Cuireann sé iontas orm, ó am go chéile, na míthuiscintí a bhaintear as focail. Caithfear a bheith iontach cúramach is cosúil.
Ní hé an léamh céanna, mar shampla, a bhaineann fir agus mná as, abair, abairt éigin cosúil le ‘Lovely tie you’ve got there’ nó ‘Is maith liom do ghúna’. Agus tú á léamh sin, an dóigh leat gur fear nó bean a dúirt na focail? Agus, cé air a bhfuil an gúna, i do bharúil, ar fhear nó ar bhean? Sea, chuile dhuine agus a bhfreagra, agus a dtuiscint féin acu.
Caithfear a bheith cúramach agus duine ag scríobh, mar tá meonta éagsúla ag na léitheoirí éagsúla agus, go minic, níl aithne phearsanta ag an scríbhneoir agus ar an léitheoir ar a chéile. Cá bhfios don léitheoir céard go díreach atá ag dul ar aghaidh i gcloigeann an scríbhneora, agus an bhfuil leid dá laghad ag an scríbhneoir cén teachtaireacht atá á baint ag an léitheoir as an bpíosa scríofa?
Bímse, mar is eol do léitheoirí rialta an bhlag seo, ag rámhaille liom. In amanna go samhlaíoch. In amanna le ciall agus le réasún. Ceapaim. B’fhéidir. Ar ndóigh. Níl a fhios agam. Cá bhfios dúinn?
Ach, tá a fhios agam an méid seo, ní ar an léitheoir a dhírím nuair a bhíonn fonn orm mo smaointe rúnda a roinnt. Ní hea. Dírím m’fhocail ar an té a éistfidh le m’fhocail le foighne, gan bhreithiúnas, le tuiscint iomlán agus le grá.
Sióg, cá bhfuil tú...
.
Lá Teaghlaigh na Nollag ar an Iúr
2 days ago
Bionn tú suimiúil igcónaí agus sin an rud is tabhtachtaí.
ReplyDeleteGo raibh maith agat...:-)
ReplyDelete'Bhfuil tú a caint fúmsa?! An bhfuil tú chugamsa?! An bhfuil tú chun troid a thosnú?!
ReplyDelete;->
Tuigim, cinnte.