Ó bhí an histireachtóime agam ceithre mhí ó shin, tá m’fhuinneamh laghdaithe go mór. Ach, mar a scríobh mé anseo, ní mar a chéile a bhíonn aon lá.
Ar laethanta, bím breá ábalta mo chosa a chur fúm, agus aghaidh sách láidir fuinniúil a thabhairt ar an saol. Lá Éalaithe Áine a thugaim ar na laethanta sin. Bíonn laethanta eile ann, mar a tharla Lá Fhéile Pádraig, mar shampla, agus caithim an lá i mo luí ar an tolg, ag fanacht le filleadh m’fhuinnimh.
Ach, is cuma. Nílim tinn ar chor ar bith, an dtuigeann sibh. Ar Lá an Toilg, mar a thugaim air, níl ann ach go bhfuilim ag cneasú, agus táim ag láidriú chuile lá.
D’éirigh liom, an tseachtain seo caite, mar shampla, am a chaitheamh ag Éigse Cholm Cille, ach, an tseachtain seo, níor éirigh liom mo bhealach a dhéanamh chuig Éigse an Spidéil. Cé gur mhian liom a bheith ann, ní raibh m’fhuinneamh flaithiúil liom, agus sin sin, mar a déarfá. Beidh lá eile ag an bPaorach.
Ach, faraor géar, níor tháinig laghdú ar mo ghoile, agus tá sé agam chomh maith céanna agus a bhí riamh. De thoradh sin, tá an fuinneamh, nach bhfuilim in ann a ídiú, ag dul glan díreach isteach i gcealla geire mo cholainne. Dá réir sin, ahem, tá mo bholg ag méadú. Sea.
‘I hope I don’t put on any more weight!’ arsa mé féin leis an nGarraíodóir inné, agus mé ag breathnú orm féin, agus ar mo bholg ach go háirithe, sa scáthán.
Tháinig fear na n-ilbharróg i mo threo, chuir a dhá lámh timpeall orm, agus dúirt, ‘You’re not getting bigger, pet. It’s just that my arms are getting shorter!’
Hmmm…
.
Ciorcal Comhrá Ionad Uíbh Eachach ar turas
16 hours ago
No comments:
Post a Comment