Wednesday, July 14, 2010

Gríosú Gréasáin

Ó am go chéile, ní bhíonn fonn orm a dhath a scríobh ná a léamh, agus tosaím ag bogadh rudaí, nó ag glanadh rudaí - ag cartadh a bhím, is dócha.

Cibé scéal é, thosaigh mé ag cartadh i mo bhlag inné, mo leabhairín beag le mo thaobh agam, agus fáil agam ar an idirlíon, áit agus áis ar féidir eolas a fháil faoi nithe nach raibh ar eolas agam roimhe - ach duine bheith airdeallach ar na foinsí, ar ndóigh, mar a mholtar.

Chonaic mé cúpla rud ar bhlag Bhrian Dhaithí Sheáin a thaitin liom, ceann acu siúd nasc chuig an leagan leictreonach d’fhoclóir Dinneen, an nasc anois agam faoi ‘Cuidiú nó Cruinneas Uait?’, thall ansin, ar thaobh na láimhe deise de mo bhlag, a léitheoirí - féach ‘Foclóir Dinneen’. Súil agam nach miste le Brian go bhfuilim, b'fhéidir, ag, ahem, póitseáil uaidh. Sea.

Mo chuimhne, fuair mé liosta naisc Ghaeilge ó mo chara cuidiúil, Conchúr, in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge i nGaoth Dobhair, bail óna Ché air, agus bhí cuid acu nach raibh agam cheana. Tá ‘Bogearraí na Gaeilge - Liosta K. Scannell’, ‘acmhainn.ie – nuathéarmaí’, agus ‘Canúintí na Gaeilge’ curtha agam anois faoin liosta ‘CnóCu’, chomh maith céanna.

Maidir leis an nasc sin ‘Canúintí na Gaeilge’, feicfidh sibh léarscáil d’Éirinn ar an leathanach sin. Brú ar ainm na Gaeltachta ar mhian libh a canúint a chloisteáil. Tabharfar sibh go dtí an leathanach cuí, ina gcloisfidh sibh cainteoirí ón nGaeltacht sin ag léamh abairtí, nó míreanna, ina gcanúint áitiúil.

Thug mé faoi deara go raibh cnaipe ‘fotha’ agus ‘scaip an scéal seo’ ag Brian ar a bhlag, agus bhí an cnaipe ‘Roinn’ feicthe agam ar leathanaigh Nuacht 24 agus Gaeltacht21 roimhe. ‘Séard a dúirt mé liom féin ‘ba mhaith liomsa ceann acu sin!’, agus, ó tharla mé fiosrach chomh maith le bheith, ahem, santach, thosaigh mé ag cartadh…

Idir léamh leabhairín agus idirlín, tá ‘Lean mo Rámhaille’ agam anois ar thaobh na láimhe deise ansin, más mian libh a leithéid do leanúint a dhéanamh, a léitheoirí.

Agus, más rud go mbuaileann an fonn sibh, nó fiú má bhuaileann, abair, taom buile sibh, beidh sibh in ann mo rámhaille a roinnt le daoine eile, ach brú ar an gcnaipe ‘Roinn’ atá ag bun mo bhlagmhíreanna. Is féidir libh bhur rogha modh roinnte a úsáid, ó tharla liosta ann, ach an cnaipe a bhrú.

Ó tharla mé ag labhairt ar naisc, is aoibhinn liom blag Róislín. Ní raibh a fhios agam, in am, go raibh ‘Lá Déanta Taibhsí Préachán’ (Build a Scarecrow Day) ann ag tús na míosa seo, agus níor éirigh liom ceann a thógáil ag Ceann Scríbe, in am don fhéile, dá thoradh sin. Ah bhuel, b'fhéidir an bhliain seo chugainn...

Agus, más mian libh tuilleadh eolais a fháil ar na ‘Laethanta Saoire i Mí Iúil’, nó fiú más mian libh ciall a bhaint as cothromóid Róislín, ‘GCVN/VN = VA’, cothromóid a bhaineann leis an ainm briathartha agus leis an aidiacht bhriathra, b’fhiú daoibh súil a chaitheamh ar an mír sin uaithi anseo.

Ag gríosú liom, a chairde…
.

No comments:

Post a Comment

 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.