Showing posts with label scríbhneoir. Show all posts
Showing posts with label scríbhneoir. Show all posts

Wednesday, October 13, 2010

Ceardlann Scríbhneoireachta

Le cúnamh ó Foras na Gaeilge, beidh ceardlann scríbhneoireachta ar siúl ag Scríbhneoirí Gaeilge Chiarraí, in Áras na nGael, Sráid Doiminic, Gaillimh, ar an Satharn, 6 Samhain: 10.30a.m. go dtí 5.00p.m.

Ar mhaithe le plé níos fearr agus níos mine a dhéanamh ar scríbhneoireacht na rannpháirtithe teorannófar a líon do dheichniúr.

Táille cláraithe 20 euro; mic léinn 5 euro. (Lón ag 1p.m. san áireamh sa táille).

N.B. Is cóir cóipeanna den saothar atá le plé (3 dhán nó 2,500 focal de ghearrscéal, úrscéal, dráma, aiste léirmheasa nó eile) a sheoladh go dtí: faoin 1 Samhain, i dtreo gur féidir iad a dháileadh ar rannpháirtithe na ceardlainne agus a bheith léite roimh ré ag gach duine.

Stiúrthóirí Ceardlainne:
Pádraig Ó Snodaigh, file & staraí,
Mícheál Ó Ruairc, úrscéalaí
& Pádraig Mac Fhearghusa, eagarthóir FEASTA.

Léamh a saothar dá chéile agus aisfhreagra ó chomhscríbhneoirí atá i gceist. Fáilte roimh scríbhneoirí óga agus scríbhneoirí seanbhunaithe. (Mar réamheolas, tá sé i gceist ceardlann lae a bheith i mBaile Átha Cliath lár Feabhra 2011, agus ceardlann deireadh seachtaine i mBaile Bhúirne lár Meithimh 2011).

Teagmháil: Pádraig Mac Fhearghusa,
43 Na Cluainte, Trá Lí, Co. Chiarraí.
feasta@eircom.net
.


Sunday, October 10, 2010

Vása agus Clog

An rud a thug mé faoi deara faoi cheardlanna scríbhneoireachta, a léitheoirí, ná go dtagann siad idir mise agus codladh na hoíche. Ní roimh an gceardlann a tharlaíonn sé sin, an dtuigeann sibh, ach ina diaidh.

Feictear dom go mbíonn ábhar na ceardlainne ag teacht abhaile liom, é ag dul timpeall i mo chloigeann, mar a déarfá; tobsmaointe ag líonadh m’inchinncheall le hábhar nua scríbhneoireachta. Idir dheireadh na ceardlainne agus am luí ar an lá, ní bhíonn stop leis na smaointe cruthaitheacha.

Aréir, tar éis cheardlann an lae inné, bhí creatlach scéil ag croitheadh a chnámha ar chluasa m’aigne ar feadh na hoíche, rud a d’fhág nach bhfuair mé mórán codlata. Go hiondúil, is cuma liom má tharlaíonn a leithéid oíche Shathairn, ó tharla Domhnach leisciúil romham lá arna mhárach, go minic; ach ní raibh a leithéid de Dhomhnach romham inniu, faraor.

Pé scéal é, vása ba chúis le m’easpa codlata. Sea. Vása. Ceann a bhris, a dúradh linn. Agus, bean a bhris é. Áit éigin. Am éigin. Fágadh fúinn féin na sonraí uilig a líonadh isteach. Leathuair a tugadh dúinn don chleachtadh sin ag an gceardlann. Obair phinn chruthaitheach a bhí ann, agus ba shuimiúil na torthaí uaidh.

D’fhoghlaim mé go leor ón gceardlann i nDoire inné, agus thug mé creatlach scéil abhaile liom ón gcleachtadh leathuaire sin. Sea, creatlach scéil na gcnámh challánach sin a tháinig idir mé féin agus codladh na hoíche aréir.

Faraor, bhí éirí luath romham ar maidin. Faraor eile, bhí mo chlog róghar do mo mhéar, méar a mhúch an clog sula raibh jab an chloig críochnaithe aige, rud a d’fhág bean seo na méire mire deireanach ag éirí. Thit mé i mo chodladh arís, an dtuigeann sibh.

Aidhm an scéil seo atáim ag roinnt libh, a léitheoir? Más rud go bhfuil éirí luath romhat, agus méar mhear agat atá róghar do do chlog, b’fhéidir gurbh fhiú duit ceann acu seo a cheannach.
.

Thursday, September 30, 2010

Na 'Feckers' Sin

Ní gá a dhéanamh ach na ceannlínte a léamh, go bhfeice sibh na dúradáin ag titim.

An é go bhfuil Gortghlanadh III faoi lán seoil, nó an é nach bhfuil ann ach giota spraoi dóibh uilig?

Mo chuimhne, ó tharla go mbím de shíor ag aibhsiú nasc chuig na nuachtáin laethúla, mar atá déanta agam thuas, ba mhaith liom mo bhuíochas a thabhairt do na hiriseoirí uilig as a gcuid oibre ar na míreanna a scríobhann siad, míreanna a roinnimse libhse, a léitheoirí, trí nasc a aibhsiú chucu ar mo bhlag.

Gabhaim mo bhuíochas leo, ó tharla an méid seo thíos léite agam, faoin gcaibidil 'Paddy O'Blog', ag uimhir 39 i leabhar John Waters, ‘Feckers; 50 People Who Fecked Up Ireland’,

‘He considers himself on the same level as journalists who must go out into the world every day, gather information, collect facts, submit themselves to editorial and legal processes, and ultimately take responsibility for every word they write. In fact, a regular theme of his contributions is the idea that he is in the process of supplanting conventional media and making journalists redundant.’

Ouch! An focal sin uaimse, a chairde. An focal é ‘Ouch’ meas tú? Más ea, an focal Béarla nó Gaeilge atá ann, meas tú?

Pé scéal é, i réamhrá an leabhair, tá an méid seo thíos le rá aige faoin bhfocal sin ‘fecker’, agus maith dom úsáid an fhocail mhóir eile sin, ach tá sé san alt aige féin, an dtuigeann sibh,

‘A ‘fucker’ is someone for whom the speaker retains a degree of respect, whereas ‘fecker’ has a hint of dismissiveness about it.

But the word ‘fecker’ retains about its person some element of regard. There is a sense that the accused is, if not exactly admired, at least held in a somewhat exasperated tolerance. A ‘fecker’ is someone who may exhaust the patience but not entirely the affections.
’

Is le gean agam oraibh a roinnim an t-eolas sin libh, a chairde. Bígí, ahem, foighneach liom, le bhur dtoil…
.

Thursday, September 23, 2010

Ceardlann Scríbhneoireachta

Mar eolas daoibhse, a scríbhneoirí, seo thíos an t-eolas a tháing chugamsa ar maidin, maidir le ceardlann i gCiarraí.

'Le cúnamh ó Foras na Gaeilge, beidh ceardlann scríbhneoireachta ar siúl ag Scríbhneoirí Gaeilge Chiarraí san Óstán Meadowlands, Trá Lí, Co. Chiarraí, ar an Satharn, 2 Deireadh Fómhair: 10.00a.m. go dtí 4.00p.m.

Chun gur féidir plé níos fearr agus níos mine a dhéanamh ar scríbhneoireacht na rannpháirtithe teorainneofar a líon do dheichniúr.

Táille cláraithe 20 euro; mic léinn 5 euro. Lón ag 1p.m. san áireamh sa táille.

N.B. Is cóir cóipeanna den saothar atá le plé (3 dhán nó 2,500 focal de ghearrscéal, úrscéal, dráma nó eile) a sheoladh go dtí: feasta@eircom.net
chun gur féidir iad a dháileadh ar rannpháirtithe na ceardlainne agus a bheith léite roimhré ag gach duine.

Stiúrthóirí ceardlainne: Pádraig Ó Snodaigh, file & staraí, Mícheál Ó Ruairc, úrscéalaí & Pádraig Mac Fhearghusa, eagarthóir FEASTA
.'

Beidh mé féin ag freastal ar an gceann seo i gConamara, agus táim ag súil go mór leis.

Agus, ná déan dearmad go bhfuil ceardlann eile ann i nDoire ar an 9 Deireadh Fómhair.

Tá cuidiú ar fáil dár leithéid, mar sin tapaigí an deis, a chairde na bhfocal!

.

Thursday, August 26, 2010

Ceardlann Scríbhneoireachta

An fógra thíos, a tháinig chugam inniu, mar eolas daoibh, a chairde na scríbhneoireachta.

Ceardlann Scríbhneoireachta le Gréagóir Ó Dúill
9ú Deireadh Fómhair
Coláiste Mhig Aoidh, Ollscoil Uladh, Doire

'Beidh Ceardlann Scríbhneoireachta le Gréagóir Ó Dúill á heagrú ag Éigse Cholm Cille san Fhómhar. Ní hamháin gur file ardcháile é Ó Dúill a bhfuil naoi gcnuasach filíochta curtha i gcló aige, is fairsing a chuid taithí ar ábhar scríbhneoirí a oiliúint.

Beidh an cheardlann ar siúl i gColáiste Mhig Aoidh, Ollscoil Uladh i nDoire, 10r.n. - 5.30i.n. ar 9ú Deireadh Fómhair agus costas £20 air.

Beidh an cheardlann dírithe ar dhaoine a bhfuil tús éigin déanta acu ar scríobh cruthaitheach na Gaeilge agus dúil acu níos mó a bhaint amach. Féachfaidh an Dúilleach le cuidiú praiticiúil a thabhairt do na rannpháirtithe, go háirithe i ngné thábhachtach an athdhréachtaithe.

Tá fáilte roimh scríbhneoirí a bhíonn ag scríobh i seánraí éagsúla litríochta, bíodh filíocht, gearrscéalaíocht, úrscéalaíocht, cuimhní cinn, stair áitiúil nó eile i gceist.

Beidh eagarthóir An tUltach, Gráinne Ní Ghilín i láthair le heolas a thabhairt ar dheiseanna foilsithe.
Caithfidh scríbhneoirí clárú roimh ré trí theagmháil a dhéanamh le Gráinne Ní Ghilín (grainne_work@yahoo.ie). Iarrtar orthu sampla dá gcuid saothair a chur ar fáil faoi 24 Meán Fómhair (mar shampla, 3 dhán, gearrscéal, sliocht as úrscéal srl.)

Tuilleadh eolais:
Gráinne Ní Ghilín
Ríomhphost: grainne_work@yahoo.ie .'
.

Thursday, August 5, 2010

scriobh.ie

Tá suíomh úrnua ar an idirlíon, a chairde, ceann nach raibh mise ar an eolas faoi, ar chaoi ar bith, go dtí go bhfuair mé ríomhphost faoi inniu, ó Phádraig Mac Fhearghusa, eagarthóir Feasta.

Mar atá scríofa ar an suíomh,

'Is é atá sa suíomh seo ná cur cíos ar na háiseanna ríomhaireachta agus idirlín is fiúntaí a bhaineann le scríobh sa Ghaeilge atá ar eolas. Ní suíomh litríochta ná a leithéid sin atá i gceist, ach áit ina bhfuil cuntas ar na hacmhainní teicniúla agus eile atá ann a chuidíonn le scríobh na teanga, idir fhoclóirí, litreoirí, agus eile. Má tá tuarascáil, fógra, aiste, litir, ríomhphost, nó eile á scríobh agat, tá gach seans ann go bhféadfá leas a bhaint as an láithreán seo.'

Is togra le Dúrud Teoranta atá ann, le maoiniú faighte acu ó Fhoras na Gaeilge.

Beidh an suíomh, i mo thuairim, ina chuidiú iontach le scríbhneoirí na Gaeilge, go háirithe leo siúd nach raibh ar an eolas faoi na háiseanna ríomhaireachta agus idirlín sin roimhe seo.

Tá an t-eolas uilig le fáil anseo.
.

Tuesday, May 4, 2010

An Chuach ag Eascainí

Níor chuala mé an chuach ar chor ar bith anuraidh, rud nár tharla i mo shaol roimhe sin, chomh fada siar agus atá cuimhne agam, ar aon nós. Níl a fhios agam cén fáth nár chuala mé í. Bhí sí thart, mar chuala an Garraíodóir í, ach is dócha nach raibh mé féin agus í féin amuigh ag spaisteoireacht thart ag an am céanna.

Cibé scéal é, bhí áthas orm í a chloisteáil inné, agus mé i mo shuí ag ól caife na maidine, thíos i gConamara. Chaithfeadh sé go raibh sí ina suí ar chrann, díreach taobh amuigh den doras, mar shíl mé, ar feadh nóiméid, go raibh sí istigh sa teach liom, bhí a glaoch chomh soiléir sin.

Is iomaí cuimhne ó m’óige a thugann gairm na cuaiche chun cinn, ach tá cuimhne amháin, scéal a chuala mé ar Raidió na Gaeltachta geábh, ceapaim, a chuireann chuile chuimhne eile ar an gcuach amach as mo chloigeann, ach amháin an chuimhne seo.

Sílim gurbh é Johnny Choil Mhaidhc a d’inis an scéal ar an raidió, agus tá súil agam nach bhfuilim ag cur focal i mbéal an fhir uasail más rud nach é a d’inis, ach, más buan mo chuimhne, scéal a bhí ann faoi sheal a chaith sé ina leaba agus é tinn, le fuaimeanna an tsamhraidh ag teacht chuige, isteach trí fhuinneog an tseomra.

Lá amháin, bhí an chuach ag gairm léi, í ag ‘cu-cú,cu-cú, cu-cú’áil de shíor taobh amuigh d’fhuinneog Johnny. Mar b’iondúil leis, is dóigh liom gur ag magadh a bhí Johnny agus an scéal seo á insint aige ach, dar leis féin, shíl sé sa deireadh nach ‘cu-cú, cu-cú, cu-cú’ a bhí ag teacht uaithi ar chor ar bith, agus gur ‘fuck you, fuck you, fuck you’ a bhí á rá aici.

Sin an chuimhne atá agam féin, agus tá súil agam go maithfeadh Johnny aon mhíthuiscint uaim, ach ó chuala mé an scéal sin, ní féidir liom gairm na cuaiche a chloisteáil gan eascainí a chloisteáil inti, rud a bhaineann gáire asam fós, díreach mar a bhain an scéal sin gáire asam, an lá úd.

Cúpla bliain ó shin, rinneadh ‘ceiliúradh ar shaol agus ar shaothar Johnny Chóil Mhaidhc Ó Coisdealbha’ ar Ardán anseo, más mian leat tuilleadh dá ghreann a chloisteáil.
.

Monday, February 8, 2010

Éagsúlacht

Táim as baile ó Dé Céadaoin, agus tá fós, gan fáil agam ar leathanbhanda ná ar idirlíon ó d’fhág mé, go dtí anocht, agus mé ar ais i nGaillimh. Ní hé nach raibh leathanbhanda san áit ina raibh mé ó dheas, ach ní raibh sé ar fáil sa teach ina raibh mé ag fanacht, an dtuigeann sibh.

Mar scríbhneoir agus roinnteoir rialta focal, tá sé de nós agam mo smaointe a chur ar mhéarchlár, seachas ar phár, mar a déarfá. Sin mar atá an saol anois, ríomhairí in úsáid againn, go minic, san áit a mbíodh peann agus páipéar in úsáid againn fadó.

Mar chuid den scríbhneoireacht agus smaointeoireacht rannach sin, tá sé de ghnás agam rud beag taighde a dhéanamh ar an idirlíon, b’fhéidir, agus bainim úsáid rialta as focal.ie, dictionary.com, agus wikipaedia.com; gan trácht ar léitheoireacht laethúil a dhéanamh ar láithreáin mo chomhbhlagálaithe.

Ní raibh deis agam a dhath mar sin a dhéanamh gan leathanbhanda, rud a d’fhág an bhean seo ag caitheamh go leor ama ag breathnú thart uirthi, ag tabhairt rudaí áirithe faoi deara, agus ag labhairt le daoine éagsúla.

Agus tá éagsúlacht amuigh ansin, a chairde. Beidh mé i dteagmháil.
.

Monday, February 1, 2010

Ag Roinnt Smaointe

Chuir an méid a scríobh Aonghus ina phíosa anseo maidir le dialanna, agus maidir leis an mblagáil, mo smaointe féin ag rith le lá nó dhó.

Níor choinnigh mé dialann riamh, ach amháin ceann faoi fhorbairt na bpáistí agus iad ag fás aníos, ach is dóigh liom go mba chóir don té atá ag coinneáil dialainne bheith cúramach, ach an oiread le lucht na mblaganna, más rud go bhfuil a dhath pearsanta, ná fiú tuairim, le roinnt acu ar phár. Ní féidir na focail scríofa, ná labhartha, a tharraingt siar, agus ní féidir an toradh uatha a tharraingt siar, ach an oiread.

Chomh maith leis sin, tá seans ann go n-athródh meon an scríbhneora le ham, de réir mar a athraíonn an saol, nó de réir mar a athraíonn saol an scríbhneora, b'fhéidir, rud a d'fhágfadh nach ionann a ndearcadh sa todhchaí, abair, agus an dearcadh a bhíodh acu nuair a roinn siad na smaointe sin ar dtús.

Fiú más fánach smaointe an scríbhneora, ní dochar iad a roinnt, cheapfainn, ach a bheith cúramach faoin méid a roinntear, le nach ngoinfear aon duine, an scríbhneoir féin san áireamh, le focail shearbha, ná le focail mhístuama, más féidir é ar chor ar bith.

Is fiú greim a choinneáil ar an smaoineamh sin, is dóigh liom, agus duine ag roinnt ábhar ar bith ar an idirlíon, ach go háirithe. Is minic tráchtanna feicthe agam ar an idirlíon, focail caite ar phár go fánach, shílfeá, daoine ainmnithe, agus daoine gan ainm go minic, ag roinnt a dtuairimí; cuid acu le nimh, cuid acu le milseacht, cuid acu gonta searbh, cuid acu gonta goilliúnach, cuid acu ciallmhar, cuid acu craiceáilte – ag brath ar do dhearcadh féin, ar ndóigh.

San áit a bhfeicfí nimh ag duine amháin, mar shampla, d’fheicfeadh duine eile ciall; san áit a bhfeicfí fírinne ag duine amháin, bíonn masla ann do dhuine eile. Agus sin mar atá an saol. Chuile dhuine agus a ndearcadh féin acu ar ábhar ar leith, ag am faoi leith ina saol.

Tá leabhar urnaithe agam, leabhair a foilsíodh i 1917, ag Coṁluċt na Fírinne Catoilice, leabhar a thug mo mháthair domsa, leabhar a fuair sise ó mo shean-aintín, leabhar a fuair mo shean-aintín óna deartháir i 1919. Tá rannóg ann, Urnaithe Le Rá Ar Ócáidí Áirithe, agus tá an phaidir seo thíos ann, paidir atá le rá ‘Roimh Labhairt’:

‘A Íosa, a Mhic Dé, a bhí ciúin os comhair Phioláit, ná lig dúinne ar dteanga do luascadh gan smaoineamh ar cad atá againn le rá, agus conas é a rá.’

Áiméan, a deirimse.
.

Monday, October 12, 2009

Black Babe

Ar mo bhealach go Leitir Ceanainn Déardaoin, áit a mbím ag freastal ar cheardlann scríbhneoireachta le cúigear ban eile, chinn mé cúpla rud a cheannach i bPenneys, áit ina bhfuil éadaí saor go maith, dar leis an scríbhneoir cruinneasach seo. Aimsir an ghearradh siar atá ann, an dtuigeann sibh.

D’fhág mé an Black Babe, ainm atá tuillte go maith ag mo charr, in áit shábháilte sa charr chlós ann. Isteach liom go Penneys, agus amach liom deich nóiméad ina dhiaidh sin, le cúpla gúna i mo mhála, iad ceannaithe ar ‘ardaigh orm’ agam, chan ardaithe liom agam, ar fhaitíos aon mhíthuiscint, a léitheoirí.

Bhí an Black Babe romham, í gléasta go hálainn í féin, mar go raibh sí glanta agus snasta agam ní ba luaithe sa lá. Is mór liom mo charr, mar is eol do dhuine ar bith ar m’aithne. Bím ábhairín ábharaíoch ó am go chéile, ach maith dom mo pheaca. Nílim gan locht.

Bheannaigh sí dom chomh luath agus a chuir mé an eochair san áit ba chóir eochair a chur; ‘Cuir ort do chrios!’ mar ordú aici orm, arís is arís eile. Ní stopann sí den fhógairt go dtí go mbíonn mo chrios sábhála orm, an dtuigeann sibh. Carr géilliúil don dlí í, mo Bhlack Babe. Tugann sí aire dom.

Ach, bhí mé dána, agus níor thug mé aire di, mar ba chóir. Bhog mé í amach go réidh, súile tiontaithe ar dheis agam, ó tharla an trácht ag teacht ón treo sin, neamhaird iomlán déanta agam den diabhal de mhullard a bhí i bhfolach ar clé; é cromtha ansin ag fanacht lena dheis cic a thabhairt do charr ar bith a thiocfadh garr dó. An Black Babe bhocht! Thug an mullard cic millteanach di.

Bhí díomá orm, agus ní raibh mé in ann breathnú ar an damáiste, ach thiomáin mé liom go dtí láthair na ceardlainne, fios maith agam go mbeadh orm aghaidh a thabhairt ar an radharc a bhí ag fanacht liom ar thaobh an chairr, chomh luath agus a shroichfinn an láthair sin.

Bhí mé i mo sheasamh ansin, croí briste agus ag cuimilt an Bhlack Babe, a taobh clé scríobtha, ballbhrúite, batráilte, nuair a tháinig beirt de bhaill na ceardlainne a fhad liom, agus sheas siad le mo thaobh.

‘Oh Áine!’ arsa duine acu, ‘that’s a lot of damage.’ amhail is dá mbeadh an t-eolas sin de dhíth orm.

Ar fheiceáil go raibh mé buartha, bhreathnaigh an bhean eile orm, agus le solas an tsóláis, mar dhea, ag bánú ina súile, dúirt sí ‘Look at it this way,’ arsa an bhean,’ it’s metal, not flesh!’.

Beagnach thit mé as mo sheasamh, beatha na n-éag bainte asam, faitíos orm gur chuala an Black Babe na focail sin uaithi.

Ciníochas déanta, gan dabht!
.

Friday, September 18, 2009

Fear Teanga

An bhfuil a fhios agaibh, a léitheoirí, ach rinne mé rud aréir a gheall mé dom féin go ndéanfainn ó bhí mé óg. Ní inniu ná inné a bhí mise óg, bíodh a fhios agaibh. Sea, táim i bhfad níos sine anois ná mar a bhíodh mé agus mé i m’óige. Sin an saol. Níl leigheas air. Caithfear ligean leis na blianta dul thart, mar is iondúil leo a dhéanamh. Ní féidir iad a stopadh, fiú dá mbeadh duine ag iarraidh iad a stopadh, rud nach bhfuil uaim, le bheith fírinneach faoi. Ní miste liom m’aois. Is mór an mhaith sin, is dócha.

Anois, cá raibh mé? Oh sea, an rud sin aréir. Is dócha gur thug mé faoi deara go raibh an fonn orm agus mé ag dul isteach sa mheánscoil. Bhí mé aon bhliain déag d’aois, nó mar sin, agus bhí mé i ngrá, creid é nó ná creid, le scríbhneoireacht. Is grá é a mhair ar feadh mo shaoil, ach a cuireadh i leataobh nuair a tháinig an grá mór eile sin, an Garraíodóir, isteach i mo shaol. Choinnigh seisean mo chuid aire dírithe airsean, agus ar an teaghlach a chuir sé faoi mo chúram, go dtí le gairid.

Ar ndóigh, tá m’aire dírithe airsean fós, ach tá na páistí bailithe leo agus tá am agam le haghaidh mo chéad ghrá arís. Tuigeann an Garraíodóir é seo, agus tá sé sásta mé a roinnt. Fear tuisceanach. Tá a fhios aige go maith nach féidir an rud atá sa nádúr a stopadh, ná fiú srian a chur air, ná orm. Fear ciallmhar.

Le scéal fada a dhéanamh den scéal nach raibh in ainm agus a bheith chomh fada seo, d’fhreastail mé ar cheardlann scríbhneoireachta aréir; Short Story Creative Writing Workshop, lena ainm ceart a thabhairt dó. Bhí cúigear ban eile ann, agus fear an tí é féin – stiúrthóir na ceardlainne, chan an Garraíodóir. Chaitheamar an chéad pháirt den oíche ag cur aithne ar a chéile, agus ag dul i dtaithí ar mhodh oibre na ceardlainne. Uair an chloig caite.

Sa dara cuid den oíche, bhí orainn píosa scríbhneoireachta a dhéanamh. Cúig nóiméad caite. Sea, sin mar a tharla sé. Thug an stiúrthóir téama dúinn, siúlóid faoin tuath, agus dúirt ‘off you go until I say stop’. Ní raibh deis againn fiú anáil a tharraingt, ach ár gcloigne a chromadh ar an bpíosa páipéir os ár gcomhair agus iad a mhaisiú le focail. Cúig nóiméad ina dhiaidh sin, nó mar sin, chualamar ‘okay, you can stop now, and you may read them out for me now’.

Anois, tá a fhios agaibh go mbímse ag rámhaille, a léitheoirí, agus sin go díreach a rinne mé agus mé ag maisiú liom, gan stró, ar feadh chúig nóiméad, focail áiféiseacha á scríobh agam faoi dhaoine samhailteacha. Roinn mé an scéal rámhailleach áibhéalach sin leis an stiúrthóir agus leis na mná. Rinne mé amhlaidh leis an nGarraíodóir ar filleadh abhaile dom ní ba dhéanaí.

“You don’t mean to tell me you read that out to them?” a d’fhiafraigh sé, ar chloisteáil na focail ‘it reminded her of her dull dreary first husband’ ag teacht go bródúil as mo bhéal; na focail sin mar chuid den phíosa cruthaitheach samhailteach sin a scríobh mé, an dtuigeann sibh, a léitheoirí ciallmhara cliste.

“Why, what’s wrong with it?” a d’fhiafraigh mé féin, stad tobann curtha leis na focail bhródúla chruthaitheacha, iad imithe in aimhréidh teann suaite.

“They might think you’re talking about me!” arsa an t-aon fhear céile a bhí riamh agam.
.

Sunday, August 23, 2009

Scríbhneoirí Óga Úra

Tháinig bronntanas deas sa phost inné ó Heather Brett as Windows Publications, dream a d’fhoilsigh cuid de mo dhánta féin cúpla bliain ó shin.

‘Towards a Wilderness’ an t-ainm atá ar an leabhar a chuir sí chugam, ‘an anthology of young people’s work’ nó ‘a new anthology of student writings and artwork’ mar atá scríofa ar an leabhar.

I mBéarla atá formhór na ndánta, ach tá roinnt acu i nGaeilge freisin, agus is fiú iad uile a léamh le meon an aosa óig, trí mheán a gcumadóireachta, a fheiceáil.

Céard faoin gceann seo ó Emma Brady, aois 13:

Bean an Fheirmeora

Tá bean an fheirmeora
Tinn tuirseach den saol
Ní dhéanann sí tada ach
Ag ullmhú bia
Ag sclábhaíocht
Ó mhaidin go hoíche

Ba mhian léi imeacht
Ón aonach, ón bhfeirm
Ón gcath
B’fhéidir go maolófaí an phian
In áit éigin ar nós an Spáinn
B’fhéidir go mbeadh
Seans aici sa Fhrainc

Scaoilfeadh stáitse “Broadway”
Saor í as a géibheann
Ina raibh sí sáinnithe
Ó phós sí an feirmeoir
A mheall í tráth

Suimiúil, nach bhfuil? Anois, féach an ceann seo ó Morrison Forde, aois 11:

Girls

They’re nice and soft and pink
And encourage me to wink!
They’re smart, they’re cool, they’re witty
And there’s no doubt born pretty.
They’re everywhere that I seem to go
There’s lots about them I’d like to know.
But I’m too young to understand
What it is that they’ve got planned.
So I’ll stick with my mates for now
Because that’s all my mom will allow.
No matter what my mom may think
I can’t resist an occasional wink!

Anois, más rud nach bhfuil tú gealgháireach tar éis an dán sin a léamh, maithim do mo dhóigh!

Tagann teideal an leabhair ón dán ‘Towards a Wilderness’, dán a scríobh Ciaran O’Rourke, aois 17, leaid a bhain an New Writer Award ag an Cúirt Festival i mbliana.

Go n-éirí go geal, agus go gealgháireach, lenár scríbhneoirí óga úra uile!

Gach eolas faoin leabhar le fáil ó Windows Publications, atá faoi chúram díograiseach Heather Brett agus Noel Monahan.
.

Friday, August 14, 2009

An Dé Deiridh

An Garraíodóir bocht! Níor thug mé aird dá laghad air, ná aire dó, agus muid ar ár mbealach ar ais go Dún na nGall Dé Céadaoin. Bhí mo shúile go hiomlán dírithe agam ar Joe Steve Ó Neachtain, é idir mo dhá láimh agam agus ní raibh mé ag dul ag scaoileadh leis go dtí go mbeadh mo sháith dá shaothair léite agam. Ar ndóigh, ní hé Joe Steve féin a bhí idir mo lámha agam, an dtuigeann sibh, ach a leabhar dánta, An Dé Deiridh, leabhar a bhí ceannaithe agam ní bá luaithe sa lá i nGaillimh.

Más rud go bhfuil neamh ar thalamh, is ann a bhí mé ar an turas sin; mo chloigeann sáite i leathanaigh an leabhair, mo dhé féin ag sú a shaibhris teanga, mé faoi dhraíocht ag a chumas cumadóireachta, mo chroí faoi bhorradh agus biseach ag a bhriathra, briathra a mhúnlaigh sé as créfhocail a dhúchais.

Is cuimhin liom an chéad uair a bhuail mé le Joe Steve. Tharla sé go raibh mé i nGaillimh, ag freastal ar léachtaí san Ollscoil ansin, i Mí an Mhárta anuraidh. Bhí Oíche Fhilíochta ar siúl ag Éigse an Spidéil ‘Biddy Jenkinson agus go leor filí áitiúla’ ag teacht le chéile i mBialann an Bholuisce ann. Suas liom ar mo chapall (bhuel, isteach liom i mo charr, i ndáiríre, ach bhí an Wild West ag glaoch orm, an dtuigeann sibh) agus siar liom ar an Spidéal.

Bhí an áit lán go doras, Joe Steve ina Fhear an Tí, filí fealsúnacha ag roinnt a bhfocal go flaithiúil ar feadh na hoíche. Neamh ar thalamh arís. Ag am sosa, tháinig Joe Steve i mo threo, chuir ceist orm ar mé a bhí ann. Nuair a dheimhnigh mé gur mé a bhí ann gan dabht, d’iarr sé orm mo dhán 'Ciara na Gruaige Rua' a roinnt leis an lucht éisteachta, dá mba mhian liom.

Ba mhór liom an cuireadh uaidh, agus rinne mé amhlaidh, cé go raibh mo dhá ghlúin ag bualadh i gcoinne a chéile teann neirbhíse. Ba mhinic mo dhánta roinnte agam le lucht éisteachta sna Dúnaibh, i nDoire, i Leitir Ceanainn, agus in Inis Eoghain, ach ba é seo an chéad uair agam á roinnt os ard le mo dhream féin. Ach d’éirigh liom gan óinseach iomlán a dhéanamh díom féin, agus ní dhéanfaidh mé dearmad go brách ar na focail thacúla agus spreagúla a roinn Joe Steve liom ina dhiaidh sin. D’fhág sé uchtach san áit ina mbíodh amhras liom, an cineáltas uaidh chomh nádúrtha dúchasach lena shaothar.

I bhfianaise ar an méid sin uaim faoi Joe Steve Ó Neachtain, seo chugaibh an véarsa deireanach óna dhán ‘Claíocha’, óna leabhar dánta iontach ‘An Dé Deiridh’:

‘Leagaim láimh le cion
Ar chlaí
A bhfuil féasóg liath
Le haois ar a aghaidh,
Is mothaím giúin
Ón nglúin a rinne:
nach n-iompaíonn nádúr
a chúl
le cine.’

An Dé Deiridh
Joe Steve Ó Neachtain
Cló Iar-Chonnachta
ISBN 978-1-905560-37-0
.

Saturday, August 1, 2009

Focail liom, focail leat.

Is maith liom focail. Is mór an mhaith é sin. Tá siad chuile áit. Rámhaille ag réabadh istigh i mo chloigeann, mise i gcomhluadar na bhfocal.

B’fhéidir go gceapfaidh sibhse go bhfuilimse rud beag craiceáilte, ach tugaim rudaí faoi deara i bhfocail, ó am go chéile, nach bhfeicfeadh daoine eile, seans. Nuair a tharlaíonn sé go dtugaim rud faoi deara i bhfocal, rud nach mbaineann le gramadach ná le comhréir ná a dhath mar sin, is féidir leis iontas nó alltacht a chur orm, ag brath ar an rud a tharraing m’aire, an dtuigeann sibh.

Mar shampla, tá an focal ‘uasal’ millte orm ó thug mé faoi deara an focal ‘asal’ sáite istigh ann. Focal uasal a bhíodh ann domsa, tráth den saol, ach ní fheicim ach ‘asal’ ag breathnú amach orm nuair a fheicim é anois. Millte orm, atá sé.

Bígí ag gáire más mian libh, ach bíodh a fhios agaibh go bhfaca mé an focal ‘ifreann’ in ‘Aifreann’ chomh maith céanna, agus nílim róchinnte nach diamhaslú de shaghas éigin atá déanta agam ó rinne mé é sin. Ní cúis gháire é sin ar chor ar bith, mar d’fhéadfaí an dlí a chur orm, agus gan locht agam air! Ní d’aon turas a dhéanaim é, an dtuigeann sibh. Ní tallann é, deirtear liom, ach teagmhas de shaghas éigin, nach bhfuil nádúrtha, deirtear. Go bhfóire Cé orm!

Seachain iad, a deir tú! Seachain na focail! Tá sé deacair iad a sheachaint. Tá focail chuile áit. Fiú dá mbeadh duine ag iarraidh iad a sheachaint, cén chaoi a ndéanfá é sin? D’fhéadfá do bhéal a dhúnadh agus ní bheadh na focail in ann éalú. Ach chloisfeá iad ó bhéal daoine eile, nach gcloisfeá? Ócé, d’fhéadfá do lámha a chur ar do chluasa agus ní fhéadfá na focail a chloisteáil ansin. Ach céard faoi na focail sin atá scríofa chuile áit? Céard? D’fhéadfá do shúile a dhúnadh, freisin. Ócé.

Fan go bhfeice mé anois. Tá tú i do sheasamh ansin, do bhéal dúnta, do lámha ar do chluasa, do shúile dúnta agat. An bhfuil na focail imithe? Tá siad ann fós, nach bhfuil! Tá siad istigh i do chloigeann, iad ag réabadh leo, ag caint leat i gcónaí. Ní féidir leat é sin a shéanadh.

Sea. Tá tú díreach cosúil liomsa. An gceapann tú go bhfuil mise craiceáilte anois…
.

Thursday, July 30, 2009

Beannacht na gCuairteoirí

Tá dream cuairteoirí díreach ar shiúl, agus an teach le réiteach agam anois don chéad dream eile atá ag teacht ar an Satharn. Is mór liom cuideachta mo chuairteoirí, cé nach mbíonn deis agam aon scríbhneoireacht a dhéanamh nuair a bhíonn daoine thart. Bíonn na laethanta leo lán go béal, ag turasóireacht, ag ithe agus ag ól, agus ag comhrá. Is é mo thuairim, cibé faoin scríbhneoireacht, gur fiú am a chaitheamh le daoine, go háirithe leo siúd a chuireann go mór le do shaol.

Feictear dom, agus mé ag comhrá le mo chuairteoirí, daoine atá páirteach i mo shaol cé nach bhfeicim iad go rómhinic, nach mbeadh mo shaol iomlán gan iad. Tá siad sa chúlra go minic, ach is gearr uatha an bóthar a thabharfadh chuig mo thaobh iad dá mbeadh gá leis sin; dá mbeadh tacaíocht uaim, dá mbeadh ócáid le ceiliúradh, dá mbeadh ócáid le cásamh.

Tá siad ag teacht, dream i ndiaidh dreama, ag roinnt aoibhneas mo thí nua liom féin agus leis an nGarraíodóir. Tá chuile chuairt ag cur le stór na gcuimhní cinn. Tá siad ag beannú Ceann Scríbe.

Dán beag uaim:

Ó Theach go Teach

An Seanteach

Ballaí balbha maol
Tais
Ag fágáil slán
Le breacadh na beatha
Agus téagar na dúigh dofheicthe
A scríobh scéalta na staire
Ó thaisce an teaghlaigh
A chum na cuimhní cinn
A bhéarfaidh siad leo

An Teach Nua

Ballaí balbha réidh
Tirim
Ag feitheamh
Le breacadh na beatha
Agus taise na dúigh dofheicthe
A scríobhfaidh scéalta an todhchaí
Ó thaisce an teaghlaigh
A chumfaidh na cuimhní cinn
A bhéarfaidh siad leo
.

Tuesday, June 30, 2009

Fulaingt

Tháinig an tubaiste aniar aduaidh orm. Ní raibh mé ag súil leis. Nuair a smaoiním air, bhí na comharthaí ann, ceart go leor. Níor thug mé aird orthu. Mar gheall air sin, bhain sé preab asam nuair a tharla sé. Bhí a fhios ag an nGarraíodóir, chomh luath in Éirinn agus a d’fhill sé ón ngalf Dé Domhnaigh, go raibh rud éigin cearr. Bhí uafás an scéil le léamh ar m’aghaidh.

Bhí mé i mo shuí os comhair an ríomhaire agus, dar leis, bhí mo lámha ag croitheadh. “It’s just the initial shock, Áine. You’ll get over it. These things can be fixed.” a dúirt sé, tar éis mo scéal a chloisteáil. Chuir sé a dhá lámh timpeall orm, mo tharraingt chuige le barróg a thabhairt dom a mhaolódh mo phian, dar leis. Ní raibh aon mhaith ann. Agus bhí a fhios aige é sin go rímhaith.

Tá rudaí sa saol seo ar féidir a bpian a mhaolú, créachtaí agus cnámha briste 's a leithéidí, ach nuair a théann ríomhaire an scríbhneora ar stailc, nuair nach mbogfaidh sé cnaipe ná litir don scríbhneoir sin, níl aon bharróg ar domhan sách mór leis an bpian sin a mhaolú. Idir an dá linn, fanacht agus leigheas, tá fulaingt.
.

Thursday, June 4, 2009

Blagálaí Eile

Glór nua eile ag blagáil linn: Thall is Abhus, agus fearadh na fáilte roimhe! Mo bhuíochas do Dennis, as mé a chur ar an eolas faoin mblagálaí nua seo.

Tabharfaidh sibh faoi deara, a léitheoirí, go bhfuil rud nua eile foghlamtha agam ó Leabhar na nAmadán agus na nÓinseach - táim anois ag 'Adding links to blog posts'.

Mar a fheiceann sibh ó na nascanna aibhsithe thuas, táim ag cleachtadh liom. Bean le bréagán nua, an dtuigeann sibh...
.

Saturday, May 30, 2009

An Nasc Sin Eadrainn

Déanaim iarracht rud beag a scríobh gach lá, go hiondúil ar maidin, sé sin le rá nuair a thugann Sióg cead dom. Is minic é, mar a bhí ar maidin, ina shuí ar an ríomhaire glúine mar a bheadh sé ag rá “Is ormsa ba chóir d’aird a bheith dírithe”. Nuair nach dtugaim aird air, déanann sé iarracht mo mhéara a bhaint de na heochracha. Éiríonn leis sin a dhéanamh go minic. Mar is eol daoibh, a léitheoirí cliste, is láidre i bhfad cúig chrúb bhioracha ag scríobadh ná deich méar ag clóscríobh.

Ní bhím díomhaoin, mar sin féin, mar tosaím ag léamh Leabhar na nAmadán agus na nÓinseach, nó léim, mar a rinne mé ar maidin, an t-eolas sin a fhaighim ón nasc sin eadrainn, Deartháir Mór. Táim fós ag foghlaim, an dtuigeann tú. Ón leabhar, agus ón nasc sin. Ar aon nós, táim ag teacht i dtaithí orthu. Ar maidin, ó tharla go raibh na crúba ag troid le mo mhéara arís, chuaigh mé ag útamáil le Deartháir Mór.

Is suimiúil an t-eolas atá le fáil ann. Insítear dom, sa Summary, go dtagann, ar an meán gach lá, ochtar go rialta ar cuairt ar mo bhlag, agus deichniúr eile, as an nua, ar a sála. De thimpiste a thagann cuid acu, na daoine nua sin. Ní hé go n-insíonn D.M. dom gur de thimpiste a thagann siad, ach is léir ón eolas atá le fáil in Recent Keyword Activity gur mar sin a bhíonn.

Mar shampla, déanann líon mór daoine googláil ar na focail ‘Córas Creidiúnaithe D’Aistritheoirí’ agus, cé nach mise a bhíonn siad a chuardach, tá alt den teideal sin agam ar mo bhlag agus téann daoine isteach ann ag ceapadh go bhfuil baint éigin aige le treoracha do scrúdú Fhoras na Gaeilge, is dócha. Ní fhanann siad i bhfad. Aiféala orm faoi sin, a Fhorais.

Léitear, ar an meán, 57 leathanach ar an mblag gach lá, ach ní mar an gcéanna an scéal aon lá. Dé Luain seo caite, tháinig 22 duine ar cuairt chugam, an t-ochtar rialta sin agus 14 léitheoir nua ina gcuideachta, agus léigh siad 88 leathanach eatarthu. Ná fiafraigh díom cén chaoi ar féidir le D.M. na leathanaigh sin a chomhaireamh ach tá bealaí aige nach bhfuilimse ar an eolas fúthu. Ní bleachtaire mé, a deirim. Ach táim fiosrach, a deir tú.

Má bhreathnaím ar an Recent Visitor Map, tá na balúin dhearga le feiceáil ar fud na cruinne, an chuid is mó acu in Éirinn. Fáilte romhaibh uile!

Ó thosaigh mé ag bladaireacht ar an mblag, nó ag bleachtaireacht más fearr leat an téarma sin, tá 2,065 de mo leathanaigh léite agaibh. Go raibh maith agaibh! Insíonn Popular Pages dom gur fearr libh ‘Cailleach na Comhairle’ agus ‘Sióg sa Teach’ seachas aon scéal eile go dtí seo. Insíonn Came From dom go dtagann go leor agaibh ó bhlaganna eile chugam, mo bhuíochas ag dul chuig na blagálaithe sin a choinníonn m’ainm ar a mblaganna, agus a chuireann daoine eile ar an eolas fúm. Maith sibh, a chomhbhlagálaithe!

De réir an eolais atá le fáil in Exit Link, fágann formhór agaibh mo bhlag tar éis mo phróifíl a léamh, nó téann sibh anonn go dtí Con in iGaeilge, ach tá go leor agaibh ag fágáil tar éis ábhar i ‘Cuidiú nó Cruinneas uait’ a léamh, na naisc eolais sin atá ar an imeall agam ar mo bhlag. Is maith liom go dtarlaíonn sé sin. Is foghlaimeoirí muid uile, agus is maith an rud an t-eolas a roinnt eadrainn.

Ach ní insíonn D.M dom cé sibh féin, cé go n-insíonn sé dom cé chomh minic agus a thagann sibh ar ais, nó insíonn sé dom más é an chéad uair é agat ar mo bhlag. Cén mhaitheas atá ann domsa? Táim ag foghlaim, agus ag roinnt eolais leo siúd atá chomh haineolach liom féin. Ní dochar an t-aineolaí a chur ar an eolas faoin eolaí.
.

Tuesday, May 26, 2009

Deartháir Mór

Ó am go chéile, téim i dteagmháil le mo Dheartháir Mór, an nasc sin a insíonn dom cén sórt tráchta atá ag tarlú ar mo bhlag. Ní insíonn sé dom cé sibh féin, agus ní féidir brath go hiomlán air mar áis mar go bhfuil bealaí ann, is cosúil, le sonraí a athrú ar ríomhairí pearsanta le nach mbeidh a fhios ag an léitheoir cé as a dtagann an trácht fiú. Agus tá an ceart sin ag daoine.

Ar aon nós, bainim sult as an eolas a roinneann sé liom, agus níl suim dá laghad agam cé sibh féin, a fhad agus go bhfuil sibh ag baint suilt as an mblag, agus go bhfuil sé ag cur le bhur saol, ar bhealach amháin nó ar bhealach eile. Tá a fhios agam go bhfuil sé ag cur le mo shaolsa, ag cuidiú liom go mór mar go gcuireann sé iallach orm súil a choinneáil ar an ngramadach ann, agus srian a choinneáil ar mo thuairimí fiáine.

Ní hé go bhfuil mo thuairimí fiáin, go díreach, ach is liomsa iad agus déanaim iarracht iad a roinnt gan cion a dhéanamh ar aon duine. Aiféala orm má dhéanaim cion ort, a léitheoir, ach bíodh a fhios agat nach é sin mo mhian ná m’aidhm. Níl uaim ach go mbeadh glór eile, glór na mná meánaoisí, ag cur leis an bplé spleodrach, agus á dhéanamh sin trí mheán na Gaeilge.

Mar sin féin, bíonn fearg orm ó am go chéile, go háirithe nuair a chloisim rud éigin a chuireann olc orm, agus bíonn orm srian a choinneáil ar mo smaointe go dtí go mbím réidh le hiad a roinnt go ciallmhar, agus le cúram, más féidir liom ar chor ar bith. Aréir, tar éis scéal Mhíchíl a chloisteáil ar Questions and Answers, bhí mé iomlán scriosta; mo chroí ag briseadh, mo smaointe ag réabadh, m’fhearg ag méadú.

Bhí Deartháir Mór eile ag obair san am a caitheadh, feictear dom, agus tá sé fós ag cuidiú leo siúd a bhí taobh thiar den mhí-úsáid a tharla. Tá sleamhnú agus sciorradh fós ar bun ag na ciontóirí, iad fós ag cur leis an scrios a rinne siad ar na páistí sin atá anois ag streachailt, mar dhaoine fásta, leis an méid a tharla dóibh. Is mór an náire sibh, a chiontóirí, agus is mó arís an náire sibhse, a lucht taca na gciontóirí. Is fearr a d’fheilfeadh an teideal ‘locht taca’ daoibh. Sin mo thuairim.
.

Friday, May 22, 2009

Blagáil

Tá go leor rudaí a thaitníonn liom faoin mblagáil seo. Nuair a scríobhaim alt nó dhó, táim ag coinneáil na Gaeilge beo i mo chloigeann, agus cuireann sé iallach orm súil a choinneáil ar an ngramadach – bíonn sí de shíor ag éalú uaim!

Nuair a léim na hábhair atá scríofa ag blagálaithe eile, táim ag foghlaim liom uatha. Feicim focail nach raibh ar eolas agam cheana, agus téim isteach in WinGléacht, nó ar focal.ie á gcuardach, nó ag cuardach a mínithe is cirte a rá. Ansin, faighim greim ar na focail nua, agus bím á múnlú i mo chloigeann agus á gcur in abairtí nua a chumaim féin, le go bhfaighimid aithne ar a chéile. Ar ndóigh, is minic a dhéanaim dearmad orthu ina dhiaidh sin, ach nach ionann an scéal le daoine a thagann isteach inár saol go sealadach? Mar sin féin, aithneoidh mé iad arís, an chéad uair eile a chastar sinn ar a chéile.

Roinneann blagálaithe scéalta pearsanta. Is deas sin, go háirithe agus iad ag insint na scéalta greannmhara óna bpáistí; na ráitis shoineanta sin a thagann go nádúrtha as béal an duine óig, páistí nach bhfuil fós eolach ar chonstaicí, agus nach bhfeiceann rompu ach féidearthachtaí. Tugaim faoi deara go bhfuil fir ag scríobh go hionúineach faoina bpáistí, agus is deas sin a fheiceáil. Meas tú an raibh na mothúcháin sin ag fir riamh ach nach raibh deis acu iad a chur in iúl? Cibé scéal é, is maith ann an comhionannas, agus is maith ann na blaganna ina bhfeicim é ag bláthú.

Ar ndóigh, tá saol na polaitíochta faoi bhláth chomh maith céanna, nó chomh holc céanna, ag brath ar do thuairim. Agus roinntear na tuairimí go fial, agus go fiáin in amanna. Níl dochar san fhiántas sin, a fhad is nach bhfuil sé mí-ómósach agus nach ghointear aon duine le mí-úsáid focal. Ach, sin mo thuairim, agus tugann an bhlagáil deis dom mo thuairimse a roinnt freisin. Is maith ann iad. Na tuairimí agus na blaganna.
.
 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.