Showing posts with label Ó Cuív. Show all posts
Showing posts with label Ó Cuív. Show all posts

Tuesday, August 24, 2010

Meabhrán

Más rud go bhfuil suim agaibh i bpróiseas athbhreithnithe an CSA ar an gCaighdeán Oifigiúil, ná déan dearmad go bhfuil an sprioc le haghaidh bhur n-aighneachtaí, don tréimhse seo, ar an Aoine seo chugainn, an 27 Lúnasa.
.

Wednesday, July 14, 2010

Caighdeán Oifigiúil na Gaeilge - Tréimhse 2

Tá tréimhse comhairliúcháin a dó de phróiseas athbhreithnithe an CSA ar an gCaighdeán Oifigiúil ag tosú inniu, 14 Iúil, a léitheoirí.

Is féidir gach eolas a fháil ar shuíomh gréasáin na Roinne anseo, agus, dar leo, cuireann an CSA 'fáilte mhór roimh aiseolas ón bpobal.'

Is í an Aoine, 27 Lúnasa 2010, an sprioc le haghaidh bhur n-aighneachtaí ar ‘Moltaí faoin Ainmfhocal cáilithe agus ginideach’ agus ‘Moltaí faoin ainmfhocal agus ceisteanna ilchineálacha’.

Tapaígí an deis, a chairde na Gaeilge!
.

Sunday, July 11, 2010

An Litriú Caighdeánach

Ó am go chéile, léim alt atá, i mo thuairimse, chomh ciallmhar staidéarach stuama sin go mbíonn orm an scéal a roinnt le daoine ar an bpointe, a léitheoirí. Is amhlaidh a tharla dom an tseachtain seo agus mé ag léamh ailt in Feasta na míosa seo, alt le Brian Ó Baoill dar teideal, ‘An Caighdeán – An Séimhiú srl.’

Anois, tá a fhios agam go bhfuil cuid agaibh, seans, bréan den chaint uile faoin gcaighdeán 'nua' seo, agus tuigim daoibh. Mar sin féin, le bunú an CSA i mbliana, tá deis againn anois ár gcuid a dhéanamh don teanga, ar mhaithe le beatha na teanga, agus ar mhaithe le foghlaimeoirí na teanga, gan cur isteach ná amach ar an gcainteoir, ná ar an scríbhneoir, dúchais.

Cé go bhfuil mo chéad aighneacht istigh agam féin an geábh seo, ní raibh mé ach beo ar éigean, i 1958, nuair a tugadh buntreoir do choiste stiúrtha na bliana sin, buntreoir a mhol ‘an rialtacht agus an tsimplíocht a lorg’, le go mbeadh Caighdeán Oifigiúil simplí againn. Bhuel, ní dóigh liom gur mar sin a tharla, ach tá súil agam gur mar sin a tharlóidh an t-am seo.

Mar sin féin, óna bhfuil cloiste ag Brian Ó Baoill ón gCoiste nua go dtí seo, sé a bharúil nach mbeidh ann ach ‘praiseach eile anuas ar an bpraiseach atá ann cheana féin’. Tá seans gur ‘comhghéilleadh’ idir na canúintí a bheas ann arís, agus mar thoradh air sin beidh ‘Na mílte rialacha, forialacha, eisceachtaí…’ ann, dar leis.

Rinne sé liosta dúinn den sórt rud a tharla cheana leis an gcaighdeánú i 1958, athruithe a tharla de thoradh an chomhghéillte, is dócha. Bhí focail fearacht ‘is gnáth’, ‘go hiondúil’, ‘ach amháin’, ‘más ionann’, ‘murab ionann’, ‘de ghnáth’, ‘is féidir’, ‘mura mbíonn’, ‘i bhformhór’, ‘ní minic’, ‘seachas’, ‘mura’, ‘is iondúil, ‘ní gnáth’, agus ‘móide’ in úsáid go rialta síos tríd an gcaighdeán sin, gan trácht ar líon na n-eisceachtaí atá ann:

aidiachtaí (18 sraith d’eisceachtaí),
ainmfhocail (25 sraith d’eisceachtaí),
foirm an ainmnigh in ionad an ghinidigh (5 sraith d’eisceachtaí),

agus níl ansin uaidh ach sampla beag den phraiseach inar fágadh an foghlaimeoir bocht.

Tá ‘an-imní’ ar Bhrian, agus tuigim dó. Tá an teanga ‘Ró-dheacair…Ró-chasta’ don fhoghlaimeoir, agus tá deis iontach againn anois rud éigin a dhéanamh faoin deacracht agus faoin gcastacht sin, seans nach mbeidh againn arís, b’fhéidir.

Freagra na faidhbe ó Bhrian - ‘Foghlaim na Gaeilge a dhéanamh níos éasca’, trí ‘an gramadach a shimpliú go mór’ agus ‘gan eisceachtaí ná éiginnteacht a bheith ag baint leis an ngramadach simplithe sin.’ Aontaím leis.

Luann sé focail Niall Uí Dhónaill, ón leabhar sin leis, ‘Forbairt na Gaeilge’, leabhair a scríobh sé i 1951, ‘Caithfidh an Ghaeilge a heirí a chur di’; bhí ‘ cúigeachas’ agus ‘canúnachas’ i measc na ‘heirí’ sin luaite ag Ó Dónaill, dar leis. Suimiúil.

Ní ‘lagú’ nó ‘tanú’ na Gaeilge atá i gceist ag Brian, mar, ina fhocail féin, ‘labharfaidh daoine agus scríobhfaidh siad mar is mian leo, mar a rinne riamh, ach beidh caighdeán ann d’fhoghlaimeoiri, do scríbhneoirí a scríobhann d’fhoghlaimeoirí, do gach cáipéis ón tSeirbhís Phoiblí, agus ar fáil d’irisí agus nuachtáin, agus d’aon duine eile gur mian leo go dtuigfeadh an foghlaimeoir é nó í.’

D’fhéadfaí, dar leis, ‘An Litriú Caighdeánach’ a thabhairt ar a leithéid. Anois, nach bhfuil sé sin simplí go leor, a léitheoirí?

Alt iontach ó Bhrian Ó Baoill, agus tagaim leis na moltaí atá scríofa aige. Tá súil agam gur éirigh liom achoimre chruinn a dhéanamh ar a bhfuil scríofa aige ann. Tá i bhfad níos mó ráite aige, agus b’fhiú an t-alt iomlán a léamh. Tá súil agam go ndéana an CSO amhlaidh, agus go dtabharfar aird ar a mholtaí.

I bhfocal Bhrian, ‘B’fhearr a bheith réabhlóideach, dána agus buach, ná cúramach, coimeádach, agus cloíte.’ Maith thú, a chara na Gaeilge!
.

Friday, June 18, 2010

Caighdeán Oifigiúil na Gaeilge - Tréimhse 1

Tá tréimhse comhairliúcháin a haon de Choiste Stiúrtha ar an Athbhreithniú ar Chaighdeán Oifigiúil na Gaeilge (an CSA) fógartha le roinnt seachtainí anuas, agus tá na moltaí uatha faoi ‘Úsáid an tSéimhithe i gCásanna ar Leith’ le fáil ag bun an leathanaigh ar an suíomh seo.

Maidir leis an gcáipéis, ar a bhfuil an CSA ag iarraidh aiseolas agus tuairimí an phobail, caithfidh na haighneachtaí uaibh, más mian libh bhur dtuairimí a roinnt leo, bheith leis an CSA go luath, a léitheoirí, ó tharla an sprioc lena n-aghaidh ar an gCéadaoin seo chugainn, an 23 Meitheamh.

Moltar, agus sibh ag plé le cáipéis na Moltaí faoi Úsáid an tSéimhithe i gCásanna ar Leith,comparáid a dhéanamh idir iad agus na moltaí sa cháipéis eile dar teidealMoltaí an Choiste Téarmaíochta faoi Úsáid an tSéimhithe i gCásanna ar Leith”, agus tá an cháipéis sin le fáil, fosta, ag bun an leathanaigh sin ar an suíomh.

Tá freisin, dar leo, ‘Roinnt saincheisteanna ar gá dianmhachnamh agus soiléiriú a dhéanamh orthu’. Tá liosta na Saincheisteanna sin le fáil ar an suíomh chomh maith, ‘ agus tá na réimsí cuí den cháipéis a bhaineann le hábhar na saincheisteanna aibhsithe i mbuí.’

Ábhar léitheoireachta agus machnaimh don deireadh seachtaine daoibh, a chairde na Gaeilge. Más mian libh, ar ndóigh.

Bainigí sult as!
.

Friday, May 21, 2010

How Big is Your Bunker?

Tharla sé go raibh mé ag éisteacht le Colm agus Lucy ar 2fm ar maidin. Ní hionann a gclár agus an clár a bhíodh ag Gerry Ryan, ar ndóigh, ach bíonn na páipéir á gcíoradh acu anois is arís, agus éistim leo ag tús an chláir, go bhfeice mé an bhfuil a dhath suimiúil le roinnt acu liom.

Bhí an choimhlint sin idir an dá Chóiré faoi chaibidil acu ar maidin, agus thosaigh Colm agus Lucy ag plé na ceiste ‘who would you have in your bunker?', dá mbeadh dúnáras faoi thalamh agat, an dtuigeann tú, agus dá mbeadh daoine ag brú cnaipí núicléacha, mar shampla. Bheadh dídean uait, is dócha, go dtí go maolódh an chontúirt.

Cibé scéal é, bhí liosta ollmhór ag Lucy de na daoine ar mhaith léi bheith sa bhuncar léi, agus bhí ar Cholm í a stopadh faoi dheireadh, agus d’fhiafraigh sé di, ‘How big is your bunker?' Cibé faoi ‘bunker’ Lucy, a léitheoirí, is é an smaoineamh a rith liom féin ar maidin, cé a bheadh liom féin i mo dhúnáras faoi thalamh, dá mbeadh orm seachtain nó dhó a chaitheamh ann, agus dá mbeadh sé mór go maith, an dtuigeann sibh?

An Garraíodóir an chéad duine a rith liom agus, cé nach san ord seo thíos a rith na hainmneacha eile liom ag an am, ag teacht go tiubh ar a shála bhí Nelson Mandela, Ryan Tubridy, Beyonce, Kevin Myers, Ruth Dudley Edwards, An Dómhnallach, Bean an tSléibhe, blagálaí nó dhó, Mary Robinson, Brendan O’Connor, Máirtín Tom Sheáinín, Obama, Bush nó dhó, Delores Keane, Daithí Ó Sé, Páidí Ó Lionáird, Hector Ó hEochagáin, Dana, Tommie Tiernan, Hilary Clinton, Dara Ó Briain, duine mór le rá as gach eaglais ar domhan, duine mór le rá as gach carthanacht ar domhan, Marion Finucane, Sarah Palin, Éamon Ó Cuív, Tom Selleck (yum-yum), Roy Keane, Shane Ross, Mary O’Rourke, Ellen de Generes, Eamon Dunphy, David Norris, Regina Uí Chollatáin, Daniel O’Donnell, Teresa Ferris, Martin McGuinness, Vincent Browne… comhrac, cairdeas, coimhlint, comhrá, comhréiteach, cantal, caoineadh, ceol, agus craic ar dóigh!

Ceapaim.

Cé atá ar iarraidh, nó cé a bhainfeá féin de mo liosta, a léitheoir, dá mbeadh do dhúnáras faoi thalamh féin agat?
.

Friday, March 26, 2010

Roinn Ainm na Roinne Linn

Ní raibh scéal ná Gaelscéal le fáil i mBun Cranncha ar maidin, agus bhí orm mo chupán caife a ól i gCeann Scríbe, áit a raibh mé ag éisteacht le hIris Aniar ar Raidió na Gaeltachta.

Chaill mé formhór den chomhrá idir an láithreoir, Eibhlín, agus an tAire Ó Cuív, ó tharla mé ag tiomáint timpeall an bhaile ar thóir nuachtán nua na Gaeilge, ach chuala mé an tAire a rá go bhfuil trí lá fós againn ainm eile a thabhairt do ‘An Roinn Coimirce Sóisialaí’, nó leagan nua a chumadh, más mian libh a leithéid, a léitheoirí, sula ndéanfar reachtaíocht ar theideal na roinne nua-ainmnithe sin.

Ar ndóigh, thapaigh Eibhlín an deis, agus ghlac sí an cúram uirthi féin aon mholadh uaibhse, a lucht éisteachta, agus aon mholadh uaibhse, mo lucht léitheoireachta – níor, ahem, níor luaigh sí mo lucht léitheoireachta, ar fhaitíos aon mhíthuiscint, a léitheoirí – cibé scéal é, ghlac Éibhlín an cúram uirthi féin na moltaí uile a ghlacadh ag irisaniar@rte.ie , agus cuirfidh sise na moltaí sin ar aghaidh chuig an Aire.

Más mian leat ainm eile a thabhairt don roinn, ainm eile seachas An Roinn Coimirce Sóisialaí, seo do sheans, a léitheoir. Cuirfidh mé féin tús leis an gcraic, agus roinnfidh mé ceann nó dhó libh, ceann a fuair mé, ó bharr a cinn, ó dhuine ó aonach ar maidin – An Roinn Cúram Pobail, nó An Roinn Cúram Cearta Pobail.

Más buan mo chuimhne ar an gcomhrá ar an gclár, mhol an tAire dúinn leaganacha a thabhairt ina mbeadh an tuiscint ag an bpobal i gcoitinne, ón leagan nua, gurb iad dualgais na roinne aire agus airgead a thabhairt do dhaoine, chomh maith le fostaíocht a chur chun cinn. Ceapaim. Rud éigin mar sin.

Más rud é go bhfuil sibh ag iarraidh é sin a chinntiú, éistigí le focail an Aire ar chlár an lae inniu anseo. Bean na leathéisteachta a bhí ionam ar maidin, an dtuigeann sibh. Easpa Gaelscéal is cúis le mo mhearbhall, is dóigh liom. Ah bhuel, beidh an nuachtán agam go luath, ta súil agam. Idir an dá linn, bímis ag gabháil fhoinn...

♪♫ Roinn Ainm na Roinne Linn...♪♫♫
.

Tuesday, March 23, 2010

Athrú Airí

Seo chugaibh na hathruithe, a léitheoirí.

Seo é feighlí nua na Gaeltachta, ceapaim, agus beidh Éamon anois sa 'rebranded role as Social Protection Minister', cibé rud é sin. Beidh le feiceáil, ach deis a bheith agam mo chuid taighde a dhéanamh, ar ball beag.
.

Friday, March 19, 2010

Me-thuiscint! Idir...

Idir shúgradh agus dáiríre, táim idir dhá stól. Tá idir bhuachaillí agus chailíní ag aontú liom, cé go bhfuil coimhlint ann idir buachaillí agus cailíní mar gheall ar an argóint idir Seán agus Máire, ar a bhfuil cónaí orthu idir Gaillimh agus Corcaigh, nó áit éigin idir Éire agus an Fhrainc, nó b’fhéidir áit éigin idir Éirinn agus an Bhreatain. Deacair a rá.

Tá idir chléir agus tuath sa teach leo, agus tá idir bheag agus mhór ann, cé nach n-aithneoinn aon duine acu, idir fhuil agus chlábar. Tá idir ghol agus gháire idir mhná, go háirithe eatarthu siúd atá idir dáil agus pósadh, gan trácht ar na páistí atá idir breith agus baisteadh, mar gur rugadh iad idir meán oíche agus maidin, lá amháin idir an samhradh agus an Nollaig, am ina raibh na dochtúirí uile idir dhá chomhairle ar mór idir pingin agus punt idir chathracha na tíre.

Idir chorp agus anam, agus idir mé féin agus tú féin, nílim cinnte an bhfuil idir chaighdeán agus dúchas sa méid atá idir lámha agam, ach go gcreidim go bhfuil ceangal gramadaí idir an t-alt agus an fhaisnéis ó am go chéile, agus cé go mbíonn rogha ann idir an fáistineach agus an foshuiteach, mar shampla, níor mhaith liom teacht idir dhaoine, cé go gceapaim go bhfuil coimhlint idir dúchas agus caighdeán, agus ó tharla mé idir eatarthu, tá idir shean agus óg ag troid liom.

Idir an dá linn, bím faiteach idir dhaoine, agus b’fhéidir nach bhfuilim beannaithe idir mhná, ach idir gach uile rud, agus idir mise agus tusa, is ábhar é a bhíonn idir chamán go rialta, agus caithfear an fhírinne a roinnt idir an péire acu, idir amanna, cé gur mór idir caighdeán agus dúchas, shílfeá.

Do bharúil?
.

Wednesday, March 10, 2010

Guth na Galltachta?

An bhfuil a fhios agaibh, a léitheoirí, ach gur beag nár thit mé as mo sheasamh nuair a chuala mé an nuacht tráthnóna inniu – Éamon Ó Cuív, agus athbhreithniú ar an gCaighdeán Oifigiúil beartaithe aige!

Tá an scéal uilig le léamh anseo, a chairde na Gaeilge, ach is maith liom an méid seo ón Aire, ach go háirithe:

“Beidh ar an athbhreithniú riachtanais an fhoghlaimeora a chur san áireamh agus na rialacha a dhéanamh chomh soiléir agus is féidir. Beidh air chomh maith riachtanais an chainteora oilte a chur san áireamh agus é ag plé le teanga atá uasal agus ealaíonta, teanga a gcuireann a struchtúr saibhir gramadaí ar a cumas raon leathan nathanna is mianta a léiriú. Ní liosta focal amháin é teanga.”

Ar ndóigh, is léir ón méid sin, ahem, go léann an tAire na blaganna seo uainn, ahem, agus gur spreag an méid a scríobh mé féin agus SeánO le seachtain anuas, gur spreag ár moltaí, ahem, gur spreag siad an tAire chun pinn agus chun gníomhaíochta, agus go mbeidh toradh againn gan mhoill. Sin é anois. Sea.

Níl gá le buíochas a sheoladh chugam ar chor ar bith, a chairde. Tá a fhios agam go n-aithníonn sibh an fhírinne chomh luath in Éirinn agus a fheiceann sibh í - a léitheoirí cliste!
.

Tuesday, November 3, 2009

Puipéid

Tá go leor rudaí in iomaíocht le mo chuid ama na laethanta seo, ach ghlac mé am chugam féin ar maidin le héisteacht le hAdhmhaidin, agus leis an agallamh sin idir Chon agus an Aire Ó Cuív, maidir le haistriúchán na gcáipéisí oifigiúla.

Leis an fhírinne a rá, ní raibh a ndóthain ama acu leis an ábhar a phlé go hiomlán, domsa ar aon nós, agus nílim fós cinnte cé leis a thaobhaím maidir leis an airgead a chaitear ar aistriúcháin na gcáipéisí oifigiúla go Gaeilge, cé go dtuigim an dá thaobh, agus tá pointí maithe ag an dá thaobh.

Ba mhaith liom clár iomlán ar an ábhar seo a chloisteáil ar Raidió na Gaeltachta, nó fiú ar TG4, rud a thabharfadh deis dom na fíricí uile a chloisteáil, ón dá thaobh. Táim cinnte go bhfuil go leor daoine cosúil liom féin nach dtuigeann an scéal ina iomláine. Ach tá a fhios agam an méid seo, ní duine mór cur amú airgid mé, cé gur duine mór na Gaeilge mé. Ba chóir an dá rud a chaomhnú, más féidir é ar chor ar bith. Sin mo thuairim, fiú más tuairim an aineolaí í.

Cibé scéal é, sula bhfágfaidh mé sibh inniu, seo chugaibh físeán beag a cuireadh chugam ar maidin, agus a chuir agallamh na maidine go leataobh. Má tá sibh bréan den chaint ar ghearradh siar agus ar chur amú airgid, glac nóiméad nó dhó as an lá am éigin inniu, agus caith súil air seo.

Tar éis an tsaoil, a léitheoirí, tá an domhan iontach, agus cá bhfios dúinn nach puipéid muid uile.



Tuesday, June 23, 2009

An Bosca Cornflakes

Tá na f-anna sin do mo chur ar mire! Tá siad chuile áit; ar an idirlíon, sna meáin, sna páipéir, ar an teilifís, ar an raidió: fadhbanna, fabhtanna, Foinse, Foras, fir chantalacha, feminists agus fair ladies ar féidir leo a bheith cantalach freisin, daoine atá ‘frith’ chuile rud ach a bhfírinne agus a bhfealsúnacht féin. Táim ‘fed up’ agus nílim ag dul aird a thabhairt dóibh inniu. B’fhéidir. Díreoidh mé m’aire ar ‘f’ eile, An Feighlí, an té atá i gceannas ar An mBosca Cornflakes.

Anois, samhlaigh An Bosca Cornflakes agus é ar bhord éigin, nó ar thábla éigin más fearr leat an leagan sin. Níl a fhios cá bhfuil an bord, nó cén áit ar an mbord ar a bhfuil An Bosca Cornflakes suite. Ach tá sé ar an mbord. Agus tá daoine ina suí timpeall ar an mbord sin. Níl a fhios cén méid duine, agus níl a fhios cén aois atá acu, ach amháin go bhfuil aoiseanna éagsúla acu, fireann agus baineann ina measc.

Abair go bhfuil An Bosca Cornflakes sin lán go béal. Tá daoine ag an mbord nach n-íosfadh na calóga atá istigh sa bhosca sin go brách. Is fuath leo na calóga sin, agus caitheann siad isteach sa bhruscar iad am ar bith a chuirtear os a gcomhair iad. Tá daoine eile ann nach n-íosfadh iad mar go bhfuil an focal ‘Cornflakes’ scríofa as Béarla ar an mbosca. “Ba chóir go mbeadh ‘An Bosca Calóga Arbhair’ scríofa air, mar a bhíodh san am a caitheadh!” a déarfadh siad. Agus beidh daoine ag an mbord, sála arda orthu, a déarfadh nach raibh a leithéid de rud agus calóga arbhair ann riamh, gurb iad na seandaoine ag an mbord a chur a n-ábhar féin isteach sa bhosca, agus caithfear cloígh leis an oideas atá i bhfeidhm anois, agus sin sin, a déarfadh siad.

An Feighlí bocht! Céard a dhéanfaidh sé? Is féidir leis leanúint ar aghaidh ag ceannach na gcalóg, bosca i ndiaidh bosca ag dul amú, calóga ag lobhadh sa cheann atá ar an mbord. Roimhe seo, níor mhiste leis An bhFear Saibhir, an fear a íocann pá leis An bhFeighlí, an caiteachas místuama sin mar go raibh neart airgid aige go dtí seo, agus thug sé uaidh é go fial mar gheall go raibh A Bhean Chéile ag cur iallach air aire a thabhairt do na mionlaigh. Ach anois, tá an saol ag athrú. Tá géarchéim ann agus tá siosúr ag An bhFear Saibhir agus ag a Bhean Chéile. Thug siad an siosúr don Fheighlí, agus níl sé iomlán cinnte céard ba chóir dó a dhéanamh leis. Tá sé rud beag trína chéile, an siosúr ag gearradh anseo, an siosúr ag gearradh ansiúd, gan aird aige ar línte díreacha, shílfeá.

Tá daoine ag an mbord agus ní maith leo an áit ina bhfuil An Bosca Cornflakes suite. Nach leosan an taobh sin den bhord? Agus is fada an lá ó ceadaíodh Bosca Cornflakes, ná duine ar bith a d’íosfadh a leithéid, suí ag an mbord céanna leosan. Is fearr leo féin cruithneacht, agus ní maith leo an t-arbhar seanchaite. Nach n-itheann chuile dhuine cruithneacht anois? Níl mórán daoine le suim acu san arbhar. Caith amach An Bosca Cornflakes leis na duilleoga tae! Sin a mbarúil.

Agus tá daoine, nach suíonn ar an taobh sin den bhord, ach atá ina suí ar an taobh eile den bhord, a d’aontódh leo. Scríobhann siad sna meáin, ó am go chéile, iad ag tarraingt Peig Bhocht Nach as Leitir Móir Í isteach sa scéal. Ní maith leo Peig, cé go bhfuil sí imithe ar shlí na fírinne, ní thabharfaidh siad síocháin dí. ‘Níor thug sí síocháin dúinn!’ a scairteann siad, agus iad ag maíomh go mba chóir dá lucht leanúna a bheith ciallmhar agus glacadh leis gur chóir An Bosca Cornflakes a chur san uaigh léi, a déarfadh siad.

Ach tá daoine óga ag an mbord, agus tá ocras orthu. Breathnaíonn siad ar An mBosca Cornflakes. Tógadh cuid acu ar chalóga arbhair agus d’íosfadh siad as an mbosca sin gan stró ar bith, fiú murab é an t-oideas céanna atá in úsáid ag na tuismitheoirí éagsúla agus na babhlaí lána á gcur os a gcomhair. Braitheann an t-oideas sa bhosca ar an gcúinne sin den bhord ina bhfuil siad ina suí, an dtuigeann sibh.

Mar sin féin, tá páistí eile ocracha ag an mbord, agus ba mhaith leo na calóga arbhair a ithe, ach níl a fhios acu cén bosca is cirte a oscailt, nó cén t-oideas an t-oideas is fearr. Tá siad trína chéile ag éisteacht leis na moltaí éagsúla, agus leis na hargóintí éagsúla, ag an mbord. Níl uatha, b’fhéidir, ach An Bosca Cornflakes a oscailt agus a mbolg a líonadh. De réir mar a thagann aois chucu, cuireann siad an locht ar Pheig Bhocht Nach As Leitir Móir Í, mar go bhfuil na moltóirí ag cur babhla i ndiaidh babhla de chalóga tirime os a gcomhair, gan siúcra ar bith orthu, gan trácht ar bhainne! Nach mar sin a d’íosfadh Peig Bhocht Nach As Leitir Móir Í iad, a mhaífeadh na moltóirí, agus sách maith ag na páistí é! “Mura mian leo é, bíodh siad ocrach!” a rosc catha, shílfeá.

De réir a chéile, tá na calóga ag lobhadh, agus tá An Bosca Cornflakes ar an mbord, é ina sheasamh ansin fós, ach ar éigin. Agus tá na daoine ag an mbord go síoraí ag troid agus ag argóint faoina chearta. Agus tá na páistí ag fás aníos, An Bosca Cornflakes á shéanadh acu mar go bhfuil siad tuirseach ag fanacht le réiteach an bhoird. Idir an dá linn, tá an chruithneacht ag fás go tréan.
.

Wednesday, May 20, 2009

Oifig Turasóireachta

Cé go bhfuilim gnóthach, níl an saol ag dul ar aghaidh i ngan fhios dom. Chuala mé Caroline as Comhar Chuigéal ar Raidió na Gaeltachta inné agus í ag caint faoin Oifig Turasóireachta a bheas ag oscailt i gCasla ag tús na míosa seo chugainn.

Cuireann sé áthas an domhain orm an scéal seo a chloisteáil. Is cuimhin liom, agus mé i m’óige i gConamara, an grá domhain a bhí ag m’athair don cheantar, cé gurbh as Maigh Eo dó féin. Dúirt sé liom uair “This place is so beautiful, and has so much to offer.”. Bhí an ceart aige. Agus nach é a bheadh ríméadach, dá mbeadh sé beo anois, an cur chun cinn seo a fheiceáil ag dul ar aghaidh san áit ar chaith sé formhór a shaol pósta.

Comhghairdeas le Caroline Uí Ráinne agus na “mná” sin uile atá ag obair chomh dian sin ar na tograí uilig i gConamara, agus maith sibh Údarás na Gaeltachta as an tacaíocht atá á thabhairt agaibh don oifig nua seo. Is í an turasóireacht a choinneoidh an geilleagar beo beathach sa tír seo, agus i gConamara. Go n-éirí go geal libh.

Nóta chuig an Aire Ó Cuív: Is ar thograí mar seo is fearr airgead na Roinne a chaitheamh, a Aire. Sin mo thuairim. Cén mhaith atá in ionstraim reachtúil as Gaeilge don té nach léifidh go brách í? Sin mo cheist.

.

Saturday, May 9, 2009

Feachtas ÉÉ

Aire Ó Cuív bocht. Tá an fear sin thall in iGaeilge iontach cantalach leis na laethanta seo, feictear dom. Agus ní hé Con an t-aon duine a chloisim ag gearán faoin Aire, muise! Bím féin ag éisteacht leis an raidió freisin, agus ní minic a chloisim an dea-fhocal ina thaobh. An tAire, chan Con.

Tá Éamon cainteach feiceálach, mar a bhí Micheál D. agus Máire GQ. roimhe, agus níor chuala mé an oiread sin daoine ag gearán fúthu mar a bhíonn siad faoi Éamon Aireach. B’fhéidir nach raibh an oiread sin airgid acusan le caitheamh, nó le cur amú más fearr leat an leagan sin. Deacair a rá. Ní raibh mé sa Ghaeltacht an t-am sin, agus bhí mé iontach gnóthach ag streachailt le fear céile agus páistí. Níor thug mé mórán airde ar an rud nár bhain liom. Drochdhuine amach is amach. Mise, chan Con.

Creid é nó ná creid, bhí Charlie agus Bertie iad féin Aireach ar an nGaeltacht tráth freisin. Ní cuimhin liom mórán fúthu. Ní raibh an galf chúrsa thiar i gCeantar na nOileán an t-am sin, agus diabhal mórán tógálaithe a bhíodh thart ach an oiread. Is dócha nach raibh airgead ann, le fáil ná le tabhairt. Ní cuimhin liom. Ar aon nós, táim ag cur túis le feachtas. An feachtas ‘ÉÉ’. Éist le hÉamon. Is fearr ann ná as é. An tAire, agus Con.
.
 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.