Showing posts with label Gráinneog. Show all posts
Showing posts with label Gráinneog. Show all posts

Thursday, December 23, 2010

Tuismitheoireacht

Thiomáin Gráinneog ó Bhaile Átha Cliath go hInis Eoghain inné, turas a mhair os cionn ocht n-uaire an chloig, cé gur iondúil léi an turas sin a dhéanamh taobh istigh de cheithre huaire an chloig. Bhí sneachta agus sioc ar na bóithre, an dtuigeann sibh, agus, dá bhrí sin, thiomáin sí le cúram.

Ar ndóigh, ní raibh nóiméad suaimhnis ag an máthair seo, go bhfaca mé m’iníon ag seasamh os mo chomhair aréir, ag doras Cheann Scríbe.

Inniu, tá an turas céanna roimh an mBean Neamhspleách agus, ó tharla na bóithre chomh dona céanna fós, beidh an mháthair seo imníoch, arís eile, go bhfeicfidh sí a hiníon ag seasamh os a comhair, ag doras Cheann Scríbe.

Nach suimiúil gur féidir stop a chur le tuismitheoireacht, nuair atá páistí tógtha, ach nach féidir, go brách, stop a chur le himní an tuismitheora.

Nó, an cuid den tuismitheoireacht í an imní sin?
.

Monday, October 4, 2010

Acmhainn Grinn

Bhí mé féin agus Gráinneog i gcomhrá inné, faoin rud sin ar a dtugtar ‘acmhainn grinn’.

Dar léi, agus aontaím léi, níl acmhainn grinn ag chuile dhuine. É sin, nó níl a fhios acu go bhfuil ceann acu, agus, dá bhrí sin, níl a fhios acu céard atá le déanamh acu léi.

Mar sin, ní chloistear iad ag gáire rómhinic. Ní hé go mbíonn siad AGOÍ, fearacht John s’againne, ach b’fhéidir nach dtuigeann siad céard is greann ann, ó tharla gan an acmhainn sin in úsáid acu, an dtuigeann sibh.

Pé scéal é, is cosúil go bhfuil bealaí ann le ‘How to Have a Sense of Humour’ a fhoghlaim.

Caithfidh mé a admháil gur thosaigh mé féin ag gáire nuair a chonaic mé uimhir 3 ar an liosta sin,

'Try laughing when other people do. Get into the habit. Natural laughing may then come to you and will be an automatic reaction when something funny occurs.’

Go sábhála Cé sinn, arsa mé féin liom féin, ach dá ndéanfá é sin go rialta, is isteach i dteach na ngealt a chuirfí duine, gan aon agó ná gáire ann!

Ar aon nós, luamar beirt, mé féin agus Gráinneog, físeán an duine a bhí feicthe againn le lá nó dhó, agus a chuir dinglis ar ár n-acmhainn grinn féin.

Seo an ceann a chonaic Gráinneog, agus seo an ceann a chonaic mise, cé gur dóigh liom go gcaithfeá bheith ar an eolas faoi mhodh oibre sheanríomhairí mo linne, le m’acmhainn grinn, i gcás an fhíseáin sin, a thuiscint.

An bhfuil d’acmhainn grinn ag obair, a léitheoir?
.
 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.