‘sílim gur fearr scríobh nuair a bhuaileann an tinfeadh tú, seachas mothú go bhfuil dualgas ort a bheith ag blagadóireacht.’
Focail chiallmhara ó Aonghus, focail a roinn sé le Scott, ar fhilleadh dó inné.
‘Bhfuil tú alright?’ a d’fhiafraigh mo chara díom ar an bhfón inné, ó tharla gan focal léite aici uaim, ar mo bhlag, le beagnach seachtain anuas. M’fhreagra, ó tholg na tuirse, áit a mbím ó am go chéile, le bliain anuas, ‘Níl a dhath cearr liom, ach easpa fuinnimh, a chara!’
Agus, sin mar a bhíonn an saol liom, a léitheoirí. Bíonn praghas le híoc ar ragaireacht, go háirithe don té atá, fós faraor, ar bhóthar an bhisigh, agus d’fhág mise cuid mhór de m’fhuinneamh i gCill Airne!
Dá thoradh sin, fiú agus an tinfeadh úd, a luaigh Aonghus, do mo bhualadh, arís is arís eile, leis an mbata seo, agus leis an gceann seo agus seo, agus fiú leis an gceann seo, mar shampla, bíonn orm tús áite a thabhairt do dhualgais eile an lae, agus m’fhuinneamh luachmhar a roinnt go cúramach, rud a fhágann an blag bocht díomhaoin, cé nach bhfuilim féin díomhaoin, ná tinn, an dtuigeann sibh.
Agus sin an rud a thaitníonn liomsa faoin mblagáil. Ní dualgas atá ann domsa, ach pléisiúr. Go mba hamhlaidh do mo chomhbhlagálaithe, agus do na léitheoirí a roinneann a gcuid ama luachmhair linn.
Agus, nach deas an rud an cara a thugann neamhláithreacht faoi deara? Nár laga a gCé a gcairdeas.
.
Showing posts with label Smaointe Fánacha Aonghusa. Show all posts
Showing posts with label Smaointe Fánacha Aonghusa. Show all posts
Monday, November 8, 2010
Neamhláithreacht
Labels:
blagálaí,
cara,
Cill Airne,
histireachtóime,
Smaointe Fánacha Aonghusa
Friday, October 1, 2010
Suddhapata Éireannach?
Scéilín suimiúil eile ag Dennis s’againne anseo, é ag insint dúinn faoi Suddhapata, fear níocháin ‘a rinne dochar dá chuid comharsana agus nach raibh asal aige a thuilleadh leis an níochán a iompar.’
‘Agus an Suddhapata Éireannach?’, a d’fhiafraigh Dennis ina thrácht.
‘Na baincéirí…’, a scríobh Aonghus s’againne, mar fhreagra ann.
Tá na páipéir ag grágaíl ar maidin sa tír seo, a léitheoirí, agus is léir uatha uilig cé hiad 'Siúdnachpeataí na nÉireannach' iad.
.
‘Agus an Suddhapata Éireannach?’, a d’fhiafraigh Dennis ina thrácht.
‘Na baincéirí…’, a scríobh Aonghus s’againne, mar fhreagra ann.
Tá na páipéir ag grágaíl ar maidin sa tír seo, a léitheoirí, agus is léir uatha uilig cé hiad 'Siúdnachpeataí na nÉireannach' iad.
.
Labels:
An Feighlí,
baincéir,
blagálaithe,
Nótaí Imill,
polaiteoirí,
Scoil an tSaoil,
Smaointe Fánacha Aonghusa,
uafás
Subscribe to:
Posts (Atom)
