Showing posts with label An Bhean Neamhspleách. Show all posts
Showing posts with label An Bhean Neamhspleách. Show all posts

Thursday, December 23, 2010

Tuismitheoireacht

Thiomáin Gráinneog ó Bhaile Átha Cliath go hInis Eoghain inné, turas a mhair os cionn ocht n-uaire an chloig, cé gur iondúil léi an turas sin a dhéanamh taobh istigh de cheithre huaire an chloig. Bhí sneachta agus sioc ar na bóithre, an dtuigeann sibh, agus, dá bhrí sin, thiomáin sí le cúram.

Ar ndóigh, ní raibh nóiméad suaimhnis ag an máthair seo, go bhfaca mé m’iníon ag seasamh os mo chomhair aréir, ag doras Cheann Scríbe.

Inniu, tá an turas céanna roimh an mBean Neamhspleách agus, ó tharla na bóithre chomh dona céanna fós, beidh an mháthair seo imníoch, arís eile, go bhfeicfidh sí a hiníon ag seasamh os a comhair, ag doras Cheann Scríbe.

Nach suimiúil gur féidir stop a chur le tuismitheoireacht, nuair atá páistí tógtha, ach nach féidir, go brách, stop a chur le himní an tuismitheora.

Nó, an cuid den tuismitheoireacht í an imní sin?
.

Monday, October 11, 2010

Cruthaitheacht

Ó tharla mé ag scríobh faoi ábhar cruthaitheach sa bhlagmhír dheireanach, chinn mé go roinnfinn fógra teilifíse nó dhó libh.

Gráinneog agus An Bhean Neamhspleách a thug faoi mo dheara na cinn seo thíos, agus is léir dom, ón iontas agus ón gháire a roinneamar triúr agus muid ag breathnú ar na fógraí ar youtube aréir, go bhfuil géinte a n-athar agus a máthar beo beathach sa bheirt acu.

Tá meas acu, feictear dom, agus buíochas le mo Ché, ar an meon cruthaitheach. Tuigeann siad go maith go bhfuil díolacháin táirgí i gceist leis na fógraí, ach aithníonn siad an taobh cruthaitheach den mheon a chruthaigh na fógraí sin. Ach go háirithe, baintear gáire astu nuair a bhíonn acmhainn grinn chruthaitheoir an fhógra soiléir ar an scáileán.

Aréir, thuigeamar go maith an teachtaireacht taobh thiar den fhógra seo, agus, ahem, chonaiceamar go maith an teachtaireacht taobh thiar den fhógra seo, agus bhíomar ár marú féin ag gáire nuair a chualamar buaiclíne* an chinn seo.

* Cén Ghaeilge atá ar ‘punch line’ meas tú? Fotha líne? Abairt bhuaice? Rogha na bhfoclóirí? Do rogha féin?
.

Tuesday, September 7, 2010

Breacadh an Lae


Tharla sé go raibh An Bhean Neamhspleách sa bhaile an deireadh seachtaine seo.

Bhí cothrom lae tríocha bliain an phósta á cheiliúradh agam féin agus é féin, an dtuigeann sibh, agus bhí slua nach beag i gCeann Scríbe. Tá cuid acu anseo fós, go deimhin, rud a fhágann nach bhfuil mórán ama agam mo rámhaille a roinnt libh na laethanta seo, a léitheoirí. Bainigí sult as an, ahem, ciúnas.

Cibé scéal é, bhí tráthnóna Dé hAoine go hálainn, agus chinneamar dinnéar a ithe taobh amuigh ar an deicre ar chúl an tí, áit a raibh na crainn ag cromadh a gcloigne, ag éisteacht le comhrá an chomhluadair ansin.

Is that tree diseased?” a d’fhiafraigh An Bhean Neamhspleách den Gharraíodóir, ar thabhairt faoi deara di go raibh spotaí ar na duilleoga ar cheann amháin de na crainn.

No, it’s just an Irish tree.’ a d’fhreagair an Garraíodóir.

What do you mean?’ a d’fhiafraigh an Bhean Neamhspleách.

It’s got freckles.’ arsa mo dhuine.

Saturday, August 7, 2010

Andúileach Leabhar

Oh, my God…’ arsa An Bhean Neamhspleách, nuair a chonaic sí carnán leabhar nua suite ar an tolg, ‘…you were let loose in a bookshop again, weren’t you!?’

Tá sí ar saoire i láthair na huaire, agus chinn sí cúpla lá a chaitheamh lena tuismitheoirí i gConamara. Nuair a shroich sí ár dtearmann aréir, chuaigh sí i dtreo an toilg, áit a raibh uirthi na leabhair nua a bhrú go leataobh, le go mbeadh sí in ann áit suí a fháil di féin.

Ar ndóigh, bhí an ceart aici. Ní féidir mo leithéid, agus cárta creidmheasa i mo ghlac agam, a scaoileadh gan sreang de shaghas éigin, agus mé istigh i siopa leabhar. Ní raibh aon sreang liom.

Ní féidir an locht a chur ar An Mháistreás, go deimhin. Ní dhearna sise tada as bealach. Síob soir chuig Cló Iar-Chonnachta a thug sí dom, ó tharla ‘cúpla leabhar uaim’, mar a dúirt mé léi. Ní raibh fáil agam ar charr ag an am, an dtuigeann sibh, agus céard a dhéanfadh cara dil ach cuidiú le cara eile, in am an ghátair. Sea.

Le bheith féaráilte, ní raibh sé i gceist agam ach cúpla leabhar a fháil – Tuar Mhic Éadaigh, Stair agus Seanchas, le Pádraig Standún, agus In Ord is in Eagar, le hAntain Mac Lochlainn, leabhair a fuair mé i gCló Iar-Chonnachta, chomh luath agus a shroich mé an áit.

Ach, gan sreang ná sábháil orm, séard a tharla ansin, an dtuigeann sibh, chonaic mé neart leabhar eile, leabhair a bhí luaite ag comhbhlagálaithe liom, nó leabhair luaite in Gaelscéal, b’fhéidir, nó leabhair a tharraing m’aird ina dtreo. Bhí mé mar a bheadh beach mheala i measc na mbláthanna, agus bhí mil chuile áit!

Cibé scéal é, a léitheoirí, bhí an t-ádh liom, agus bhí orm stopadh den cheannach tar éis uair a chloig, ó tharla an áit ag dúnadh. Ní hé go raibh Deirdre chuidiúil do mo chaitheamh amach as an áit, bíodh a fhios agaibh, ach, ahem, tháinig ciall le ham.

Thosaigh Deirdre ag suimiú, agus chuidigh An Mháistreás fhoighneach liom na 20 leabhair a cheannaigh mé a thabhairt liom abhaile.
.

Sunday, May 16, 2010

In Ainm Cé?

Tharla sé go raibh mé féin agus An Bhean Neamhspleách i séipéal le déanaí, an bheirt againn ag freastal ar ócáid ag a raibh duine muinteartha linn ag glacadh comaoineach den chéad uair.

Bhí an ócáid á ceiliúradh i nGaeilge, teanga nach bhfuil ar a toil ag m’iníon, ach thuig sí formhór dá raibh ar bun, mar sin féin, mar is ionann an searmanas, is cuma cén teanga atá á labhairt ag an Aifreann.

Cibé scéal é, bhí na páistí uile go hálainn, na paidreacha á rá acu, agus á gcanadh acu, an lucht féachana agus an cór álainn ag glacadh páirte, nuair ba chóir.

Leath bealaigh tríd an Aifreann, sheas cailín beag ar an altóir léi féin, agus thosaigh sí ag gabháil fhoinn. Táim cinnte gur stop na héin ar na crainn taobh amuigh den séipéal lena gcantain féin le héisteacht léi, bhí a glór chomh binn agus chomh séimh sin. Bhíomar uile faoi dhraíocht aici sa séipéal.

Ar aon nós, d’ardaigh mo chroí lena glór, agus is léir gur tharla amhlaidh le go leor daoine eile sa lucht éisteachta, mar chomh luath agus a chríochnaigh amhránaí an ghlóir bhinn a hamhrán, thosaíomar uile ag bualadh bos.

Leis sin, sheas an sagart ag an maidhc, agus i dteanga nach raibh gá dom a aistriú don Bhean Neamhspleách mar gur as Béarla a dúradh é, d’iarr sé orainn gan bheith ag bualadh bos, lenár dtoil, ‘It’s not fair. It’s a prayer’, ar seisean.

Choinnigh mé greim maith ar théada mo chroí ina dhiaidh sin, ar fhaitíos go n-ardódh an croí céanna arís i ngan fhios dom, an dtuigeann sibh, agus go dtosódh mo lámha ag bualadh a chéile dá thoradh sin, rud a dhéanann siad go rialta nuair a bhíonn áthas orthu, na diabhail lámha!

Mar a tharla sé, ag deireadh an tsearmanais, d’iarr an sagart orainn, as Gaeilge, bualadh bos a thabhairt do na páistí, agus nuair a thosaigh mé á dhéanamh sin, chuala mé ‘Mum, you’re not allowed to clap!’ ag teacht ón mbean le mo thaobh, bean nár thuig go raibh cead faighte agam ón sagart bualadh bos a thabhairt, an geábh seo.

Agus srianta á gcur aige ar ár mbuíochas, is dóigh liom nach raibh i gceist ag an sagart ach go mbeadh an bualadh bos á roinnt go cothrom ar na páistí uile, ag an am céanna, ag deireadh an tsearmanais, seans, sa gcaoi go mbeadh chuile pháiste san áireamh inár mbuíochas, bíodh páirt bheag nó páirt mhór acu sna himeachtaí ar an altóir.

Mar sin féin, agus mé i mo shuí ag ócáid ina raibh a bhás agus a bheatha á gceiliúradh, shílfeá, is é an smaoineamh a rith liom féin maidir leis na srianta lámh agus croí, ‘Céard a cheapfadh Íosa?’.
.

Wednesday, February 17, 2010

Airgead do Pháistí ón A.I.B!

Mar is eol do léitheoirí rialta, tá lucht I.C.A.R.E i mBun Cranncha gar do mo chroí, agus má thagaim ar bhealach ar bith le cuidiú leo, déanaim amhlaidh.

Chuir An Bhean Neamhspleách ríomhphost chugam ar maidin, agus d’inis sí dom faoin nasc seo, áit inar féidir vóta a chaitheamh do thionscadail éagsúla atá ag obair ar mhaithe le páistí, i gceantair ina bhfuil brainsí den A.I.B. ar fud na tíre.

Tá an A.I.B ag dul €10,000 a roinnt ar thionscadail pháistí i do cheantar, más ann do bhrainse leo, agus níl le déanamh agat ach dul isteach chuig an nasc thuasluaite, an contae a roghnú, an ceantar a roghnú, agus cliceáil ar cheann de na tionscadail áitiúla atá luaite don cheantar sin, agus caith do vóta don tionscadal is ansa leat.

Mura bhfuil aon cheann ann do do cheantar féin, agus mura miste leat, bheinn buíoch ach do vóta a fháil do I.C.A.R.E, atá ag ‘B’, faoi ‘Donegal:Buncrana:Inishowen Children's Autism Related Education, nó is féidir téacs a sheoladh chuig 51303, leis an bhfocal BUNCRAN ar dtús, fág spás ansin, agus cuir isteach an litir B i ndiaidh an fhocail BUNCRAN, rud a chosnaíonn ‘standard SMS rate’, creidim.

Tá na vótaí ar líne saor in aisce, agus is féidir ceann a chaitheamh uair amháin chuile lá idir, anois agus 15 Márta.

Go raibh céad míle maith agaibh, a chairde, agus ní dochar an scéal a scaipeadh, más mian libh, ar mhaithe le páistí uile ar fud na tíre.
.

Sunday, January 3, 2010

Ceangailte Go Buan




Nuair a dhúisigh mé ar maidin, ní i mo leaba féin a bhí mé, agus ní raibh an Garraíodóir le mo thaobh, ach an oiread. Mar sin féin, bhí suaimhneas ar leith i mo chomhluadar, an cineál suaimhnis sin a thagann nuair a bhím ar ais i mo cheantar dúchais, ar ais le mo dhream féin.

I láthair na huaire, tá mo mhuintir uile sa bhaile. Chaitheamar trí lá agus oíche i mBaile Átha Cliath, ar ragairne ag bainis mo nia, agus d’éirigh linn uile ár mbealach a dhéanamh abhaile arís, go slán sábháilte, in ainneoin na drochaimsire agus na mbóithre sleamhna.

Cé nach sa bhaile atáim, is sa mbaile a airím, mar sin féin. Sé an radharc thuas a bhí romham ar maidin nuair a d’éirigh mé, agus chinn mé an grianghraf a ghlacadh agus a roinnt libh, a léitheoirí, le go bhfeicfidh sibh an fharraige agus na sléibhte lena bhfuil mo chroí ceangailte go buan.

Maidir leis an nGarraíodóir bocht, an fear lena bhfuil mo chroí ceangailte go buan, thug sé frídíní uile Bhaile Átha Cliath abhaile leis go Ceann Scríbe. Tá sé ag tabhairt aire mhaith de na hainmhithe uile thuas, agus ag tabhairt an-aird ar an bhfliú sin a thug sé ar ais leis, freisin.

Tá An Bhean Neamhspleách in éineacht leis, ag tabhairt aire mhaith dó. Ceapaim. Chuir sí scairt orm aréir, agus ní ar a hathair a bhí a haird dírithe, ach ar Shióg.

He was so excited to see us, Mum!” a dúirt sí, “He missed us all terribly.” dar léi.

Just listen to him purring, and say hello to him.” a dúradh liom, agus í ag cur an fóín le cluas an chait, an t-ainmhí lena bhfuil mo chroí ceangailte go buan.

“How’s my favourite man?” arsa mé féin isteach san fhón, mo mhuintir uile timpeall orm i gcistin mo dheirféar, ag éisteacht le chuile fhocal uaim, gan an dara rogha acu ach éisteacht, mar is ann a bhí mé, ina gcomhluadar, nuair a tháinig an glaoch ar m’fhón póca. Lean mé orm ag caint le Sióg, dearmad glan déanta agam ar an dream i mo thimpeall.

You are the best ever…” arsa mé féin, mé ag labhairt go ceanúil agus le grá nach beag,

“…and it won’t be long before I am back to give you a big hug, and I won’t leave you ever again…” a dúirt mé, agus chríochnaigh mé an comhrá leis le póg mhór mhillteach,

Mwah!”.

Bhí chuile dhuine sa chistin ag breathnú orm nuair a mhúch mé an fón.

“So, how is he feeling now?”, a d’fhiafraigh duine acu.

“Who?” a d’fhiafraigh mé féin.

“Your husband!” a d’fhreagair duine eile acu.

I’d better ring back.” arsa mé féin…

Saturday, October 10, 2009

Olé! Olé! Olé!

Tá súil agam go n-éireoidh le ceannasaíocht an Chomhaontais Ghlais a gcomhchlár rialtais, mar atá sé tuairiscithe sa An Druma Mór inniu, a thabhairt chun críche.

Is é mo thuairim féin, más fiú a dhath é, nach bhfuil gá le 166 Teachta Dála, ach tá súil agam go gcuirfear tús leis an ‘iniúchadh’ go luath, le go mbeidh deis agam tuiscint níos fearr a fháil ar an bhfáth atá taobh thiar den líon sin teachtaí.

Aiféala orm, a léitheoirí, ach tá an seanrá ‘jobs for the boys’ ag dul timpeall i mo cheann i láthair na huaire, agus ní maith liom go bhfuil an ciniceas ag bláthú mar sin i mo chloigeann, ach tá fodar go leor sna páipéir le míonna anuas ag cur borradh fáis faoi mar chiniceas.

Bhí An Bhean Neamhspleách ag cluiche an Heineken Cup san RDS aréir agus, bíodh sí spíonta nó ná bíodh, beidh sí ag an gcluiche idir Éire agus an Iodáil ar ball. Mar a dúirt sí féin liom ní ba luaithe ar an bhfón ‘I’m a busy girl!’.

Tá an dóchas ag tabhairt cic sa tóin don chiniceas, agus tá ‘olé, olé, olé’ ag dul timpeall i mo chloigeann anois, gan dabht ar bith sa chloigeann céanna ach go mbeidh ‘Ól é! Ól é! Ól é!’ ann ar ball freisin, go háirithe má éiríonn leo ar Pháirc an Chrócaigh anocht.

Go n-éirí go geal leo uile!
.

Thursday, September 3, 2009

Cara de dhíth!

Mar is eol daoibh, táim ag foghlaim liom. Chuile lá, agus mé ag plé leis an idirlíon ar bhealach amháin nó ar bhealach eile, táim ag dul i dtaithí ar shuíomhanna úra an idirlín, rudaí nach raibh trácht ar chor ar bith orthu agus mise ag tógáil mo pháistí, cosúil le Twitter, Bebo, Facebook agus a leithéidí.

Nuair a thosaigh mé ar an mblagáil seo, bhí orm eolas a fháil ó Leabhar na nAmadán agus na nÓinseach le tuiscint a fháil ar an gcraic seo. D’éirigh liom tús a chur le mo bhlag, mar is léir ón bhfianaise os do chomhair, a léitheoir, agus bainim sult as, caithfidh mé a rá. Gurab amhlaidh duit!

Maidir le Bebo agus Twitter, chuaigh mé ag plé leo sin freisin, ar mhaithe le taithí a fháil orthu. Ní féidir liom gan a bheith ag útamáil, an dtuigeann sibh. Cibé scéal é, ní raibh a dhath iontu a choinnigh mo chuid spéise seachránaí ag dul, agus ní bhacaim leo, cé go bhfuil mé cláraithe, creid é nó ná creid. Fuair mé amach, i ndiaidh gach ní, nach gá bheith eolach ar rocket science le do bhealach a dhéanamh timpeall ar na suíomhanna sin. An méid sin foghlamtha agam, d’fhág mé slán acu arís.

Cé go bhfuil go leor daoine ar m’aithne ag plé le Facebook, níor bhac mé leis riamh, go dtí inniu. Sí An Bhean Neamhspleách atá ciontach. Chuir sí an nasc seo chugam, nasc a bhaineann leis na Oilimpeacha Speisialta in Éirinn, agus d’iarr sí orm clárú leo mar ‘cara’ ar an suíomh atá acu ar Facebook anois. "Fadhb ar bith" arsa Áine léi féin. Isteach liom ar Facebook agus táim cláraithe anois, agus Special Olympics Ireland mar chara agam ann.

Isteach leat anseo anois, a léitheoir, agus cláraigh mar chara leis na Oilimpeacha Speisialta, mura miste leat. Ba mhaith leo cairde a fháil, agus ba dheas an rud dá bhfaigheadh.

Tá físeán ann, próifíl an lúthchleasaí, Oliver Doherty, as Inis Eoghain, agus táim chun iarracht a dhéanamh é a íoslódáil anseo daoibh. Má éiríonn le mo chuid útamála, beidh sibh in ann é a fheiceáil ag bun an ailt seo. Mura n-éiríonn, tá sé le fáil ar an suíomh. B’fhiú duit éisteacht leis, má bhíonn deis agat. Scéal álainn.

Tá obair iontach ar bun ag na daoine uile atá ag obair leis na Oilimpeacha Speisialta. Nár dheas do thacaíocht a thaispeáint dóibh inniu, agus an nuacht uatha a scaipeadh, trí chlárú leo mar chara. Maith thú, a chara!
.

Friday, August 14, 2009

Beannacht an Lae

Thug cairde m’iníne, An Bhean Neamhspleách, bronntanas álainn dom an tseachtain seo caite, píosa lámhdhéanta ón Wild Goose Studio, leis an bhfocal ‘Beannacht’ scríofa ar iarann teilgthe, agus frámaithe in adhmad.

Tá sé le feiceáil ar an idirlíon anseo, píosaí eile cosúil leis ann freisin. Más bronntanas ‘as Gaeilge’ atá uait do dhuine éigin, b’fhiú duit súil a chaitheamh ar an suíomh sin, a léitheoir.

Tá mo Bheannacht-sa curtha agam ar an mballa, idir dhá réim an staighre, sa chaoi go mbíonn Beannacht romham, os mo chomhair amach, chuile mhaidin agus mé ar mo bhealach chuig gníomhaíochtaí an lae.
.

Friday, July 17, 2009

Am

Ba mhaith liom níos mó scríbhneoireacht a dhéanamh ar an mblag, ach ní bhíonn mórán ama agam na laethanta seo. Tá cead luí agus eirí agam agus, dá bhrí sin, tá am agam, ach nílim á bhainistiú ar dhóigh a thabharfadh deis dom níos mó am a chaitheamh ag scríobh. Tá fáth leis sin.

Tá sé deacair chuile thrá a fhreastal. Bíonn laethanta ann agus is mise atá i gceannas ar mo chuid ama, ceapaim. Inné, mar shampla, chinn mé an lá iomlán a chaitheamh ag dul trí na boscaí leabhar uile a thug mé liom as Uimhir 1 go Ceann Scríbe, agus a bhí fós le cur ar na seilfeanna i m’oifig agam. Plean iontach simplí agus soiléir. Shílfeá.

Thosaigh mé ar maidin, le díograis agus le dea-rún. Faoi am lóin, bhí cúpla céad leabhar timpeall orm ar an urlár, mise i lár báire, díograis is dea-rún i bhfolach sna boscaí folmha, áit éigin. Bhí leabhair oscailte chuile áit, caibidlí á léamh agam as chuile cheann acu, gach ceann níos suimiúla ná an ceann roimhe. Faoi dheireadh, thug mé cic sa tóin dom féin, chaith mé na leabhair uile ar nós cuma liom ar na seilfeanna, gan ord, gan eagar. Aiféala orm faoi sin.

Anois, os mo chomhair, taobh leis an ríomhaire, tá trí leabhar oscailte agam; An Poc ar Buile le Críostóir Ó Floinn, agus a chaibidil ar ‘Cearta na mBan' ag fanacht liom; Iarchonnacht Began le Desmond Fennell, agus an caibidil 'Revival or Not?' go foighneach ag faire ar m’aire; agus An Graiméar Nua le Séamus Ó Céileachair, a alt ar ‘An Forainm’ fós le léamh agam, gan trácht ar an dá chóip de Nuacht 24 a tháinig sa phost inniu, an greannán RíRá a tháinig freisin, agus an iris ‘Village’ a cheannaigh mé ar maidin.

Agus cén fáth nár scríobh mé rud éigin tráthnóna inné? Ní raibh am agam, mar ní mise a bhí i gceannas an t-am sin. Tháinig cuairteoirí, gan súil ar bith agam leo, ach fearadh na fáilte rompu. Bhí comhrá againn leo, comhrá gur fiú a roinnt libh amach anseo, a léitheoirí, mar go raibh siad ag insint dom féin agus don Gharraíodóir faoin sean-am, agus faoin ngreim a bhíodh ag an eaglais ar dhaoine. Déanfaidh mé am an scéal sin a roinnt libh amach anseo.

Ní ba dheireanaí san oíche, chuaigh mé féin agus é féin ar cuairt chuig teach nua eile, teach le comharsa linn. Trí bliana ó shin, gan ach tús curtha aige leis an teach nua seo, fuair an leaid óg, ar leis an teach, an drochscéal go raibh ailse ina chuid fola. Aréir, bhí sé istigh sa teach nua sin, ach é ina luí i gcónra, agus gan é ach ocht mbliana is fiche d’aois, a mháthair agus a athair croíbhriste lena thaobh.

Beidh An Bhean Neamhspleách anseo ar ball, í ag teacht don deireadh seachtaine, cinneadh a rinne sí ar maidin nuair, mar a dúirt sí féin, ‘I just fancied some time at home with you and Dad’. Cé gur ghlac mé am inniu chugam féin le rud beag scríbhneoireacht a dhéanamh, is uirthi a bheidh m’aire dírithe don deireadh seachtaine, agus áthas orm go bhfuil ‘time’ aici, agus am agam, le bheith i gcuideachta a chéile.

Bainigí sult as an deireadh seachtaine, a léitheoirí, agus roinnigí bhur gcuid ama leo siúd, agus ar na rudaí sin, a thabharfaidh síocháin agus suaimhneas daoibh, a fhad is go bhfuil an t-am agaibh é sin a dhéanamh.
.

Sunday, June 21, 2009

Lá na nAithreacha

Is é inniu an 21 Meitheamh, an Lá is Faide den Bhliain, nó Grianstad an tSamhraidh mar a thugtar air go minic. Is é inniu Lá na nAithreacha, sa tír seo ar aon nós.

Happy Father’s Day” a dúirt an Garraíodóir liom ar maidin, fios maith aige go raibh dearmad iomlán glan déanta agamsa den ócáid mhór seo. Ach, ní ormsa atá an locht, an dtuigeann sibh, ach ar mo pháistí. Is orthusan atá an locht mar nach bhfuil siad ina gcónaí linn níos mó. Níl siad anseo, mar a bhíodh chuile bhliain eile go dtí seo ó rugadh iad, le mise a thabhairt ar m’aire faoin lá mór seo.

Agus, níl m’athair féin beo, faraor. D’fhág sé an saol seo, gan súil agam lena imeacht, cuireadh faighte aige ó áit éigin eile i bhfad ón saol seo, agus i bhfad ó mo thuiscint. Bhí mé fós ró-óg, ag 28 bliana d’aois, le hathair a chailleadh chomh tobann sin, agus gan choinne. Is dócha nach mbíonn aois ar bith feiliúnach do chaillteanas chomh mór sin, ach nuair a fheicim mo pháistí féin, An Bhean Neamhspleách beagnach ar chomhaois liom féin nuair a chaill mé m’athair, tuigim go rómhaith arís an tábhacht a bhaineann le hathair i saol clainne, is cuma cén aois iad na páistí, is cuma cén aois an t-athair.

I wish I had childhood memories of my father.” a dúirt bean liom an tseachtain seo. Anois, tá athair na mná seo fós beo agus tá sí iontach mór leis, agus chuir an ráiteas sin uaithi iontas orm. “What do you mean?” a d’iarr mé féin. Chuir a freagra brón orm. “He’s such a lovely man, but he was never there when we were younger, always working or playing golf or some such. When he was around, he was lovely, but I’d love to have memories of him bringing us to the beach, or for walks, or having long chats with us, like he does now.” a dúirt sí.

Tá cuimhní cinn iontacha agam ó m’athair, agus faoi m’athair. Chaith sé go leor ama inár gcuideachta agus muid óg, ag comhrá linn, ag spraoi linn, ár dteagasc, ár dtreorú. Chuir sé smacht orainn, mar ba ghá go minic, ach thug sé barróga go fial dúinn; an bharróg dheireanach uaidh fós úr i mo chuimhne, mar nach bhfaighidh mé aon cheann eile uaidh go brách, ar an saol seo ar aon nós. Nílim iomlán cinnte faoin todhchaí, an dtuigeann sibh.

Cibé scéal é, tabharfaidh mé an Garraíodóir liom amach le haghaidh greim le hithe ar ball; bronntanas beag uaim, an smaoineamh mall ag teacht chugamsa, an cuireadh mall ag teacht chuigesean, ach mo bhuíochas dá thacaíocht thar na blianta iomlán dáiríre buan mar sin féin. Ní bhíonn gá le cártaí eadrainn, go minic. Is maith atá a fhios aige gur ar scáth a chéile a mhair muid an tuismitheoireacht a rinneamar, agus atá fós á dhéanamh, bíodh is go bhfuil ár bpáistí tógtha anois, agus is maith atá a fhios aige go mbeidh siad anseo ar ball, iad á mhilleadh le bronntanais agus barróga, freisin.

Ach, seo mo chomhairle agus mo bheannacht chuig na haithreacha uile atá á léamh seo inniu – am a chaitheamh, ní inniu amháin ach go rialta, i gcomhluadar bhur bpáistí. Agus, roinnigí barróga go minic leo. Bíodh na barróga sin láidir, agus lán le grá, meas, agus sonas. Tá na barróga sin iontach tábhachtach ar fad, mar nach bhfuil a fhios ag aon duine againn cén bharróg í an bharróg dheireanach.

Bainigí sult as an lá, a fheara.
.

Monday, June 15, 2009

Na Trí R

Bhí An Bhean Neamhspleách sa bhaile don deireadh seachtaine, an chéad uair é aici Ceann Scríbe a fheiceáil mar theaghlach, seachas mar theach, an dtuigeann tú. Is mór liom a comhluadar nuair a bhíonn sí linn, agus tugann sé deis dúinn, mar chlann, dinnéar nó dhó a ghlacadh le chéile, an cúigear againn ag cogaint agus ag caint ar chúrsaí an tsaoil.

Rinneamar iarracht, mar thuismitheoirí, na páistí a thógáil lenár bprionsabal féin mar chúlra taca. Ba é bunús an teagaisc sin uainn, tá súil agam, ná meas ar an gcine daonna agus ar an dúlra, ach a bheith airdeallach ar fhíricí agus ar fhírinní an tsaoil freisin; iarracht a dhéanamh, i gcónaí, a bheith ionraic; gan aon bhriathar ná aon bheart a dhéanamh, d’aon turas, a ghoilfeadh ar dhuine ná ar ainmhí.

Chuir mé isteach na focail sin ‘d’aon turas’ mar is iomaí briathar agus beart a rinneadh sa saol, go soineanta, agus gan súil leis an té a rinne é, ná a dúirt é, go raibh dochar á dhéanamh leis an mbeart nó leis an mbriathar sin. Is minic maithiúnas tuillte ag an duine, mar gurb iad féin is mó a fhulaingíonn ina dhiaidh sin. Ach, sin scéal eile, agus tiocfaidh mé ar ais chuige, lá éigin eile.

An méid sin ráite, ní bhíonn a fhios ag tuismitheoirí cén méid dá dteagasc ná dá gcomhairle a thabharfaidh a bpáistí leo isteach sa saol. D’fhéadfadh sé go dtabharfadh siad droim láimhe go hiomlán don teagasc sin, nó, i gcásanna eile, go bhfuil an teagasc brúite agus buailte chomh trom sin orthu nach bhfuil an dara rogha acu ach cloí leis, ar fhaitíos na bhfaitíos. Cibé scéal é, rinneamar, mé féin agus an Garraíodóir, ár ndícheall lenár dtriúr féin, agus bhí an toradh romhainn ag an mbord ag am dinnéir inné.

Ceann de na scéalta a bhí faoi chaibidil againn ná scéal ‘Honest Tom’, an fear a thug an ticéad lotto, ar fiú €350,000 é, ar ais don fhear a d’fhág an ticéad ina dhiaidh sa siopa. Ní raibh an scéal seo cloiste ag An Bhean Neamhspleách, a dúirt “And why wouldn’t he?!”, ionadh uirthi go ndéanfadh aon duine a mhalairt. D’aontaigh an bheirt eile léi. Choinnigh mé orm ag ithe, agus mo smaointe ag argóint lena chéile. An é nach dtuigeann mo pháistí go bhfuil daoine amuigh sa saol atá mímhacánta? Ar cheap siad gur ait an rud scéal mór a dhéanamh do scéal an ionracais? Sa lá atá inniu ann?

Ansin, tháinig scéal na bpáistí bochta sin chun boird, scéalta uafásacha na bpáistí sin a bhí faoi chúram na n-eaglaisí agus an stáit. Labhair siad, freisin, ar feadh scaithimh, ar chogaí agus ar choimhlintí. Agus mé ag éisteacht le tuairimí mo pháistí, agus na hábhair sin faoi chaibidil acu, mhaolaigh m’amhras. Ba léir gur éist siad, agus gur fhoghlaim siad Na Trí R chomh maith, agus go bhfuil siad iomlán aireach agus airdeallach ar Rialtais, Reiligiúin agus Rannpháirtithe.
.

Friday, June 12, 2009

Ceann Scríbe

Nuair a roghnaigh mé ainm an tí seo, ní raibh baint ag an nGarraíodóir leis an scéal, beag ná mór. Bhí a fhios aige gur ainm Gaeilge a bhí ag dul ar an teach agus d’fhág sé cúram na rogha fúmsa, go mór mór ó tharla nach bhfuil an teanga seo againne ar a thoil aige, a léitheoirí. Aiféala orm faoi sin.

Cibé drochscéal é, bhí neart ainmneacha sa phota agam ach, de réir a chéile, caitheadh amach leis an uisce iad ó tharla nach raibh duine ar bith de mo chlann, ná an Garraíodóir, in ann iad a fhuaimniú mar is ceart. Leis an fhírinne a rá, níor thaitin siad liom ar aon nós, agus bhí a fhios agam go dtiocfadh an t-ainm ceart chugam nuair a thiocfadh.

Agus sin mar a tharla, lá amháin, agus mé thuas i mBaile Átha Cliath le Bean an tSléibhe. Is minic mé féin agus í féin ag útamáil linn i siopaí leabhar ar fud na tíre, agus sin é an jab a bhí idir lámha againn agus muid sa phríomhchathair an lá úd. Nuair a bhíomar útamáilte ag an útamáil, amach linn le bus a fháil abhaile. Agus an bus ag teacht inár dtreo, chonaic mé ainm an tí, agus é ina shuí go péacach ar bharr an bhus, ‘Ceann Scríbe…Áth an Ghainimh’, agus ar a shála tháinig ‘Destination…Sandyford’. Sin é a bhí uaim! Bá é an teach nua mo cheann scríbe, an áit lena raibh mé ag fanacht le blianta fada, mo ‘Journey’s End’, mar a déarfá, mo ‘Destination’.

Tá a fhios agam gur luaigh mé ‘tráthúlacht’ libh cheana, agus creidim go mbíonn cúis le go leor rudaí a tharlaíonn inár saol, gur sórt tráthúlachta atá réamhchinnte nó réamhordaithe a bhíonn i gceist leo, b’fhéidir, cé nach dtuigim féin cén fáth a gceapaim sin. Tagann daoine chugainn, agus tarlaíonn rudaí inár saol nach féidir linn a thuiscint, ach bíonn fáth go dtagann siad, agus fáth go dtarlaíonn siad. Tuilleadh faoi sin amach anseo. Ar aon nós, tháinig ‘Ceann Scríbe’ chugamsa agus mé i gcomhluadar mná a tháinig chugam tríd an tráthúlacht chéanna, agus is maitheas amháin a thug an bheirt acu isteach i mo shaol go dtí seo, buíochas le Cé?

Ar theacht abhaile dom go hInis Eoghain, scríobh mé síos na focail ‘Ceann Scríbe’ ar phíosa pháipéir, díreach mar a rinne mé le chuile rogha ainm eile a chuir mé os comhair mo theaghlaigh roimhe sin, agus ní dúirt mé a dhath ach an t-ainm a thaispeáint dóibh, duine ar dhuine, agus ‘This is the name of the new house’ a rá leo. “Oh, lovely! ‘Head Writer’.”, a dúirt An Bhean Neamhspleách agus Gráinneog. “Something to do with writing, anyway.” a dúirt an Garraíodóir agus An Pluiméir. Anois, nach bhfuil sé sin tráthúil, a léitheoirí!?

Coicís ina dhiaidh sin, tar éis “What does ‘Ceann Scríbe’ mean again?” a bheith cloiste agam míle uair ón nGarraíodóir, agus na leaganacha Béarla ‘Journey’s End’ agus ‘Destination’ tugtha agam dó míle uair ar ais, tháinig cara leis ar cuairt orainn sa teach nua, fear a bhíonn ag imirt gailf leis go rialta, agus fear atá deisbhéalach go maith. Ní raibh trácht ná tuairisc á dhéanamh againn ar ainm an tí nua agus chuir sé iontas orm nuair a dúirt an cuairteoir “I don’t know how I feel about the name you gave the new house, Áine.” a dúirt sé. “Why?” a d’iarr mé féin, agus ionadh an domhain orm gur luaigh sé an t-ábhar ar chor ar bith. “Well, I’m not sure if I could live in a house that is called ‘The End of the Line’.”.

Is cosúil gur féidir an dá thráthúlacht a fhreastal.
.

Monday, May 25, 2009

An Bhean Neamhspleách

Is í An Bhean Neamhspleách an duine is sine den triúr a saolaíodh ó mo bhroinn. Ar ndóigh, bhí baint nach beag ar an nGarraíodóir leis an scéal freisin, agus tá a ghéinte le feiceáil go soiléir ar a haghaidh i bhfianaise air sin.

D’fhág sí an teaghlach, le freastal ar an ollscoil, nuair nach raibh sí ach seacht mbliana déag d’aois, agus ní sách minic ann í ó shin. Sa bhaile, chan san ollscoil. Le céim faoina hascaill aici, chuaigh sí ag obair i gCill Mhantáin ar feadh cúpla bliain ach tá sí ag obair i mBaile Átha Cliath le roinnt blianta anuas.

Is bean mhór rugbaí í; sé sin le rá, is maith léi rugbaí go mór, ach ní hé sin le rá gur bean mhór í. Bhí sí i nDún Éideann don deireadh seachtaine, í féin agus cúigear cairde léi, agus nach aoibhinn dóibh – comhghairdeas leis na Laighnigh! Nach iontach an rud deá-scéala a fháil in am seo an chiorraithe!

Bím i dteagmháil léi go rialta, beagnach chuile lá, mar a dhéanann an Garraíodóir, agus mar a dhéanann gach aon tuismitheoir, ceapaim, nuair a bhíonn iníon nó mac as baile. An tseachtain seo caite, chuir mé ríomhphost chun bealaigh ag mo mhuintir, ag mo chlann agus ag mo dhlúthchairde, ag insint dóibh go raibh Ceann Scríbe bainte amach agam, ach go raibh mé iontach buartha nach mbeadh Ciara liom sa teach seo go brách. Seo thíos na focail ón gcárta a tháinig chugam, cúpla lá ina dhiaidh sin, ón gcailín álainn sin ar a dtugaim ‘m’iníon’, le bród agus grá nach beag:

“Mum,

With reference to what you said in the email about how sad you are that Ciara will never walk through the doors of ‘Ceann Scríbe’, I beg to differ. You see, Mum, I believe she was there from the start; she put pen to paper and helped with the design, she levelled the foundations, she decided on designs/colours/fittings with you; she lay the first brick, she walked with you when you carried the candle for her, she entered the house with you on your first day – and she never left you. She’s as much at home as you are. Welcome home.”

Dán beag daoibh; ceann a scríobh mé ar an lá ar fhág An Bhean Neamhspleách an teaghlach; téada á ngearradh, croíthe tuismitheoirí ag briseadh:


Imeacht

Pian an scartha i súile fliuch
Focla gan labhairt ó bhéal ina thost
Tocht á thachtadh i scornach docht
Croí ag briseadh le mothúchán nocht

Fulaingt i gcroitheadh lámh chineálta lách
Fáisceadh saoil i mbarróga chách
Máthair ‘s athair ag seasamh le slacht
Ag fágáil slán ag iníon nó mac
.
 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.