Showing posts with label Gort an Dúchais. Show all posts
Showing posts with label Gort an Dúchais. Show all posts

Sunday, August 29, 2010

Sámhaí Rámhailleach


Táim i mo shámhaí le seachtain, a léitheoirí.

Ní raibh mé ag iarraidh bheith ar an tolg, an dtuigeann sibh. Mar a luaigh mé cheana, tagann laethanta mar iad aniar aduaidh orm, ó am go chéile, ach sin mo thriail, agus ní crua an triail orm é, caithfidh mé a admháil.

Bhí mé ar mo sháimhín só ar an tolg anseo. Roinn mé rámhaille nó dhó libhse, agus bhí deis agam m’aighneacht chuig an CSA a chríochnú, agus a sheoladh. Níl a fhios agam an ndéanfaidh sí aon mhaith, mar aighneacht. Ní saineolaí mise ar an ábhar, ar chor ar bith, bíodh a fhios agaibh. Níl ionam ach, ahem, foghlaimeoir fadtréimhseach.

Mar sin féin, b’fhearr liom bheith páirteach san athbhreithniú, ar a laghad, seachas bheith de shíor ag gearán faoi éagsúlacht na gcanúintí, agus faoi eisceachtaí an chaighdeáin. Éist leis na canúintí, agus cuir slacht ar an gcaighdeán. Sin mo thuairim.

Cibé scéal é, agus mé i mo shámhaí rámhailleach, d’airigh mé uaim mo shiúlóidí. Bhí áthas orm gur fhill m'fhuinneamh ar maidin, agus go raibh mé in ann bualadh chun bóthair arís, ar lá álainn gréine, gaofar, bríomhar.

Thug mé faoi deara, agus mé ag siúl trí Pháirc na Súilí inniu, go bhfuil na duilleoga ag titim go fras, agus san áit ina raibh cosán tarra romham an tseachtain seo caite, bhí bóthar órga romham ar maidin.

Go mba hé don Ghaeilge.
.

Friday, August 14, 2009

An Dé Deiridh

An Garraíodóir bocht! Níor thug mé aird dá laghad air, ná aire dó, agus muid ar ár mbealach ar ais go Dún na nGall Dé Céadaoin. Bhí mo shúile go hiomlán dírithe agam ar Joe Steve Ó Neachtain, é idir mo dhá láimh agam agus ní raibh mé ag dul ag scaoileadh leis go dtí go mbeadh mo sháith dá shaothair léite agam. Ar ndóigh, ní hé Joe Steve féin a bhí idir mo lámha agam, an dtuigeann sibh, ach a leabhar dánta, An Dé Deiridh, leabhar a bhí ceannaithe agam ní bá luaithe sa lá i nGaillimh.

Más rud go bhfuil neamh ar thalamh, is ann a bhí mé ar an turas sin; mo chloigeann sáite i leathanaigh an leabhair, mo dhé féin ag sú a shaibhris teanga, mé faoi dhraíocht ag a chumas cumadóireachta, mo chroí faoi bhorradh agus biseach ag a bhriathra, briathra a mhúnlaigh sé as créfhocail a dhúchais.

Is cuimhin liom an chéad uair a bhuail mé le Joe Steve. Tharla sé go raibh mé i nGaillimh, ag freastal ar léachtaí san Ollscoil ansin, i Mí an Mhárta anuraidh. Bhí Oíche Fhilíochta ar siúl ag Éigse an Spidéil ‘Biddy Jenkinson agus go leor filí áitiúla’ ag teacht le chéile i mBialann an Bholuisce ann. Suas liom ar mo chapall (bhuel, isteach liom i mo charr, i ndáiríre, ach bhí an Wild West ag glaoch orm, an dtuigeann sibh) agus siar liom ar an Spidéal.

Bhí an áit lán go doras, Joe Steve ina Fhear an Tí, filí fealsúnacha ag roinnt a bhfocal go flaithiúil ar feadh na hoíche. Neamh ar thalamh arís. Ag am sosa, tháinig Joe Steve i mo threo, chuir ceist orm ar mé a bhí ann. Nuair a dheimhnigh mé gur mé a bhí ann gan dabht, d’iarr sé orm mo dhán 'Ciara na Gruaige Rua' a roinnt leis an lucht éisteachta, dá mba mhian liom.

Ba mhór liom an cuireadh uaidh, agus rinne mé amhlaidh, cé go raibh mo dhá ghlúin ag bualadh i gcoinne a chéile teann neirbhíse. Ba mhinic mo dhánta roinnte agam le lucht éisteachta sna Dúnaibh, i nDoire, i Leitir Ceanainn, agus in Inis Eoghain, ach ba é seo an chéad uair agam á roinnt os ard le mo dhream féin. Ach d’éirigh liom gan óinseach iomlán a dhéanamh díom féin, agus ní dhéanfaidh mé dearmad go brách ar na focail thacúla agus spreagúla a roinn Joe Steve liom ina dhiaidh sin. D’fhág sé uchtach san áit ina mbíodh amhras liom, an cineáltas uaidh chomh nádúrtha dúchasach lena shaothar.

I bhfianaise ar an méid sin uaim faoi Joe Steve Ó Neachtain, seo chugaibh an véarsa deireanach óna dhán ‘Claíocha’, óna leabhar dánta iontach ‘An Dé Deiridh’:

‘Leagaim láimh le cion
Ar chlaí
A bhfuil féasóg liath
Le haois ar a aghaidh,
Is mothaím giúin
Ón nglúin a rinne:
nach n-iompaíonn nádúr
a chúl
le cine.’

An Dé Deiridh
Joe Steve Ó Neachtain
Cló Iar-Chonnachta
ISBN 978-1-905560-37-0
.

Saturday, July 25, 2009

Preab agus Geit ag teacht Aniar Aduaidh Orm

Baintear preab asam ó am go chéile. Ní hé go bhfuil córas mo néaróga rud beag as ord, cé go bhfuil daoine ann a cheapann go bhfuil, is dócha, ach tagann rudaí aniar aduaidh orm in amanna, nó baineann siad geit asam. Tarlaíonn a leithéid nuair nach mbíonn duine ag súil le rud, an dtuigeann sibh. Ach ní hionann iad, an phreab, an gheit agus an aniar aduaidh sin.

Mar shampla, bhain Con geit asam inné. Siúd liom isteach chuig iGaeilge, ag tabhairt aire do mo ghnóthaí féin, agus ag iarraidh aire a thabhairt do ghnóthaí daoine eile, nuair a baineadh preab asam. Bhí íomhá nua thuas ar a bhlag ag Con, agus tháinig sí aniar aduaidh orm. Bhain sé preab asam. San áit a mbíodh pictiúr beag bídeach dó féin thuas aige roimhe, bhí aghaidh bhreá mhór shoiléir ag breathnú amach orm. Shílfeá gur baineadh rud beag de gheit as Con é féin, mar a bheadh iontas air gur tháinig mé ar cuairt chuige ar chor ar bith.

Ar ndóigh, tagann rudaí aniar aduaidh orainn uile, ó am go chéile. Nuair a bhásaigh Michael Jackson, mar shampla, tháinig an scéal sin aniar aduaidh orm, ach níor bhain sé preab ná geit asam. Ní raibh mé ag súil lena bhás ach, mar sin féin, níor stop mé de phreab nuair a chuala mé é, cé gur stop mé, ach ní de gheit a rinne mé é sin. Bhí mé ag scuabadh an urláir ag an am, tháinig an scéal ar an teilifís, agus stop mé go gcloisfinn é. Ní raibh preab ar bith i gceist, agus níor baineadh geit asam. Bhí ord ar mo néaróga.

Ach, bhí mé ar an leaba le tinneas ní ba dheireanaí sa tseachtain, ag breathnú ar an teilifís, an cheolchoirm chuimhneacháin a chuir clann Mhicheal Jackson le chéile sa Staples Centre á craoladh beo ag an am. Bhí mé ag tabhairt leathchluas d’óráid Berry Gordy, bunaitheoir Motown Records, nuair a baineadh geit asam. ‘Michael was constantly trying to top himself.’ a chuala mise, agus beag nár thit mé as mo sheasamh, ach níor thit mar go raibh mé i mo luí ag an am, an dtuigeann sibh.

An é go raibh Berry Gordy ag insint dúinn go raibh sé de nós ag MJ iarrachtaí rialta a dhéanamh lámh a chur ina bhás féin, agus an é go raibh Berry á rá seo os comhair an domhain mhóir!? Tháinig an scéal sin aniar aduaidh orm. Beag nár léim mé de phreab as an leaba, go roinnfinn an scéal leis an nGarraíodóir. Chuir tinneas stop leis an bpreab sin.

Ach, ar ndóigh, ní hé sin a dúirt Berry ar chor ar bith. Bhí mé tinn, an dtuigeann sibh. Is é an rud a dúirt sé ‘Michael was driven by his hunger to learn, to constantly top himself, to be the best’. Níor chuala mo chluasa ach leath an scéil, rud a tharlaíonn nuair nach bhfuil duine ach ag tabhairt éisteacht leathchluaise le rud, agus iad tinn leis.

Aiféala orm, a léitheoirí, más rud gur bhain mé geit asaibh leis an scéal míchruinn sin a thabhairt aniar aduaidh oraibh. Preab libh anois!
.

Thursday, July 2, 2009

Nathanna Cainte

Mar a dúirt mé cheana ar an mblag seo (‘Slí na Gaeilge’, 2 Bealtaine), athraím focal nó dhó anseo agus ansiúd ar an mblag ó am go chéile, mé ag ceartú botúin nó dhó nár thug mé faoi deara roimhe agus mé ag scríobh liom. Go minic, ní mise a thugann faoi deara iad, ach duine de mhná na súl géar. Nílim leath chomh cliste leosan, an dtuigeann sibh.

Ar aon nós, chuir mé ríomhphost chuig an Dómhnallach an lá cheana, rud a dhéanaim go rialta nuair atá focal nó frása dúchasach uaim, agus is minic gurb é toradh na ríomhphost sin ná comhrá uair nó dhó an chloig ar an bhfón, mar ar tharla inné. Tá an bille sin i bhfolach ón nGarraíodóir freisin.

Cuirim an locht ar Dhiarmaid Mac An Adhastair an geábh seo. Bhí sé i gcomhrá le Donncha ar TG4, ar an gclár 'Cladaigh Chonamara', oíche Dé Máirt. Ó tharla iad ag caint ar an droichead idir Béal an Daingin agus Eanach Mheáin, mo cheantar féin, bhí mé greamaithe den suíochán, ag éisteacht le chuile fhocal as béal Dhiarmada. Agus amach as an mbéal sin tháinig na focail “shaothraigh siad an dá shaol”, nath ar thuig mé a chiall ar an bpointe ach nár chuala mé riamh roimhe. Níos faide isteach sa chlár, dúirt Donncha ‘an dá mhar a chéile’, nath cainte a chuala mé cheana, ach nár úsáid mé féin riamh.

Isteach liom ag an ríomhaire ar an bpointe, ar fhaitíos go ligfeadh m’aois i ndearmad an méid a bhí cloiste agam, agus d’iarr mé, trí ríomhphost, samplaí comhthéacsúla ar an Dómhnallach. Mar is iondúil, chuir m’iarratas chuici le mo bhille fóin arís, ach chuir sé go mór le mo stór focal freisin, bail ó Ché ar an mbean uasal sin. Tá a fhios agam anois go raibh saol an-chrua ag an té a ‘shaothraigh an dá shaol’, cé nach bhfuil a fhios agam, go baileach, cén dá shaol atá i gceist – an saol crua, agus an saol an-chrua b’fhéidir?

Is ‘much of a muchness’, nath cainte atá coitianta go maith sa Bhéarla, an ‘dá mhar a chéile’, nó, mar atá in FGB Uí Dhónaill, leathanach 217, ‘Is é an dá mhar a chéile é’ i.e. ‘It is the same thing’, nó, mar a chuir an Dómhnallach i gcomhthéacs dom é, ‘’Sé an dá mhar a chéile dom é’, sé sin, ‘It’s all the same to me’. “D’fhéadfá ‘dhá mhar a chéile an ball séire agus a ghiolla’ a úsáid freisin, is dócha, sórt 'fools seldom differ' atá ann.” a dúirt sí. ‘Like master, like man’ an míniú a thugann FGB, leathanach 82, ar an gceann sin.

Tá sé de nós ag an Dómhnallach nathanna cainte eile a roinnt liom, í á dhéanamh sin go nádúrtha agus í ag labhairt liom ar an bhfón. Ní gá a rá go léimim isteach i dtobar a dúchais chomh luath in Éirinn agus a chloisim nath cainte nua uaithi, agus bíonn deireadh le cibé ábhar eile a bhíonn faoi chaibidil againn, go dtí go bhfaighidh mise lán mo bholg d’eolas faoin nath cainte nua. Ar ndóigh, ní chreideann sise go nathanna cainte iad, mar go bhfuil siad go nádúrtha aici, ach is nathanna cainte úra domsa iad, bean an Bhéarla. Aiféala orm faoi sin, a léitheoirí.

Ar aon nós, agus í ag insint dom faoi shladmhargadh éigin ar an bhfón inné, dúirt sí liom gur iarr sí ar fhear an tsiopa “An bhfuil siad ar ‘ardaigh orm’?”. Dar ndóigh, b’shin deireadh le scéal an tsladmhargaidh mar gur thosaigh mise ag tumadh sa tobar dúchais arís, agus á ceistiú faoin nath cainte nua 'ardaigh orm' a thit ar mo chluas. “‘Fuair mé ar ‘ardaigh orm’ é.”, sé sin ‘I got it for next to nothing’ nó mar sin.” a dúirt sí liom., “Sórt ‘brilliant sale' 'bargain’ a bheadh ann.” a dúirt sí. Bíonn a leithéid le fáil i nGaillimh go minic, is cosúil. Na ‘sales’ agus na ‘bargains’.

Ar aon nós, chuaigh mé ag tumadh ansin in FGB agus siúd ann é, an nath cainte, chan Niall é féin, ar leathanach 59, ‘Fuair sé ar ‘ardaigh orm’ é, he got it for half nothing.’. Anois, céard a déarfá le Gaillimh! Thug mé faoi deara go raibh ‘ardaigh orm agus ardóidh mé ort’ scríofa ar an leathanach céanna. ‘You help me and I will help you'. Ní gá a thuilleadh a rá, a léitheoirí.
.

Tuesday, June 23, 2009

An Bosca Cornflakes

Tá na f-anna sin do mo chur ar mire! Tá siad chuile áit; ar an idirlíon, sna meáin, sna páipéir, ar an teilifís, ar an raidió: fadhbanna, fabhtanna, Foinse, Foras, fir chantalacha, feminists agus fair ladies ar féidir leo a bheith cantalach freisin, daoine atá ‘frith’ chuile rud ach a bhfírinne agus a bhfealsúnacht féin. Táim ‘fed up’ agus nílim ag dul aird a thabhairt dóibh inniu. B’fhéidir. Díreoidh mé m’aire ar ‘f’ eile, An Feighlí, an té atá i gceannas ar An mBosca Cornflakes.

Anois, samhlaigh An Bosca Cornflakes agus é ar bhord éigin, nó ar thábla éigin más fearr leat an leagan sin. Níl a fhios cá bhfuil an bord, nó cén áit ar an mbord ar a bhfuil An Bosca Cornflakes suite. Ach tá sé ar an mbord. Agus tá daoine ina suí timpeall ar an mbord sin. Níl a fhios cén méid duine, agus níl a fhios cén aois atá acu, ach amháin go bhfuil aoiseanna éagsúla acu, fireann agus baineann ina measc.

Abair go bhfuil An Bosca Cornflakes sin lán go béal. Tá daoine ag an mbord nach n-íosfadh na calóga atá istigh sa bhosca sin go brách. Is fuath leo na calóga sin, agus caitheann siad isteach sa bhruscar iad am ar bith a chuirtear os a gcomhair iad. Tá daoine eile ann nach n-íosfadh iad mar go bhfuil an focal ‘Cornflakes’ scríofa as Béarla ar an mbosca. “Ba chóir go mbeadh ‘An Bosca Calóga Arbhair’ scríofa air, mar a bhíodh san am a caitheadh!” a déarfadh siad. Agus beidh daoine ag an mbord, sála arda orthu, a déarfadh nach raibh a leithéid de rud agus calóga arbhair ann riamh, gurb iad na seandaoine ag an mbord a chur a n-ábhar féin isteach sa bhosca, agus caithfear cloígh leis an oideas atá i bhfeidhm anois, agus sin sin, a déarfadh siad.

An Feighlí bocht! Céard a dhéanfaidh sé? Is féidir leis leanúint ar aghaidh ag ceannach na gcalóg, bosca i ndiaidh bosca ag dul amú, calóga ag lobhadh sa cheann atá ar an mbord. Roimhe seo, níor mhiste leis An bhFear Saibhir, an fear a íocann pá leis An bhFeighlí, an caiteachas místuama sin mar go raibh neart airgid aige go dtí seo, agus thug sé uaidh é go fial mar gheall go raibh A Bhean Chéile ag cur iallach air aire a thabhairt do na mionlaigh. Ach anois, tá an saol ag athrú. Tá géarchéim ann agus tá siosúr ag An bhFear Saibhir agus ag a Bhean Chéile. Thug siad an siosúr don Fheighlí, agus níl sé iomlán cinnte céard ba chóir dó a dhéanamh leis. Tá sé rud beag trína chéile, an siosúr ag gearradh anseo, an siosúr ag gearradh ansiúd, gan aird aige ar línte díreacha, shílfeá.

Tá daoine ag an mbord agus ní maith leo an áit ina bhfuil An Bosca Cornflakes suite. Nach leosan an taobh sin den bhord? Agus is fada an lá ó ceadaíodh Bosca Cornflakes, ná duine ar bith a d’íosfadh a leithéid, suí ag an mbord céanna leosan. Is fearr leo féin cruithneacht, agus ní maith leo an t-arbhar seanchaite. Nach n-itheann chuile dhuine cruithneacht anois? Níl mórán daoine le suim acu san arbhar. Caith amach An Bosca Cornflakes leis na duilleoga tae! Sin a mbarúil.

Agus tá daoine, nach suíonn ar an taobh sin den bhord, ach atá ina suí ar an taobh eile den bhord, a d’aontódh leo. Scríobhann siad sna meáin, ó am go chéile, iad ag tarraingt Peig Bhocht Nach as Leitir Móir Í isteach sa scéal. Ní maith leo Peig, cé go bhfuil sí imithe ar shlí na fírinne, ní thabharfaidh siad síocháin dí. ‘Níor thug sí síocháin dúinn!’ a scairteann siad, agus iad ag maíomh go mba chóir dá lucht leanúna a bheith ciallmhar agus glacadh leis gur chóir An Bosca Cornflakes a chur san uaigh léi, a déarfadh siad.

Ach tá daoine óga ag an mbord, agus tá ocras orthu. Breathnaíonn siad ar An mBosca Cornflakes. Tógadh cuid acu ar chalóga arbhair agus d’íosfadh siad as an mbosca sin gan stró ar bith, fiú murab é an t-oideas céanna atá in úsáid ag na tuismitheoirí éagsúla agus na babhlaí lána á gcur os a gcomhair. Braitheann an t-oideas sa bhosca ar an gcúinne sin den bhord ina bhfuil siad ina suí, an dtuigeann sibh.

Mar sin féin, tá páistí eile ocracha ag an mbord, agus ba mhaith leo na calóga arbhair a ithe, ach níl a fhios acu cén bosca is cirte a oscailt, nó cén t-oideas an t-oideas is fearr. Tá siad trína chéile ag éisteacht leis na moltaí éagsúla, agus leis na hargóintí éagsúla, ag an mbord. Níl uatha, b’fhéidir, ach An Bosca Cornflakes a oscailt agus a mbolg a líonadh. De réir mar a thagann aois chucu, cuireann siad an locht ar Pheig Bhocht Nach As Leitir Móir Í, mar go bhfuil na moltóirí ag cur babhla i ndiaidh babhla de chalóga tirime os a gcomhair, gan siúcra ar bith orthu, gan trácht ar bhainne! Nach mar sin a d’íosfadh Peig Bhocht Nach As Leitir Móir Í iad, a mhaífeadh na moltóirí, agus sách maith ag na páistí é! “Mura mian leo é, bíodh siad ocrach!” a rosc catha, shílfeá.

De réir a chéile, tá na calóga ag lobhadh, agus tá An Bosca Cornflakes ar an mbord, é ina sheasamh ansin fós, ach ar éigin. Agus tá na daoine ag an mbord go síoraí ag troid agus ag argóint faoina chearta. Agus tá na páistí ag fás aníos, An Bosca Cornflakes á shéanadh acu mar go bhfuil siad tuirseach ag fanacht le réiteach an bhoird. Idir an dá linn, tá an chruithneacht ag fás go tréan.
.

Thursday, June 4, 2009

Ar Saoire 's Ag Sonrú

Táim anseo in óstán álainn i gClár Chlainne Mhuiris, mé féin agus é féin. Is duine é an Garraíodóir nár fhág an tír seo riamh ina shaol. Is maith leis an tír seo, go mór, agus is anseo a chaithimid ár saoire, in óstáin éagsúla, ó am go chéile. Tá sladmhargaí iontacha le fáil i láthair na huaire, go háirithe i lár na seachtaine. San óstán seo, tá Leaba ‘s Lóistín dhá oíche do bheirt, le dinnéar cúig chúrsa san áireamh, ar fáil ar €218. Is óstán ceithre réalta é, le linn snámha agus ionad aclaíochta ar fáil saor in aisce don té atá ina aoi anseo.

Taitníonn an t-óstán seo go mór liom. Thángamar anseo go gairid i ndiaidh don óstán a dhoirse a oscailt den chéad uair roinnt blianta ó shin, agus táimid ag teacht ar ais go rialta ó shin. Thug mé faoi deara, an chéad gheábh agam anseo, go raibh rud beag Gaeilge in úsáid acu ar an ‘Guest Directory’, agus anseo agus ansiúd ar fud an óstáin, ach thug mé faoi deara, freisin, go raibh botúin litrithe agus ghramadaí le fáil sa rud beag sin.

Anois, níl mise a mhaíomh go bhfuil Gaeilge gan locht agam féin mar tá lochtanna go leor inti, mar a fheiceann sibh féin, a léitheoirí cliste, ach, mar sin féin, nuair a fheicim ‘Go neirí an bothair leat’ agus a leithéidí, scríofa ar bhiachlár, in áit 'go n-éirí an bóthar leat', bíonn orm labhairt amach. Déanaim é go príobháideach, leis an té ar féidir leo na botúin a cheartú, más mian leo sin a dhéanamh. Rinne mé amhlaidh sa chás seo, agus chuir mé an fáilteoir ar an eolas faoi na botúin, agus chuir mé liosta de na ceartúcháin a mholfainn féin ar fáil, dá mba mhian leis/léi úsáid a bhaint astu. Níor mhian, is cosúil, mar tá na botúin fós le feiceáil timpeall na háite. Is cuma liom, agus ní chuireann sé isteach ná amach ar mo chuairteanna anseo. Rinne mé iarracht, agus rinne mé é gan aird an domhain a tharraingt orthu, agus chuir mé moltaí a d’fheilfeadh ar fáil.

Is mar sin a oibrím féin, tá súil agam, is cuma cé leis a mbím ag plé, nó cén t-ábhar a bhíonn faoi chaibidil agam. Creidim gur fearr a bheith cuidiúil le comhairle, seachas a bheith magúil, nó ardnósach glórach faoi bhotúin. Dá bhrí sin, agus ó tharla gur foghlaimeoir mé, agus gur Béarlóir ón gcliabhán mé, ní maith liom é nuair a fheicim, mar a chonaic mé in Foinse na seachtaine seo caite, tagairt a rinneadh do Bhéarlachas, líne ar leith, a tugadh faoi deara san iris Nós*, iris nua-aoiseach na Gaeilge. Níor thug iriseoir Fhoinse míniú dúinn ar an mBéarlachas a d’aimsigh sé, ná níor mhol sé leagan níos dúchasaí; é den tuairim, b’fhéidir, gur léitheoirí líofa dúchasacha muid uile. B’fhéidir go bhfuilim iomlán mícheart, agus maith dom é má tá, ach sin an tuairim a rith liomsa agus mé á léamh. Thuig mé an teachtaireacht ón mbeirt iriseoirí, Nós* agus Foinse. Bean na mbróg éagsúil mise, mar is eol do léitheoirí rialta mo bhlag.

Níor mhaith liom go stopfadh a leithéid de nós, maith dom an t-imeartas focal, scríbhneoirí úra na Gaeilge ag cur peann le pár, nó méar le méarchlár. Molaim iad as a n-iarrachtaí an teanga seo againne a choinneáil beo bríomhar, ar phár agus i mbéal na ndaoine. Agus iarraim orthu siúd le Gaeilge líofa, chaighdeánach, dhúchasach, bhur moltaí a roinnt linn le meas, agus bainfimid úsáid astu leis an meas atá tuillte agaibh, agus acu, dá réir sin. Ní dochar an speal a bheith géar, ach is fearr na créachtaí a sheachaint. Maith thú!
.

Saturday, May 2, 2009

Slí na Gaeilge

Athraím focal nó dhó anseo agus ansiúd ar an mblag ó am go chéile, focail as ábhar a scríobh mé ní ba luaithe. Ní hé go bhfuilim ag athrú an ábhair, ach go bhfuilim ag ceartú botúin nó dhó nár thug mé faoi deara roimhe agus mé ag scríobh liom. Ní hé sin le rá, ach an oiread, go bhfuil chuile bhotún ar an mblag ceartaithe agam. Mar a dúirt mé, is foghlaimeoir mise, agus táim ag foghlaim i gcónaí. Ach tá cuidiú agam.

Bíonn an Dómhnallach agus Bean an tSléibhe ag léamh an bhlag seo go rialta. Is Connachtach duine acu, agus is Ultach an duine eile. Tá súil ghéar ar an mbeirt acu.. Péire an duine. Thug siad na súile sin agus an Ghaeilge leo ón gcliabhán. Ní raibh an t-ádh sin ormsa, faraor, cé go bhfuil súile ón gcliabhán agus Gaeilge ón nGaeltacht agam. Tá an bheirt sin iontach fial agus roinneann siad a mbuanna liomsa, bean an Bhéarla, foghlaimeoir na Gaeilge. Dá thoradh sin, bíonn athrú nó dhó le déanamh ag an scríbhneoir seo tar éis thuras na súl géar. Is maith ann iad. Na ceartúcháin agus na mná.

Bhí ábhar spéisiúil á phlé ag an bhfeirmeoir atá i mbun curaíochta i ngarraíjohnnymhorgan le déanaí, úsáid na n-aimsirí agus an dóigh a láimhseáiltear iad i mBéarla; na do be do be do’s srl. Chuir an díospóireacht sin mná na súl géar i gcuimhne dom. Bíonn an choimhlint idir úsáid na cainte dúchais agus úsáid an chaighdeáin oifigiúil faoi chaibidil againn go minic. Táimse ag treabhadh liom i gCuibhreann an Chaighdeáin Oifigiúil, tá cosa an Dómhnallaigh fréamhaithe i gcré thorthúil an Ghoirt Dúchais, agus bíonn Bean an tSléibhe ar an gclaí eadrainn,le bróga leathair an chainteora dúchais uirthi agus i ag caint go nádúrtha, ach sála arda an scríbhneora oifigiúil uirthi agus í ag baint torthaí in achadh na n-údarás oifigiúil.

Bíonn mé féin ag dul thart agus bróg leathair ar chois amháin, bróg na sál ard ar an gcois eile. Samhlaigh, a léitheoir, an fhadhb sin. Tá Slí na Gaeilge casta agus teastaíonn bróga compordacha uaim. Ach cá bhfuil na bróga compordacha sin le fáil? Tá neart siopaí bróg amuigh ansin, agus leabhair go leor á ndíol iontu. Sin fadhb eile. Ní hé an scéal céanna a bhíonn iontu.

Bronntanas saoil a thug mo mháthair dom ná an chomhairle seo “Don’t keep looking at the problem, look for the solution!”. Agus creidim go bhfuil cumadóirí/réiteoirí an chaighdeáin oifigiúil ag déanamh chuile iarracht a theacht ar réiteach fhadhb na mbróg míchothrom d’fhoghlaimeoirí na teanga. Go mall, feictear dom, ach go cinnte tá súil agam.

Tá nádúrthacht cainte sna canúintí éagsúla Gaeilge, agus tá sí difriúil i ngach canúint, ag brath ar an taobh sin tíre ina bhfuil an teanga á labhairt. Is ionann don Bhéarla. Le bheith féaráilte, teastaíonn caighdeán ón bhfoghlaimeoir Gaeilge, mar aon leis an bhfoghlaimeoir Béarla, nach dteastaíonn? Tá a leithéid de chaighdeán le fáil ag na Béarlóirí agus réiteach réasúnta simplí faighte ag na húdaráis chuí ar na fadhbanna/bealaí ársa canúna agus scríofa Béarla, feictear dom.

Níor chuir an réiteach sin isteach ná amach ar an gcainteoir dúchais Béarla. Tá na ‘do be do be do’anna, na ‘I done this’ agus na ‘I seen that’ chomh coitianta sa Bhéarla agus atá an ‘ag déanamh é’ a chloisim go mion minic sa Ghaeilge anois. Agus bíodh acu! Tá an ceart sin ag an gcainteoir agus ag an scríbhneoir nach miste leo, nó nach mian leo, an caighdeán. An bhfuil sé de cheart acu an caighdeán a sheachaint agus é in úsáid acu go gairmiúil? Ní dóigh liom é. Ach sin mo thuairim.

An méid sin ráite, tá sé de cheart agamsa, mar fhoghlaimeoir, agus ag gach uile fhoghlaimeoir eile, caighdeán coitianta cothrom ciallmhar soiléir a bheith ar fáil dúinn le go mbeimid in ann a theacht ar na bróga compordacha sin, sa chaoi go mbeimid in ann Slí na Gaeilge a shiúl gan stró. Anois, a réiteoirí. Le bhur dtoil. In aon leabhar amháin. Mura miste libh.
.
 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.