Bíonn drogall orm, in amanna, mo smaointe agus mo chuid tuairimí a chur ar phár. Ní hé go mbím amhrasach faoi na smaointe iad féin, ach bíonn amhras orm go bhféadfadh mo thuairimí cuir as do dhaoine eile, nó go ngoillfeadh siad orthu ar aon bhealach. Creidim go bhfuil sé de cheart agam mo smaointe a roinnt, más é sin mo thoil, ach ní chreidim go bhfuil sé de cheart agam aon duine a ghortú, cé nach é sin a bheadh i gceist agam a dhéanamh dá ndéanfainn é, má thuigeann sibh libh mé, a léitheoirí.
Go deimhin, tá daoine ann nach roinneann an cineál drogaill sin liom, daoine nach miste leo a mbriathra a scríobh, nó a labhairt, agus iad ar nós cuma liom faoin gcaoi a rachaidh sé i bhfeidhm ar an léitheoir, nó ar an éisteoir. Nílim a rá go ndéanann siad a leithéid d’aon turas, cé go minic a dhéanann, ach ní chuireann goilliúnacht daoine eile isteach ná amach orthu, cheapfá. Tá a dtuairimí acu, agus ní miste leo iad a roinnt, fiú agus fios acu go bhféadfadh na tuairimí sin raic a thógáil, nó anáil a bhaint de dhuine. Is leosan na smaointe sin, creideann siad iontu, agus tá siad in ann iad a labhairt amach, nó a chur ar phár, gan amhras, gan athsmaoineamh. Is suarach le rá iad na daoine goilliúnacha, shílfeá.
A bhuíochas don daonlathas, tá an ceart againn ár rogha rud a rá nó a scríobh, a fhad is nach bhfuilimid ag briseadh aon dlí, is dócha. Tá próiseas daonlathach sa tír seo, agus tá dlíthe i bhfeidhm dá réir sin. Ná bíodh lá amhrais oraibh faoin bpróiseas daonlathach sin, a léitheoirí, fiú má tá sibh in amhras faoi chuid de na dlíthe ársa amhrasacha. Tá siad ann, mar is eol dúinn uile.
Thar na blianta, tá sé tugtha faoi deara agam go bhfuil smaointe agus tuairimí agamsa nach dtiteann isteach, beag ná mór, le smaointe agus tuairimí go leor daoine eile. Agus tá sé sin ceart go leor. Ní hionann muid uile. Ní hionann ár ngéinte, ní hionann ár n-oiliúint, agus ní hionann ár ndearcadh ar an saol dá bhrí sin. Gan amhras, d’fhéadfadh duine géinte agus oiliúint a roinnt, i gcás clainne mar shampla, gan dearcadh a roinnt. Agus tá sé sin ceart go leor freisin. Níor roghnaíomar ár ngéinte agus, dá bhrí sin, níor roghnaíomar ár ngaolta. Ní féidir ceachtar acu a shéanadh, ach ní hé sin le rá nach féidir dearcadh a shéanadh, mura miste linn an dearcadh sin. Daonlathas ag feidhmiú arís. Níl aon amhras orm faoi sin.
Nílim ag caitheamh amhrais ar na meáin amháin san alt seo, cé go bhfeicim peaca an amhrais ina n-ailt go mion minic, ach táim ag labhairt orainn uile, an tsochaí dhaonlathach. Tá amhras orm, in amanna, go bhfuil daoine maithe amuigh ansin nach bhfuil ag baint úsáide mar is ceart as an tsaoirse a thugann an daonlathas dúinn. Fanann siad ina dtost, nó ina suí ag an gclaí.. Ní deir siad a dhath, fiú nuair a léann siad, nó nuair a chloiseann siad, nó nuair a fheiceann siad rudaí nach n-aontódh siad leo go brách, agus nach bhfuil ceart, go morálta ná de réir dlí. Ní bhacann siad le nithe taobh amuigh dá dtairseach féin. Mura mbaineann rud leo, ní bhaineann siad leis.
Agus tá sé ag tarlú ar feadh na gcianta. Tá daoine ann atá cainteach confach, agus tá daoine ann atá tostach tim. Cén glór a chloistear den chuid is mó? Sea. Ach meas tú cén fáth a dtarlaíonn sé sin, a léitheoir? An é go bhfuil faitíos orthu labhairt amach? Bhfuil an peann borb, an briathar borb, an duine borb níos láidre ná an peann cineálta, an briathar cineálta, an duine cineálta?
Mar a dúirt an t-íobartach ar chlár teilifíse Mhiriam O’Callaghan roinnt seachtainí ó shin, agus é ag labhairt ar an am a chaith sé mar pháiste faoi chúram an stáit i gceann de na hinstitiúidí uafásacha sin,
“Where were all the good people?”
.