Sunday, September 20, 2009

Liathróid an Rachmais

Níl a fhios agam fúibhse, a léitheoirí, ach bhí mé rud beag buartha faoi iompar ár bpolaiteoirí i rith óráid NAMA Bhrian Lenihan sa Dáil an tseachtain seo caite.

Shilfeá go raibh siad istigh i gclós scoile, iad ag spochadh as a chéile mar a bheadh páistí ann, an cnámhghearradh ag dul anonn is anall eatarthu, agus iad ag gáire leo. Bhí mé féin ag fanacht le ‘liar liar pants on fire’ a chloisteáil, agus nílim iomlán cinnte nár tharla a leithéid.

Ní hé gur miste liomsa, go hiondúil, an dóigh a n-iompraíonn na polaiteoirí iad féin, mar tuigim le fada an lá nach mbeidh tuiscint go brách agam ar an gcraic a bhíonn ag dul ar aghaidh i gClós Scoile na Dála, ach shíl mé, agus iad ag plé le hábhar atá tar éis an tír seo a fhágáil ina praiseach, an gnáthphobal ag fulaingt go mór de bharr neamhaird na bpolaiteoirí thar na blianta, gur thaispeáin an t-iompar sin uatha nach bhfuil tuiscint dá laghad ag an bhformhór acu ar an gcrá uafásach atá ag tarlú timpeall na tíre i láthair na huaire.

Tá súil agam nach labhairt ar son labhartha atá anseo ó Bhrian Cowen, agus go dtiocfaidh ár bpolaiteoirí amach as an gclós scoile, go stopfar den imirt dalladh púcóg, agus go bhfeicfidh siad go bhfuil daoine ag fulaingt agus ag streachailt in am atá iontach crua ar an ngnáthphobal.

Samhlaím, bíodh mé ceart nó mícheart, go bhfuil siadsan, na polaiteoirí, ag imirt cluichí ar pháirc na polaitíochta, le boic mhóra na mbanc agus leis na tógálaithe, iad uile, feictear dom, ag taobhú lena chéile i gcluiche ina bhfuil an rachmas mar liathróid acu agus nílim cinnte, go baileach, cé atá ar thaobh an ghnáthphobail sa chluiche sin.
.

5 comments:

  1. Ní dóigh liom go n-imreoidís na searáidí céanna dá mbeidis fhéin thíos leis an bpraiseach a bhfuil siad chomhchiontach leis. Ach is i mbolgán teolaí órga ar foluain os ár gcionn agus os cionn na réadúlachta seirbhe a mhaireann saol na polaitíochta móire sa lá inniu.

    Gan na paraisiúit órga agus na pinsin bhorrtha bheadh scaoll ceart fúthu.

    Tá athnuachan go géar de dhíth ar an gcóras a chuirtear "daonlathas" air mar tá a chosúlacht leis an olagarcacht ag méadú i gcónaí.

    ReplyDelete
  2. Bheadh deacracht ag aon duine againn an rud nár chleacht muid féin a thuiscint, ach is féidir éisteacht agus cuidiú más gá, rud nach bhfuil uasaicme na sochaí ag déanamh i láthair na huaire, ceapaim.

    Ach tá tacaíocht mhór ag na páirtithe éagsúla, tacaíocht atá seanbhunaithe go leor den am, agus creidim go gcaithfidh muidne, na vótálaithe, meon a athrú freisin agus, b'fhéidir, ár vóta a dhíriú ar dhaoine nach bhfuil greamaithe le páirtí nó, ar a laghad, ar dhaoine atá in ann meon a bpáirtí a dhíriú ar an saol réalach i.e. aire a thabhairt den ghnáthmhuintir seachas aire a thabhairt de na boic mhóra ar cuma leo faoin tír, ná faoin bpobal atá ag brath ar gheilleagar sábháilte na tíre sin.

    Ach, sin mo bharúil, chan freagra na faidhbe, faraor...

    ReplyDelete
  3. Níl sa Dáil ach cluiche polataíochta le h-airgid an gnáth cainiocóir a thabhairt do na boic mhóra agus iad sa Spainn an tseachtain seo cáite ag ceiliuradh NAMA.Idir an dá linn tá ár ndaoine óga ag phleanáil ar dul go Ceanada agus an Nua tShealainn.Bá cheart go mbeadh náire ar na polaiteoirí.An chead céim, FF a ruaigeadh as oifig ar feadh ar a laghad deich mbliana.

    ReplyDelete
  4. "Nílim cinnte, go baileach, cé atá ar thaobh an ghnáthphobail"

    An gcreideann tú go bhfuil Fianna Fáil/Baincéirí/Forbróirí ar thaobh an ghnáthphobail?

    ReplyDelete
  5. Sa phíosa samhlaíochta sin, bhí foireann an ghnáthphobail ar an taobh eile, ach ní dóigh liom go raibh an liathróid ag dul ina treo go rómhinic. B'fhéidir nach bhfuil an cluiche thart fós...ach cá bhfuil an réiteoir?

    ReplyDelete

 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.