Táim anseo in óstán álainn i gClár Chlainne Mhuiris, mé féin agus é féin. Is duine é an Garraíodóir nár fhág an tír seo riamh ina shaol. Is maith leis an tír seo, go mór, agus is anseo a chaithimid ár saoire, in óstáin éagsúla, ó am go chéile. Tá sladmhargaí iontacha le fáil i láthair na huaire, go háirithe i lár na seachtaine. San óstán seo, tá Leaba ‘s Lóistín dhá oíche do bheirt, le dinnéar cúig chúrsa san áireamh, ar fáil ar €218. Is óstán ceithre réalta é, le linn snámha agus ionad aclaíochta ar fáil saor in aisce don té atá ina aoi anseo.
Taitníonn an t-óstán seo go mór liom. Thángamar anseo go gairid i ndiaidh don óstán a dhoirse a oscailt den chéad uair roinnt blianta ó shin, agus táimid ag teacht ar ais go rialta ó shin. Thug mé faoi deara, an chéad gheábh agam anseo, go raibh rud beag Gaeilge in úsáid acu ar an ‘Guest Directory’, agus anseo agus ansiúd ar fud an óstáin, ach thug mé faoi deara, freisin, go raibh botúin litrithe agus ghramadaí le fáil sa rud beag sin.
Anois, níl mise a mhaíomh go bhfuil Gaeilge gan locht agam féin mar tá lochtanna go leor inti, mar a fheiceann sibh féin, a léitheoirí cliste, ach, mar sin féin, nuair a fheicim ‘Go neirí an bothair leat’ agus a leithéidí, scríofa ar bhiachlár, in áit 'go n-éirí an bóthar leat', bíonn orm labhairt amach. Déanaim é go príobháideach, leis an té ar féidir leo na botúin a cheartú, más mian leo sin a dhéanamh. Rinne mé amhlaidh sa chás seo, agus chuir mé an fáilteoir ar an eolas faoi na botúin, agus chuir mé liosta de na ceartúcháin a mholfainn féin ar fáil, dá mba mhian leis/léi úsáid a bhaint astu. Níor mhian, is cosúil, mar tá na botúin fós le feiceáil timpeall na háite. Is cuma liom, agus ní chuireann sé isteach ná amach ar mo chuairteanna anseo. Rinne mé iarracht, agus rinne mé é gan aird an domhain a tharraingt orthu, agus chuir mé moltaí a d’fheilfeadh ar fáil.
Is mar sin a oibrím féin, tá súil agam, is cuma cé leis a mbím ag plé, nó cén t-ábhar a bhíonn faoi chaibidil agam. Creidim gur fearr a bheith cuidiúil le comhairle, seachas a bheith magúil, nó ardnósach glórach faoi bhotúin. Dá bhrí sin, agus ó tharla gur foghlaimeoir mé, agus gur Béarlóir ón gcliabhán mé, ní maith liom é nuair a fheicim, mar a chonaic mé in Foinse na seachtaine seo caite, tagairt a rinneadh do Bhéarlachas, líne ar leith, a tugadh faoi deara san iris Nós*, iris nua-aoiseach na Gaeilge. Níor thug iriseoir Fhoinse míniú dúinn ar an mBéarlachas a d’aimsigh sé, ná níor mhol sé leagan níos dúchasaí; é den tuairim, b’fhéidir, gur léitheoirí líofa dúchasacha muid uile. B’fhéidir go bhfuilim iomlán mícheart, agus maith dom é má tá, ach sin an tuairim a rith liomsa agus mé á léamh. Thuig mé an teachtaireacht ón mbeirt iriseoirí, Nós* agus Foinse. Bean na mbróg éagsúil mise, mar is eol do léitheoirí rialta mo bhlag.
Níor mhaith liom go stopfadh a leithéid de nós, maith dom an t-imeartas focal, scríbhneoirí úra na Gaeilge ag cur peann le pár, nó méar le méarchlár. Molaim iad as a n-iarrachtaí an teanga seo againne a choinneáil beo bríomhar, ar phár agus i mbéal na ndaoine. Agus iarraim orthu siúd le Gaeilge líofa, chaighdeánach, dhúchasach, bhur moltaí a roinnt linn le meas, agus bainfimid úsáid astu leis an meas atá tuillte agaibh, agus acu, dá réir sin. Ní dochar an speal a bheith géar, ach is fearr na créachtaí a sheachaint. Maith thú!
.
Ciorcal Comhrá Ionad Uíbh Eachach ar turas
23 hours ago
Cé go naontaíom leat go pointe, cheap mé go raibh an sampla a thug an Speallaire sách soiléir, agus gur míchuraim ba bhun leis.
ReplyDelete"Bob Dylan, amhránaí nach bhfuil gá aige le reamhrá" (Who needs no introduction)
Ach tá lúb ar lár suntasach anseo.
Bíonn reamhrá (introduction, i gciall amháin) le leabhair, nó alt. Ach cuirtear duine in aithne.
Cheapfá nach ndearna fear nós* ach nath i mBéarla a iompu go Gaeilge, focal ar fhocal, gan smaoineamh ar na focail.
Ceist chasta atá ann.
Ach is dóigh liom gur fiú na ceisteanna seo a phlé go poiblí chomh maith le go príobháideach - go hairithe ós rud é nár thug an Speallaire le fios cé go díreach a bhí le cáineadh.
Ní hé an 'cáineadh' is measa liom, bíodh sé poiblí nó priobháideach, ach an easpa 'comhairle'.
ReplyDeleteCén leagan a mholfá féin do "nach bhfuil aon réamhrá de dhíth air"?
Sa chás seo, is éard atá i gceist ná go bhfuil aithne ag gach aoinne ar Bob Dylan. Mar sin, níl gá é chuir in aithne.
ReplyDeleteSeans go ndearfainn:
Bob Dylan, nach gá domsa é chuir in aithne daoibh...
Ach seans freisin nach fiú bacadh le nath seanchaite mar seo a chaitheamh isteach ar chor ar bith (sin ceist stíle!)
An comhairle ginearálta a bheadh agam ná, má bhaineann duine feidhm as foclóir, go mba cheart a téarma roghnaithe a chuardach san treo eile freisin.
Sa chás seo:
réamhrá [ainmfhocal firinscneach den cheathrú díochlaonadh]
ráiteas i dtús leabhair agus araile, á mhíniú.
Bheadh sé soiléir nach sin an brí a bhí ón iriseoir.
An moladh a fuaireamar ar an gcúrsa i Scileanna Aistriúcháin ná an dara péire súile a fháil le hathbhreithniú a dhéanamh ar an ábhar atá idir lámha, más féidir é ar chor ar bith; is fearr duine le Gaeilge níos líofa nó níos dúchasaí a fháil, ceapaim.
ReplyDeleteNuair a bhíonn fáil agam orthu, tá an Dómhnallach agus Bean an tSléibhe agamsa, dhá oiread súl ag teastáil uaimse ar fhaitíos ar fhaitíos. Mar sin féin, sciobann na diabhail bhotúin sin tharam i ngan fhios dom, agus is aischothú comhairleach a iarraim nuair a thugtar iad ar ais dom, chan cáineadh, bíodh is go mbíonn sin tuillte agam ó am go chéile, freisin, go minic, is dócha, b’fhéidir, gan dabht…
Go raibh maith agat, as an aischothú rannach sin thuas uait, a Aonghuis.
Bíonn an dara péire súile lárnach in obair s'agamsa freisin (ríomhchlárú).
ReplyDeleteNí bhíonn saoi gan locht; agus is minic saoi dall ar a lochtanna féin. Ach is minic saoi dall ar deacrachtaí an té nach bhfuil ar a laghad ina anruth freisin - de bharr nach bhfeiceann an saoi an deacracht áirithe sin níos mó.
Is minic gur mó cabhair atá le fáil ó dhuine ar chomhchéim leat ná ó saoi.
Abraigí é!
ReplyDeleteAn cás é seo do mafia na Gaeilge ag gearán faoi dhaoine nach bhfuil faoina smacht?