Táthar ann a chreideann
an fógra a deireann go bhfuair
gruaig Cheryl Cole ‘
its mojo back’, agus táthar ann a chreideann, b’fhéidir, go raibh barraíocht ‘
mojo’
de shaghas éigin ag
Ashley Cole, an fear a phós sí i 2006.
Ó tharla mé fiosrach faoin bhfocal sin ‘
mojo’, chinn mé dhul sa tóir ar leagan Gaeilge daoibh, a léitheoirí, ar fhaitíos go dteastódh sé uaibh, am éigin amach anseo, an dtuigeann sibh. Bhuel, ní féidir an Dómhnallach a shárú agus ba chuici mo chéad ghlaoch, agus mé ag dul i mbun dualgais.
‘
Gus!’ ar sí, ar an bpointe boise, ‘
Níl gus ar bith ann!’, a dúirt sí.
Ar fhaitíos na míthuisceana, a léitheoir, ní dóigh liom gurb é
Ashley, ná gruaig
Cheryl, a bhí i gceist aici. Ní raibh ann ach gur iarr mé abairt shamplach uirthi, agus sin an ceann a roinn sí liom.
‘
Tá an gus bainte dhó.’ nó ‘
Tá an gus ar fad caillte aige’ arsa sí, don té, nó don rud, lena ‘mojo’ imithe, is dócha.
Dar le FGB (lch.680), chaithfeá ‘
gus a bheith ionat’ le bheith ‘
bold, spirited, self-assured’, agus dá mbeadh tú ag iarraidh ‘
to humble someone’s pride’, go gcaithfeá ‘
an gus a bhaint as’ - rud nach dtaitneodh le h
Ashley ar chor ar bith, cheapfainn féin, fear ag a bhfuil ‘
gus agus gaisce’,(
dash and prowess), agus é ag imirt peile, deirtear.
Maidir le Dinneen (lch. 579) maíonn sé go mbeadh an té ‘
gan gus, gan tuis, gan téagar’, bheadh sé ‘
without energy, size or substance’, go sábháiltear sinn! Ní luafar ainm
Ashley leis an nath sin, mura miste libh, a léitheoirí, mar is léir go bhfuil neart fuinnimh ag an bhfear.
Tháinig mé ar an bhfocal ‘
tathag’ in De Bhaldraithe (lch. 318), focal nach bhfuil sa chaint i gConamara, chomh fada agus is eol dom, ach is ‘
substance’ atá i gceist leis, mar a bheadh ‘
tathag i ndeoch’ (
body in drink) nó ‘
tathag in argóint’ (
weightiness in argument – FGB, lch. 1213).
An taibhse a bheadh gan ‘
substance’, bheadh sé gan ‘
amhmhaoin’ dar le McCionnaith (1935) (lch.1320) ach an té le ‘
no substance in talk’, ní bheadh
‘aon ghéibhís ina chaint’ (lch. 1321), agus d’fhéadfadh sé tarlú nach ‘
raibh aon ghéibhís san gcoirce’, chomh maith céanna.
Tá ‘
gus’, ‘
bracht’, agus ‘
téagar’, i bhfoclóir T O’Neill Lane (Larger 1922) agus ‘
solidity, firmness’ atá mar mhíniú ann (lch. 1519), ach d’fhéadfadh gur
‘bain siad an tsusmaid as an bhainne le neart uisge’, dá gcaillfí an
‘
real essence’ as rud, is dócha; na focail
‘brigh’, ‘substaint’, ‘bunachar’, agus ’susmaid’ ar an leathanach céanna.
Tá an focal sin ‘
siosmaid’ i leaba ‘
susmaid’ in FGB (lch. 1101), agus ‘
common sense’ atá i gceist leis; ‘
siosmaid a bheith ionat’ (
to have sense); rud a chaill
Ashley, b’fhéidir, nuair nár chaill sé a
ghus.
.