Showing posts with label claí. Show all posts
Showing posts with label claí. Show all posts

Monday, March 15, 2010

'Somebody Else's Problem'

Ní maith liom aon duine a fheiceáil agus iad faoi bhrú, curtha i sáinn, mar a déarfá, de thoradh dhrochghníomhaíochtaí daoine in údarás. Sin mar a tharla, mar shampla, do pháistí bochta a bhí faoi chúram an stáit agus na heaglaise le blianta fada, gan trácht ar an drochíde a tugadh do na páistí sin, arís is arís eile, de thoradh neamhghníomhaíochta daoine in údarás.

Feictear dom go bhfuil an Cairdinéal Brady faoi bhrú, é i sáinn anois ag na focail sin a dúirt sé, ‘he would resign if he ever found children had been abused as a result of any failing on his part while a bishop or manager.’ Bhuel, bhí neamhghníomhaíocht ann, más fíor, ach, dar leis an gcairdinéal ar Morning Ireland ar maidin ‘I felt I did my duty’ ach ‘others did not do their duty’.

Nuair a cuireadh ina leith ‘you remained silent for 20 years’, faoi dhrochghníomhaíocht Brendan Smith dúirt sé ‘I did not..’ ach, dar leis, chuir sé an t-eolas ar aghaidh ‘to the man who had the power to act…’. Chuig na gardaí, an ea? Ní hea. Chuir sé an t-eolas ar aghaidh chuig an easpag a bhí i gceannas ar Bhrendan Smith agus, dar leis an gcairdinéal, ‘I carried out my duties…I was there taking evidence…I had no decision making powers…’.

Arís is arís eile, tá sé le feiceáil againn ar fud na tíre seo, go raibh, agus go bhfuil fós, córais i bhfeidhm sna húdaráis éagsúla, córais ina samhlaím daoine le málaí acu, nó le boscaí acu, nó le taisceadáin acu áit éigean; málaí, boscaí, taisceadáin le ‘Sombody Else’s Problem’ scríofa orthu, shílfeá, agus is iad páistí agus gnáthphobal na tíre seo a bhí, agus atá, ag fulaingt dá bharr sin.
.

Friday, July 24, 2009

Amhras agus Daonlathas

Bíonn drogall orm, in amanna, mo smaointe agus mo chuid tuairimí a chur ar phár. Ní hé go mbím amhrasach faoi na smaointe iad féin, ach bíonn amhras orm go bhféadfadh mo thuairimí cuir as do dhaoine eile, nó go ngoillfeadh siad orthu ar aon bhealach. Creidim go bhfuil sé de cheart agam mo smaointe a roinnt, más é sin mo thoil, ach ní chreidim go bhfuil sé de cheart agam aon duine a ghortú, cé nach é sin a bheadh i gceist agam a dhéanamh dá ndéanfainn é, má thuigeann sibh libh mé, a léitheoirí.

Go deimhin, tá daoine ann nach roinneann an cineál drogaill sin liom, daoine nach miste leo a mbriathra a scríobh, nó a labhairt, agus iad ar nós cuma liom faoin gcaoi a rachaidh sé i bhfeidhm ar an léitheoir, nó ar an éisteoir. Nílim a rá go ndéanann siad a leithéid d’aon turas, cé go minic a dhéanann, ach ní chuireann goilliúnacht daoine eile isteach ná amach orthu, cheapfá. Tá a dtuairimí acu, agus ní miste leo iad a roinnt, fiú agus fios acu go bhféadfadh na tuairimí sin raic a thógáil, nó anáil a bhaint de dhuine. Is leosan na smaointe sin, creideann siad iontu, agus tá siad in ann iad a labhairt amach, nó a chur ar phár, gan amhras, gan athsmaoineamh. Is suarach le rá iad na daoine goilliúnacha, shílfeá.

A bhuíochas don daonlathas, tá an ceart againn ár rogha rud a rá nó a scríobh, a fhad is nach bhfuilimid ag briseadh aon dlí, is dócha. Tá próiseas daonlathach sa tír seo, agus tá dlíthe i bhfeidhm dá réir sin. Ná bíodh lá amhrais oraibh faoin bpróiseas daonlathach sin, a léitheoirí, fiú má tá sibh in amhras faoi chuid de na dlíthe ársa amhrasacha. Tá siad ann, mar is eol dúinn uile.

Thar na blianta, tá sé tugtha faoi deara agam go bhfuil smaointe agus tuairimí agamsa nach dtiteann isteach, beag ná mór, le smaointe agus tuairimí go leor daoine eile. Agus tá sé sin ceart go leor. Ní hionann muid uile. Ní hionann ár ngéinte, ní hionann ár n-oiliúint, agus ní hionann ár ndearcadh ar an saol dá bhrí sin. Gan amhras, d’fhéadfadh duine géinte agus oiliúint a roinnt, i gcás clainne mar shampla, gan dearcadh a roinnt. Agus tá sé sin ceart go leor freisin. Níor roghnaíomar ár ngéinte agus, dá bhrí sin, níor roghnaíomar ár ngaolta. Ní féidir ceachtar acu a shéanadh, ach ní hé sin le rá nach féidir dearcadh a shéanadh, mura miste linn an dearcadh sin. Daonlathas ag feidhmiú arís. Níl aon amhras orm faoi sin.

Nílim ag caitheamh amhrais ar na meáin amháin san alt seo, cé go bhfeicim peaca an amhrais ina n-ailt go mion minic, ach táim ag labhairt orainn uile, an tsochaí dhaonlathach. Tá amhras orm, in amanna, go bhfuil daoine maithe amuigh ansin nach bhfuil ag baint úsáide mar is ceart as an tsaoirse a thugann an daonlathas dúinn. Fanann siad ina dtost, nó ina suí ag an gclaí.. Ní deir siad a dhath, fiú nuair a léann siad, nó nuair a chloiseann siad, nó nuair a fheiceann siad rudaí nach n-aontódh siad leo go brách, agus nach bhfuil ceart, go morálta ná de réir dlí. Ní bhacann siad le nithe taobh amuigh dá dtairseach féin. Mura mbaineann rud leo, ní bhaineann siad leis.

Agus tá sé ag tarlú ar feadh na gcianta. Tá daoine ann atá cainteach confach, agus tá daoine ann atá tostach tim. Cén glór a chloistear den chuid is mó? Sea. Ach meas tú cén fáth a dtarlaíonn sé sin, a léitheoir? An é go bhfuil faitíos orthu labhairt amach? Bhfuil an peann borb, an briathar borb, an duine borb níos láidre ná an peann cineálta, an briathar cineálta, an duine cineálta?

Mar a dúirt an t-íobartach ar chlár teilifíse Mhiriam O’Callaghan roinnt seachtainí ó shin, agus é ag labhairt ar an am a chaith sé mar pháiste faoi chúram an stáit i gceann de na hinstitiúidí uafásacha sin,

“Where were all the good people?”
.

Sunday, April 19, 2009

Bás gan Choinne

Is iomaí uair a bhíonn deirfiúracha áirithe i dTuaisceart Éireann i mo smaointe. Bhí bás a dearthár go mór sna meáin ar feadh tamall fada, agus bíonn fós ó am go chéile. Sin mar a bhíonn leis an mbás gan choinne, go háirithe má bhíonn éiginnteacht ag bith ar baint leis, agus é i mbéal an phobail dá bharr sin. Tháinig siad isteach i mo chloigeann arís ar maidin agus mé ag éisteacht leis an tráchtaireacht ar an raidió maidir le bás an fhir Éireannaigh sa Bholaiv. Is cosúil gur iarr muintir an fhir seo príobháid ó na meáin, agus tuigim a gcás. Ach tuigim cás na meán chomh maith céanna. Caithfear tuairisciú a dhéanamh, agus sin an jab atá acu.

Áit ar bith a mbíonn arm, bíodh siad aitheanta go dleathach nó ná bíodh, bíonn údarás acu. Agus, mar is eol dúinn, tá ceannasaíocht ag na hairm, bíodh siad dleathach nó ná bíodh. Tá siad in ann an fhírinne a choinneáil ceilte nó í a roinnt mar is mian leo. Tá an t-údarás sin acu agus cloíonn daoine leis na rialacha, in amanna teann faitís, in amanna teann tacaíochta. Is minic go leor daoine ina suí ar chlaí na fírinne dá bharr sin. Agus déanann na meáin iarracht a theacht ar fhírinne an scéil, an móramh acu ar aon nós ceapaim, rud atá deacair a dhéanamh nuair atá an t-aon duine amháin a d’fhéadfadh sin a roinnt go cinnte leo imithe ar shlí na fírinne.

Bhí tacaíocht mhór, go poiblí ar aon nós, ag na deirfiúracha, ach ar éirigh leo a theacht ar an fhírinne iomlán? Cibé scéal é, sí an fhírinne ghlan atá ann ná go bhfuil deartháir, agus mac, imithe ar shlí na fírinne, agus níl an fhírinne óna bhéal cloiste, agus ní bheidh go brách. Agus sí an fhírinne lom bhrónach ná nach mbeidh an duine sin ar ais ina bheatha, lena mhuintir, go brách arís. Is ionann don mhuintir sin thíos i dTiobraid Árann. Tá sé de cheart acu an phríobháid sin a iarraidh. Ní chloisfear fírinne san áit a mbeidh gleo. Is minic gur sa chiúnas atá sí le fáil.

Tá súil agam go bhfaighidh siad faoiseamh éigin, áit éigin. Am éigin.
 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.