine acu, an Garraíodóir, go raibh baint ar bith aige leis an scéal. Sea.

Tá leithreas amháin thíos staighre, agus é i bhfolach againn faoin staighre, nó taobh leis an staighre is cirte a rá, in áit nach féidir é a fheiceáil. Sórt tearmainn, is dócha, más mian leat sin. Tá a dhoras féin ag an leithreas, ach tá doras eile roimhe, a thugann duine isteach sa seomra cótaí ar dtús. Má bhíonn tú i bpráinn, beidh deis agat do chóta a bhaint díot ar dtús. Ar fhaitíos aon timpiste, an dtuigeann tú.

Ach, más deifir atá ort, agus cóta le baint díot agat, beidh fadhb agat.

Ó tharla é faoin staighre, níl aon solas nádúrtha istigh ann. Le solas an tseomra cótaí a shoilsiú, caithfear siúl isteach sa seomra sin ar dtús agus an lasc a chuardach taobh thiar de na cótaí uile. Tá sí áit éigin ansin, ach duine a bheith ar an eolas fúithi. Go bhfóire Cé ort más strainséir tú, le cóta mór ort, agus tú faoi dheifir ag iarraidh féirín a fhágáil i dteach an asail. Beidh moill ort. Fiú má éiríonn leat an solas sin a aimsiú agus do chóta a bhaint díot, beidh ort lasc an leithris a aimsiú ansin. Ah ah! Ach cá bhfuil sí, meas tú?

Samhlaigh do chruachás anois. D’oscail tú, agus tú i bpráinn, le cóta mór ort, doras an tseomra cótaí. Tá sé dorcha istigh ansin, ach feiceann tú cótaí, ceapann tú, ar thaobh na láimhe deise, agus doras eile ar thaobh na láimhe clé. Tá a fhios agat go bhfuil an leithreas taobh thiar den doras ar chlé, mar dúradh sin leat, ach caithfidh tú do chóta a bhaint díot ar dtús.

Tá dhá lasc taobh amuigh de dhoras an tseomra cótaí, iad i bhfolach taobh thiar den doras nuair atá an doras sin oscailte. Sea. Ní raibh a fhios agat é sin nuair a d’oscail tú an doras, ach tá a fhios agat anois é, mar bhí ort an doras sin a dhúnadh arís le go bhfeicfeá an raibh aon lasc le fáil taobh amuigh, ó tharla gan ceann le feiceáil taobh istigh, an dtuigeann tú.

Ach níl aon mhaith ann. Is cuma cé chomh minic agus a bhrúnn tú an dá lasc sin, níl sa seomra cótaí fós ach dorchadas…agus cótaí. Níl an dara rogha agat, caithfidh tú greim a fháil ar do chrógacht agus bualadh isteach sa dorchadas, le do chóta fós ort, agus d’fhéirín fós leat, faraor.

Tosaíonn tú ag útamáil trí na cótaí ag cuardach na laisce do-aimsithe, an féirín sin a thug tú isteach leat fós ag bagairt ort, é faoi dheifir é féin an leithreas a fheiceáil. Agus Damhsa An Ghéarchall á dhéanamh agat sa dorchadas, tá do lámha ag rútáil ar an mballa taobh thiar de na cótaí. Faoi dheireadh thiar thall, mar is thall sa chúinne is faide isteach atá sí, creid é nó ná creid, aimsíonn tú an lasc.

Solas ag dul anois, cóta ar siúl anois, tiontaíonn tú le lasc an leithris a aimsiú. Sea. Agus tú fós ag damhsa, agus gan tásc ná tuairisc ar aon lasc eile ach an ceann a d’úsáid tú díreach roimhe sin, osclaíonn tú doras an leithris. Cuardaíonn tú lasc an leithris ar an mballa, taobh istigh agus taobh amuigh den doras. Níl sí ann. An bhfuil a fhios agat cá bhfuil sí, a léitheoir? Sea. Maith thú! Tá tú cliste! Tá an ceart agat! Tá sí taobh amuigh den doras eile, ceann den dá lasc sin a bhí faoi bhrú agat ní ba luaithe.

Le mo sholas, ní thuigfidh mé go brách na meonta a bhí páirteach i Lonnú na Lasca. Ach tá a fhios agam é seo, ní raibh an bhean seo, ná aon bhean eile, páirteach sa phlean.
.

Monday, June 22, 2009

Cuilteanna Breaca

Níl a dhath ar eolas agamsa faoin dóigh le dhá phíosa éadach a fhuáil le chéile, agus ní duine mé a mbíonn snáth ná snáthaid faoi mo mhéara agam riamh, ach amháin nuair a bhíonn gá iontach géar leis, sé sin, in am na práinne amháin. Ní bua é a thug mé liom ó mo mháthair, agus ní bua é a tháinig trí na géinte chuig mo pháistí ach an oiread. Dá bhrí sin, is mór an mhaith go bhfuil éadaí chomh saor agus atá siad sá lá atá inniu ann.

Níl cuilteanna breaca chomh saor sin, ach tá siad go hálainn ar fad. Fuair mé ceann mar bhronntanas ó chara liom, ceann a rinne sí féin, agus tá sí ina luí linn ar an leaba chuile oíche. An chuilt, chan mo chara. Ar aon nós, mar gheall gur mór liom na cuilteanna breaca, agus mar gheall go bhfuil meas agam ar inniúlacht agus ábaltacht an eagarthóra, bean atá i mbun a comhlachta féin, The Fennel Shed, bhí mé ag lainseáil an Irish Quilt & Craft Magazine inné i mBun Cranncha. Bhí Quilt Jamboree ar siúl, agus rinne siad lainseáil áitiúil ar an iris ann, cé go bhfuil sí ar an bhfód le bliain anuas, nó mar sin.

Cibé scéal é, is cuma an bhfuil nó nach bhfuil suim agat sna cuilteanna breaca, ní fhéadfá ach a bheith ag déanamh iontais inné, agus ag ooháil agus ag aaháil, agus a bheith iomlán faoi dhraíocht ag na patrúin agus ag na dathanna éagsúla a bhí sna cuilteanna breaca uile a bhí á dtaispeáint ag an aonach. Beatha súl agus anama a bhí ann, agus tá meas thar cuimse agam do na daoine atá in ann a leithéid d’áilleacht a mhúnlú as píosaí d’éadach.

Anois, dá mbeadh an rialtas seo againne in ann ár ngeilleagar féin a mhúnlú leis an éifeacht chéanna, leis an gcruinneas céanna, agus leis an díograis chéanna…

Go n-éirí go geal le Gaye, agus lena comhpháirtithe, leis an tionscadal seo.
.

Wednesday, June 17, 2009

Muc sa Teach

Bíonn An Pluiméir anseo ó am go chéile agus tugann sé daoine leis isteach sa teach nua, custaiméirí nó cliaint ionchasacha, le go bhfeice siad an dá chóras téimh lárnaigh atá againn i gCeann Scríbe. Bíonn sé ag plé le chuile chineál córais ach is iad an córas geoiteirmeach agus an córas téamh gréine atá curtha isteach aige i dteach s’againne.

Thug mé faoi deara, go háirithe nuair a bhíonn lánúin ann, nó fear agus bean in éineacht más fearr leat an leagan sin, go mbíonn na fir ag éisteacht go géar le gach focal ó bhéal An Phluiméara, a n-aire agus a súile dírithe go hiomlán ar an gcóras téite agus a mhodh oibre. Bíonn na mná ag éisteacht freisin, gach uile fhocal á chloisteáil acu, an modh oibre á fheiceáil acu, ach an teach iomlán agus a bhfuil ann a shú isteach trína súile aici ag an am céanna.

Ní chuireann sé sin isteach ná amach orm, mar go bhfuil a fhios agam go bhfuil mná, go hiondúil, ildánach agus ilfheidhmeannach agus go bhfuil an inniúlacht sin acu, bail ó Ché orthu, a n-aird a dhíriú ar mhíle rud ag an am céanna. Ócé, tá sé sin rud beag áibhéalach, ach tuigeann sibh céard atá i gceist agam, a léitheoirí cliste. Tá a fhios agam nach bhfuil suim dá laghad ag na fir in aon rud eile sa teach ach sa chóras téite, ach tá a fhios agam go mbeadh an bhean atá in éineacht leis istigh i ngach uile sheomra, cófra, tarraiceán agus prios sa teach, le go bhfeicfeadh sí cén modh oibre atá acu, agus agamsa, dá bhfaigheadh sí cead. Tá a fhios agam é sin mar gur bean mise mé féin, an dtuigeann sibh.

Agus cén chaoi, más bean mé, a bhfuil a fhios agam faoi mheon na bhfear a thagann isteach i mo theach? Inseoidh mé é sin duit anois, a léitheoir. Tá a fhios agam é sin mar go bhfuil muc sa teach agam. Sea, muc. Ach ní hé an mhuc mar a thuigeann tusa an focal ‘muc’ atá i gceist agam ar chor ar bith, ach an rud sin ar a bhfuil an leasainm ‘muc’, agus a chuirtear i slograch an doirtil sa chistin; an gléas diúscartha dramhaíola a itheann fuíoll torthaí agus bia, málaí tae, blaoscáin srl., a dhéanann brúitín dóibh, agus a thugann leis iad cibé áit a dtéann gnáthuisce an doirtil. Níl garraí againn, sula dtosóidh aon ghníomhach múirín do mo cháineadh!

Nuair a bhíonn cuairteoirí againn, taispeánaim timpeall an tí iad. Bíonn siad ag ooháil agus ag aaháil, fir agus mná d’aon ghuth maidir le háilleacht gach seomra, tá súil agam, go dtí go dtagaimid chomh fada leis an muc sa chistin. Is anseo a dhealaítear na fir ó na mná, maidir lena meon ar aon nós. Agus mé á gcur in aithne don mhuc, faighim greim ar mhála tae úsáidte, cuirim isteach i mbéal na muice é, cuirim an sconna ar siúl, brúim cnaipe agus, hey presto, tá an mála tae imithe leis síos sa slograch.

Gosh, that is very useful!” a déarfaidh an bhean, agus í réidh le bogadh ar aghaidh go dtí an chéad iontas nua eile. Ach chan an fear. “Go on, can I have a go?” a déarfaidh sé, agus a shúile ag lonradh le háthas naíonda, mar a bheadh páiste ann atá tar éis bréagán nua a aimsiú. Agus fanann sé ansin leis an muc, é ag spraoi leis, gach rud atá in aice láimhe á chaitheamh isteach aige i mbéal na muice, agus é ag brú cnaipí ar a sháimhín só.

Ní gá a thuilleadh a rá. Tuigeann sibh an difríocht eadrainn anois, a léitheoirí. Tá mná ciallmhar. Tá fir ‘mucánta’.
.
 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.