Showing posts with label eolaíocht. Show all posts
Showing posts with label eolaíocht. Show all posts

Thursday, October 7, 2010

Supernova 2010K

Tharla sé os cionn 300 milliún bliain ó shin, fiú roimh ré na ndineasár, ach níor thug aon duine faoi deara gur tharla sé go dtí an mhí seo caite.

Bhí Dave Grennan, forbróir bogearraí as Baile Átha Cliath, ach fear ar fairtheoir réalta amaitéarach rialta é, bhí sé ina bhothán ar chúl a thí, ag breathnú ar na réaltaí, mar is iondúil leis, nuair a thug sé faoi deara ‘one of the most dramatic events of the heavens’, an rud ar a dtugtar supernova.

Is éard atá sa supernova ná ‘a cataclysmic explosion during which a star self-destructs with such force it destroys nearby suns and planets’, dar leis an méid a léigh mé san alt seo.

Cé gur tharla an phléasc ollmhór sin na blianta blianta fada ó shin, ‘we are watching an event as it is unfolding’, arsa Dave.

Anois, nach bhfuil sé sin iontach, a léitheoir – muidne anseo ar thalamh na cruinneoige bige seo, ag breathnú anois díreach ar rud a tharla beagnach 300 milliún bliain ó shin, ar chruinneog éigin eile? Bhabha! (mo leagansa de Wow!, ach glacfar le moltaí.)

Pé scéal é, chuala mé Dave ag labhairt ar an raidió inniu, agus an bhfuil a fhios agaibh rud amháin eile, a léitheoirí – dá bpléascfadh an ghrian anois díreach, dar leis, bheadh muidne ar an gcruinneog bheag seo, tusa agus mise, bheadh muid aineolach faoin eachtra ollmhór sin go ceann 8 nóiméad eile!

Go deimhin, b’fhéidir gur tharla sé cheana féin…tic toc, tic toc, tic toc, tic toc…
.

Sunday, June 13, 2010

Réamhordú?

Seans ar bith a fhaighim, caithim am ag labhairt le seandaoine.

Mo chuimhne, níl dúil agam san fhocal sin ‘seandaoine’. B’fhearr liom, mura miste libh, a léitheoirí, rud éigin fearacht ‘bean shaolach’ a úsáid. Feictear dom gur deise i bhfad an léargas a thugann an focal ‘ saolach’ dúinn ar an té le heolas a dtaithí ar an saol acu le roinnt linn.

Cibé scéal é, bhí mé ag caint le bean le déanaí, bean le ceithre scór bliain, ar a laghad, caite aicí ar an saol seo. Tharla sé gur luaigh mé léi gur thug mé faoi deara go raibh, timpeall na háite seo ar aon nós, go leor buachaillí á mbreith na laethanta seo, seachas leanaí baineanna, an dtuigeann sibh.

‘Must be a war coming,’ arsa mo chara saolach.

Láithreach bonn, ghéaraigh mo chluasa a n-éisteacht, agus d’fhiafraigh mé, ‘Why do you say that?’

‘More boys than girls are born before a war…’ arsa sí, ‘…to replace the boys that are lost during the war.’

‘You think that Nature knows about wars in advance?’ a d’fhiafraigh mé féin.

‘Well, our Lord probably does.’ a d’fhreagair sí.

Agus, sin agaibh é arís, a léitheoirí. Níl a fhios aici cén bunús atá leis an scéal, ná cé chomh fíor is atá sé, ach amháin gur chuala sí é ráite go minic agus í ag fás aníos.

Seo altdhótrí daoibh, agus fágfaidh mé fúibh féin é céard a chreideann sibh - an míthuairim, míthuiscint nó míthuar a chuala mé ó mo chara saolach?
.

Thursday, April 22, 2010

Lá an Domhain

An rud a thaitníonn go mór liom faoin mblagáil seo, tugann sé deis dom postáil ó bhlagálaithe eile a léamh, agus coinníonn siadsan mise ar an eolas faoi na nithe sin nach mbeinn, b’fhéidir, ar an eolas fúthu murach iad, an dtuigeann sibh.

Tharraing Dennis agus Dubhaltach m’aird ar chúpla rud inniu, Lá An Domhain, agus de thoradh sin, tháinig mé ar an bhfíseán seo thíos ó Stewart Brand, físeán a fuair mé ar an suíomh seo.

Más suim leat tuairim an fhir seo a chloisteáil, agus mholfainn a leithéid, is fiú éisteacht leis an méid atá le rá aige ar an bhfíseán, go háirithe más rud go bhfuil tú ar chor ar bith amhrasach faoi imoibreoirí núicléacha, nó in amhras an bhfuil orgánaigh ghéinmhodhnaithe, na GMO’anna sin, sábháilte nó cuidiúil, mar shampla.

Cá bhfios dom, ach b’fhéidir gur Turq atá ionam, agus nach raibh a fhios agam é go dtí inniu! Bhuel, déanaim iarracht breathnú ar rudaí le hintinn oscailte, cibé scéal é. Go mba hé daoibh, a léitheoirí. Más mian libh.




.

Monday, April 5, 2010

Dícheangal agus Díchorda

Ní dóigh liom go bhfuil duine ná deoraí, thall ná abhus, nach bhfuil ar an eolas faoin méid atá ag titim amach san eaglais Chaitliceach i láthair na huaire, agus, go deimhin, faoin méid atá ag titim amach sna heaglaisí agus sna rialtais éagsúla ar fud an domhain.

Má bhíonn achrann ann, bíonn reiligiún agus rialtas lárnach ann go minic, agus, bíonn na meáin ann; na nuachtáin, teilifís, raidió; tráchtairí ag roinnt scéalta linn, ár ndearcadh ar a bhfuil ag tarlú ag brath ar a ndearcadh siúd, shílfeá.

Tá meáin eile ann, na leabhair as a mbíonn briathra á dtabhairt anuas go rialta, ag lucht na n-eaglaisí, ag daoine ar bhlaganna agus, nuair a fheileann sé dóibh, ag na meáin uile. Tagann na tuairimí, agus na tagairtí, chugainn ar aerthonnta agus ar thonnta inchinne, agus roinneann chuile dhuine a fhírinne féin linn, amhail is dá mba aigesean amháin atá an fhírinne cheart, b’fhéidir.

Feictear dom, thar na blianta, go bhfuil meascán daoine ann; daoine a chreideann gach a léann siad; daoine a chreideann roinnt den mhéid a léann siad; daoine nach gcreideann a dhath a léann siad; daoine a chreideann cibé rud as na meáin éagsúla a fheileann dóibh féin, agus is ar an rud sin a dhíreoidh siad a mbriathra, na briathra sin á roinntear linne, lucht na linne seo, gan stad gan staonadh.

Fágann na scéalta a chloistear agus a léitear na laethanta seo, fágann siad ár laethanta dorcha, shílfeá, mar a bheadh scamaill thiubha dhubha os ár gcionn, gan ach gile an dóchais ár gcoinneáil ón ngruaim. Nó, b’fhéidir gur mar sin atá, gur mar sin a bheas, anois agus go huair ár mbáis.

Tá daoine ag léamh go fial as ‘fírinne’ a staire, agus tá dícheangal agus díchorda ar fud an domhain. Sin í an fhírinne, shílfeá.
.
 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.